Showing posts with label leabhar. Show all posts
Showing posts with label leabhar. Show all posts

Tuesday, August 25, 2020

Lisa Nic An Bhreithimh

Scríobhaim trí mheán na Gaeilge, den chuid is mó. Tá sé cloiste agam, ó am go chéile, nach aon ionadh é go bhfoilsítear saothar i nGaeilge liom, ó am go chéile, mar go bhfuilim in ann Gaeilge a labhairt. Tá sé de nós agam, na laethanta seo, ceist a chur ar an mBéarlóir óna dtagann an ráiteas, 

'So, where have you been published?' 

Mar fhreagra, cuirtear ina luí go lom orm é nach bhfuil tobar scríbhneoirí na Gaeilge chomh lán le tobar scríbhneoirí an Bhéarla, agus go bhfuil sé i bhfad Éireann níos éasca ag scríbhneoir na Gaeilge saothar a fhoilsiú ó thobar gortach na Gaeilge, seachas aird eagarthóra, atá ag obair i dtobar tuilteach an Bhéarla, a tharraingt i dtreo an duine atá ag scríobh trí mhéan an Bhéarla. 

Bhuel, ní lia duine ná barúil, agus táim féin den bharúil nach leor é a bheith in ann teanga a labhairt. Is cuma cén teanga atá i gceist, más rud é go bhfuil saothar leat le foilsiú, caithfear bheith in ann scríobh, go cumasach, sa teanga ar leith sin, freisin. 

Mar atá Lisa Nic An Bhreithimh. 

Roimh dheireadh na bliana seo, beidh leabhar nua, Fast Funny Women, leabhar ina mbeidh '75 essays of flash nonfiction,' curtha in eagar ag Gina Barreca, ag teacht ar an bhfód. Ar dhuine de na 'internationally celebrated women authors and dazzlingly hilarious newcomers' ag a mbeidh scéalta sa leabhar seo, beidh Lisa Nic an Bhreithimh na tíre seo, lena scéal, My First Date...with a Girl

I measc na n-údar eile, tá leithéidí Fay Weldon, Liza Donnelly, 'Judge Judy' Sheindlin, Susan Shapiro, Pamela Katz, mar shampla, agus neart scríbhneoirí aitheanta eile nach iad. 

Tá na scéalta uilig léite agam, mar go raibh sé d'ádh orm go bhfuair mé greim ar réamhchóip den leabhar, agus bhain mé an-sult as na scéalta ann.  Bhain cuid acu siar asam, bhí siad chomh hionraic sin, ach baineadh gáire asam, freisin. Chuir cuid de na scéalta ag smaoineamh mé, faoi bhealaí nua le breathnú ar an saol, mar shampla. Chuir scéal nó dhó brón orm, freisin, cé gur le greann a cuireadh iad i láthair.  

D'fhoghlaim mé go leor, óna bhfulaingt, óna bhféile, óna mbá, óna ndáimh. D'ardaigh na scéalta mo mheanma agus mo chroí.

Comhghairdeachas leat, a Lisa. Níl aon aithne phearsanta agam ort, ach táim chomh bródúil asat, mar sin féin, mar is léir dom gur duine cumasach thú, is cuma cén tobar ina bhfuil do pheann á thumadh agat. 

Friday, November 1, 2019

Oireachtas na Samhna 2019 - Na Seastáin

Cé nach bhfuilim féin ag an Oireachtas i mbliana, faraor, molaim daoibhse atá ann bhur n-aghaidh a thabhairt ar na seastáin, más féidir é ar chor ar bith, mar is iomaí rud atá le foghlaim ag na seastáin chéanna. 

Anuraidh, casadh Pádraig Mac An tSaoir orm i Halla na Seastán. Mo chuimhne, tá agallamh leis, ar an gclár Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta, le cloisteáil anseo.  Pé scéal é, bhí seastán aige ag Oireachtas na Samhna (mar atá i mbliana) agus thug mé faoi deara go raibh sé ag díol leabhar; leabhair athláimhe den chuid is mó, agus ó tharla an-suim agam ina leithéidí, stop mé, agus chuaigh mé i mbun cainte leis. 

