Showing posts with label Gaelphobal. Show all posts
Showing posts with label Gaelphobal. Show all posts

Tuesday, May 7, 2013

Tumchónaí na dTeaghlach

Mar eolas daoibh, a chairde, seo chugaibh fógra faoin deireadh seachtaine 'Tumchónaí na dTeaghlach' a bheidh ann, i nGartán, ag deireadh na míosa seo. 

Bhain mé féin an-sult as deireadh seachtaine mar é, ceann do dhaoine fásta, trí bliana ó shin. Bhí an-chraic againn, caithfidh mé a rá. 

Tá na sonraí uilig le fáil ó Mháirtín ag Gaelphobal

Sunday, March 13, 2011

Oscailt Oifigiúil Ionad Ghaelphobail

Chaith mé cuid de thráthnóna Dé hAoine ag an ionad ‘buail isteach’, ionad nua a d’oscail Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin, go hoifigiúil, ní ba luaithe an mhaidin sin.  
Beidh an t-ionad seo á fhorbairt mar ionad croíláir na Gaeilge ar an tSrath Bán, agus is ann atá Máirtín Ó Maolmhuaidh, comhghleacaí liom ó aimsir ár bhfoghlama in Ollscoil Uladh ag Coláiste Mhig Aoidh, fostaithe mar Oifigeach Forbartha na Gaeilge. Is fear cumasach é Máirtín, agus níl dabht ar bith agamsa ach go mbeidh bláth ar an teanga san áit faoina chúram.

Faoin scáth na heagraíochta Gaelphobal, tá Gaelscoil agus Naíscoil áitiúil, craobhacha de Chonradh na Gaeilge, de Chomhluadar agus d’Ógras. Bíonn ranganna Gaeilge curtha ar fáil timpeall na háite gach seachtain, chomh maith le ciorcal comhrá Is Leor Beirt san ionad ar an Satharn. Tá Club Leabhar acu, freisin.
Is féidir earraí ceoil, ceardaíochta agus leabhair Ghaeilge a cheannach san ionad. Go deimhin, is ann a cheannaigh mé leabhar filíochta Phroinsias, Faigh Greim ar an Ghrian, rud eile a chuir go mór le mo lá, caithfidh mé a rá! 

Eagraítear ceardlanna cócaireachta agus ceardlanna ceardaíochta san ionad, ó am go chéile, agus bíonn oícheanta sóisialta ag na daoine óga ann, rud a chuidíonn go mór le cumas labhartha Gaeilge na scoláirí ón mheánscoil áitiúil, agus a thugann deis dóibh cumarsáid as Gaeilge a dhéanamh lena gcairde.
Bhuail mé le Seán Mór, Gina, agus Gary, cuid de thumchónaitheoirí Ghleann Cholm Cille, agus bhí cupán caife agam leosan, agus le Máirtín, san ionad nua.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin eagraíocht anseo, áit a gcloisfidh sibh an Cathaoirleach, Seán Mór Ó Daimhín, ag labhairt le Tomaí Ó Conghaile ó Nuacht 24, faoi bhorradh na teanga i gceantar an tSratha Báin, i dTír Eoghain.  

Comhghairdeas ó chroí leo uilig i nGaelphobal Cheantar an tSratha Báin. Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lonnaithe san ionad nua, agus tá an-obair á dhéanamh acu ar son na Gaeilge san áit. Beidh mé ag ‘bualadh isteach’ chucu arís, gan dabht.