Showing posts with label aimsir. Show all posts
Showing posts with label aimsir. Show all posts

Tuesday, January 14, 2020

Stoirm


  Rinne Breandána damáiste aréir, anseo i mBun Cranncha...

...de réir a chéile, tá na dumhcha á gcailleadh againn...
 ...agus cuid den chosán, cois trá...


 ...tháinig cuid den bhóthar slán...
 ...agus, tháinig buidéal amháin slán trí réabadh na stoirme...

...mar sin fhéin, is cuma leis an madra ach liathróid a bheith aige!

Monday, October 16, 2017

Ophelia

Cibé áit a mbeidh sibh inniu, in Éirinn, a chairde, tá súil agam go dtaga sibh uilig slán ón stoirm. 

Moltar súil a choinneáil ar an aimsir, agus is féidir é sin a dhéanamh anseoanseo nó anseo, más mian libh. 

Tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh Twitter Raidió na Gaeltachta anseo, agus is ann a cuireadh mé ar an eolas faoin suíomh suimiúil seo...más mian libh turas Ophelia a fheiceáil mar bheochan ríomhghinte

Ag tarraingt a hanála atá Ophelia, i láthair na huaire, a léitheoirí...bígí cúramach, agus bígí réidh!

Monday, February 29, 2016

Mí an Mhárta

Is gearr uainn tús an Mhárta, agus ó tharla gur chuir Dennis ceist orm faoi sheanfhocail a bhaineann leis an mí ar leith seo...mí atá ar tí a cuid cantail a chur in iúl dúinn, más féidir brath ar fhianaise na haimsire anseo in Inis Eoghain ar maidin!...chuaigh mé ar thóir roinnt seanfhocal, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal 'Aimsear,'

Má thagann an Márta isteach mar leon, rachaidh sé amach mar uan. 

Má thagann an Márta isteach breá, rachaidh sé amach garbh. 

Márta garbh gaothach, Aibreán bog braonach, Bealtaine béalfhliuch. 

Márta tirim, tuar plandaí. 

Mallacht ghaoth ghágach na Márta.

Bíonn 'Máirtín Gágach' amuigh sa Márta. 

Deirtear, sa leabhar, go bhfágann 'an ghaoth fhuar ghéar gága ar chraiceann na lámh is na gcos: déantar 'Máirtín' as ainm na míosa.' 

Labhair mé, inniu, le mná ar m'aithne as Conamara, triúr acu, agus thug mé faoi deara go ndúirt an duine ba shine acu 'Mí an Mhárta' (tá sí os cionn cheithre scór), agus go ndúirt an bheirt eile 'Mí na Márta.' Bhí 'Máirtín Gágach' cloiste ag beirt acu, an duine b'óige (55+) agus an duine ba shine (80+), cé nach raibh sé cloiste ag an mbean i lár báire (65+). 

Bhí an bhean ba shine acu ag insint dom go mbíodh an aimsir an-fhuar go deo sa seanam, agus gur cuimhin léi na gága (agus an fhuil leo) ar chosa na ndaoine, ag teacht isteach ón bhfuacht, théis lá oibre ar an gcladach, nó áit éigin mar sin. Bhíodh 'triomach' ann, a dúirt sí, ach bhíodh 'sioc' ann, freisin, agus is 'ón bhfuacht' a tháinig na gága.

D'inis sí dom, chomh maith, go mbíodh sé de nós ag na daoine, an t-am sin, an mhóin fhliuch ón gcruach mhóna a chuir amach 'i lár an chnocáin' nó 'suas ar an gclaí' i Mí an Mhárta mar, deiridís, 'triomóidh an Márta í sin!'

An Márta a mharaíos daoine
Na Faoillí a mharíos caoirigh.

Ce nach raibh sí ar an eolas faoi 'Na Faoillí' a bheith mar ainm ar Mhí Feabhra, dúirt sí go mbíodh an mhí sin fliuch, ach go mbíodh Mí an Mhárta 'fuar agus tirim.' 

Ní bhíonn sé crua fuar go dtí an Sean-Mhárta.

Maidir leis an seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, tá sé scríofa 'Ní mhothaítear fuacht go dtí an t-earrach (nó deireadh Márta)'

Mo chuimhne, tá Mí na bhFaoillí (Mí na bhFaoilleach) beagnach caite. Tá lá sa bhreis againn an mhí seo, inniu mar a tharlaíonn sé, rud a fhágann gur bliain bhisigh atá ann i mbliana, agus tá pisreoga a bhaineann leis an mbliain bhisigh le léamh ar leathanach 11 den PDF seo ó Choláiste na hOllscoile Chorcaigh. 

