Showing posts with label nuachumtha. Show all posts
Showing posts with label nuachumtha. Show all posts

Wednesday, December 7, 2022

Féile na Nollag

Maidin amárach, Déardaoin, ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, seolfar leagan nua den amhrán, Féile na Nollag, amhrán a chum mise do chomórtas a reáchtáladh i 2013, amhrán a bhuaigh an comórtas, agus amhrán a chas Clann Uí Mhaoileáin ag Ceolchoirm Ros na Rún an Nollaig sin. 

Bhí mé ag labhairt le Gráinne Ní Fhatharta faoin amhrán, Féile na Nollag, an mhí seo caite. Chinneamar go mbeadh sé go deas leagan eile den amhrán a thaifeadadh, le hairgead a bhailiú do charthanais áitiúla. Nuair a labhair muid le Máire Bríd Ní Chualáin, láithreoir an chláir Iris Aniar, faoin togra, bhí sí breá sásta cúnamh a thabhairt dúinn. 

Ar an gclár, amárach, clár speisialta a bhíonn acu ar an 8 Nollaig chuile bhliain ar Iris Aniar, beidh páistí ó scoil náisiúnta éigin ón gceantar sa stiúideo, lasfar na soilse ar an gcrann Nollag, agus seans go dtiocfaidh Santaí isteach le focal nó dhó a rá!

Beidh Máire Bríd ag labhairt liom fhéin agus le Gráinne, freisin. Mar a rinne Gráinne, anuraidh, leis an amhrán Santaí S'Againne, beidh páistí ag tacú léi sa churfá ar an amhrán, ach is iad na daltaí ón rang sean-nóis a mhúineann sí, Rang Sean-nóis Ealaín na Gaeltachta Chois Fharraige, a bheas ag gabháil fhoinn léi, an geábh seo. Is é Ray Diamond a roghnaigh na huirlisí ceoil, agus a rinne an taifeadadh a bheas le cloisteáil amárach. 

Mo bhuíochas le Ray agus le Gráinne as an eagar atá curtha acu ar an leagan nua seo. Agus, mo bhuíochas ó chroí le Máire Bríd agus le Raidió na Gaeltachta as an deis seo an t-amhrán a sheoladh, in am don Nollaig, ar mhaithe le hairgead a bhailiú do charthanais éagsúla. Iarrtar oraibh, a chairde, más mian libh, cúpla pingin a thabhairt do charthanas éigin má éiríonn libh an t-amhrán a chloisteáil am ar bith. 

Aon phingin a shaothraíonn Féile na Nollag an mhí seo, agus a shaothraigh Santaí S'Againne, anuraidh, beidh sé ag dul chuig an gcarthanas DVR i nGaillimh. Is ar scáth a chéile a mhairfimid. 

Monday, December 7, 2020

Saintí S'Againne

Bhí a fhios agam go raibh Daidí na Nollag trína chéile, an dtuigeann sibh. 

Bhí sé cloiste agam, ó fhear an tí, go raibh teachtaireacht curtha suas ag Saintí, ar an gcóras Northern Pulse, ag impí ar ghardaí na tíre súil a choinneáil amach do ghadaithe, mar, bíodh sé fíor nó ná bíodh, bhí sé den bharúil, b'fhéidir, go raibh duine éigin ag goid litreacha na bpáistí, ó tharla nach raibh sé ag fáil an oiread sin litreacha uatha, i mbliana. 

Rud éigin mar sin a chuala mé, d'fhéadfadh sé...

Pé scéal é, rinne mé an cás a fhiosrú, agus fuair mé amach go raibh páistí, fud fad an domhain, imníoch faoin Nollaig seo, seachas aon Nollaig eile. Bhí siad ag iarraidh bheith cúramach. Ní raibh a fhios acu an mbeadh sé sábháilte i mbliana, an dtuigeann sibh.

Bhuel, labhair mé le Gráinne Álainn Ní Fhátharta, chomh luath agus a thuig mé go bhféadfadh muid, b'fhéidir, cúnamh a thabhairt do Shaintí, agus thosaigh muid ag cur plean gnímh le chéile. 

Tá an jab déanta!

Maidin amárach, ar an gclár Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta, seolfar an t-amhrán nua, Saintí S'Againne; amhrán a chum mise, amhrán a chuir Gráinne in eagar agus, le cúnamh ó dhaltaí  i nGaelscoil Riada, tá an t-amhrán (cosúil le Saintí agus a chairrín) réidh le dhul.

