Showing posts with label craic. Show all posts
Showing posts with label craic. Show all posts

Tuesday, June 23, 2026

Gaelsamba

Bhí sé d'ádh orm ticéad a fháil don ócáid 'Gaelsamba' a bhí ar siúl in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) seachtain ón Déardaoin seo caite. Oíche den scoth a bhí ann, ag éisteacht le Ceol Gael-Brasaíleach/Música Gaélica-Brasileira agus ag breathnú ar dhaoine óga fuinniúla, ón dá thír, ag damhsa agus ag ceol ar an stáitse, le chéile. 

Bhí sí draíochtiúl mar ócáid, agus táim thar a bheith buíoch den leaid óg uasal, Colm Seoighe, eagarthóir na hócáide, as an eolas faoin ócáid a roinnt linn ar an ardán nua meán sóisialta trí Ghaeilge, Cogar; thug sé deis dom mé fhéin a eagrú agus mo bhealach a dhéanamh siar go Conamara, in am. 

Gearóid Willie Ó Fátharta a bhí ina fhear an tí, jab a rinne sé go héifeachtach ó tharla teanga na tíre seo agus teanga na Brasaíle ar a thoil aige, agus ó tharla, feictear dom, gur fear é a raibh a chroí agus a anam istigh san ócáid. Go deimhin, mura bhfuil a leabhar, Mo Scéal Fhéin, léite agaibh, mholfainn é a léamh; bhí saol thar a bheith suimiúil ag Gearóid, agus tá cur síos soléite lom fírinneach déanta aige ar a shaol sa leabhar seo. Tá áthas orm gur casadh orm é, agus gur casadh cuid eile den, ahem, seandream orm an oíche sin, freisin: Máirín Mhic Lochlainn, Gearóid Willie Ó Fátharta, Tadhg Mac Dhonnagáin, Gearóid Ó Murchú agus mé fhéin

Mar, ahem, sheanduine, táim thar a bheith sásta agus bródúil daoine óga fuinniúla a fheiceáil ag obair mar atá siad ar chur chun cinn a dteanga agus a dtraidisiún ar bhealach spraíúil ionchuimsitheach siamsúil; agus, táim thar a bheith buíoch de urraitheoirí na hócáide, Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Ambasáid na Brasaíle agus cistiú na healaíona, as a gcuid tacaíochta do na healaíontóirí óga agus úra. Maith sibh uilig!








Saturday, March 15, 2025

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2024

Bhí scaifte breá d'fhilí inár gcuideachta ag Cúirt Filíochta 2024. Tá cuid de na filí ag freastal ar an gCúirt le blianta fada ach, chuile bhliain, tagann file nua nó dhó chugainn; file, b'fhéidir, atá ag cumadh léi/leis sa mbaile i ngan fhios don saol, nó file, b'fhéidir, a d'aithris dán nó dhó roimhe seo ach nach bhfuil aon aithne fhorleathan curtha againn air/uirthi...fós. 

Cibé fáth a dtagann daoine chuig an gCúirt Filíochta, bíodh filí nó lucht éisteachta ann, is aoibhinn le Proinsias, Bríd agus mé fhéin sibh uilig a fheiceáil agus a chloisteáil, mar is sibhse a thugann beatha agus beocht don Chúirt Filíochta. Aon fhile nua a thagann chugainn, cuirtear fearadh na fáilte roimhe/roimpi, i gcónaí - is iadsan filí na todhchaí agus is iadsan a choinneoidh lóchrann na filíochta Gaeilge beo agus beathach. 

Ár mbuíochas leis na filí uilig, leis an lucht éisteachta, le hOireachtas na Samhna, agus le Foras na Gaeilge as bhur gcuid tacaíochta. Táimid ag súil go mór le sibh uilig a fheiceáil i mBéal Feirste ag tús Mí na Samhna, más é bhur dtoil é, agus tá súil leis na déithe agam nach gcuirfidh na diabhal de chiorruithe seo isteach ar bhorradh agus ar bhláth na filíochta mar a chloistear í ag an gCúirt Filíochta. Ní bláth go síol. 

Agus, más rud gur éirigh linne, freisin, aon lánúin a thabhairt le chéile thar na blianta, is amhlaidh is fearr é! Comhghairdeachas ó chroí le Ciara Ní É agus Reic - áthas orm go bhfuil siad ag ceiliúradh deich mbliana a mbunaithe, i mbliana. Gura fada buan iad. 

Cé nach raibh siad in ann bheith i láthair ag an gCúirt Filíochta, sheol Paddy Bushe, Alan Titley agus Brian Ó Conchubhair dánta chugainn le haithris. Táimid fíorbhuíoch díbh, a fheara! 