Fear uasal é Pádraig, agus nuair a d'inis mé dó go raibh mé ar thóir leabhair (céad eagrán den leabhar 'Deoraíocht' le Pádraig Ó Conaire, a foilsíodh i 1910), gheall sé dom go ndéanfadh sé iarracht ceann a aimsiú dom. Coicís ó shin, tháinig an leabhar chugam, sa phost, ó Phádraig. 
Ba chol ceathracha iad athair Phádraig Uí Chonaire (Tomás) agus mo shin-shean-aintín, Máire Ní Thuathail, agus nuair a scríobh Pádraig an t-úrscéal, Deoraíocht, i 1910, thiomnaigh sé an scéal, mar a leanas,


Aisteach go leor, ní raibh an 'tiodhlacadh' sin le feiceáil in aon eagrán eile den leabhar a foilsíodh ina dhiaidh sin, mar sin bhí tábhacht ar leith ag baint leis an gcéad eagrán, domsa. Táim ar thóir an leabhair le fada an lá, agus táim fíorbhuíoch do Phádraig Mac An tSaoir as é a aimsiú dom. 


Pádraig agus Máire 

Tá tuilleadh uaim faoi 'Na Seastáin' le léamh anseo. Má éiríonn libh bhur mbealach a dhéanamh chucu (rud a mholfainn), abair le Pádraig Mac An tSaoir go bhfuilim thar a bheith buíoch. Agus, caith súil ar na leabhair atá aige, agus ar na seastáin eile, chomh maith. 

Bíonn go leor le foghlaim ag Oireachtas na Samhna, agus aireoidh mé uaim an chraic uilig, i mbliana. An méid sin ráite, táim ag breathnú ar imeacht nó dhó, beo ar líne, anseo. Go raibh maith agaibh, TG4!

Bainigí sult as, a chairde!

Thursday, November 5, 2015

Sliocht Luimneach

Seans go raibh an t-ádh le cuid agaibh agus go raibh an deis agaibh bheith i láthair don 'Léamh agus Comhrá' a bhí ar bun ag 'Sliocht Gaillimh' in Áras na nGael i nGaillimh aréir, ach más rud nár éirigh leat bheith ansin, agus go bhfuil tú áit éigin i Luimneach anocht, b'fhiú go mór duit freastal ar 'Sliocht Luimneach,' ócáid a bheas ag siúl in Halla Íde, at 8:00 i.n.


Mar a fheicfidh sibh thuas, beidh Jackie MacDonncha, Micheál Ó Conghaile agus Réaltán Ní Leannáin (blagálaí 'Turas Amháin') ag léamh as na leabhair atá curtha i gcló acu leis na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht, an dream atá ag reáchtáil na hócáide i gcomhar leis An Siopa Leabhar, le Conradh na Gaeilge agus le Halla Íde Luimneach.

Go n-éirí go geal leo uilig!

Tuesday, November 5, 2013

Oireachtas na Samhna 2013 - Léamh Próis

Cheannaigh mé na trí leabhar sin thuas ag an imeacht 'Léamh Próis' ag an Oireachtas Dé Sathairn. Bhí Joe Steve Ó Neachtain (a chuid leabhar uilig agam cheana!), Micheal Ó Ruairc agus Áine Uí Fhoghlú ag léamh giotaí as a gcuid saothar, agus bhí sé iontach bheith ag éisteacht leo - shamhlaigh mé go raibh mé istigh sna scéalta mé féin, páirteach sna himeachtaí uilig, bhí a gcuid léamha chomh bríomhar sin.. 

Agus, d'fhreagair siad ceisteanna ón lucht éisteachta i ndiaidh a léamha - b'fhiú go mór é an t-am a chaitheamh ina gcuideachta, más léitheoir nó más scríbhneoir thú. 

'Sliocht' is ainm don tsraith léamha seo atá á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht ar fud na tíre an mhí seo (féach thíos agus anseo), agus beidh an chéad 'Sliocht' eile acu i nGaillimh amárach. 

Scaipigí an scéal, a chairde, le bhur dtoil. 


'Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go mbeidh sraith léamha próis/ficsin á eagrú againn ar fud na tíre ag tús mhí na Samhna. Teideal na sraithe ná SLIOCHT agus is deis iontach iad na léamha seo le cuid de na scríbhneoirí Gaeilge is bisiúla sa lá atá inniu ann a chloisteáil ag léamh óna gcuid leabhar.
Tabharfaidh na léamha seo an pobal léitheoireachta agus na scríbhneoirí le chéile. Triúr scríbhneoirí a ghlacfaidh páirt in gach léamh agus beidh deis ag an bpobal ceisteanna a chur ar na scríbhneoirí faoi na leabhair i ndiaidh gach léamh.'