Más mian libh an t-amhrán, mise, Gráinne, agus dalta nó dhó ón nGaelscoil a chloisteáil ag labhairt faoin bhfeachtas fíorthábhachtach seo, mholfainn daoibh éisteacht leis an gclár, ar maidin. 

Clár speisialta don Nollaig, agus do pháistí, a bheas ann. Cloisfidh muid buaiteoir an chomórtais filíochta ag aithris an dán a bhua, casfaidh an file óg sin ar na soilse ar chrann Nollag an raidió, agus beidh Daidí na Nollag é féin ar an gclár! 

 Bhfuil do liosta-sa réidh, tá Saintí faoi réir... 

Saturday, June 10, 2017

Nathanna Cainte

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le podchraoladh an lá cheana, agus chuala mé duine den phainéal ag rá (faoi Leo Varadkar, más buan mo chuimhne) 'He shoots from the lip.'

Tá seans maith ann gur 'shoot from the hip'  an rud a bhí i gceist aige, ach thaitin an leagan nuachloiste barrúil liom, agus thosaigh mo smaointe féin ag rith, mar is minic leo. Ar chúis éigin, tháinig mo bhlagmhír An Mámh Cinn, Twitter agus trolláil chun cuimhne. 

Tá nathanna cainte fearacht 'ní chuireann sé fiacail ann' agus 'is furasta é a spréachadh' ann, ach, meas tú, an bhfuil aon nath cainte nua ar fáil don té sin a scríobhann/a fhágann trácht tobann, b'fhéidir tubaisteach, ar na meáin shóisialta?

'Géar leis an méar'...'Péist nár éist'...'Pléite ní léite'...'Cumtha is cuma'...'Colg ón tolg'...'Racht gan slacht'...bhur mbarúil? 

Tuesday, April 21, 2015

Focail Féilire

Seo a leanas na focail atá ar m'fhéilire deisce ar maidin:

'Every man is guilty of all the good he didn't do.' 

Ní imreoir é an t-iománaí ar an gclaí. 

Tagann an leagan Béarla sin thuas ó Voltaire, feictear dom, agus is uaim féin an leagan Gaeilge. 

Fuair mé na cinn seo thíos ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is minic duine ag dul amú agus solas aige. (Aire)

Faigheann an t-airgead aire. (Aire)

Is uaisle beart ná briathar. (Caint)

Ní líonann beannacht bolg. (Caint)

Iomlán na lámha le chéile. (Cúnamh)

Ná cuirtear an rún ar ceal ná an gníomh ar cairde. (Moill)

Wednesday, December 31, 2014

Stuaimrún

Níl céim chun cinn sa gcos i dtaca.

Sometimes, a step back, a step away, is a step forward. 

Sin thuas na smaointe/nuafhocail a rith liom ar maidin, agus mé ag tabhairt chun cuimhne eachtraí na bliana seo, thall is abhus, is ar fud na cruinne. 

Tá bliain nua eile romhainn anois; tá 2015 ag cnagadh ar dhoras 2014, agus táimid ar thairseach ré nua shíochánta, tá súil agam. Caithfear a bheith dóchasach, agus is fearr a bheith dearfach. Sin mo rún féin, pé scéal é. 

Maidir le beartais eile na bliana nua, seo chugaibh na rúin is coitianta Oíche na Seanbhliana, deirtear.  

Cibé rún atá agat féin don bhliain úr, a léitheoir, tá súil agam go mbeidh suaimhneas agus sonas romhat ar chosán na bliana nua; go léime tú, gan stró, thar aon chonstaic nó aon bhac a bheas sa mbealach ort.  Níl le déanamh, b'fhéidir, ach an chos i dtaca a sheachaint. 

Go n-éirí an bóthar leat! 

Saturday, November 8, 2014

Focail Liom Focail Leat


Roinnt blianta ó shin, chuir Dennis ceist orm cén leagan Gaeilge a bheadh agam ar 'cat's whiskers,' agus 'ribí féasóg cait' an freagra a fuair mé ó dhuine éigin, áit éigin, ag an am.  

An lá faoi dheireadh, tharla sé go raibh mé ag labhairt leis An Dómhnallach, agus chuir mé ceist uirthi faoin bhfocal sin 'whiskers' -  Mí na gCroiméal, atá ann, an dtuigeann sibh, agus b'fhéidir go raibh an t-ábhar sin faoi chaibidil againn. 

