Showing posts with label tulca. Show all posts
Showing posts with label tulca. Show all posts

Wednesday, August 22, 2018

Níl Cara ag Tráma Ach Cuimhne

Ar an lá seo, anuraidh, dhúisigh mé le tinneas cinn. 

Go hiondúil, sula dtosaíonn aon phian i mo chloigeann, tugann an mhígréin réamhfhógra dom go bhfuil sí ar an mbealach. Anuraidh, áfach, tháinig sí aniar aduaidh orm, an mhaidin sin. 

Faraor, agus gan súil ar bith agam leis, thug sí cara léi, níos deireanaí sa lá.

D'éirigh mé, agus shuí mé ar chathaoir sa seomra leapa, taobh leis an bhfuinneog, ag fanacht go maolódh an phian. 

Thug mé faoi deara go raibh sé ina dhíle bháistí, taobh amuigh den fhuinneog. Ní raibh stop leis. Bhí an titim báistí chomh heisceachtúil sin, go ndearna mé taifead den fhearthainn agus den fhliuchras ar m'fhón póca, agus sheol mé an físeán anonn chuig mo shiblíní thall i mBostún. 

Chuaigh mé síos staighre um thráthnóna, agus thug mé faoi deara go raibh an-luas faoin uisce san abhainn ar chúl an tí. Níorbh rud annamh é sin, go deimhin, agus níor chuir sé imní orm; tá trí shúil ar an droichead taobh linn, agus bhí siad riamh in ann ag aon sruth láidir san abhainn, is cuma cén mhéid uisce a bhíodh ag éalú isteach inti, anuas ó na sléibhte i bhfad uainn. 

Fuair mé deoch uisce dom féin, thóg mé cúpla piolla don tinneas cinn. Ar ais liom suas staighre.

Níos deireanaí an tráthnóna sin, timpeall 8:00 i.n., chuaigh mé síos staighre, arís, agus baineadh siar asam, nuair a chonaic mé an abhainn; bhí sí níos colgaí ná mar a chonaic mé í riamh, agus bhí sí ag ardú ar luas lasrach, mar gheall ar an síor-titim báistí. 

Tháinig imní orm, ach ó tharla nach raibh imní ar An Garraíodóir, ghlac mé leis go raibh mo thinneas cinn ag méadú m'amhrais.

Ach, go gairid théis 10:00 i.n., tharla sé seo. 

Murach ár gcairde agus ár gcomharsan...

Ar maidin, labhair mé faoin tuile le Michelle Nic Grianna, láithreoir an chláir Barrscéalta, ar Raidió na Gaeltachta.  Thug mé faoi deara, agus mé i mbun comhráite léi, go raibh uafás na hoíche sin, anuraidh, fós in ann an anáil a bhaint díom. 

Táim den bharúil, anois, nach bhfágfaidh tráma an lae sin mo chuimhne go brách. Glacaim leis sin, ach ní haon chara liom í, mar chuimhne. 

Monday, April 2, 2018

Milleadh na Tuile

Tá sé os cionn seacht mí ó scríobh mé faoin tubaiste sin a tháinig aniar aduaidh orainn anseo i gCeann Scríbe, nuair a rinne díle an-damáiste ar fud na háite, anseo in Inis Eoghain. 

Le cúpla lá anuas, bhí mé ag breathnú ar sheanphictiúir atá agam de Pháirc na hEala (nó Swan Park, mar is fearr aithne uirthi, thart faoin áit seo) agus tá sé dochreidte an damáiste atá déanta sa pháirc sin...agus nach bhfuil deisithe fós, faraor. 

Le tríocha bliain anuas, níl seachtain nár chaith mé lá nó seacht sa pháirc sin, agus airím uaim, go mór, an suaimhneas intinne a fuair mé ar mo shiúlóid cois na habhann ann, lá i ndiaidh lae. 

Tráth dá raibh...


Anois...



Tráth dá raibh...


Anois...
Tráth dá raibh...




Anois...



Tráth dá raibh...








Anois...





Tráth dá raibh...
 Anois...
Tráth dá raibh...

Anois...


Tráth dá raibh...



Anois...




Airím uaim an áit álainn dhraíochtúil seo...


Is fada liom go nglacfaidh Roinn nó Rannóg éigin sa rialtas freagracht as an obair atá le déanamh, le go mbeidh deis ag an áit, agus deis níos fearr ag muintir na háite, teacht chugainn féin, arís. 

Tuesday, August 29, 2017

Ciúin Ciontach

Bíonn ciúin ciontach, go deimhin...shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ar maidin.


Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ná trust ciúin ciontach.  (Tost)

Beir ar an abhainn sula dtéir chun an fhuarlaigh. (Breathnú Romhat)

Níl cnocáinín aerach nach fogas dó móinín fraoigh, 
ná gleann domhain gan abhainn a bheith ag dul tríd; 
Tá rotha an tsaoil ina shodar agus gan aon chónaí faoi, 
Agus ní hiondúil an sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd. (Maith) 

Sunday, August 27, 2017

Buíochas ó Cheann Scríbe

In am an ghátair a bhraitear an chabhair, a deir an seanfhocal.  

Sibhse a tháinig agus a rinne tréaniarracht an t-uisce a choinneáil siar ón teach; sibhse a líon málaí le gaineamh, le bhur gcuid lámh nó le sluasaid, agus a tháinig chun tí leo, i gcarranna, i dtarracóirí, i jípeanna; sibhse a d'fhan go maidin agus a chuidigh linn an t-uisce a ghlanadh amach as an teach; sibhse a tháinig lá arna mhárach le ceapairí, anraith, brioscaí, cácaí, scuaba, mapaí urláir, oibreáin ghlantacháin srl; sibhse a chuidigh linn fáil réidh leis an bpuiteach, taobh amuigh agus taobh istigh den teach; sibhse a chuidigh linn trealamh tí agus troscán a bhogadh; sibhse a nigh, agus atá fós ag ní, na héadaí nach féidir linn a ní ó tharla nach bhfuil ár niteoir ag obair níos mó; sibhse a thairg dídean agus cabhair; sibhse a sheol teachtaireachtaí chun tí, ar an bhfón, ar Twitter, ar Facebook; sibhse, sna meáin chumarsáide, a thuig ár gcás; sibhse a thairg nó a thug tacaíocht dúinn, le gníomh nó i bhfocail, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim fíorbhuíoch díbh uilig. 

Tá an t-ádh orm go bhfuil bhur leithéidí i mo shaol agam. Mo bhuíochas ó chroí libh, arís is arís eile.