Friday, October 11, 2013

Crosfhocal, Comórtais agus Comhghairdeas

Crosfhocal na Míosa le fáil anseo, a léitheoirí, agus, mar a scríobh mé cheana, bíonn neart eile le léamh ar shuíomh gréasáin Saol na Gaeilge, más mian libh bualadh isteach ann. 

An gcuireann sé iontas ar bith orm an fear uasal sin, Proinsias Mac A'Bhaird, a fheiceáil ar leathanach na bpríomhscéalta ar an suíomh sin - ní chuireann! Chroch sé leis 4 cinn de na duaiseanna ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2013, áit a mbronntar na gradaim is mó le rá ar scríbhneoirí na Gaeilge. Comhghairdeachas ó chroí leis na buaiteoirí uilig agus, go deimhin, comghairdeachas leis na daoine sin uilig ar ar bronnadh duaiseanna liteartha an Oireachtais le 116 bliain anuas. 

Ó tharla mé ag caint ar an ábhar seo .i. buaiteoirí, ba mhaith liom mo chomhghairdeachas a roinnt leo siúd a bhuaigh na duaiseanna sa Chomórtas Grianghrafadóireachta, Is Álainn Í An Ghaeltacht, comórtas a bhí á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta, mar a scríobh mé roimhe seo. Cé go raibh grianghraif agam féin sa chomórtas nár bhain aon duais, bhain mé an-sult as an gcraic uilig, agus tá súil agam go mbeidh an comórtas ar siúl arís, am éigin amach anseo.

Sula ndéanfaidh mé dearmad, a léitheoirí, daoibhse le suim agaibh sa léirmheastóireacht - go háirithe sibhse a mbeadh spéis agaibh bheith in bhur gcriticeoirí ealaíne - tá Comórtas Scríbhneoireachta á reáchtáil ar an mblag Nua-Ealaín. Tá agaibh go dtí an 24/11/2013 le bhur léirmheas, 400 focal ar a mhéid, a sheoladh chucu,'...ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl in Éirinn idir seo agus 24ú Samhain.' - na sonraí uilig le léamh anseo, a chairde.  

Sunday, May 12, 2013

Miotaseolaíocht

Tá foclóir agam, Irish Mythology le Peter Kavanagh. Tháinig mé ar an leabhar de thimpiste ar maidin, nuair a bhí mé útamáil liom anseo san oifig, ar thóir leabhair eile, mar is minic liom.

Pé scéal é, d’oscail mé an leabhar, agus bhreathnaigh mé ar fhocal nó dhó ón bhfoclóir ann, cinn a roinnfidh mé libh anois, a léitheoirí, ó tharla an fonn sin orm. Foclóir i mBéarla atá ann, dá bhrí sin is i mBéarla a roinnfear na giotaí éagsúla libh anseo, mura miste libh.

Faoin gceannfhocal Love, tá sé scríofa ann,

'To make a woman fall in love with you rub your face in her apron. The defence: burn the apron.'

Rith sé liom, agus an abairt sin á léamh agam, gur iomaí bean a mbeadh fonn uirthi an t-aprún sin a dhó, chomh maith céanna.

Maidir le Egg Shells, scríobhadh,

'Egg shells should be crushed to prevent the fairies using them as boats.'

Cén dochar a bheadh ann dá mbeadh báid ag sióga, meas tú?

Dúradh fadó, is cosúil, faoin Ear-wig,

'A common disguise of the devil; he should always be killed.'

Glacaim leis gurb é an ceilpeadóir bocht atá i gceist leis an ‘should always be killed’ sin, chan an diabhal. Chomh fada agus is eol dom, tá an diabhal in ainm bheith caillte cheana. Bhítí ann a cheap a mhalairt, seans. B'fhéidir go bhfuiltear ann a cheapann a mhalairt fós, go deimhin.  
Mo chuimhne, i mbrollach an leabhair, tá sé scríofa ag an údar,

'Stories about the saints have been kept out as much as possible because they do not belong in a book on mythology.'

Chloisfeá ‘Hmmm...’ nó dhó, ó dhuine nó dhó, faoin abairt sin freisin, cheapfainn féin. 