Agus, ó tharla 'laethanta na bó riabhaí' ar an mbealach i Mí an Mhárta, freisin, is féidir leat mo bhlagmhír ar an ábhar sin a léamh anseo

Friday, September 11, 2015

Éan Scéal

 Tá sé deacair í a fheiceáil, gan dabht ar bith, ach tá sí ann....
...an chailleach dhubh ag móradh na haimsire áille, ar Loch Súilí, i mBun Cranncha, ar maidin inniu. 

Feictear dom, go deimhin, go bhfuil ainm nó dhó eile ag an cormorant, mar atá broigheall, duibhéan, murúchailltreathlach, fiach mara agus amplóir, ach cailleach dhubh an t-ainm a chuala mé féin, thiar i gConamara. 

An méid sin ráite, tá rogha nó dhó eile le feiceáil anseo, ainmneacha a chonaic mé i bhfoclóir Lane's Larger English-Irish Dictionary chomh maith, mar atá cabhail scréachóg, scarbh, seagadh, agus gairg, mar aon le fiach farraige, gairgéan, ballaire, gairrfhiach, agus glaimhfhiach! 

Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'a picture paints a thousand words'...

Monday, August 3, 2015

Focail Féilire

Nuair a tháinig an fáistineach, gnáthchaite agus láithreach le chéile, ní raibh cuma ná caoi ar an aimsir.

Mo leagan féin de na focail a chonaic mé ar m'fhéilire, ar maidin,

The past the present and the future walked in to a bar. It was tense. 

Is cosúil gur féidir tuilleadh athfhriotal mar iad a léamh anseo, más maith leat athfhriotail. 

Droch-chuma ar an aimsir anseo ar maidin, a léitheoirí. Cá'il an Samhradh!?

Sunday, November 23, 2014

Ceart agus Cearta

Blianta ó shin, agus mise ag fás aníos i gCeantar na nOileán, bhí umar uisce ar chúl an tí againn, sa mbaile. Bhí sé déanta as coincréit, nó ábhar éigin mar í, agus ní raibh clúdach air, ar dtús, más buan mo chuimhne, go dtí gur thit cat isteach ann, agus cuireadh clúdach coincréite air ansin, ar fhaitíos na bhfaitíos go leanfadh aon pháiste againn an cat, is dócha...bhí sé domhain, mar umar uisce, an dtuigeann sibh, agus bhí muide beag, 

Bhíodh an tank, mar a thugamar air, lán le huisce sa gheimhreadh, ó tharla neart báistí ann len é a líonadh, ach is minic, sa samhradh, nach mbáfaí luch ann, ná bac le cat ná le páiste, mar nach mbeadh braon báistí ag titim ón spéir agus, dá bhrí sin, ní bhíodh mórán uisce ar fáil le sconnaí an tí a líonadh, ná le folcadán a líonadh, ná le leithreas a shruthlú, go minic. 

Mar gheall air sin, is dóigh liom, bhí mé cúramach le huisce ar feadh mo shaoil, sé sin le rá, níor chuir mé uisce amú, agus bhí mé iontach buíoch, mar atáim fós, go raibh agus go bhfuil uisce le fáil agam, go fial flúirseach; bíodh sé ina gheimhreadh nó ina shamhradh, bíodh báisteach ann nó ná bíodh. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, a léitheoirí, tá a fhios agam nach mise an t-aon duine amháin atá tinn tuirseach den chraic seo uilig...an 'craic' i 'craiceáilte' atá i gceist agam, seachas aon rud a bhaineann le spraoi, an dtuigeann sibh...ach, mar sin féin, tá mo phota amhrais ag cur thar maoil, na laethanta seo. 

lucht na polaitíochta, ar chuile thaobh den scéal, feictear dom, agus táim den bharúil go bhfuil dearmad déanta acu ar 'ceart' agus ar 'cearta'...sé sin le rá, tá siad uilig den bharúil go bhfuil siad féin ceart, beag beann ar chearta aon duine eile. Ní dóigh liom féin go bhfuil sé sin ceart. 

Bíodh meas againn ar a chéile, agus bíodh meas againn ar uisce. Gan iad, ní féidir maireachtáil i gceart.  

Saturday, August 23, 2014

Tá sé ag teacht...



...tá sé anseo cheana féin, mar Fhómhar. Cá ndeachaigh an Samhradh?! 

Wednesday, February 12, 2014

Saturday, February 8, 2014

Aimsir Chrua...

                                       ...tráth a mbíonn an cat in aice na tine.