Seo a leanas na filí a d'aithris ag Cúirt Filíochta 2024 - Mícheál Ó Ruairc, Máire Ní Laoire, Dairena Ní Chinnéide, Eoghan Mac Cormaic, Proinsias Mac a'Bhaird, Christine Jones, Áine Durkin, Cathal Poirtéir, Mícheál Ó hUanacháin, Bríd Ní Mhóráin, Fíona de Buis (ag léamh dán ó pheann a céile, Paddy Bushe), Conchubhar Ó Liatháin, Pádraig Mac Fhearghusa, Máirín Mhic Lochlainn, Seònaid Mac Dhòmhnaill, Dubhán Ó Longáin, Matt Ó Maoinigh, Sibéal Ní Chonghaile, Alastair Mac Cuish, Mícheál Ó Conghaile, Éamann Ó hAisí, Ciara Ní É, Aimeé Ní Chonaing, Iain Ó Leocháin, Aingeal Ní Chonghaile, Áine Ní Ghlinn agus Pádraig Ó Laighin.  



























Ár míle buíochas leo uilig, agus leis an slua mór a bhí sa lucht éisteachta. Más mian leat tuilleadh a léamh faoi na cúirteanna a bhí ann go dtí seo, a léitheoir, is féidir theacht ar chuid de mo sheanbhlagmhíreanna anseo

Tuesday, January 17, 2023

Féile Pan Cheilteach 2023

Tá sí ar ais!

16 amhrán atá ar an ngearrliosta, i mbliana, agus guím gach rath ar na hiomaitheoirí uilig. Beidh an comórtas ar siúl sa Visual i gCeatharlach ar an 28 Eanáir. Tá na sonraí ón bpreaseisiúint, faoin gcomórtas agus faoi na rannpháirtithe agus na hamhráin, le léamh, thíos. 

Tá áthas orm a rá go bhfuil amhrán nuachumtha liom fhéin ar an ngearrliosta don Chomórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha i mbliana; amhrán a chum mé faoin ngalar Alzheimer atá ann, agus táim buíoch de m'amhránaí, Domhnall Ó Braonáin, agus de Bhróna Ní Cheallacháin agus d'Éadaoin Nic Dhonnacha, as a bheith sásta an t-amhrán a chur i láthair ar mo shon. 

Táim buíoch de na hurraitheoirí as an deis seo a thabhairt dúinne, lucht scríofa na n-amhrán Gaeilge, ár gcuid amhrán nuachumtha a chur i láthair lucht éisteachta, agus táim fíorbhuíoch don fhoireann uilig i nGlór Cheatharlach as an méid oibre a dhéanann siad ar ár son, agus ar son na teanga. 

                             **********************                                    

Reachtáilfear Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2023 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach oíche Dé Sathairn, 28ú Eanair ag 8.00i.n. As breis is 30 iarratas san iomlán don chomórtas i mbliana, tá 16 amhrán den scoth roghnaithe don ghearrliosta le bheith páirteach sa chraobh.  

I measc na n-amhrán ar an ngearrliosta tá cinn as Co. na Gaillimhe, Dún na nGall, An Iarmhí, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Muigheo, Cill Chainnigh agus Ceatharlach.

Cuirfear na hamhráin i láthair beo ar an 28ú Eanair i gCeatharlach os comhair lucht féachana. ‘Siad na moltóirí ar an oíche ná an t-amhránaí aitheanta Aoife Scott, Emer O’Flaherty a bhuaigh an comórtas náisiúnta agus idirnáisiúnta sa bhliain 2017 len a hamhrán “Taibhse” agus an ceoltóir agus amhránaí Fiach Ó Muircheartaigh. Mar is gnáthach beidh an ceoltóir agus léiritheoir Ollie Hennessy ina stiúrthóir ceoil ar an gcomórtas.  


Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an ceol agus an cur i láthair. Osclófar na doirse ag 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8i.n. Beidh fáilte roimh chách. Cead isteach €12 agus beidh ticéid ar fáil ag an doras.

IMRO agus Comhairle Chontae Ceatharlach atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn, Foras na Gaeilge, Pan Cheilteach agus Glór Cheatharlach. Bronnfar trí dhuais ar an oíche le €100 don tríú háit; €200 don dara háit; agus €1,000 móide an trófaí náisiúnta don chéad áit. 

Rachaidh an t-amhrán buacach ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an gComórtas Idirnáisiúnta i rith na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl i gCeatharlach um Cháisc. Beidh an t-amhrán in iomaíocht ansin leis na hamhráin náisiúnta nua-chuntha eile roghnaithe ag Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin agus iad go léir ag súil le trófaí Pan Cheilteach 2023 agus príomhdhuais na féile €1,500 a thabhairt leo.  

