Showing posts with label Míoca. Show all posts
Showing posts with label Míoca. Show all posts

Sunday, July 3, 2022

Na Trí Mhuicín

Ó cuireadh deireadh le srianta An Chovid, bhí an seamlas oscailte arís. Bhí éileamh an-mhór ar mhuiceoil. Tá siad sách ramhar anois, arsa an feirmeoir, le háthas. Baineadh siar as na muicíní óga. D’fhág focla an fheirmeora drochbhlas ina mbéal. Bealach amháin nó bealach eile, bhí uathu an seamlas a sheachaint. Thosaigh siad ag pleanáil. Nuair a tháinig an feirmeoir lena leantóir, d’oscail sé geata an chró. Thapaigh na muicíní a ndeis, agus thug siad na cosa leo isteach sa gcoill.

Bhuail siad le cailín beag le cochaillín dearg uirthi. Stop sí chun cainte leo. Mhol sí dóibh teach a thógáil, mar go raibh mac tíre gránna ag crochadh thart. Aithneoidh sibh é, a dúirt sí, mar ní chaitheann sé masc riamh, agus tá sé de nós aige éadaí ban a chaitheamh.

Níor chaith Muicín a hAon ná Muicín a Dó masc riamh, ach an oiread leis an Mac Tíre. Bhí imní ar Mhuicín a Trí. Ba eisean an t-íochtarán san ál. Tugadh neart aráin agus ime dá shiblíní thar na blianta, ach ní bhfuair sé fhéin faic le hithe, go minic. Bhí sé séacla i gcomparáid leo, mar sin chloígh sé le treoirlínte.  Bhailigh sé leis. Thóg sé teach le bloicíní a d’aimsigh sé caite in aice le fothrach tí. Níor bhac an bheirt eile le teach a thógáil go dtí gur athraigh an aimsir. Thosaigh sé ag gleadhradh báistí. Thóg siad teachín adhmaid ceann tuí, dhá mheadar ó theach Mhuicín a Trí.

Bhí an Mac Tíre stiúgtha leis an ocras. Chuir an boladh breá bracháin a bhí ag teacht ó theach Na Trí Bhéar uisce lena fhiacla. Nuair a tháinig sé ar theach cheann tuí na muicíní, bhreathnaigh sé isteach tríd an bhfuinneog. Muiceoil! Bhuail sé cnag ar an doras. Níor chuala an bheirt istigh tada. Bhí an teilifís casta suas an-ard acu, mar gheall ar thorann na báistí taobh amuigh. Thosaigh an Mac Tíre ag séideadh agus ag séideadh. Thit an teach. Baineadh geit as na muicíní. Rith siad béal dorais. Lig Muicín a Trí isteach iad, ar choinníoll go ndéanfaidís féin-aonrú le chéile thuas staighre.

Bhí imní ar Mhuicín a Trí. Ach, ní faoin gCovid, amháin. Bhí scoilteanna tugtha faoi deara aige, anseo is ansiúd, i mballaí an tí. Bhí siad faighte níos measa ó thosaigh an bháisteach ag titim. Meas tú cén fáth, a smaoinigh sé? Chonaic sé an Mac Tíre trí scoilt mhór amháin acu, agus é ar a bhealach ina dtreo. Rinne an muicín neamhaird den chnagadh ar an doras. Rinne sé neamhaird de shéideadh an Mhic Tíre neamh-mhasctha. Bhí sé fhéin ag caitheamh maisc, nach raibh? Fiú dá dtiocfadh aon fhrídín isteach tríd an scoilt mhór, bhí sé saor ó chontúirt, nach raibh?

Bhí an Mac Tíre ag dul i laige. Is ar éigean a bhí sé in ann anáil a tharraingt. Ocras, meas tú? Ní hea. Bhí sé aisiomptómach. Bhí An Covid ag ionsaí a scamhóga, i ngan fhios dó. Ainneoin a laige, d’éirigh leis teach Na dTrí Mhuicín a leagan gan stró. Céard sa diabhal!?  Chuir sé iontas orthu uilig cé chomh héasca is ar thit an teach. Faraor, bhí na bloicíní míocach agus lochtach, i ngan fhios dóibh. Bhí an drochaimsir dá n-ionsaí.

San áit a mbíonn comharthaí ceiste, bíonn comharthaí.

****************************

Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News an mhí seo caite, san fhorlíonadh Súil Thart. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh.