Sunday, March 10, 2013

Céaslóireacht

Sa reilig in Eanach Mheáin, i gCeantar na nOileán, a bhí mé arú inné, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos. 

Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus surfáil seaschéaslóireachta, go dtí gur fhill mé ar Cheann Scríbe aréir, agus rinne mé giota taighde ar an ábhar, ar maidin. Tháinig mé ar an méid seo in Wikipedia. 

Ar ndóigh, nuair a chonaic mé an leagan Gaeilge do stand up paddle surfing in focal.ie, tráthúlacht an fhocail sin 'chéas' i lár an fhocail a thug mé faoi deara. Cén fáth? 

Bhuel, is dócha, nuair a bhím sa reilig in Eanach Mheáin, bím ag breathnú ar uaigheanna na ndaoine muinteartha liom atá curtha ann, daoine a d'imigh roimh am, shílfeá, nó roimh sheanaois, pé scéal é; cuid acu a d'imigh go tobann tubaisteach, faraor, gan súil ar bith againn lena n-imeacht. 

'Cén fáth?' an cheist a chuirim orm féin, go míon minic, agus mé ag breathnú ar na huaigheanna sin. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé an focal sin 'seaschéaslóireacht,' rith sé liom go mb'fhéidir nach fiú dúinn muid féin a chéasadh le ceisteanna faoin mbás, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis; níl ann ach freagra na fírinne, freagra nach bhfuil ag aon duine againn, is cuma cén leabhar as a mbíonn daoine ag quotáil.  

Táimid uilig ag céaslóireacht linn, a léitheoirí, lenár linn féin, inár linn féin. Bainigí sult as an saol. Níl ann ach seal. 

Agus, bainigí sult as Lá na Máithreacha

Thursday, October 18, 2012

Charlie Byrne's na Gaillimhe


'An mbeidh tú riamh in ann na leabhair uilig a léamh?' an cheist a chuir Ormondo orm, tar éis mo mhír Laoithe na Féinne agus Leabhair Eile a bheith leite aige.

Ag tumadh a bhím, a Fhearghuis, ag bailiú eolais astu, ag brath ar cén t-ábhar a bhíonn idir lámha agam ag an am..,’ a d’fhreagair mé féin. 
  
Le seacht lá anuas, aon leabhar a bhí i mo lámh agam agus mé ag tumadh liom, chuir mé go leataobh é, go bhfeicfinn cé mhéad leabhar a bheadh ar an gcarnán roimh dheireadh na seachtaine. Taobh istigh den seacht lá sin, gan aon fhoclóir san áireamh agam, cé go ndeachaigh mé ag tumadh iontu sin, freisin, bhí os cionn fiche leabhar ar an gcarnán úd.

Anois, b’fhéidir nár léigh mé ach líne nó dhó astu, nó alt nó dhó, ach ní raibh aon cheann de na leabhair sin nár chuidigh liom, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus mé ag foghlaim liom. 

Cé go ndúirt mé le hOrmondo go raibh mé den bharúil ‘go bhfuil mo dhóthain leabhar agam anois,’ fós bhí orm cúpla leabhar a fháil ar iasacht ón leabharlann, mar nach raibh oiread is leabhar amháin agam a bhain le déithe na Gréige agus déithe na Róimhe - ábhar a tharraing m’aird ina threo an tseachtain seo, ach sin scéal fada eile…

Ar aon nós, le scéal fada a dhéanamh níos faide, agus ó tharla mé ar aon tuairim leis an seanfhocal sin, *‘Is fearr ‘Seo é’ ná Cá bhfuil sé? chinn mé go raibh uaim, ahem, mo leabhair féin i dtaobh na déithe a bheith agam. Ar an ábhar sin, chuir mé glao gutháin ar shiopa leabhar Charlie Byrne’s i nGaillimh maidin inné. Labhair mé le Vinny ar dtús, ansin le Megan, beirt a labhair liom, agus a chuidigh liom le foighne, agus le flaithiúlacht ama thar a ndualgas.  

Is eol dom go mbíonn an siopa sin an-ghnóthach, mar bím ann go minic nuair a bhím i nGaillimh. Ní raibh mé ag súil go mbeadh mórán ama le spáráil acu, ach an bhfuil a fhios agaibh céard a tharla, a léitheoirí -  chuaigh an bheirt acu ar thóir leabhar ar mo shon, ar an bpointe!