Seanfhocal é sin ón leabhar Seanfhocla Chonnacht - is léir nach raibh suim dá laghad ag Sióg s'againne sa chluiche, cluiche a bhain leaids s'againne, gan stró ar bith, inniu. Wúhú! 

Seanfhocal nó dhó eile, as an leabhar céanna,

Mara dtaitníonn an  drochaimsir leat, is é a bhfuil de leigheas agat air, déan thú féin níos fearr í. (Aimsear)

Tagann sé gan cuireadh gan iarraidh, ar nós na drochaimsire. (Aimsear)

Tá sé chuile áit, mar an drochaimsir. (Aimsear)

Is olc an t-éan a bhíos i gcrann lá fliuch. (Faillí)


Wednesday, March 13, 2013

Misneach na Maidine

Uaigneach

Dóchasach

Fuinniúil

Más rud go dteastaíonn spreagadh uait ar maidin, a chara, is fiú go mór uimhir 6 anseo a léamh. Go n-éirí go geal leat!

Sunday, February 17, 2013

Focail Féilire

Ní thréigeann dóchas tusa, tusa a thréigeann dóchas.  

Hope never abandons you, you abandon it.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, George Weinberg

Ar fhaitíos tuilleadh dóchais uaibh, a léitheoirí, seo chugaibh roinnt seanfhocal, faoin gceannteideal ‘Dóchas,’ as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is é an dóchas lia gach anró.

Ní séideann gaoth as aer, nach dtéann sí i seol duine eicínt.

Thar éis gaoithe, tagann ciúntas.

Níor bádh ariamh a leath dá raibh i gcontúirt.  

Níl cath dá mhéid, nach síocháin a dheireadh.

Is é lár do leasa an uair is measa leat.

Nuair is mó an cruachás is ea is mó an cuidiú.

Béarfaidh bó eicínt lao eicínt, lá eicínt.

Is annamh a thig trá gan lánteacht mara ina dhiaidh.

Tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne. 

Wednesday, August 1, 2012

Focail Féilire

An ní is tábhachtaí, ní ní é. 

The most important things in life aren’t things.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, Anthony J. D’Angelo.

Léigh mé cuid eile d’athfhriotail an fhir chéanna anseo agus, mar gheall ar an drochaimsir a bhí romham ar maidin nuair a dhúisigh mé, is dócha, fuair an ceann thíos greim ar mo shúil,

‘Wherever you go, no matter what the weather, always bring your own sunshine.’

Má aontaíonn tú le Féilire na nGael, inniu an chéad lá den Fhómhar, ach, faraor, ní fhacamar mórán den Samhradh, sa taobh seo tíre, pé scéal é. Feictear dom gur tháinig sé luath i mbliana, agus ghread sé leis arís, le luas spúnóg siúcra i gcupán tae; an chuimhne fós linn, ach an blas imithe leis an tae a óladh.   

Mar sin féin, aontaím le mo dhuine thuas, agus táim ar tí mo ghrian phearsanta féin a dheargadh, agus a thabhairt liom ar mo shiúlóid sa bháisteach. Caithfear bheith dearfach, an dtuigeann sibh, nó caillfear an bloc.

Go mba hé daoibh an dearfacht, a léitheoirí, agus gura fada uaibh an cailleadh bloic.

Saturday, June 23, 2012

Is Ait an Iníon an Aimsir

Bhí an tornádó againn i mBun Cranncha cúpla seachtain ó shin, agus bhí an bháisteach againn inné. Ní dóigh liom go bhfaca mé báisteach mar í riamh, ag an am seo den bhliain, ar aon nós.

Mar nach féidir an aimsir a thaispeáint i bhfocail, seo thíos an abhainn mar a bhí sí ar chúl tí s’againne inné, agus í sách confach,
 …agus, thíos, mar atá sí inniu, agus í i bhfad níos ciúine…fós!
Ní féidir aimsir an Mheithimh a thrust, is cosúil

Sunday, May 27, 2012

Aoibhneas an tSaoil



Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go bhfuil an ghrian ag scaladh anuas oraibhse, freisin, agus go bhfuil in bhur dtimpeallacht na nithe sin a thabharfaidh aoibhneas croí daoibh.

Tuesday, May 15, 2012

Nathanna Cainte


Bhí mé i nGaoth Dobhair le déanaí, agus i gConamara go gairid ina dhiaidh sin, rud a thug deis dom nathanna cainte dúchasacha a chloisteáil sna nGaeltachtaí sin. 

Dá mbeadh tantrum ag páiste, d’fhéadfadh sé bheith ag brúchtadh screadaíl ó thuaidh ach ag cur a chosa beaga uaidh thiar.