Glór Cheatharlach atá ag eagrú an chomórtais náisiúnta. 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Bríde ar 087 2857048, Emma ar 085 1340047 nó seol rphost chuig pancelticcarlow@gmail.com 

*******************************

Na hIomaitheoirí

1. Amhrán / Song: “Taibhse” Cumadóir / Composer: Ann-Marie O’Connor (An Spidéal, Co. na Gaillimhe) Cur i láthair / Performed by: Ann-Marie O’Connor
2. Amhrán / Song: “Sean Phianta” Cumadóir / Composer: Ruairí Mac Con Iomaire (Ros a Mhíl, Co. na Gaillimhe) Cur i láthair / Performed by: Ruairí Mac Con Iomaire
3. Amhrán / Song: “Ceol na Mara” Cumadóir / Composer: Brí Carr. (Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall) Cur i láthair / Performed by: An Chrannóg, Gaoth Dobhair
4. Amhrán / Song: “Fill ar an Iarthar” Cumadóir / Composer: Caitríona Lane. (Letterfrack, Co. na Gaillimhe) Cur i láthair / Performed by: Caitríona Lane
5. Amhrán / Song: “I gCónaí Ann” Cumadóir / Composer: Emma Ní Mhairtín. (Leitir Ceanainn, Co. Dhún nan Gall) Cur i láthair / Performed by: Emma Ní Mhairtín & Cairde
6. Amhrán / Song: “Ach Níl Fhios Agam”. (Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath) Cumadóir / Composer: Aidan Cranny, Damien Mac Gabhann, Aileen Treanor Cur i láthair / Performed by: Aidan Cranny, Damien Mac Gabhann, Aileen Treanor
7. Amhrán / Song: “Lorganna ar an nGealach” Cumadóir / Composer: Sarah Keane. (Muigheo) Cur i láthair / Performed by: Rowlette
8. Amhrán / Song: “Ag Imeacht” Cumadóir / Composer: Áine Durkin. (Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall) Cur i láthair / Performed by: Domhnall Ó Braonáin le Bróna Ní Cheallacháin & Éadaoin Nic Dhonncha. 9. Amhrán / Song: “An Bád Scairdhéanta” Cumadóir / Composer: Mairéad Ní Chríodáin. (Corcaigh) Cur i láthair / Performed by: Mairéad Ní Chríodáin
10. Amhrán / Song: "Tonnta na mBréag” Cumadóir / Composer: Éanna Ó Casaide. (Burnchurch, Co. Chill Chainnigh) Cur i láthair / Performed by: Grúpa Burnchurch
11. Amhrán / Song: “Rince Brian” Cumadóir / Composer: Sharon Ní Chuilibín. (Béal an Átha, Co. Mhuigheo) Cur i láthair / Performed by: Sharon Ní Chuilibín
12. Amhrán / Song: “Cion Cairde” Cumadóir / Composer: Melíosa Breathnach & Clár Ní Dhuinn (Ceatharlach) Cur i láthair / Performed by: EnCóre
13. Amhrán / Song: “I Mo Lámha” Cumadóir/Composer: Naosan Moore & Max Steffens. (Muileann gCearr, Iarmhí) Cur i láthair/ Performed by: Naosan Moore & Max Steffens
14. Amhrán / Song: “Leon” Cumadóir / Composer: Sonny Casey (Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe) Cur i láthair / Performed by: Sonny Casey
15. Amhrán / Song: “Is Mise do Chúis” Cumadóir/Composer: Brí Carr Caela Carr. (Leitir Ceanainn, Co. Dhun na nGall))
Cur i láthair / Performed by: Cairde le Chéile
16. Amhrán / Song: “Ó Neamh go Talamh” Cumadóir / Composer: Éabha Breathnach (An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe Cur i láthair / Performed by: Éabha Breathnach

Wednesday, April 1, 2020

Gaeilgebox

Ní raibh mé ag súil leis an nglaoch, agus baineadh siar asam nuair a chonaic mé uimhir TG4 ar scáileán m'fhóin. 

'Meas tú céard atá uathu, anois?' arsa mé féin liom féin. Bhrú mo chuid fiosrachta mo mhéar chun gnímh, agus d'fhreagair mé an fón. 

Anois, ar fhaitíos go gceapfadh aon duine agaibh, a léitheoirí, nach maith liom glaoch a fháil ó TG4, bheadh dul amú oraibh. Níl ann ach nach raibh mé ag ceapadh go mbeadh mórán ag dul ar aghaidh acu, aimsir seo an choróinvíris, ach amháin sa seomra nuachta, agus ní raibh mórán nuachta agam féin, ó tharla mé neadaithe anseo i gCeann Scríbe, le mí anuas.

