Showing posts with label spórt. Show all posts
Showing posts with label spórt. Show all posts

Saturday, December 1, 2012

Bartonese, s'il vous please!


Feicim go bhfuil Aonghus ag scríobh faoi bhás teanga, agus go bhfuil Colm ag scríobh faoi chanúintí agus, ar bhealach, tá baint ag an mír seo le, ahem, bás teanga (sórt) agus, ahem, fás canúnachais (b’fhéidir).

Anois, a léitheoirí, níl mórán ar eolas ag an mbean seo, i.e. mise, faoi shacar, ach nuair a chuala mé trácht ar an raidió faoi Joey Barton, imreoir as Sasana a chaill a chanúint go tobann, shílfeá, agus a d’aimsigh canúint nua, shílfeá, nuair a thosaigh sé ag imirt le foireann ón bhFrainc, bhuel, chuaigh mé ag googláil, le go mbeidh deis agam tuiscint a fháil ar an, ahem, siondróm seo.

Agus, ar ndóigh, fuair mé an t-eolas uilig ar Wikipedia. Sea, a léitheoirí, tá a leithéid de rud ann agus Foreign Accent Syndrome, agus seo mar atá scríofa ar an suíomh faoi Joey bocht,

‘In November 2012 the footballer Joey Barton, emerged from the changing room showers after a match with a permanent French accent. His accent was then broadcasted to the world during a post-match interview. Barton is now currently under examination by medical professionals and although they are uncertain, the cause of Barton's condition is believed to have been caused when he used both Heads and Shoulders and Aussie Hair Shine Shampoo at the same time. However, this is only an early prognosis.’

Maintenant, vous savez, d’accord...

Thursday, September 27, 2012

Wúhúps!


Thosaigh sé mar gháir mholta, an cineál wúhú! sin a ligeann duine uaidh, go nádúrtha, nuair a tharlaíonn rud a chuireann fonn wúhúáil air nó uirthi;

rud cosúil leis an gcéad chúl sin a chiceáil Michael Murphy, captaen fhoireann Dhún na nGall, isteach san eangach, Dé Domhnaigh seo caite;   

ach, chríochnaigh sé ina gháir dhearmaid, an cineál úps! sin a ligeann bean uaithi, go nádúrtha, nuair a mheabhraíonn sí go mba chóir di, mar Chonnachtach atá, ahem, ina suí ar tholg in éineacht le fear as Maigh Eo, go mba chóir di bheith, abair, rúinín beag diomúch faoin gcúl sin.

Sea, bhí mé idir dhá stól, a léitheoirí, ag iarraidh go n-éireodh go maith leis an dá thaobh, an dtuigeann sibh, agus cé go raibh mé díomách nuair a chaill Maigh Eo, bhí áthas an domhain orm nuair a bhuaigh Dún na nGall. 

Wúhúps?

Sea, bhí mé ar an gclaí, a léitheoirí, ach ar fhaitíos aon amhras oraibh faoi cá mbeidh mo chuid tacaíochta ag dul Dé Domhnaigh seo chugainn, beidh sí le Gaillimh, agus le Gaillimh amháin.

Mar a tharlaíonn sé, beidh mé ar eitleáin ag am na himeartha, agus diabhal mórán a fhéadaim a dhéanamh faoi sin, mar go raibh na socruithe taistil déanta agam sular chinn Gaillimh go bhfanfadh siad tamaillín eile sula dtabharfaidh siad Liam siar abhaile leo.

Beidh mé ar ais libh gan mhoill, a chairde. Idir an dá linn, níl le rá agam ach…

…Gaillimh Abú! 

Saturday, September 22, 2012

Friday, September 21, 2012

Laoithe na Féinne agus Leabhair Eile


Bean an tSléibhe a d’inis dom faoin siopa leabhar Universal Books, siopa atá ar Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn, agus siopa inar féidir leabhair athláimhe a cheannach. 
 
David is ainm d’úinéir an tsiopa, agus ó tharla go raibh aithne aige orm ón gcéad lá a shiúil mé isteach chuige, an mhí seo caite, agus go raibh a fhios aige, ón gcuairt sin, go bhfuil suim atá agam i leabhair Ghaeilge, is eisean a d’inis dom go raibh an tseoid leabhair thuas, Laoiṫe na Féinne, faighte aige, agus é le díol aige, dá mbeadh suim agam ann.