Ar aon nós, 'guairní/guairí' an focal a chuala sí, ó dhuine éigin, áit éigin...'guairní/guairí an chait' nó 'guairní/guairí cait'...iad le feiceáil go breá soiléir ar Shióg s'againne, thuas. 


Tá an focal 'guaire' le feiceáil anseo, ar www.focloir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal 'whisker,' agus is 'bristle' an leagan Béarla atá ar an bhfocal 'guaire' in WinGléacht, mar sin cé as ar tháinig an focal 'guairní' meas tú...seanleagan dúchasach, b'fhéidir?  Táim den bharúil gur 'guairí' an focal a dúradh. 


Bhuel, in WinGléacht, tá an focal 'guairneach' agus is 'awn (of barley)' atá i gceist leis, mar fhocal. Má bhreathnaíonn sibh ar an bhfocal sin 'awn' in www.dictionary.reference.com, feicfidh sibh na focail 'beard of wheat, barley...any similar bristle' luaite, agus, ó na grianghraif anseo, tá 'guairneacha' nó b'fhéidir 'guairí,' le feiceáil ar shifíní eorna, gan dabht ar bith. 


Agus, ó tharla an focal 'beard' luaite agam, tá an leagan Gaeilge 'féasóg' ann, ar ndóigh, ach ní raibh a fhios agam, go dtí anocht, go bhfuil an focal 'ulcha' ann, mar aistriúchán Gaeilge ar 'beard' chomh maith. 


Meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'ulchabhán'...nó le 'ceann cait' b'fhéidir...hmmm....


Sunday, July 13, 2014

Focail Féilire

Titeann fíorchara isteach leat, ní amach. 

A true friend falls in with you, not out. 

Uaimse an dá sheanfhocal nua thuas, a léitheoirí, ach is féidir seanfhocail eile, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, cinn a bhaineann le cairdeas, a fheiceáil ag bun na blagmhíre seo; agus giota beag faoi mo chairde féin anseo.

Ar ndóigh, tá cairde eile ann, daoine a tháinig isteach i mo shaol le blianta beaga anuas, duine nó dhó acu a bheidh ag léamh na blagmhíre seo, agus beidh a fhios acusan go bhfuil a fhios agamsa go mbeinn caillte gan a dtacaíochtsan, freisin. 

Céard a dhéanfaimis gan ár gcairde, a léitheoirí?!

Friday, April 25, 2014

Droch-chomhartha?

Meas tú, arsa mé féin liom féin, ar maidin - nuair a chonaic mé an comhartha loite thuas, taobh amuigh d'ollmhargadh Lidl anseo i mBun Cranncha - meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfaca lucht an TCI cé a rinne an damáiste? 

Is deacair a rá...ní bheadh a fhios agat...cá bhfios?!

Mo chuimhne, an raibh a fhios agaibh, a léitheoirí, go raibh a leithéid de chomhartha ann agus an interrobang? Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar a leithéidí? Comhartha uaillcheiste?

Is deacair a rá...ní bheadh a fhios agat...cá bhfios?!

Wednesday, April 23, 2014

Focail Féilire

Cuir am amú ar maidin agus caithfidh tú an lá ar a thóir

Lose an hour in the morning and you will spend all day looking for it. 

An leagan Béarla ó Richard Whately. An leagan Gaeilge uaimse. 

Seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Más maith leat a bheith ag meath, téirigh ag iascaireacht. 

Friday, April 4, 2014

Focail Liom Focail Leat

Tháinig mé ar an bhfocal Béarla exhaustipated den chéad uair arú inné, cé go bhfeicim, ó thrácht anseo, gur focal é atá in úsáid le blianta fada, ag an té a bheadh, feictear dom anseo, Just too tired to give a shit. 

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is maith liom focail nua a chumadh mé féin, ó am go chéile, agus cheap mé go mbeadh sé go deas dá mbeadh focal Gaeilge againn, ceann macasamhail exhaustipated, focal a d'fheilfeadh do lucht labhartha na Gaeilge, dá dteastódh uatha a leithéid d'fhocal a úsáid, ar ndóigh. 

Pé scéal é, i mo bharúil féin, dá mbeadh an droch-chuma sin riamh ar aon duine againn, tá chuile sheans ann go mbeadh muid spíoniata.  