Pé scéal é, is cosúil go bhfuil clár nua ag teacht ar an bhfód, clár cosúil leis an gclár sin Gogglebox Ireland. Tá sé i gceist ag TG4 leagan Gaeilge den chlár a chraoladh agus, creid é nó ná creid, Gaeilgebox a bheas mar theideal ar an gclár. 

Sea, tá a fhios agam an riail faoi 'caol le caol agus leathan le leathan,' ach cheap mé féin go raibh Gaeilgebox, mar theideal, sách cruthaitheach. Maidir leis an bhfocal Béarla sin atá ceangailte leis, nach bhfuil Cleas Act, Jockey Eile, Gaeil Bhoston ann, cheana, agus diabhal locht a bheadh agam féin orthu sin! 

Bhuel, le fad a chur leis an scéal dochreidte seo, a léitheoir, nach bhfuil mé féin agus An Garraíodóir roghnaithe acu le bheith páirteach sa chlár! 

'Ach...' arsa mé féin leis an bhfear ar an bhfón, '...níl aon Ghaeilge, mórán, ag fear an tí.'

Cheapfá go mbeadh fadhb ollmhór ansin, nach gceapfá? Ach, is cosúil go mbeadh siad breá sásta dá bhfanfadh sé réasúnta socair ar an tolg, taobh liom. Bhuel, tá mise a rá libh, a léitheoirí, nach duine é An Garraíodóir a choinníonn a bhéal dúnta nuair atá rudaí ar an teilifís á chur soir!

Nuair a mhínigh mé an scéal sin, ba léir go raibh a gcuid taighde déanta ag lucht TG4, cheana féin, agus bhí sé mar mholadh go bhféadfaí leaganacha/frásaí clamhsán, i nGaeilge, a mhúineadh don Gharraíodóir, roimh ré. Bhí, creid é ná creid, samplaí cumtha, agus réidh don raic,

'Ara, ffs!' = 'A leithéid de sheafóid!' 

'Do you believe that sh*te?' = 'Do bharúil?'

D'fhéadfadh An Garraíodóir, dá mba mhian leis, dar le mo dhuine ar an bhfón, a lámha nó a shúile a chaitheamh in aer, ó am go chéile nó, fiú, cic a bhualadh ar an mbord...ach, gan ligean don radharc sin dul níos faide ná cúpla meadar ó radharc an cheamara, mar go mbeadh siad ag iarraidh rud mar sin a thaifeadadh ina iomláine. 

'Ach...' arsa mé féin leis an taighdeoir bocht, '...céard faoin gcoróinvíreas?'

Arís, bhí a gcuid taighde déanta acu i TG4. Daoine cliste iad. Bhí a fhios acu go raibh cúrsa i Scileanna Teilifíse déanta agam, tráth den saol, le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i nGaoth Dobhair. Bheadh siad in ann ceamara a fhágáil taobh amuigh den doras ag Ceann Scríbe, agus fúmsa a bheadh sé an ceamara a shocrú áit éigin fheiliúnach sa seomra suite, áit a mbeadh sé dírithe orm féin agus ar An Garraíodóir, ar an tolg.

Fuair mé liosta de na cláir ar a mbeidh muid ag breathnú, mar dhea, agus beidh orainn ligean orainn féin go bhfuil muid ag breathnú orthu. Déanfaidh siad féin an eagarthóireacht sa stiúideo. Ní bheadh le déanamh agamsa ach an físeán de na sámhaithe a sheoladh chucu, ar líne, go seachtainiúil. 

Sular chríochnaigh ár gcomhrá, fuair mé ainm an taighdeora. Is deacair a chreidiúint go mbeadh ainm mar é ar aon duine le canúint bhlasta Chonamara ar a theanga, ach is léir go bhfuil an dream thiar siúlach chomh maith le scéalach, agus d'fhág mé slán le Muhammad Dawn

Sunday, March 29, 2020

Ag Athrú Leis an Aimsir

Níl a fhios agam an bhfuil baint aige leis an dianghlasáil-nach-dianghlasáil-é-deirtear, ach seachas aon bhliain eile, thug mé faoi deara, ar maidin, ar m'éirí dom, go raibh an t-am athraithe ar m'fhón cliste, cheana féin.

Ní raibh a dhath le déanamh agamsa ach na cloig eile sa teach a tharraingt isteach sa scéal, agus iad uilig a chur ar an eolas faoi dhea-scéal an fhóin, go bhfuil uair an chloig bainte den dianghlasáil-nach-dianghlasáil-é, ó aréir.

Cibé scéal é, tharraing clisteacht an fhóin m'aird (bhuel, smaointe na maidine) i dtreo na teicneolaíochta, agus chuir sé eachtra chliste eile i gcuimhne dom.

