Chonaic mé an comhartha seo thíos inniu...
...ar dhoras oifige an dreama seo..
...agus rith sé liom go bhfuil chuile sheans ann go mbeidh an-time ar fad ag an dream uilig atá ag freastal ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, atá ar siúl i gCo. Laois i láthair na huaire. Go n-éirí go geal leo, cibé job a bheidh idir lámha acu ann.
Ar mo shiúlóid ina dhiaidh sin, chonaic mé comharthaí an fhómhair...
...agus rith sé liom go bhfuil a páirc féin á treabhadh, agus á lomadh, ag Ollmháthair na Cruinne.