Wednesday, March 12, 2014

Focail Féilire

Seo a leanas na focail atá ar m'fhéilire fuinneoige ar maidin, 

All we need to make us really happy is something to be enthusiastic about. 

Seo a leanas an leagan Gaeilge a rith liom féin,

Tá dóchas i ndíograis.

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin den athfhriotal Béarla sin ó Charles Kingsley, fear a bhíodh ina shagart in Eaglais Shasana, agus fear a raibh cairdeas agus comhfhreagras rialta aige le Charles Darwin, más fíor an méid a léigh mé ar an suíomh gréasáin Wikipedia.  

Feicim athfhriotal eile ó Charles Kingsley ar an suíomh sin brainyquote.com, ceann a chuir stop le siúlóid mo shúl ar maidin, ceann a chuir dlús le mo mhachnamh maidine,

There are two freedoms - the false, where a man is free to do what he likes; the true, where he is free to do what he ought. 

Ar maidin, seolaim mo chomhbhrón ó chroí chuig na daoine uilig atá buartha faoi bhás Christine Buckley - bean chróga, bean a thuig cearta daonna, bean nach ndearna dearmad ar dhaoine eile a d'fhulaing mar í, bean a bhain an fhírinne as mála na mbréag. 

Go raibh suaimhneas síoraí ar d'anam álainn, a Christine

Sunday, January 12, 2014

Focail Liom Focail Leat

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, ó am go chéile tá sé de nós agam, à la Style Invitational, focal nua a chumadh as focal eile. Déanaim é, gan ach litir amháin a athrú sa sean fhocal, mar atá luaite sna rialacha ar an leathanach sin thuasaibhsithe. Feicfidh sibh, ar an leathanach sin, sampla nó dhó den rud atá i gceist agam, a chairde.

Cibé scéal é, bhí mé ag smaoineamh faoin bhfocal sin iasacht, é i gceist agam an litir c a chur leis, le focal nua, mar a cheap mé féin, a chumadh as: iascacht. Bhí sé i gceist agam, freisin, an sainmhíniú nua seo a leanas a thabhairt dó, 

Iascacht:  Rud a sciobtar as áit iasachta, é in ainm a bheith gan dochar; rud a choinnítear, mar dhea, ar mhaithe leis an áit ina lonnaítear é. 

Bhí sé i gceist agam sampla nó dhó a thabhairt, samplaí fearacht iascacht morgáiste, teanga iascachta, ach, sula raibh deis agam méar a fhágáil ar mhéarchlár le mo dhroch-chumadh a roinnt libh anseo, a léitheoirí, céard a chonaic mé, agus mé ag útamáil liom thart ar an idirlíon ar maidin, ach sampladhótrí (cáil tú, a Bhlagarama!) den fhocal, agus é in úsáid ag daoine eile cheana, is cosúil.

Bhuel, baineadh geit asam, caithfidh mé a rá, mar nach raibh mé féin ar an eolas faoin bhfocal sin iascacht roimhe seo, ach táim ag foghlaim liom, mar is iondúil; is eol dom, go rómhaith, gur iomaí focal nach bhfuil ar eolas agam, agus is maith ann na focail iascachta, nach gceapfá. 

Ar aon nós, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, baineadh geit eile asam, nuair a chonaic mé, anseo (pdf), faoin bhfotheideal 'Dlíthe Baoth', atá faoin gceannteideal 'Úsáid do Theanga' ar an leathanach sin, 

'I Utah, tá sé I gcoinne an dlí bheith ag iascacht is tú in airde ar chapall.'

Bhuel, arsa mé féin liom féin, beidh dream thall agus abhus nach mbeidh ar an eolas faoin dlí sin, ach oiread liom féin, agus b'fhéidir go mba chóir domsa iadsan, agus Mícheál Ó Nuanáin, a chur ar an eolas faoi, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine acu ar thóir iascachta am éigin go luath.  

Meas tú an bhfuil capall ag Mícheál...

Thursday, January 9, 2014

Focail Liom Focail Leat

Ó am go chéile, feicim focail atá aistrithe ón mBéarla go Gaeilge, ach nach n-insíonn a scéal dom, mar a déarfá. Mar shampla, na focail grán rósta do popcorn - mar a scríobh mé i mo thrácht anseo, b'fhearr liom féin pléascórn; focal féinchumtha, ar ndóigh, ach focal intuigthe, mar sin féin, feictear dom. 