Roinnt blianta ó shin, bhí neacht liom ar cuairt as Meiriceá, agus bhí Alexa in éineacht léi. Anois, ní raibh iomrá cloiste agam féin ná ag An Garraíodóir faoi na cúntóirí fíorúla seo, agus thosaigh muid ag cur neart ceisteanna ar an ngléas cliste.

Ar ndóigh, mar is eol d'aon duine atá níos cliste ná mar a bhí muidne ag an am, má tá ceist agat le cur ar an ngléas, caithfidh tú ainm Alexa a chur roimh do cheist. 

Cibé scéal é, ní cuimhin liom cén cheist a cuireadh, ach bhí 'Sorry, I don't understand..,' nó rud éigin mar sin, mar fhreagra ó Alexa, arís is arís eile. Ó tharla duine sa chomhluadar curtha soir ag an bhfreagra seo, scairt an duine sin amach,

'Alexa, are you blonde or something!?'


Anois, tá a fhios agam gur díspeagadh a bhí sa mhéid a dúradh, ach rinne Alexa neamhaird iomlán den mhasla-nach-masla-é-b'fhéidir, agus d'fhreagair sí,

'Actually, I don't have any hair.'

Anois, nach raibh sé sin cliste! Ar aon nós, bhí An Garraíodóir an- tógtha leis an mbean-sa-bhosca, agus chinn sé go gcaithfeadh muid féin 'one of those yokes' a fháil, 'at some stage.'


Anuraidh, fuair mé bronntanas ó mo dheirfiúr i Meiriceá. Google Home Mini atá ann, agus bíonn sé le mo thaobh, i m'oifig, i gcónaí. Ní bhainim mórán úsáide as, agus is í an cheist is minice a chuirim féin agus mo gharmhac air ná,

'Hey Google, could you play some nursery rhymes, please?'

Arú inné, ó tharla é sáinnithe sa teach liom, seans, thug An Garraíodóir an gléas beag faoi deara, ar an mbord, i m'oifig. Bíonn sé i m'oifig, go rialta, na laethanta seo, go bhfóire Dia orm, an fear bocht...níl aon áit eile le dul aige, na laethanta seo, is dócha.  


Ar aon nós, tharla sé go raibh mé ag éisteacht le 'Baby Shark' ar an Google Home Mini ag an am (airím uaim mo gharmhac, ag am seo an 'scaradh sóisialta'), agus dúirt sé,

'Oh, I forgot we had that yoke!'

Bhuel, le scéal fada a dhéanamh níos faide, bhí mé sa seomra suite, inné, agus tháinig sé féin isteach. Ní mó ná sásta a bhí sé leis an ngléas nua. Ní raibh an gléas ag obair mar is ceart, dar leis. Ní raibh 'nothing smart' ag baint leis an ngléas céanna, dar leis,

'That Alexa one won't answer me!'

Neither did I, a léitheoirí. Caithfear a bheith cliste agus ciallmhar, an dtuigeann sibh. Ainneoin an cur-soireachas, caithfear fanacht sa bhaile. 

Tiocfaimid slán, a chairde. 

Sunday, November 24, 2019

Tomhas

Mar a scríobh mé cheana, a léitheoir, tá ár mbealach féin agam féin agus aige féin le cuntas a choinneáil ar na nithe sin atá ag teastáil uainn ón siopa. 

Mura bhfuil tú ar an eolas faoin gcóras iontach seo, ar a dtugtar 'liosta siopadóireachta,' is féidir leat léamh faoinár modh oibre, anseo

Pé scéal é, arú inné, bhí mé ag útamáil liom sa reoiteoir (le haon bhaol míthuisceana a sheachaint, a léitheoir, ní hé go raibh mé féin istigh sa reoiteoir, an dtuigeann tú, ach bhí mé ar thóir rud éigin, agus is iad, ahem, mo lámha amháin a bhí istigh ann) nuair a thug mé faoi deara go raibh táirge ar leith nach raibh againn.

Mar a tharla sé, bhí An Garraíodóir ina sheasamh in aice leis an liosta siopadóireachta, ag an am, agus d'iarr mé ar an táirge a scríobh ar an liosta dom.

Bhí go maith agus ní raibh go holc, go dtí gur shroich mé an siopa, an lá dár gcionn, agus chonaic mé an rud a bhí scríofa ar an liosta aige,

Two American cops on motor bikes.

Más rud go bhfuil tú ar chomhaois liom féin nó, b'fhéidir, beagán níos óige, seans go mbeidh a fhios agat cén táirge a bhí uaim, a léitheoir. 

Mura bhfuil, beidh taighde le déanamh agat, le freagra a fháil ar an tomhas seo. 

