Showing posts with label toradh. Show all posts
Showing posts with label toradh. Show all posts

Tuesday, June 2, 2015

Smaointe Ag Rith

Tharla sé gur chaill mé codladh na hoíche, aréir, a léitheoirí. Ní go rómhinic a tharlaíonn sé, go deimhin, ach, nuair a tharlaíonn, líontar folús mo dhúiseachta le cuimhní cinn, agus tosaíonn smaointe ag rith isteach i mo chloigeann; go dtí nach mbíonn áit sa chloigeann céanna do chodladh na hoíche, is dócha. Sin é an baol.

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a tháinig chugam aréir ná an scéal a chuala mé, blianta fada ó shin, ó lánúin a chaill codladh na hoíche iad féin, nuair a tháinig duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, in am marbh na hoíche. Ghlac siad leis gur duine óltach a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba. 

Ní dea-scéal toradh an scéil sin, ach sin scéal eile, nach bhfuil fúm é a roinnt anseo.

Is dóigh liom gurb é an fáth gur tháinig an scéal sin chun cuimhne ná mar gheall ar scéilín eile a insíodh dom, le déanaí. Lánúin eile, lánúin i bhfad níos óige, a bhí i mbun inste an geábh seo. Dúisíodh iad, i lár na hoíche, níl sé i bhfad ó shin, nuair a chuala siad duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, ach ghlac siad leis gur scam de shaghas éigin a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba.

Rith sé liom, aréir, nach bhfuil an saol ag athrú, ar chor ar bith, fiú má mhaítear go bhfuil. Táimid uilig éagsúil, mar is iondúil; cuid againn inár ‘is cuma liom’aithe, agus cuid againn inár ‘ní bhaineann sé liom’aithe, agus níl a fhios ag aon duine againn, go cinnte, cén toradh a bheas ar aird, ná ar neamhaird. Sin é an saol, agus nach é an mac baolach é, gan amhras dá laghad.

An méid sin ráite, b’fhéidir go mba chóir dúinn amhras a bheith orainn faoina leithéidí. Deacair a rá. D’fhéadfá codladh na hoíche a chailleadh…

Friday, July 20, 2012

Mná Cliste

Aiféala orm, a fheara, ach caithfidh mé an scéal seo a roinnt libh.

Sea, tá mná níos cliste.

Ní hé nach raibh a fhios agam féin é sin, an dtuigeann sibh, ach bhí uaim an fhianaise a roinnt libhse, a fheara cliste, ar fhaitíos na bhfaitíos go bhfuil aon fhear cliste amuigh ansin, ahem, ag léamh an bhlag seo.

Ar ndóigh, thuigfeadh aon fhear cliste go bhfuil gá leis an scéal seo a roinnt, go forleathan go deimhin, le daoine a choinneáil ar an eolas faoi, ahem, fhíricí tábhachtacha an tsaoil seo.
  

Saturday, June 25, 2011

Dathanna Mealltacha

Bhí mé ag éisteacht le clár John Murray Dé Máirt seo caite, agus bhí sé ag caint le hiarchéimithe, faoina dtograí tráchtais éagsúla.

Tharraing togra Amy-Jane Troy m’aird ina threo. Bhí sí ag labhairt faoin tionchar atá ag dathanna ar mheon an chustaiméara – The Role of Packaging and Novel Healthy Food Acceptance teideal an tráchtais, más buan mo chuimhne.  

Ar aon nós, dar léi, is iad na príomhdhathanna atá in úsáid ar chlúdaigh aráin, mar shampla, ná buí agus dearg; meallann an dath buí an ceannaitheoir mar go gcuireann sé 'úire' agus 'an ghrian' i gcuimhne dó, agus cuireann an dath dearg an rud 'blasta' atá ‘te as an oigeann’ i gcuimhne don chustaiméir.

Tháinig mé ar an staidéar seo How to Use Colour in Food Packaging le Rob Kaszubowski, agus chuirfeadh sé iontas ort an chaoi ina dtéann dathanna i bhfeidhm ar dhuine, a léitheoir. Tá tuilleadh le rá aigesean faoi na dathanna buí agus dearg:

‘Yellow is the fastest color the brain processes, and therefore is usually a good attention getter. It is also an appetite stimulant and tends to make people feel cheerful and optimistic…Red tends to make people feel excited, full of energy, and can actually increase the heart rate. Like yellow, red is also an appetite stimulant.

Agus é ag plé le Examples of how Colors Differ in Different Cultures, scríobh sé,

‘…if companies used American flag graphics on their disposable packaging. Most people probably wouldn’t buy the product because they wouldn’t want to throw the American flag, or its image, away.’

Meas tú an mbeadh a leithéid de rud fíor sa tír seo? An bhfuil ag éirí go maith leis an Q Mark, meas tú?