Seans go bhfuil an focal féinchumtha é fhéin féinchumtha, freisin, ach beatha teanga í a mhúnlú, nuair a fheileann sé, cheapfá. Mar a fheictear ón nuafhocal sin, is féidir seanfhocal a athrú timpeall, chomh maith céanna, i mo thuairim, nuair is gá. Tá, ahem, cead an chumadóra seo agaibh, a chairde, más mian libh a leithéidí a dhéanamh amach anseo.  

An focal atá ag dó na geirbe agam na laethanta seo ná an focal sin haischlib, focal atá le fáil sna foclóirí nua fearacht focal.ie, agus foclóir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal Béarla sin hashtagAr ndóigh, ní saineolaí mise ar bhunús an fhocail, ach rith sé liom go mbeadh focal mar ábhará níos feiliúnaí don chomharthasin, comhartha a chuirtear roimh fhocal ar Twitter, mar shampla, nuair atá ábhar faoi chaibidil, nó faoi , ann mar a déarfá. 

Chonaic mé an nath cainte sneak peek thall ar Twitter le déanaí, agus rith sé liom nach bhfuil, chomh fada agus is eol dom, aon nath dá mhacasamhail againn i nGaeilge, an bhfuil? Mura bhfuil, agus mura bhfuil ceann ag aon duine agaibh le roinnt linn anseo, nó ar Twitter, nó ar shuíomh Gaeilge Amháin thall ar Facebook  a léitheoirí, céard bhur mbarúil faoi gliúc glic, nó gíoc slíocach,  nó fiú réamhradharc rúnda?
Is buaine port ná glór na n-éan, 
 Is buaine focal ná toice an tsaoil. 

Monday, December 9, 2013

Focail Liom Focail Leat

Bhí mé ag scríobh ríomhphost chuig cara liom, an lá faoi dheireadh, le mo bheannacht agus le mo, ahem, dhea-chomhairle a chur uirthi, len í a choinneáil ar bhealach a leasa, an dtuigeann sibh, ó tharla í ag dul chuig cóisir Nollag a hoifige an oíche dár gcionn, an dtuigeann sibh, agus céard a tháinig glan díreach amach ó mo mhéara ach,

'Don't overdo the sillybrations!'

'Aha!...' arsa mé féin liom féin, '...sin focal nua dom!' Ní raibh aon duine eile san oifig liom, ag an am, an dtuigeann sibh; bíonn orm labhairt liom féin, go minic, agus, go minic, is amhlaidh is fearr é, mar, go minic, ní bhíonn, ahem, ciall ná réasún le m'fhocail. 

Ach, mar is eol daoibh, a léitheoirí, bím ag-cumadh-liom, agus níor mhaith liom go mbeadh focal nua agam i mBéarla gan a mhacasamhail d'fhocal a bheith agam i nGaeilge. Mar gheall air sin, agus ó tharla aimsir an cheiliúrtha buailte linn, agus ó tharla nár mhaith liom go ndéanfadh aon duine agaibh, a léitheoirí, óinseacha ná amadáin díbh féin an Nollaig seo, seo chugaibh mo dhea-chomhairle ar maidin,

'Seachain an díchéilliúradh!'

Tuesday, September 3, 2013

Focail Liom Focail Leat


Tuilleadh uaim, a léitheoir, ar ábhar na bhfocal nuachumtha, fearacht na gceann a chum mé cheana, má thuigeann tú leat mé. 

Inniu, mar gheall gur tharraing na focail bosa arda (high five an Bhéarla) m'aire orthu, chinn mé gurbh fhiú díriú ar fhocal comhchiallach a chumadh, gan ach litir amháin san fhocal ordóg a athrú. Seo a leanas m'fhocal nuachumtha, agus mo shainmhíniú féin leis:

Ardóg - mar a chéile móran le 'bosa arda' ach leis na, ahem, méara i bhfolach; ag ardógadh ardóg a thabhairt do dhuine nó ag tabhairt na hardóige/na n-ardóg = giving the thumb(s) up! 

Agus, ó tharla mé ar ábhar na hordóige, seo cúpla nath eile a chonaic mé agus mé ar thuras na n-ordóg:

he has you under his thumb - tá tú faoi bhois an chait aige. 

he was twiddling his thumbs - bhí sé ag scamhadh geaitirí dhó       féin

he was all fingers and thumbs - bhí méara sliopacha air (bhí sé ciotach/místuama)

well thumbed book - leabhar seanláimhsithe

rule of thumb - mar threoir ghinearálta/slat tomhais

thumbs down - ordóg in íochtar, an t-eiteach tugtha

thumbs up - Tá linn! 

