Showing posts with label Doire. Show all posts
Showing posts with label Doire. Show all posts

Wednesday, March 7, 2018

Éigse Cholm Cille 2018

Clár na hÉigse, mar eolas daoibh, a léitheoirí, 



Téama na hÉigse: Filíocht na Scol, agus beidh sé ar siúl i gColáiste Mhig Aoidh, Doire, Dé hAoine agus Dé Sathairn seo chugainn, an 9ú agus 10ú Márta. Níl aon táille ar na léachtaí. 

Sonraí teagmhála, má tá tuilleadh eolais uait ón Dr. Peadar Mac Gabhann, ar an gclúdach tosaigh, thuas. 


Thursday, March 24, 2016

Tragóid

'Nach postúil mar bhreathnaíonns tú inniu
Gan díomú, gan cás ort ná náire
Tar éis bean bhocht a fhágáil gan fear
Agus teaghlach a fhágáil gan gáire'

Sin thuas véarsa as an dán *Soitheach na nDeor, dán ón bhfile Johnny Choil Mhaidhc, dán a scríobh sé faoi thragóid eile a tharla ar an bhfarraige lena bhfuil sé ag labhairt, blianta fada ó shin, nuair a bádh cara leis. 

Is dán é a rith liom, nuair a chuala mé faoin tragóid ar an gcéibh anseo i mBun Cranncha. Sí an fharraige chéanna a sciob cúigear, go míthrócaireach, ón saol, Dé Domhnaigh seo caite;  Seán, Mark, Evan, Ruth agus Jodie Lee. 

A bhuí leis an bhfear uasal cróga sin, Davitt Walsh, tá Rionaghac-Ann lena máthair, Louise, anois. Solas, de shaghas, i ndorchadas an bhróin. Go bhfaighe Louise bhocht sólás éigin i mbarróga an linbh a sábháladh. 

Arú inné, théis an chuid is measa den fhliú a bhí do mo chrá a chur díom, cheannaigh mé bláthanna, agus shúil mé i dtreo na céibhe. D'fhág mé na bláthanna ann, in aice na mbláthanna uilig a bhí ann romham, agus léigh mé na nótaí a bhí scríofa ag na daoine a d'fhág ann iad. Bhrisfeadh siad do chroí, a léitheoir, mura raibh do chroí briste cheana.  
Agus, ar ndóigh, níl duine ná deoraí nach bhfuil croíbhriste mar gheall ar an tubaiste uafásach seo. Tá a fhios agam é sin, mar gur chuala mé an brón agus an bhuairt á roinnt ag daoine lena chéile, amhail is dá mbeadh muid uilig ag iarraidh ciall ná réasún a dhéanamh den tubaiste a tharla. Ach, ní féidir. Níl focail ann len í a mhíniú, ná bealach ann len í a thuiscint. 

Shuigh mé ar an mballa, taobh leis an bhfánán ar an gcé, agus dúirt mé paidir nó dhó...ceann uaimse, ceann uaibhse. Níl a fhios agam cá dtéann gathanna na bpaidreacha agus na mbláthanna, a léitheoirí, ach is gathanna tacaíochta iad, a thagann ón gcroí. Go dtuga siad sólás don chroí nó don anam óna dteastaíonn siad, in am seo na buartha. 


*Ón leabhar Buille Faoi Thuairim Gabha, @ Cló Iar-Chonnachta Teo., 1987.

Sunday, January 31, 2016

Nós nó Nóisean

I láthair na huaire, táim ag glanadh tí, ó bhun go barr, nós a thosaigh mé, théis na Nollag, roinnt blianta ó shin, nuair a bhogamar go Ceann Scríbe. Ní hé (ar fhaitíos aon, ahem, mhíthuiscint, a léitheoirí) nach nglanaim an teach go rialta, ach seo sciúradh ar leith...ceann a thugaim don teach, i Mí Eanáir, chuile bhliain.

B'fhéidir nach bhfuil ann ach nóisean agam, ceann a bhuail mé ag an am sin ó tharla teach nua tógtha againn, ach, mar sin féin, tá sé de nós agam tabhairt faoin sciúradh an mhí seo, chuile bliain...seachas mar a dhéanann daoine eile, mar a déarfá; iad siúd a thugann, go bliantúil, faoi ghlanadh an earraigh...glanadh an gheimhridh atá ar bun agamsa, is dócha.

