Má tá am le caitheamh, caith ag obair é.
If you want to kill time, try working it to death.
An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ó Sam Levonson, más fíor an méid a léigh mé anseo.
Mar atá scríofa sa leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Is fearr obair ná caint.
Déan obair, a chapaill, is gheobhaidh tú coirce.
Is fearr déirc ná goid, is fearr obair ná déirc.
Is fearr díomhaoineach ná obair in aisce.
Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, chuir mé é san áireamh anseo mar ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi na focail sin 'in aisce.'
Bhí an nath cainte 'saor in aisce' faoi chaibidil agam féin agus ag an Dómhnallach inné, mar a tharla sé, agus thugamar faoi deara go bhfuil an nath sin 'saor in aisce' cloiste ag an mbeirt againn go mion minic; ach tá an rud 'saor' nó tá sé 'in aisce' - ní féidir leis, mar sin, bheith 'saor in aisce' an féidir?