Ní hamháin sin, ach léigh siad giotaí as na leabhair dom, le bheith cinnte go raibh an t-ábhar iontu feiliúnach do mo riachtanais.  Roghnaigh mé péire de na ceithre leabhar as ar léigh Megan. Ar maidin inniu, bhí an leabhar sin á léamh agam – roimh am lóin!

Níl aon aithne phearsanta agam ar Vinny ná ar Mhegan, ach théis mar ar caitheadh liom mar chustaiméir inné, dá mbeadh duais ‘Seirbhís Shaoráideach do Chustaiméirí’ ann, bheadh an duais sin á seoladh agam chuig an mbeirt acu sin i Charlie Byrne’s na Gaillimhe inniu.

Gura fada buan iad! 

**************
* Seanfhocal a tháinig ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin alt 'Breathnú Romhat'.

Friday, September 21, 2012

Laoithe na Féinne agus Leabhair Eile


Bean an tSléibhe a d’inis dom faoin siopa leabhar Universal Books, siopa atá ar Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn, agus siopa inar féidir leabhair athláimhe a cheannach. 
 
David is ainm d’úinéir an tsiopa, agus ó tharla go raibh aithne aige orm ón gcéad lá a shiúil mé isteach chuige, an mhí seo caite, agus go raibh a fhios aige, ón gcuairt sin, go bhfuil suim atá agam i leabhair Ghaeilge, is eisean a d’inis dom go raibh an tseoid leabhair thuas, Laoiṫe na Féinne, faighte aige, agus é le díol aige, dá mbeadh suim agam ann.

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlaganna, tá luí nach beag agamsa le leabhair, agus nuair a bhím istigh i siopaí leabhar, ní théim abhaile gan leabhar nó dhó liom. Mar a fheicfidh sibh, ón bpictiúr thíos, rinne mé amhlaidh an geábh seo. 
Bhuel, nuair a chonaic An Garraíodóir na leabhair uilig, beag nár thit an fear bocht as a sheasamh.

‘Count each one as a Mayo goal.’ arsa mé féin, sular cuireadh aon cheist orm faoi, ahem, chostas na leabhar, an dtuigeann sibh.

Ní raibh gá a thuilleadh a rá. Tá sé breá sásta anois, mar atá mé féin, a léitheoirí, le mo charnán luachmhar taighde/eolais ag méadú. Ach, is féidir margadh a dhéanamh le David, mar a rinne mise, agus b’fhéidir go bhfaighfeá cupán tae uaidh, freisin. Tá atmaisféar ar leith sa siopa sin, agus is duine cairdiúil cuidiúil é mar úinéir, feictear dom.

B’fhiú go mór súil a choinneáil ar an suíomh Facebook atá aige, mar bíonn féirín nó dhó le feiceáil ann, go minic. Is ann a chonaic mé an leabhar a gheobhaidh An Garraíodóir don Nollaig, ach, shhhh, ná habair tada leis! Ní fhaca sé é sa charnán. Ní fhaca sé ach cúil Mhaigh Eo..;-)  


Tuesday, August 14, 2012

Cén Sórt É?

Blagaire:              Duine maíteach
                           Maíteach: boastful, begrudging, envious.

Giolcaire:             Duine a bheadh ag giolcadh nó ag cabaireacht
                           Cabaireacht: babbling, chin-wagging, loquacity.

Gnúiséara:            Duine milleánach doshásta.
                            Milleánach: fault finding. Doshásta: hard to
                                      please.

Mo bhuíochas don leabhar Cén Sórt É, le Tomás Ó Fiacháin, as na hainmneacha sin thuas a chur ar fáil dom.

Agus iad á roinnt agam libh anseo, a léitheoirí, ní hé sin le rá go gceapaim go bhfuil baint acu le daoine a scríobhann ar Blogger, ar Twitter ná ar Facebook, ach chonaic mé iad agus, bhuel, cheap mé gurbh fhiú iad a roinnt, gan fáth gan ábhar.

Ar an, ahem, ábhar sin, cuireann sé iontas orm, go minic, na nithe a roinneann daoine ar shuíomhanna meán sóisialta. Léigh mé alt san Indo inné agus, más fíor, thug duine amháin ‘f***ing c***’ ar dhuine eile, agus bhagair an duine eile sin, más fíor, agra i leith clúmhillte a dhéanamh i gcoinne na mná a scríobh na focail dhána faoi ar Twitter.  