Hmmm…

Thursday, June 23, 2011

Na Meáin Shóisialta

Le bliain nó dhó anois, agus mé ag léamh faoi, nó ag plé le Facebook agus Twitter, mar shampla, tá sé tugtha faoi deara agam an éascaíocht lena roinneann daoine a gcuid tuairimí, a gcuid scéalta srl., ar na meáin sin; ar an uile ní agus ábhar. Níl dochar ar bith ansin, cheapfá, agus, go deimhin, táthar ann a déarfadh gur maith ann an ceangal sóisialta sin.  

Mar sin féin, ón méid atá léite agam féin le bliain nó dhó, caithfidh mé a rá nár chuir an scéal seo, ná an ceann seo, nó fiú an ceann seo, iontas ar bith orm. Ní thuigim cén fáth a ndearna na daoine sin na rudaí a rinne siad, ná fiú cén fáth ar roinn siad, chomh poiblí sin, na nithe a roinn siad, ach is léir go mbíonn iarmhairtí fadtéarmacha lena leithéidí de ghníomhartha.

Is beag an dealg a dhéanfadh braon, mar a deir an seanfhocal, agus táim den bharúil go bhfuiltear ann nach dtuigeann go bhfuil dealg iontach géar ag na meáin shóisialta. Má bhíonn do lámh i mbéal an mhadra agat, bhuel, caithfear bheith cúramach, deirtear.

Is anseo amháin a chloisfidh sibh uaim as seo amach, a léitheoirí, agus déanfaidh mé chuile iarracht gan aon duine, ná ainmhí, a mhaslú ná a ghortú le m’fhocail ann.

Mo chuimhne, tugaim faoi deara go dtagann cuairteoirí nua isteach ar mo bhlag, ó am go chéile, daoine a fhágann a gcuid hataí ar chrochadán mo bhlag - tá fearadh na fáilte romhaibh uilig, a chairde, agus táim buíoch as bhur gComhluadar anseo liom.

Tuesday, January 11, 2011

Fadhb agus Toradh

Dúradh liom geábh, agus mé ag fás aníos, ‘Don’t keep looking at the problem, look for the solution!’ Dea-chomhairle a bhí ann, agus chloígh mé leis, ar feadh mo shaoil. Níor chaith mé iomarca ama ag breathnú ar aon fhadhb, agus rinne mé iarracht theacht ar réiteach éigin, chomh luath agus a d’fhéadfainn.

Is amhlaidh a chaith mé leis an bhfadhb a bhí agam le Google le trí lá anuas.  Cibé fáth a bhí acu leis, agus níl a fhios agam féin céard é, ach amháin, dar lena bhfreagraí uathoibríocha, gur thugadar ‘unusual activity’ faoi deara ar mo bhlag, chinn an comhlacht mór, Google, mo bhlag, Mise Áine, agus an ríomhphost den ainm céanna atá ceangailte leis an mblag, a chur ar ceal.

Go sealadach, is cosúil.

Líon mé amach dhá ‘Account Recovery Form’, ach diúltaíodh dóibh. Níor ghlac Google leis na sonraí pearsanta a chuir mé chucu, agus bhí neart eolais sna sonraí sin, cheap mé féin, ach dúirt na freagraí uathoibríocha uatha ‘Unfortunately, based on the information you provided, we were unable to verify that you own this account.’

Anois díreach, tar éis dhá ‘verification code’ nua a fháil ag an deireadh seachtaine, nár oibrigh dom, rinne mé iarracht eile anocht. D’iarr mé verification code nua orthu, fuair mé é ar m'fhón póca, chuir mé isteach sa leathanach cuí é, agus ‘hey presto!’ tá Mise Áine ar ais ar an bhfód!

Wú húúúúúúúúúú!

Ach, beidh mé ag fanacht anseo, a léitheoirí, ag an mblag nua seo. Cuirfidh mé an scéal sin ar mo sheanbhlag anois, agus cuirfidh mé an dá bhlag in aithne dá chéile; sé sin le rá, cuirfidh mé nasc ón gceann seo chuig Mise Áine, agus cuirfidh mé an nasc chuig an gceann seo ar Mise Áine, le go mbeidh a fhios ag na léitheoirí cá bhfuilim anois, agus cá raibh mé ag scríobh roimhe seo.  

Ach, as seo amach, beidh mo rámhaillí anseo.

Agus, as seo amach, beidh comhad cúltaca agam, agus beidh gach blagmhír uaim ag dul isteach ann, idir shean agus nua, chomh luath agus a fhoghlaimeoidh mé cén chaoi a ndéantar a leithéid. Gabh mo leithscéal, ach caithfidh mé imeacht liom anois; ar thóir ‘solution’ don fhadhb sin, an dtuigeann sibh…