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlaganna, tá luí nach beag agamsa le leabhair, agus nuair a bhím istigh i siopaí leabhar, ní théim abhaile gan leabhar nó dhó liom. Mar a fheicfidh sibh, ón bpictiúr thíos, rinne mé amhlaidh an geábh seo. 
Bhuel, nuair a chonaic An Garraíodóir na leabhair uilig, beag nár thit an fear bocht as a sheasamh.

‘Count each one as a Mayo goal.’ arsa mé féin, sular cuireadh aon cheist orm faoi, ahem, chostas na leabhar, an dtuigeann sibh.

Ní raibh gá a thuilleadh a rá. Tá sé breá sásta anois, mar atá mé féin, a léitheoirí, le mo charnán luachmhar taighde/eolais ag méadú. Ach, is féidir margadh a dhéanamh le David, mar a rinne mise, agus b’fhéidir go bhfaighfeá cupán tae uaidh, freisin. Tá atmaisféar ar leith sa siopa sin, agus is duine cairdiúil cuidiúil é mar úinéir, feictear dom.

B’fhiú go mór súil a choinneáil ar an suíomh Facebook atá aige, mar bíonn féirín nó dhó le feiceáil ann, go minic. Is ann a chonaic mé an leabhar a gheobhaidh An Garraíodóir don Nollaig, ach, shhhh, ná habair tada leis! Ní fhaca sé é sa charnán. Ní fhaca sé ach cúil Mhaigh Eo..;-)  


Sunday, September 9, 2012

Cailín na Gaillimhe!

Ar fhaitíos nach bhfuil a fhios agaibh cén fhoireann lena mbeidh mé ag tacú inniu, a léitheoirí, beidh mé ag súil le toradh eile, cosúil leis an gceann seo.
Gaillimh Abú!
Níl ach cat amháin a fhaigheann mo thacaíocht sa teach seo.

Aguisín (17:11 i.n) 

Gaillimh 2-13  Cill Chainnigh 0-19

Ah bhuel...beidh lá eile ag an bPaorach..;-)

Monday, August 13, 2012

Katie Faoi Bhláth

                                              Bláth i bpróca bláthanna i gCeann Scríbe.
                                            http://www.flickr.com/photos/gorta/5095844649/in/photostream

Cúthail agus álainn, tá Katie s’againne i mbláth a saoil. 

Comhghairdeachas ó chroí leat, a Katie!

Agus, mura bhfuil sé cloiste agaibh cheana, a léitheoirí, rud nach raibh agamsa gur chuala mé Mícheál Ó Foighil, ó Choláiste Lurgan, ag labhairt faoi le Máirtín Tom Sheáinín ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, seo chugaibh 500 scoláire - 4Thaifead - Aon Ghuth Amháin, agus ‘Amhrán nua ardmheanamnach á chasadh le paisean agus díocas.’ acu.  

Sunday, August 12, 2012

Gaillimh 0-22 Corcaigh 0-17

Wúhúúúúúúúúúúúúúúúúúúú!
           Ní gá a thuilleadh a rá. Tá an Gaillmheach seo breá sásta..:-)

Friday, April 27, 2012

Cailín na Gaillimhe?


Tá an geansaí agam, le fada, agus cheannaigh mé an t-uaireadóir i nGaillimh an tseachtain seo caite. 

Ach, tá ceist agam – an féidir cailín, nó fiú girseach, a thabhairt ar bhean mheánaosta?

Giota ceoil daoibh ar maidin, a léitheoirí.

♫♪♫♪♫♫♫♪♫♪...lena gruaig chomh dubh is a súile gorm...♫♪♫

Sunday, October 2, 2011

Tachtadh Tráchta

Tá fadhb le Blogger, arís eile, feictear dom.

Ó am go chéile, le lá nó dhó, rinne mé iarracht ar thrácht a fhágáil ar bhlag nó dhó. Níor éirigh liom trácht a fhágáil ar bhlag Néidí, ná ar bhlag Alex, mar shampla, cé gur éirigh liom, théis iarracht nó dhó, tráchtanna a fhágáil ar bhlaganna eile.

Pé scéal é, tá Éire théis úd eile a fháil, anois díreach, sa chluiche rugbaí i gcoinne na hIodáile. Wúhúúúu! Tá foireann na hÉireann chun cinn 26 -6 i láthair na huaire. Iontach!