Le bheith soiléir, a léitheoir, ní, ahem, ag tabhairt na méire atáim.  


Saturday, March 30, 2013

Focail Liom Focail Leat

Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana, a léitheoirí. 

Roghnaigh mé focal amháin eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé é rud beag - litir amháin bainte amach, b'fhéidir, nó ceann sa bhreis curtha isteach agam, nó litir amháin athraithe, b'fhéidir.

Pé scéal é, fágfaidh mé fúibh féin é bhur gcinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfocal nua, agus faoin sainmhíniú nua atá tugtha agam don fhocal sin:

crámhaille/crámhaillí - barúil nó barúlacha a ghoillfeadh, nó a ghoilleann. 

Ní hionann scéal agus fírínne, go minic, mar sin b'fhéidir, in amanna, gur fearr gan scéal a dhéanamh de do bharúil, a léitheoir; mura bhfuil firscéalaíocht finscéalaíocht i gceist, ar ndóigh. 

Focal nuachumtha eile é firscéalaíocht, b'fhéidir. Ach, cén sainmhíniú a thabharfadh duine ar a leithéid, meas tú - scéal na míchéille?

Mo chuimhne, an bhfuil a fhios agaibh gur féidir anagram a fháil as an bhfocal 'Rámhaillí'? Sea, 'Rá a mhill í' a bheadh ann. 

Suimiúil, nach bhfuil...

Saturday, March 16, 2013

Focail Féilire

Is deacair bheith 'do laoch ach is éasca bheith dea-chroíoch

One cannot always be a hero but one can always be human.

Is treise trua ná tréan. 

An chéad leagan Gaeilge ón Dómhnallach, agus an dara leagan Gaeilge uaimse. Tháinig an t-athfhriotal Béarla ón bhfear seo, Johann Wolfgang von Goethe, agus is féidir tuilleadh athfhriotal uaidh a léamh anseo. 

Rith nuafhocal eile liom, Ní laoch go lách, agus, dá thoradh sin, tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal 'Cúnamh,' sa leabhar Seanfhocla Chonnacht:

D'fhág mise faoi chúram Dé é, is d'fhág Dia faoi mo chúram féin é. 

Is beag an rud a thugas duine ó bhás go beatha. 

Is cuid den bhróg an bharriall. 

Is fearr beagán cúnta ná mórán truaighe. 

Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir, a léitheoirí!

Monday, February 18, 2013

Focail Liom Focail Leat

Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, a léitheoirí, agus seo chugaibh ceann nua a tháinig chugam inniu, agus mé ag léamh na lipéad san ollmhargadh:

Campall: giotaí feola i gcruth bréagach.

Mar is iondúil, níl ach athrú beag amháin déanta agam ar fhocal a chloisim go rialta na laethanta seo, agus tá mo shainmhíniú féin tugtha agam thuas. Is aoibhinn beatha an fheoilséantóra...

Saturday, February 16, 2013

Focail Liom Focail Leat

Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, a léitheoirí, agus seo chugaibh ceann nua a rith liom inniu: 

Cráifteachán: duine atá ciaptha ag reiligiún. 

Mar is iondúil, níl ach athrú beag amháin déanta agam ar fhocal ón bhfoclóir, agus tá mo shainmhíniú féin tugtha agam, freisin. 

Monday, February 4, 2013

Focail Liom Focail Leat


Táim ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana, a léitheoirí. 

Roghnaigh mé cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé iad rud beag - litir amháin bainte amach agam, nó litir sa bhreis curtha isteach agam, b’fhéidir, nó litir amháin athraithe (ní hionann ‘a’ agus ‘á’, mar shampla); ansin, thug mé mo shainmhíniú féin ar na focail nuachumtha.

Inniu, táim, ahem, ag Dáil-eadh focal nuachumtha in bhur dtreo.

Baoiseach – ceannaire nach bhfuil gaoiseach; ceannaire a bhfuil a cheann caillte aige.

Bánaiste – ceannaire ionaid a chuirfeadh an dubh ina bhán ort; an dara duine (is) mire.

Teachtá (Dála) – ionadaí (Dála) nach ndearfaidh ‘níl’ le ceannaire a pháirtí, bíodh sé ceart nó mícheart.