Showing posts with label othar. Show all posts
Showing posts with label othar. Show all posts

Thursday, January 8, 2026

Smaointe Ag Rith

Ó tharla go bhfuair mé corróg nua roinnt seachtainí ó shin, ní raibh mórán eile ar bun agam, idir sin agus anois, ach cleachtadh coisíochta, agus cneasú. Tá an phian imithe, agus tá mo chuid fuinnimh ar an mbealach ar ais, diaidh ar ndiaidh. Is gearr uaim mo sheanléim, shamhlóinn.  

Ar aon nós, a fhad is a bhí mé ag cneasú liom, i mo luí nó i mo shuí, gan tada eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ceal fuinnimh, bhí am ag mo chuid smaointe bheith ag rútáil trí mo chuid cuimhní cinn. Is iomaí cuimhne a tháinig chun cinn; cuid acu brónach, cuid acu dearfach, cuid acu áthasach, cuid acu diúltach, agus ceann nó dhó a tháinig chun cinn a raibh dearmad glan déanta agam ar an eachtra lenar bhain siad! Ach, is scéalta iad sin do bhlagmhír eile, amach anseo. B'fhéidir. 

Blianta ó shin, roinnt blianta sula bhfuair mo dheirfiúr Ciara bás, bhíodh sí ag obair in ionad altranais, áit a mbíodh sí ag tabhairt aire d'othair a bhí gafa ag néaltrú; an galar Alzheimer ach go háirithe, más buan mo chuimhne. Cé nach raibh sí ag obair san ionad altranais le cúpla bliain roimhe, fuair sí cead ón lucht bainistíochta, is dócha, dul ar cuairt ann, dá mba mhian léi. Duine lách a bhí inti agus ní dhearna sí dearmad orthu, fiú agus post nua faighte aici. 

Bhí mé thall ar cuairt, uair amháin, agus d'iarr sí orm ar mhaith liom a dhul in éineacht léi chuig an ionad altranais. Ní raibh sí ar ais san ionad le tamall, agus bhí sí ag iarraidh mé a chur in aithne do na haltraí, agus hello a rá le chuile dhuine ann, ag an am céanna. Nuair a shroich muid an áit, chuir sí mé in aithne do na hoibrithe ann, ar dtús, agus ansin shiúlamar isteach sa 'seomra suite' le go mbeadh sí in ann mé a chur in aithne do na clients, mar a thugtar orthu thall. 

Duine ar dhuine, le gliondar ina gcuid súl, d'éirigh na clients uilig le barróg a thabhairt do Chiara. Thug mé faoi deara go raibh ainm chuile dhuine acu fós ar eolas aici, cé nach féidir liom a bheith cinnte go raibh cuimhne acusan uilig ar ainm mo dheirféar. Sin néaltrú. Sciobann sé cuimhní. Bhí go leor 'I miss you so much' le cloisteáil uathu, mar sin fhéin.  

Bhí bean amháin, bean bheag le meangadh áthais ar a béal, ina seasamh go foighneach, ag fanacht lena deis barróg a thabhairt do Chiara. Nuair a fuair sí a deis bharróige, rug sí greim ar lámha Chiara, bhreathnaigh uirthi le lúcháir, agus dúirt,

'I can't remember who you are, but I know I love you.'

An lorg nach maireann beo beathach sa chuimhne, maireann sé sa chroí. D'fhág Ciara lorg. Chuir mo chuid smaointe é sin i gcuimhne dom. Bhí a fhios ag mo chroí é, cheana féin. 

Sunday, January 1, 2023

Cuirtíní Éadroma

I mBarda na gCnámh Briste san ospidéal a bhí siad. Ceathrar acu, cnámha briste ina gcosa ag triúr acu, cnámh bhriste ina lámh ag duine amháin. Bhí siad uilig théis dhul faoin scian, an lá sin. Bhí siad uilig i bpian. Bhí an t-altra an-chineálta leo. 

Is gearr go mbeidh an lia thart le labhairt libh, a dúirt sí.

Bhí go leor ceisteanna acu uilig don lia. Bhí a fhios ag an altra é sin. Cén uair a laghdódh an phian? An gcneasóidh an chnámh? Cén uair a bheas mé in ann dul abhaile? An mbeidh mé ceart go leor, amach anseo? Bhí na ceisteanna céanna cloiste go mion minic aici siúd. 

Go deimhin, bheadh na ceisteanna céanna le cloisteáil ag chuile dhuine sa mbarda nuair a thiocfadh an lia, mar nach raibh tada idir na leapacha ach cuirtíní éadroma nár choinnigh ach méid áirithe faoi cheilt. Dá mba mhian leis na hothair, is dócha go bhféadfadh na cuirtíní sin a bheith tarraingthe siar ar fad, ach ní chuile dhuine a bheadh in ann é sin a dhéanamh. Theastódh tacaíocht de shaghas éigin.

Bhí sé deireanach san oíche nuair a thosaigh an lia ar a chamchuairt. Cé go raibh an príomhsholas múchta faoin am sin, bhí na hothair fós ina ndúiseacht; solas beag ag lasadh taobh na leapa acu a d’fhéadfaí a fheiceáil trí na cuirtíní. D’fhreagair an lia ceisteanna lucht na gcos briste, ceist i ndiaidh ceiste, duine ar dhuine. Bhí sé ar tí imeacht, nuair a luaigh an t-altra bean an rosta bhriste leis.

She can walk..,  arsa an lia, agus amach an doras leis.

Chloisfeá biorán ag titim. Ní raibh focal ó aon duine acu; ní ón altra, ní ó othair na gcos briste. Ní dúirt bean an rosta bhriste tada, ach an oiread. Bhí a fhios aici gur chuala lucht an bharda an méid a dúirt an lia, mar chuala sise an méid a dúirt seisean leosan. Ní stopann cuirtíní éadroma focla.

Céard ba chúis leis an méid a tharla? B’fhéidir go raibh an lia bocht tuirseach traochta théis a lá oibre? B’fhéidir nach raibh scil aige ach amháin i gcneasú chnámh na gcos? B'fhéidir gurb éard a bhí i gceist aige ná go bhféadfadh an bhean an t-ospidéal a fhágáil ar an bpointe boise dá mba mhian léi? Faraor, leis na cuirtíní sa mbealach air, ní fhaca sé, b’fhéidir, go raibh sí ceangailte le diltálaire a bhí líonta le pianmharfóirí agus nach bhféadfadh sí bogadh, anonn ná anall. 

Cibé scéal é, rinneadh neamhaird di. Níor chuir sí aon cheist. Ní bhfuair sí an deis. B’fhéidir nárbh fhiú deich dtriuf a ceisteanna? B’fhéidir nárbh fhiú mórán í fhéin? Ní raibh a fhios aici. Ní dúirt sí tada. Níor laghdaigh a himní. Ní bhfuair sí aon sólás.

Má tá fonn orainn rúin nua a bheith againn don bhliain nua seo, b’fhéidir go mbeadh sé níos deise, níos tuisceanaí, gan neamhaird a dhéanamh don duine ciúin, ach ceist a chur air nó uirthi,

an bhfuil tú ceart go leor?

Is iomaí briseadh nach féidir a fheiceáil. B’fhéidir go mbeadh cuid den leigheas i bhfocla cineálta.