Go deimhin, más fíor gur mhol ‘seasamh na Vatacáine’ do na heaspaig ‘neamhiontas a dhéanamh de na treoirlínte nua dá mbeadh fonn orthu’, cheapfá nach é leas na bpáistí, ná leas na bparóisteach, an chloch ba mhó ar phaidrín na Vatacáine agus an méid sin á rá acu.
Arís is arís eile, tá laethanta dorcha ag teacht sa mhullach orainn sa tír seo, agus, arís is arís eile, is é an gnáthdhuine atá ag íoc go daor as míghníomhartha na ndaoine sin atá in ainm bheith i mbun dea-oibre ar ár son, idir rialtas agus eaglais.
Mar gheall ar na laeathanta dorcha sin uilig, a léitheoirí, roinnim mo dhán ‘Éire 2011’ anseo libh inniu.
Éire 2011
Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.
Na Fianna ag marcaíocht go seoigh,
lena gcomhluadar giollaí ón Róimh,
lucht eaglaise is rialtais gan chóir,
ag réabadh ár gcine is ár bpóir.
Ba chuma leo stair mílte bliain,
gach fulaingt, gach ionradh, gach pian,
tá an Flaitheas a gealladh ar shiúl,
le gach breab, le gach bréag agus dúil.
Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.