Friday, May 28, 2021

Míoca

Nuair a dhíolamar an seanteach, thógamar ár dteach nua, Ceann Scríbe, taobh leis, dhá bhliain déag ó shin. Fíorú brionglóide. Gasúir tógtha. Morgáiste íoctha. 

Ó tharla an seanteach ceannaithe againn am a raibh tithe i bhfad níos saoire ná mar atá anois, bhíomar in ann an teach nua a thógáil, agus cúpla pingin a chur go leataobh don 'rainy day' - tá muid ag dul anonn in aois, an dtuigeann sibh, agus ní bhíonn an todhchaí i gcónaí cineálta le daoine atá ag dul anonn in aois; caithfear a bheith ciallmhar agus cúramach. 

Bhíomar cúramach. Bhuel, sin mar a cheap muid, pé scéal é. Is beag a cheapamar ag an am go raibh an 'rainy day' ag dul ag titim sa mhullach orainn níos luaithe ná mar a shamhlaíomar, agus go mbeadh baint nach beag ag 'rainy days' lenár gcrá. 

An bhfuil míoca sna bloic a choinníonn díon os ár gcionn? Sin ceist mhaith. Tógadh an teach aimsir na mbloc lochtach, agus is ón gcomhlacht céanna a cheannaíomar na bloic agus a cheannaigh go leor daoine eile ag an am. 

Le trí bliana anuas, chomh luath agus a d'fheicfeadh fear an tí aon scoilt ag teacht ar na ballaí, líon sé an scoilt. Ar fhaitíos na bhfaitíos, cheannaíomar péint speisialta (agus an-daor) le cur ar an teach, péint a choinneodh an bháisteach ó na bloic, agus a chuirfeadh stop le tuilleadh scoilteanna, bhí súil againn. Má théann taise agus bloic-le-míoca i dteagmháil lena chéile, scoilteann an bloc, agus tarlaíonn rudaí mar seo

Más rud go bhfuil úinéirí tí in amhras faoi na bloic ina dtithe, caithfear tástáil a fháil déanta, le go mbeidh deis acu cúiteamh de shaghas éigin a fháil ón rialtas, le rudaí a chur ina gceart. Cosnaíonn an tástáil €6000 nó mar sin, agus beidh ar úinéirí na dtithe an méid sin a íoc, as a bpócaí fhéin, sula mbeidh baol ann go bhfaighidh siad pingin rua. 

De réir mar a thuigim, 80% de chostas atógáil an tí atá i gceist, má éiríonn le hiarratas an úinéara. Níl costas aon gharáiste ná aon chlaí teorann a tógadh leis na bloic chéanna san áireamh sa 80% sin, go bhfios dom, agus níl aon réiteach ann a chuideodh le costas stórála ábhar an tí, ná le costas cóiríochta cíosa a íoc don úinéir agus a theaghlach, fhad is atá an teach-le-míoca á chur ina cheart. 

Tá go leor faoin scéal seo nach dtuigim.  

Más rud gur chloígh an comhlacht, mar a mhaíonn siad, 'with all relevant Government standards, regulations and specifications' cá raibh na rialtóirí, agus cé atá freagrach as an bpraiseach seo? 

Cén fáth a gceapann an rialtas go mbeadh aon úinéir tí in ann costas 20% sa bhreis a íoc ar theach as ar íoc siad a ndóthain cheana?

Cén fáth an bhfuil an oiread sin éagsúlachta idir thorthaí na dtástálacha atá déanta go dtí seo? Más fíor an méid a chloisim, tá tithe ann a moltar iad a leagan, tithe eile agus moltar nach gá ach an balla amuigh a leagan? 

Níl a fhios agam céard atá romhainn mar úinéirí, ach tá imní romhainn chuile lá beo. Níl a fhios agam céard a tharlóidh do Cheann Scríbe, ach tá a fhios agam an méid seo, a léitheoirí, ní maith liom an cineál tromaíochta a fheicim ag tarlú, ar na meáin shóisialta. 

Cibé duine, comhlacht nó rialtas atá freagrach as an bpraiseach seo, ní cheart go mbeadh aon tromaíocht á dhéanamh ar oibrithe comhlachta, ar ghaolta úinéirí chomhlachta, ná ar dhaoine atá ag ceannach ábhar ón gcomhlacht i gceartlár na faidhbe seo. Ní hiadsan atá freagrach as na bloic lochtacha.