Showing posts with label ailse. Show all posts
Showing posts with label ailse. Show all posts

Saturday, March 22, 2014

#Féinphic Gan Smideadh

Tá Cumann Ailse na hÉireann ag baint tairbhe as an nós nua atá faoi lánseol ar Facebook agus ar Twitter i láthair na huaire - an #féinphic-gan-smideadh.  

Ní raibh baint ar bith ag CAÉ leis an bhfeachtas/treocht nua seo, chomh fada agus is eol dom, ach tá daoine ag glacadh páirte ann, idir fhir agus mhná ag féinphiceáil-gan-smideadh, le hairgead a bhailiú don charthanas iontach sin.

Cé nach lia duine ná tuairim, táim féin den bharúil go bhfuil sé mar aidhm ag an bhfeachtas neamhoifigiúil seo feasacht a spreagadh i leith ailse, chomh maith le hairgead a bhailiú do CAÉ, agus diabhal locht a bheadh agam féin ar a leithéidí.  

Dá bhrí sin, rinne mé beart de réir briathar, agus thug mé €4 don charthanacht inniu, trí théacs a sheoladh chuig 50300, gan ach an focal Pink scríofa i gcorp an téacs agam - fuair mé téacs admhála ar ais, ó likecharity.com, ar an bpointe,

'Thank you for your 4 euro donation to the Irish Cancer Society...Donation receipt 6664...' 

Is léir nach mise an t-aon duine amháin a rinne amhlaidh mar, agus an bhlagmhír seo á scríobh agam, tá €475,000 bailithe acu don CAÉ go dtí seo.  

Do na daoine uilig atá ag fulaingt/a d'fhulaing le hailse, do mo mháthair, do mo dheirfiúr, do m'aintíní, do mo chara, Réaltán, do mo sheanmháthair, do mo cholceathracha - seo chugaibh mo thacaíocht, le grá agus le meas,  
 
Tuilleadh eolais le fáil anseo (www.actioncancer.org) agus anseo (www.cancer.ie).  Seol do théacs anois, leis an bhfocal Pink, chuig 50300, nó taispeáin do thacaíocht ar bhealach éigin eile anseo.

Monday, June 3, 2013

Turas Ailse

Tá sé beagnach bliain ó shin ó d’inis mé daoibh faoi Inis Aoibhinn i nGaillimh, agus faoin mionbhus a thugann othair le hailse ón taobh seo tíre síos go Gaillimh, le haghaidh radaiteiripe.

Mar a scríobh mé an t-am sin, ó tharla gan seirbhís chuí ar fáil do na hothair, ceannaíodh an mionbhus as deontais a tugadh go flaithiúil go háitiúil, le go mbeadh na hothair as Dún na nGall in ann an turas a dhéanamh go Gaillimh gan costais taistil, agus gan imní sa bhreis in am a dtinneas.

Déantar an tiomáint go deonach, freisin, agus bailítear airgead d’Inis Aoibhinn, chomh maith céanna, mar gur áras lóistín é atá taobh leis an ospidéal i nGaillimh, áit a dtugtar lóistín do na hothair, saor in aisce, le nach mbeidh orthu an turas fada abhaile a tharraingt orthu féin, go dtí go n-airíonn siad níos fearr, is dócha.

Tá comhbhlagálaí liom atá ar a Turas Ailse féin, agus tharla sé gur bhuaigh sí, i ngan fhios dom, an chéad áit i gcomórtas Story in Six Words le Read LK i Leitir Ceanainn, lena scéal ‘Doctor finishes talking. Dreams silently shatter.’

Comhghairdeachas ó chroí leat, a Réaltán, agus tá súil agam nach miste leat go roinnim an dea-scéal faoi do bhua anseo!  

Cén nasc atá idir an dá scéal seo, an bus agus an bua? Bhuel, an tseachtain seo caite, gan súil ar bith agam leis, tháinig cárta chugam ó Réaltán, cárta lena raibh na dearbháin a bhuaigh sí sa chomórtas thuasluaite iniata, agus d’iarr sí orm na dearbháin sin a thabhairt don dream úd atá ag bailiú airgid d’othair an chontae seo, le go mbainfidh siadsan leas astu, ar bhealach a chuideoidh le muintir na háite seo.  


Déanfaidh mé amhlaidh, agus seolaim anois mo bheannachtaí agus mo bharróga buíochais chuig an mbean fhial fhlaithiúil sin i mBaile Átha Cliath a thuigeann ár gcás anseo i nDún na nGall. Go raibh céad míle maith agat, a chara! Nár laga do Ché do chineáltas, a dhuine uasail. 

Tuesday, May 22, 2012

Caife Machnaimh


Arú inné, anseo in Inis Eoghain, bhí maidin caife ag bean ar m’aithne. Le bliain anuas, tar éis di radaiteiripe a fháil i gcoinne ailse bhrollaigh i nGaillimh, tá níos mó ná oíche amháin caite aici in Inis Aoibhinn, áras lóistín atá lámh leis an ospidéal ansin.

Dar léi, tá sise, agus daoine eile atá i ngleic le hailse, in ann an turas a dhéanamh, ón taobh seo tíre go Gaillimh, i mionbhus a ceannaíodh as deontais a tugadh go flaithiúil i siopa carthanachta i Leitir Ceanainn, áit a ndíoltar éadaí srl., chun an bus a choinneáil ar an mbóthar.

Tá seisear tiománaithe acu don mhionbhus, daoine a dhéanann an tiomáint go deonach, a dúirt sí liom. Tá bus níos mó ag teastáil anois, mar sin cuir scairt orthu, nó glaoigh isteach, más feidir leat cuidiú leo, a léitheoir. Tá siad lonnaithe ar Bhóthar an Chalafoirt i láthair na huaire.

Is ar mhaithe le hInis Aoibhinn a bhí mo chara ag bailiú airgid Dé Domhnaigh.  Is áit í Inis Aoibhinn inar féidir le hothair fanacht, saor in aisce, bricfeasta agus dinnéar a fháil ann, saor in aisce, dóibh féin agus dá gcompánach, más gá; gan an turas fada abhaile a tharraingt orthu féin, go mbeidh siad láidir go leor, tar éis an radaiteiripe a fháil. Mar a scríobh bean amháin ar shuíomh idirlín sin Inis Aoibhinn:

‘When I think back to Inis Aoibhinn, I remember it not as the place I was when I was sick; but the place where I began to get well.’

Nuair a shroich mé teach mo chara don mhaidin caife, bhí an áit plódaithe le daoine – balúin bhándearga ar fud na háite, cácaí agus borróga bándearga, a tugadh go deonach, ina gcéadta ann; fir agus mná ag comhrá agus ag gáire go croíúil; mo chara agus a beirt iníonacha ag líonadh cupán le tae agus le caife; an bosca síntiús ag an doras, le go mbeadh muid in ann deontas a fhágáil, dá mba mhian linn. Ba mhian. Bailíodh €2000.

Ritheann sé liom, go minic, go bhfuil an tír seo bun os cionn mar gheall ar dhaoine a chaith airgead na tíre gan cheart gan chúram, ach go bhfuil an t-ádh linn in Éirinn, mar go bhfuil daoine sa tír seo le croíthe móra fiala, daoine a thabharfaidh cúnamh agus airgead go flaithiúil; pobal a thuigeann go bhfuil gá le carthanacht, flaithiúlacht agus féile, go háirithe in am an ghátair. 

Mo chuimhne, a léitheoirí, ná déanaigí dearmad ar an dáta seo, le bhur dtoil.