Leid uait? 

Thosaigh siad i mbun rothaíochta i 1977...

Tuesday, October 15, 2019

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2019


Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, le cuimhne na seacht sinsear, choinnigh filí Fódhla cuntas ar stair, seanchas agus scéal Inse Fáil. Ó Thuath Dé Danann go teacht na nGael, ó Dhanair bharbartha go hansmacht na nGall, rinneadh tuairisc agus caitheadh géarshúil ar na cora iomadúla a cuireadh i gcinniúint Oileán na bhFionn.

Be it known, go bhfuil Cymru, Alba, Éire agus Dúiche na Sacsanach fágtha in umar na haimléise ag bréaga, bladar agus bolscairí beaga baotha, is gan radharc soiléir ag aon duine ar a bhfuil romhainn.

Whereas, tá an crú réidh le titim agus an tairne longadánach i dtólamh, cén dearcadh atá ag éigse Éireann ar a bhfuil ag tarlú is ar a mbeidh le teacht?

Ordaítear duit mar sin, subpoena ad testificum, a bheith i láthair ag Cúirt i dTeach Sagard a tionólfar ar an tSatharn, 2 Samhain ag 1.30 san iarnón, le do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh trumpadóirí, treo agus todhchaí.

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Naoi Déag.

PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
Sirriam (Droch)ghníomhach

God Save The King!

**********

Tuilleadh eolais agus sonraí faoin gCúirt, san am a caitheamh, le léamh anseo (2018), agus anseo (2013-2017). 

Eolas faoi Oireachtas na Samhna 2019 le léamh anseo, agus sonraí faoi thicéid don Oireachtas anseo. Más mian leat clárú mar chara leis An Oireachtas, nó más mian leat síntiús a thabhairt, is féidir é sin a dhéanamh anseo

Tá sé, ahem, tábhachtach go léitear 'Deasghnátha na Cúirte' (féach thíos) le go mbeidh fílí na tíre, agus an lucht éisteachta, ar an eolas faoi na, ahem, rialacha a chumann Proinsias a bhaineann leis an gCúirt. 

Má tá sé ar intinn agat, a léitheoir, dán a léamh nó a aithris ag an gCúirt, bheadh Proinsias buíoch díot ach an dán/na dánta a sheoladh chuige, más mian leat, ag pmacabhaird ag gmail ponc com, roimh 31 Deireadh Fómhair, le go mbeidh seans aige iad a réiteach don scáileán mór. 

**********

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte. 

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart. 

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. 

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar tvuíteanna John Cleese, an Pop-Up Gaeltacht nó Imeacht Cois Life ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta. 

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisce agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard. 

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Yola, Shelta agus Gaeilge Thír Chonaill. 

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl]. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné. 

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte. 

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

Thursday, April 25, 2019

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019

Anocht, a léitheoirí, beidh mé i Leitir Ceanainn, ag Amharclann an Ghrianáin, áit a mbeidh sé de phribhléid agam, le m'amhrán nuachumtha, Ní Thuigim, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an gcomórtas amhránaíochta ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach

Ach, ní mé a bheas á chasadh, ach bean álainn as Conamara, Daríona Nic Dhonnacha, agus mar thionlacan aici beidh na fir uaisle Ollie Hennessy agus Ciarán Tourish. Tá a gcroí agus a n-anam curtha ag an triúr acu i m'amhrán, agus táim fíorbhuíoch, agus bródúil, go bhfuil amhrán liom i mbaclainn an triúir sin...go n-éirí go geal leo! 

Mar scríbhneoir, ní bhíonn a fhios agam an dán nó amhrán atá ar an mbealach chugam, nuair a thosaíonn mo smaointe ar rith i dtreo an leathanaigh ach, chomh luath agus a scríobhaim an chéad fhocal, má bhíonn ceol ina theannta, bíonn a fhios agam gur amhrán a bheas ann...is amhlaidh a tharla leis an amhrán seo, Ní Thuigim. 

Is dócha gur chaith mé sé mhí, ar a laghad, ag dul anonn is anall le mo pheann ar phár agam, go dtí go raibh mé sách sásta leis, mar amhrán...an bhfuil mo smaointe soiléir?...an bhfuil mo theachtaireacht roinnte go soiléir agam?...an bhfuil an ceol agus na focail ag réiteach lena chéile?...tógann sé am, ach is fiú an tairbhe an trioblóid, nuair a éiríonn liom an rud atá uaim a chur ar phár.