Anois, níl mise ag dul ag cur mo ladar i scéal nach mbaineann liom, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh, ach rith an smaoineamh liom go mbeadh sé an-deacair clúmhilleadh a chruthú mura mbeadh duine iomlán cinnte céard is ‘f***ing c***’ ann.

Roinnfinn an míniú libh anseo, a léitheoirí, ach níor éirigh liom é a aimsiú sa leabhar Cén Sórt É? 

Friday, June 15, 2012

Carnán ag Fás

Agus mé i nGaillimh an tseachtain seo caite, thit mé, ahem, de thimpiste, isteach i siopa leabhar Charlie Byrne. Bím ag titim mar sin, go minic, mar is eol do léitheoirí rialta na mblaganna.

Trí leabhar réchaite a cheannaigh mé, an geábh seo: péire acu a bhaineann le filíocht (€8), agus an tríú ceann, The Story Behind the Word, le Morton S. Freeman (€4); leabhar é sin a mheall an focalghráthóir seo mar, dar leis an mbrollach, go bhfuil sé ag ‘exploring the often romantic forebears and mysterious roots of words we take for granted and use – or misuse – every day.’ Tuilleadh uaim as an leabhar sin amach anseo.

An tseachtain seo, tháinig trí leabhar eile chugam as Meiriceá: bronntanas ó mo mháthair do mo lá breithe, tar éis domsa, ahem, neart leideanna a fhágáil le mo dheirfiúracha thall. Baineann leabhar amháin acu le filíocht, agus péire le gearrscéalta.

Pé scéal é, chinn mé ceann de na gearrscéalta a léamh aréir, as an leabhar Short Story Masterpieces: 35 Classic American and British Stories from the first half of the 20th century.

Baineadh gáire nó dhó asam agus mé ag léamh an scéil ‘Innocence’ ach, arsa mé féin liom féin, agus mé ag gáire liom, cén fáth gearrscéal leis an údar, An tUasal Seán Ó Faoláin, istigh i leabhar le 35 Classic American and British Stories, meas tú, fiú más Short Story Masterpiece féin é?

Friday, May 25, 2012

Diacritically, is leatsa É!

An bhfuil a fhios agat an difríocht idir ‘Bhí an-chraic aige’ agus, ahem, ‘Bhí an-chráic aige,’ a léitheoir?

Bhuel, tá a fhios ag Rossa Ó Snodaigh agus Míchéal Ó Domhnaill, beirt a chuaigh ar thóir ár síntí fada agus a chuir an foclóir nua, Our Fada, le chéile, ar mhaithe le séantóirí na síntí fada.    

Agus é i gcomhrá le John Murray an lá cheana (chan i gcomhra le John Murray, an dtuigeann sibh), thug Rossa Ó Snodaigh sampla nó dhó eile as an bhfoclóir, agus is féidir an comhrá sin a chloisteáil anseo.

Tá timpeall 3000 sampla eile tugtha sa leabhar, atá ar fáil anois. Our Fada, foilsithe ag Coiscéim, €10.  

Thursday, September 15, 2011

An Coileach Codlatach

Sula bhfuair sí bás, bhí an leabhar ‘An Coileach Codlatach’ scríofa ag mo chara, Nuala. Bhí sé luaite aici liom, ó am go chéile, agus bhí sí ag dúil go mór lena fhoilsiú.

Anocht, Déardaoin, sa leabharlann ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, agus Dé Sathairn seo chugainn, i siopa leabhar Cúpla Focal i mBré, Co. Chill Mhantáin, seolfar a leabhar, An Coileach Codlatach; le Sorcha Ní Mhonacháin ar an gCeathrú Rua, agus le Bríd Ní Choincheanainn i mBré.

Futa Fata an teach foilsitheoireachta, agus guím gach rath orthu anocht, agus oíche Shathairn. Dar leo, beidh sólaistí deasa ar fáil d’óg agus d’aosta ag an dá ócáid, agus beidh fáilte ar leith roimh ghasúir.

Beidh fear céile Nuala, Pádraic Harvey, agus a hiníon, Iseult, go mór i mo smaointe anocht, mar a bheas a muintir uilig. Ach, is ar Nuala, ach go háirithe, a bheas mo smaointe, agus mo ríméad faoi fhoilsiú a leabhair, dírithe anocht.