♫♪♪ Low lie the fields of Athenry…♫♪♪

Monday, September 26, 2011

Banláidreacht

Ní raibh mé in ann theacht ar aon leagan Gaeilge de na scéalta seo a leanas, agus níor mhaith liom an lá a ligean tharam, gan na mná seo thíos a lua:

Mná na hEorpa, a bhuaigh The Solheim Cup sa ghalf, in Éirinn, ag an deireadh seachtaine.

Mná Chorcaí, a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann i bPeil na mBan (TG4) inné.

Mná na hAraibe Sádaí, a fuair cead vótála, faoi dheireadh. Is fearr go deireanach ná go brách, is dócha, fiú más rud é go raibh ar na mná fanacht le cinneadh ón Rí Abdulladh, fear a chinn ‘that a study of Muslim history had shown that women were capable of rational thinking and decision making.’ Bhabha! An méid sin ráite, níl cead acu carr a thiomáint fós.

An bhfuil aon suíomh, ó na meáin Ghaeilge, ar a bhfuil scéalta reatha, fearacht na cinn thuasluaite, le fáil go rialta, a léitheoirí?

Monday, September 19, 2011

Míreanna Meara

Cé go raibh daoine ann a cheap go mbeadh an bua ag Ciarraí, bhí sé soiléir ó thús an chluiche, cheap mé féin, go raibh Baile Átha Cliath ní ba láidre, nó, b’fhéidir, ní ba thiomanta ar an lá. Pé scéal é, bhí an bua ag Baile Átha Cliath, agus tréaslaím leis an bhfoireann, agus lena lucht taca.

Agus, más rud nach raibh tú in ann do shúile a bhaint de scáileán na teilifíse nuair a bhí greadadh breá Gaelach á thabhairt d’fhoireann rugbaí na hAstráile, tuigim do chás, a léitheoir. Chuir sé ríméad orm ag breathnú ar na leaids, agus is dóigh liom nach mé an t-aon duine amháin a mhothaigh mar sin Dé Sathairn.

Ach, tá Gael láidir cróga eile i mo smaointe le lá nó dhó, agus sin í Meadhbh McGivern. Go n-éirí go geal léi, agus í ag teacht chuici féin óna hobráid mhór. Go dtaga sí abhaile, slán sláintiúil, go luath. 

Saturday, September 17, 2011

Domhnach na Peile

Fáiltím romhat, a Phríomh-Dhomhnach na Peile
Domhnach nach bhfuil cosúil le haon Domhnach eile

Domhnach a sháraíonn teorainn is críocha
Éirí croí Gaelach ar dhúichí is coigríocha

Páirc an Chrócaigh ag preabadh le dóchas is spraoi
Na tacaithe gléasta sna dathanna cuí

Comórtas is mórtas ó chontaetha geallta
I dtreo Chorn Mhic Uidhir tá na himreoirí meallta

Laochra ár linne ag scaipeadh an scéil
Inniu Domhnach na nGaiscíoch, Domhnach na nGael.

Bainigí sult as an lá mór, a léitheoirí, go háirithe sibhse, a lucht taca na bhfoirne éagsúla.

Monday, June 20, 2011

Faoi Lánseol!

D’fhán mé i mo shuí, ag breathnú air, cé nár thuig mé, go hiomlán, céard a bhí ag dul ar aghaidh. Má chuir mé ceist amháin, chuir mé céad ceist. Bhí An Garraíodóir foighneach. D’fhreagair sé na ceisteanna, ceann i ndiaidh a chéile.

Ach, níor bhain sé a shúile den teilifís.  Bhí corr ‘Yaboyya!’ i lár na bhfreagraí, mar aon le ‘He has it!’ agus ‘There’s no stopping him now!’ Bhí an ceart aige.

Cé nach bhfuil leid dá laghad agam faoin gcluiche, tá a fhios agam go raibh mé i mo shuí sa seomra suite aréir, ag foghlaim faoi chluiche nach dtuigim, ag breathnú ar fhear óg uasal ag treabhadh leis, gan stró, shílfeá, agus tá a fhios agam gur mhothaigh mé iontach bródúil as an Éireannach a thug leis trófaí an U.S.Open aréir. 

Nár laga do swing go deo, a Rory McIlroy!