Ansin, tosaíonn an chraic - cé a chasfaidh an t-amhrán dom? An geábh seo, is í mo dheirfiúr agus a fear céile a chuir Daríona in aithne dom; lena glór álainn, agus leis an gceol cúlra dochreidte álainn atá curtha ar fáil ag Ollie agus ag Ciarán, mar thionlacan, tá m'amhrán gléasta acu, agus ríméad an domhain orm go bhfuil m'amhrán faoina gcúram, anocht. 

Beidh mise sa lucht éisteachta, agus guím gach rath ar na hamhráin uilig; sé cinn acu atá san iomaíocht, ó na sé náisiún Cheilteacha: Éire, An Mhanainn, Albain, An Bhriotáin, An Bhreatain Bheag agus Corn na Breataine. Beidh an comórtas le feiceáil, beo, anseo, go bhfios dom. 

Mo bhuíochas ó chroí, arís is arís eile, leis na coistí éagsúla, agus leis na heagraíochtaí éagsúla, a thugann deis dúinne, na scríbhneoirí Ceilteacha, ár saothar a roinnt leis an bpobal. Murach iad...

Saturday, March 2, 2019

Béarlagair

Tá a fhios agaibh féin an chraic, a léitheoirí...bíonn tú i do shuí ansin, ag tabhairt aire do do ghnóthaí féin, ag éisteacht leis an raidió, nó ag breathnú ar an teilifís, agus an chéad rud eile cloisfidh tú nath cainte in úsáid, nath nach raibh cloiste agat, riamh cheana, ach atá anois in úsáid leis an minicíocht chéanna agus a chuirfeá im ar arán, nó bainne i do chuid tae.

Tóg an nath sin 'going forward' mar shampla, nath atá le cloisteáil as béal gach mac máthar a bhíonn ag labhairt faoi aon-cheo-gnó atá ag dul ag tarlú sna laethanta/seachtainí/blianta atá amach romhainn,.

Cuireann sé iontas orm, go deimhin, nach bhfuil an nath nuachumtha le feiceáil ar an liosta seo (liosta de bhéarlagair gnó a chuireann daoine soir), cé go bhfuil sé luaite-le-cantal san alt seo.

Ar aon nós, le scéal fada a dhéanamh níos faide, tá béarlagair gnó nua iomarca-úsáide cloiste agam, le déanaí, agus sé sin 'proof of concept,' nó 'cruthúnas coincheapa' mar a thugtar air anseo

Anois, ná fiafraigh díom cén fáth, ach nuair a chuala mé an nath sin thuas den chéad uair, thosaigh mo chuid smaointe ag rith ar fud na háite sin ar a dtugaim 'mo chloigeann.' Bhí mé ar thóir mhíniú ciallmhar ó m'inchinn chiallmhar, an dtuigeann sibh, ach ní sa treo sin a chuaigh mo, ahem, phróiseas smaointeoireachta

B'fhéidir gur féidir an locht a chur ar an bhfocal sin 'concept,' nó b'fhéidir gurb í an líne sin as Wikipedia, 'A proof of concept is usually small and may or may not be complete.' is ciontaí, ach, pé scéal é, tháinig, ahem, tógáil páistí isteach i mo chloigeann. 

Maidir le tógáil páistí, a léitheoirí, cibé coincheap atá in bhur gcuid gcloigne maidir leis an mbealach is fearr le páistí a thógáil, creid uaimse é, níl aon chruthúnas ann go n-éireoidh leis, going forward.

Tuesday, August 14, 2018

An Comhrá Sin

Bhíomar sa bhialann, ag ithe dinnéir; mé féin, An Garraíodóir agus mo mháthair. Thosaigh sé féin ag insint dúinn faoin lá a bhí sé théis a chaitheamh ar an ngalfchúrsa.

'I saw two men in front of me, in the distance, on the golfcourse, today...' ar sé, '...and I could see they were having a twelve fifty-nine.'

Ag an bpointe sin, bhioraigh mé mo chluasa, agus dhírigh mé mo shúile i dtreo mo mháthar, le go bhfeicfinn an raibh an méid a bhí sé théis a rá cloiste aici. Más rud go raibh, bhí an bhean dhiaganta ag ligean uirthi féin nach raibh.

Choinnigh mé guaim ar m'amhras. B'fhéidir nach ndéarfadh sé a thuilleadh faoin scéal. Nach mé a bhí amaideach. 

'As I got nearer...' ar seisean, '...'I didn't even say hello, in case I would interrupt their twelve fifty-nine.'

Is beag nár thit mé as mo shuí, ach ní raibh a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh faoin scéal, faoin am sin. Bhí aird mo mháthar tarraingthe ina threo. Bhí sí théis géilleadh don saighdeadh. Bhí an baoite slogtha. 

'Is twelve fifty-nine a golf move?' a d'fhiafraigh sí.