Pé scéal é, is mór an mhaith go bhfuil áiléar breá mór anseo i gCeann Scríbe, mar is ann, faraor, a chuirtear an stuif uilig as nach mbainim, nó as nár bhain mé, úsáid rialta an bhliain seo caite...ach amháin an truflais agus na giuirléidí -  ag brath ar an chuma a bhí orthu, tá siad sin san araid rothaí anois, nó ag siopa carthanais áitiúil.   

Na laethanta seo, táim ag glanadh oifig an tí - tugaim oifig ar an áit ina bhfuil sé de nós agam bheith ag scríobh agus ag léamh; thabharfadh daoine eile seomra gloine nó grianán air, seans - agus tá cartadh nach beag á dhéanamh agam istigh ann. Is mór an mhaith go bhfuil an t-áiléar chomh mór is atá sé, mar is ann atá na leabhair agus comhaid uilig á gcur, i mboscaí plaisteacha trédhearcacha, le go mbeidh fáil éasca agam orthu, (agus ar aon cheo atá istigh iontu) má théim ar a dtóir, amach anseo. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, agus ó tharla gurb iad na smaointe seo a rith liom inné, agus mé i mbun mo chuid oibre, thug mé faoi deara go bhfuil nós nó dhó eile agam, nósanna nach sean-nósanna iad, ach nósanna a bhaineann le mo nóisin féin, mar a déarfá. 

Scríobh mé cheana faoi Na Boscaí Sin, ach tá sé de nós agam, má chloisim aon rá, ráiteas nó ráiteachas a théann i bhfeidhm orm, ag teacht ó dhuine éigin i mo chomhluadar, tá sé de nós agam greim a fháil ar an leabhar nótaí is gaire dom, agus an t-athfhriotal a bhreacadh síos ann; an t-am a dúradh é, an áit a dúradh é, agus cé a dúirt é. 

Tháinig mé ar charnán de na leabhair nótaí sin, inné, agus d'oscail mé ceann acu, go fánach. Ar an leathanach ar leith seo, bhí an líne seo scríofa agam, 

'When people die, we forget their bad points - we should do that when they're alive.'

Iníon liom a dúirt liom é, cúig bliana ó shin, i siopa i nDoire. Ní cuimhin liom comhthéacs an chomhrá, ach nárbh deas an nós a bheadh ann, dá ndéanfadh chuile dhuine amhlaidh.

Friday, February 13, 2015

Éigse Cholm Cille 2015

Mar eolas daoibh, a léitheoirí. 

'Tá Éigse na bliana seo á reachtáil ar an téama 'Scoláirí Gaeilge Chúige Uladh'. Beidh na cainteanna agus na himeachtaí eile ag tarlú ar 6-7 Márta in Ollscoil Uladh Doire. Cuirfear tús leis an Éigse Dé hAoine ar 7.00 i.n. san Aula Maxima, áit a mbeidh seoladh leabhair le hEithne Ní Ghallchobhair agus an léacht mhór .i. 'Úna Ní Fhaircheallaigh and the Ulster Women of the Gaelic Revival' á tabhairt ag Ríona Nic Congail. Beidh seal áirneáil ann ina dhiaidh sin sa tSeomra Coiteann. Beidh tuilleadh léachtanna agus seoladh eile leabhair ann Dé Sathairn. Tabharfar tuilleadh eolais fá na himeachtaí seo go luath.'

Beidh tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh anseo

Friday, March 7, 2014

Ceolchoirm i nDoire

Mar eolas daoibh, a chairde an cheoil thraidisiúnta, seo teachtaireacht a fuair mé inné, faoi cheolchoirm a bheidh ar siúl i nDoire an tseachtain seo chugainn,

'Beidh Oíche Cheoil Thraidisiúnta i Sandinos, Déardaoin, 13ú Márta, 9.30in le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Beidh 'Fadó' (Claire Nic Ruairí, Barry Mullan, Maria Maes) agus Cór an Ghrianáin i mbun ceoil ar an oíche agus beidh na hamhráin ar fad i nGaeilge!'