Airím uaim í.

Sunday, June 12, 2011

Carnán Ag Fás

Go sábháiltear sinn, a léitheoirí, ach táim den bharúil nach féidir mé a ligean i bhfoisceacht mhíle de shiopa leabhar, nó rachaidh mé isteach ann le lámha folmha agus pócaí lána, agus fágfaidh mé é le lámha lána agus pócaí folmha.

I mBaile Átha Cliath le déanaí, mheall Easons isteach mé, agus cheannaigh mé an leabhar nua Sunday Miscellany…a selection from 2006-2008. Taitníonn an clár raidió go mór liom agus, anois, beidh deis agam na scéalta a léamh ar mo chaoithiúlacht.

I mBarra an Teampaill, chuaigh mé isteach i gConnolly Books, áit inar cheannaigh mé cúig leabhar eile, leabhair réchaite, ina measc Sunday Miscellany eile, an duanaire a tháinig amach i 2004, cóip d’Irisleabhar Mhá Nuad, ón mbliain 1981, an leabhar Téacs agus Comhthéacs, chomh maith le dhá leabhar eile as Béarla. Fuair mé na cúig leabhar sin ar €10 - ‘ardaigh orm’ gan dabht!

Ar ndóigh, ní féidir lá nó dhó a chaitheamh i gCathair na Gaillimhe, mar a rinne mé féin agus é féin an tseachtain seo caite, gan, ahem, am a chaitheamh istigh i siopa leabhar Charlie Byrne’s. Tháinig mé amach as le dhá leabhar nua, agus le dhá leabhar réchaite: John Boyle O’Reilly agus An Glór Gael-Mheiriceánach (€7) agus Seoda i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (€10).
Níl a fhios agam cén uair a léifear na leabhair uilig atá ceannaithe agam thar na blianta, ach is maith liom iad a bheith agam, an dtuigeann sibh. Tá alt nó dhó léite agam as gach ceann acu, agus beidh siad ar an tseilf, ag fanacht liom, má bhíonn uaim tuilleadh a léamh astu; rud a dhéanaim go rialta, go deimhin.    

As seo amach, caithfidh mé na diabhal siopaí sin a sheachaint. Níl mórán spáis fágtha ar na seilfeanna agam…

Wednesday, May 4, 2011

Ar Thóir an tSonais

Bhí Alex Hijmans liom i mBarcelona, ar bhealach.

Ní raibh sé féin ann liom, an dtuigeann sibh, ach bhí an leabhar a scríobh sé, Favela, liom agam, leabhar atá scríofa chomh hionraic simplí sin gur mhothaigh mé go raibh Alex féin le mo thaobh, ag insint an scéil dom. 

D’fhoghlaim mé go leor ón leabhar iontach seo. Táim fíor bhuíoch don údar, Alex, agus do Nilton, agus do Naná, agus do Bhruno, agus do na déithe uilig a shiúil le mo thaobh ar bhóithre Tancredo Neves na Brasaíle - táim buíoch díobh uilig, mar gur airigh mé liom iad, leathanach i ndiaidh leathanaigh, a scéalta á roinnt acu liom, mar a bheinn á gcloisteáil uatha féin, go pearsanta.

Is tallann ar leith a bhaineann lena leithéid de scríbhneoireacht; scríbhneoireacht údair a tharraingíonn an léitheoir, ní hamháin isteach sa scéal, ach isteach sna tithe leis, le go bhfaighe tú aithne ar na daoine, le go bhfaighe tú aithne ar an áit ina bhfuil cónaí orthu, le go bhfeice tú an chaoi a maireann siad i mbruachbhaile bocht, i gceann de favelas na Brasaíle.

Léigh an leabhar, más rud go bhfuil tú ar thóir do chuid sonais féin, a léitheoir. Má léann tú é, tá seans ann go mbeidh tuiscint níos fearr agat ar an rud is ‘sonas’ ann.

Go raibh maith agat, a Alex. Bhain mé sult as do chomhluadar i mBarcelona.
                               **********************
Is féidir léirmheas Aonghuis a léamh anseo. Is féidir blag Alex a léamh anseo.

Favela; Ar Thóir an tSonais i mBruachbhaile Bocht
(Cois Life, 2009, Alex Hijmans, ISBN 978-1-901176-96-4)