Níl a fhios agamsa mórán faoi ghalf, mar is eol daoibh, a léitheoirí, ach bhí a fhios agam nach raibh iomrá cloiste agam, riamh roimhe, ar an 'twelve fifty-nine' seo. 

An méid sin ráite, tá aithne mhaith agam ar an bhfear tráthúil cruthaitheach lena bhfuilim pósta, agus bhí a fhios agam, go maith, go raibh diabhlaíocht éigin ar bun aige.

Chaoch sé súíl go rógánta orm, agus dúirt le mo mháthair,

'No, it's not...' a d'fhreagair sé...'it's actually a conversation; they were having a one-to-one.'

Sunday, April 1, 2018

Dul Chun Cinn?


Cé go dtuigim go bhfuil gá le trialacha cliniciúla, le go mbeidh deis ag eolaithe fios níos fearr a bheith acu faoi fheidhmeanna na colainne, is minic díomá orm nuair a chloisim go mbaintear úsáid as ainmhithe sna trialacha.

Níor casadh ainmhí orm, fós, atá in ann a ainm a shíniú ar fhoirm toilithe, ach cá bhfios domsa nach bhfuil trialacha ar bun, áit éigin, leis an gcleas sin a thabhairt chun críche. Más féidir moncaí a thaispeáint ag caitheamh toitíní ar an Big Bang Theory, bhuel, ná cuireadh aon ní ionadh oraibh, a léitheoirí.

Déanann feiceáil fírinne. Caithfear a bheith cúramach.

I láthair na huaire, i ndúchríoch áit éigin, tá trialacha ar bun (le daoine fásta a thuigeann céard iad na fo-iarmhairtí, más fíor) agus tá sé mar aidhm ag na heolaithe, san áit sin nach n-ainmnítear, struchtúr móilíneach an deoirdhuchta a athrú, sa chaoi go mbeidh dathanna ar dheora an duine; rud nach bhfuil, san am i láthair, mar is eol daoibh.

Is éard atá i gceist, dar leis na heolaithe anaithnide, ná go mbeadh dath ar leith ag teacht le sileadh na ndeor, ag brath ar mhothúcháin an té atá ag caoineadh, má thuigeann tú leat mé. Seachas an dath geal gléineach neamhdhaite atá ar dheora anois, bheadh, mar shampla, dath dearg ar dheora an té a bheadh ag caoineadh le teann oilc, dath glas ar dheora an té a bheadh ag caoineadh le teann éada, dath gorm ar dheora an té a bheadh ag caoineadh le teann bróin, agus mar sin de.

Níl na dathanna cinntithe fós, dar ndóigh, agus níl ansin thuas ach mo shamhlaíocht féin maidir leis na dathanna a d’fhéadfaí a bheith in úsáid, ach shamhlóinn, chomh maith céanna, go mbeidh a gcuid tuairimí péacacha peacacha féin ag na heolaithe úd, maidir leis na dathanna is feiliúnaí dóibhsean.

Má éiríonn leo, beidh siad in ann an struchtúr móilíneach nua a ionphlandáil i ndeoirdhucht gach naíonáin nuabheirthe, le go mbeidh a fhios ag tuismitheoirí na naíonán céard atá ag cur as dóibh (ocras, tart, srl), cé nach bhfuilim féin róchinnte cén dath a d’fheilfeadh dá leithéidí ná, fiú, an mbeadh cead na dtuismitheoirí ag teastáil! Réimsí nua dlíthe de dhíth, cheapfainn, dá dtarlódh sé. 

Ach, an rud is suntasaí faoin gcraic seo uilig ná go bhfuil sé mar aidhm acu (má fhaigheann siad cead ó na húdaráis) an TearAway!®, a ionphlandáil i ndeoirdhuchtanna daoine atá páirteach i gcásanna cúirte, le go mbeidh a fhios ag na giúróirí, agus ag an mbreitheamh, ó dheora an fhinné, an í an fhírinne nó bréag atá ag sileadh as a bhéal. Sórt ‘briseann an fhírinne trí shúile an fhinné’ a bheas ann, seans. 

Ní móide go mbeadh gá le móid, sa chás sin. 

Meas tú cén dath a chuirfeadh duine ar ‘white lie,’ a léitheoirí? M'anam, ach tá an focal ‘deargbhréagadóir’ againn i nGaeilge, cheana féin, nach bhfuil? Agus, tá ‘an fhírinne ghlan’ nach bhfuil? Ach, arís ar ais, deirtear go ndéanann feiceáil fírinne, agus caithfear a bheith cúramach.

Cibé scéal é, níl aon óinseach thart a chreidfeadh a leithéidí, ach tá amadáin ann a chreideann gach scéal a léann siad.

Bainigí sult as an lá, a léitheoirí.