Mé féin a chuir isteach na naisc Idirlín atá aibhsithe sa teachtaireacht sin thuas, a léitheoirí - níl le déanamh agaibh ach cliceáil ar an nasc aibhsithe, agus gheobhaidh sibh eolas sa bhreis ar an ábhar sin. 

Wednesday, February 5, 2014

Meánscoil Ghaeilge i nDoire

Más tá cónaí ort i nDoire, agus tú den bharúil go mba chóir go mbeadh meánscoil Ghaeilge ar fáil do dhaltaí an chontae sin, b'fhiú duit aghaidh a thabhairt ar Ghaelscoil na Daróige, Dé Céadaoin seo chugainn, 12 Feabhra, áit a mbeidh páirtithe leasmhara ag teacht le chéile, go ndéanfar cíoradh ar an gceist seo. 

Tuilleadh eolais, más mian libh é, ag Claire Mc Laughlin, riarthóir Meánscoil Anois

Friday, May 17, 2013

Smaoineamh An Lae


Enlightenment does not happen in time. It happens when time stops. 

Ní thagann tuiscint in am, ach nuair a stopann am. 

An leagan Béarla léite agam i leabhar le Gabriel Rosenstock, Haiku Enlightenment, ach is ón bhfear seo, Papaji, a tháinig an ráiteas, dar leis an údar. 

Is uaimse an leagan Gaeilge, ach cuirtear fáilte roimh bhur leaganacha féin, mar is iondúil, a léitheoirí.  

Mar chuid den fhéile Singing the Bridge (16-19 Bealtaine), beidh Ceardlann Haiku le Gabriel Rosenstock san Verbal Arts Centre i nDoire amárach, agus ó tharla go mbím ag léamh Rogha Gabriel ó am go chéile, táim ag súil go mór leis an gceardlann seo. 

Ar thóis tuisceana atáim, an dtuigeann sibh...

Wednesday, February 27, 2013

Éigse Cholm Cille 2013


Téama na hÉigse: An Ghaeilge san Oileán Úr

Áit: Coláiste Mhig Aoidh-Ollscoil Uladh, Doire.

Ar an Aoine, 1ú Márta, ag tosú 7:00 p.m:

Oscailt na hÉigse: An tOllamh Ailbhe Ó Corráin.
Coimisiún Fulbright na hÉireann: Colleen Dube.
Léacht Poiblí: An tOllamh Emeritus Peadar Ó Tomhnair.

Ar an Satharn, 2ú Márta:

10.00-10.45:  An Dr. Regina Uí Chollatáin.
10.45-11.15:  Sos Tae
11.15-12.00:  An tOllamh Brian Ó Conchubhair
12.00-12.45:  Cóilín Ó Floinn.
12.45-1.15:    Seoladh Leabhar
1.15-2.00:      Lón
2.00-2.45:      An Dr. Willie Mahon
2.45-3.30:      An. Dr. Séamas Ó Diollúin
3.30-3.45:      Sos
3.45-5.00:      Sraith GearrChainteanna (15 bomaite):
                      Danny Doyle,
                      An. Dr. Art Hughes,
                      An tOllamh Seosamh Watson,
                      Liam Ó Cuinneagáin

Tuilleadh eolais le fáil anseo agus anseo; nó éist anseo le Stiúrthóir na hÉigse, an Dr. Peadar Mac Gabhann, na sonraí uilig á roinnt aige le hÁine Ní Chuireáin ar chlár Barrscéalta an lae inniu, 27 Feabhra, 39:10 - 47:30 nóiméad. 

Monday, November 26, 2012

Ballaí Dhoire


Anocht, ar BBC 2 TÉ, ag 7:00 i.n., beidh an clár Ballaí Dhoire le feiceáil.

'Is clár faisnéise nua de chuid an Ciste Craoltóireachta Gaeilge é Ballaí Dhoire ina n-amharcann an láithreoir, Fearghal Mag Uiginn, ar an scéal atá taobh thiar de thógáil bhallaí Dhoire.'

Tuilleadh eolais faoin gclár le fáil anseo, a léitheoirí.