Chuala mé an mhallacht ‘Caor thine ort!’ ó thuaidh, cé nach bhfuil an leagan ar leith sin de mhallacht ag an dream thiar, go bhfios dom.

An té a bheadh ag glanadh na bprátaí ó thuaidh, seans go mbeadh sé ag peeling potatoes, cé gur ag baint an chraicinn de na fataí a bheadh an duine i gConamara. Dá mbeadh aon ghlanadh fataí á dhéanamh thiar, is ag baint an tsalachair de na fataí san iomaire a bheadh siad: is ionann an salachar sin agus na fiailí, nó weeds, an dtuigeann sibh.

Lustan an focal a chuala mé ar weeds ó thuaidh, nuair a cuireadh ceist orm ar mheas mé gur cuireadh an ‘lus’ i lus an chromchinn mar gur weed atá ann – freagra nach bhfuil agam, a léitheoirí, cé go bhfaca mé, i WinGléacht, gur lus gan athair gan mháthair an Ghaeilge atá ar duckweed

Dá mbeadh ultach smúdáil le déanamh ag an duine ó thuaidh, bheadh an oiread sin iarnála le déanamh ag an duine thiar.

Agus dá mbeadh fonn ort a leg of chicken a ithe i gConamara, ní cois sicín a d’íosfá, seans, ach ceathrú sicín. Ar ndóigh, ní íosfainn féin ceachtar acu, mar is eol daoibh

Maidir leis an aimsir, tá sí feabhsaithe rud beag inniu. Níl sé ag cur sceana gréasaí mar a bhí sé inné, nuair a bhí an lá fliuch fuar feannaideach. Glacaim leis, mar sin, ó chuala mé an nath sin ón Dómhnallach, go mbíonn sceana an ghréasaí wet cold and sharp. 

Monday, May 14, 2012

Dóchas


Bhí an ghrian mar chompánach agam agus mé ag siúl timpeall ar Eanach Mheáin agus ar Bhéal an Daingin maidin inné, ach ó tharla an bháisteach dár mbeannú go flúirseach anseo i mBun Cranncha ar maidin, rith sé liom go mb’fhéidir go dteastódh spreagadh dóchais sa bhreis ó dhuine ar lá mar seo.

Chun an aidhm sin a bhaint amach, fuair mé na seanfhocail dhóchasacha seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; le muid a choinneáil ag imeacht, a léitheoirí, go dtiocfaidh an ghrian ar ais, an dtuigeann sibh:

‘Tuar an mhaith is gheobhaidh tú í, tuar an t-olc is gheobhaidh tú é.’

‘Beidh lá fós a mbeidh Seán ina léine.’ (Séan s’againne?)

‘Bíonn luibh nó leigheas in aghaidh gach galair.’

‘Is annamh a thig trá gan lánteacht mara ina dhiaidh.’

‘Is beag an tslat nach bhfásann craobh uirthi.’

‘Is é dóchas lia gach anró.’

‘Is maith an nuaíocht a bheith gan drochnuaíocht.’

‘Ní daortha go breith an bhreithimh.’

‘Níl anfa nach n-íslíonn.’

‘Níor baineadh tada as an lá amáireach fós.’

Agus, an ceann is fearr liom féin:

‘Ar nós an tobair ghlé thrí chroí na leice, brúchtann an dóchas thrí chroí an duine.’

Friday, June 17, 2011

An Lá is Sona

Mar a tharla anuraidh, agus arú anuraidh, ach ar dhátaí éagsúla, tá an Lá is Sona den bhliain anseo inniu, a léitheoirí, dar leis an Dr. Cliff Arnall.

Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint suilt as, agus go bhfuil an ghrian ag scaladh anuas oraibh uilig, cibé áit ina bhfuil sibh!

Thursday, June 9, 2011

Ó Oileán go hInis


Sa ghrianghraf thuas, bhí an ghrian ag dul faoi i gConamara. D’imigh sí léi go deas réidh, mar a bheadh drogall uirthi mé a fhágáil, shílfeá, ó tharla mé ag imeacht uaithi, lá arna mhárach.   

M’anam, ach bhí mé den bharúil gur fhan an ghrian chéanna thíos i nGaillimh, mar ní raibh dé ná deatach uirthi nuair a shroich mé Ceann Scríbe inné.  

Ach, fan nóiméad…tá dath gorm ag teacht ar an spéir…tá na scamaill ag scaipeadh…sea, is í atá ann!

Tá sé fuar, a chairde, ach tá an ghrian ag scaladh in Inis Eoghain. Go mba hé daoibh, cibé áit ina bhfuil sibh.