Showing posts with label Aldi. Show all posts
Showing posts with label Aldi. Show all posts

Tuesday, March 1, 2016

Fadó, Fadó, Fada...


Tá an cárta, thuas, le ceannach in Aldi faoi láthair, mar atá neart cártaí eile mar é, arb é Lá Fhéile Pádraig a dtéama.
Mar atá scríofa ar chúl an chárta, tá na cártaí uilig de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht, agus molaim a gcuid tacaíochta dár ngeilleagar. Cúpla bliain ó shin, cheannaigh mé cárta nó dhó eile in Aldi, agus bhain na teachtaireachtaí suimiúla, a bhí priontáilte ar na cártaí, gáire nó dhó as an dream thall.
Nuair a d'oscail mé an cárta thuas, i mbliana, baineadh siar asam. Meas tú, arsa mé féin liom féin, an é nach dtugann na 'totally Irish' daoine a dhéanann na cártaí, an é nach dtugann siad faoi deara go bhfuil rud nó dhó, nó trí, ar iarraidh ón mbeannacht?

Ah bhuel, gura, ahem, fada buan a gcuid iarrachtaí, mar sin féin. 

Wednesday, April 22, 2015

Bye, bye, bye, bye, bye...

Le roinnt seachtainí anuas, tá fógra ar an teilifís atá do mo chur sna trithí ag gáire, agus do mo chur soir, ag an am céanna. 

Cén fáth?

Bhuel, go dtí gur chuala mé an diabhal fógra sin, 'As Irish As Never Wanting To Be The First To Hang-up,' (tá tuilleadh acu sa tsraith 'As Irish As..,' ón ollmhargadh céanna, le feiceáil anseo), níor thug mé faoi deara go raibh sé de nós ag na Gaeil a labhraíonn Béarla, an 'bye, bye, bye, bye, bye...' sin a rá ag deireadh ghlao gutháin.  

Ach, cloisim anois é! Chuile lá beo, ó chuile dhuine beo a bhíonns ar an bhfón taobh liom...an 'bye, bye, bye, bye, bye...' sin á rá acu, amhail is nach ndéanfadh 'bye' amháin an duine atá ar an taobh eile den líne, duine atá ag rá 'bye, bye, bye, bye, bye...' iad féin, freisin, chuile sheans. 

Pé scéal é, rith sé liom, ar maidin, go bhfuilim chun deireadh a chur le mo 'bye, bye, bye, bye, bye...' féin; as seo amach, is cuma cén teanga a bheas á labhairt agam, táim chun 'slán, slán, slán, slán...' a rá ag deireadh mo ghlao agus, ar an gcaoi sin, ar a laghad, beidh mé chomh Gaelach leis na Gaeil a labhraíonn Gaeilge! 

Friday, August 17, 2012

Focail Féilire

Go méadaí do charthanacht le do stór.

May your charity increase as much as your wealth.

Chuala mé comhrá, agus mé i mo sheasamh sa scuaine in Aldi le déanaí, comhrá a chuaigh rud éigin mar a leanas,  

Fear:      Big money to be won in the Lotto tonight.

Bean:    I wouldn’t want to win it. It’s too much money for one 
             person.

Fear:    Think of all you could do for charity.

Bean:    I do enough for charity already.

Níl a fhios agam céard is ‘enough’ ann, a léitheoirí, ach dá mbeadh do sháith airgid agat, agus dá mbuafá airgead sa bhreis, bheadh sé éasca go leor an t-airgead buaite sin a roinnt go carthanach, nach mbeadh?  

Athfhriotal eile, ar an ábhar céanna, le léamh ag bun an leathanaigh anseo,

In charity there is no excess.

Tuilleadh ón bhfear a dúirt é sin, Francis Bacon Sr., anseo.