Mar a fheicfidh sibh ó chlár na n-amhrán, thíos, bhí an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua Pan Cheilteach ar siúl ag deireadh mhí Eanáir, agus d'éirigh le Gráinne Álainn Ní Fhátharta an bua a fháil, arís, an geábh seo le m'amhrán nuachumtha, Fágtha Gan Freagraí. Beidh Gráinne ag casadh an amhráin, mar ionadaí na hÉireann, ag an bhféile idirnáisiúnta seachtain ón Déardaoin seo chugainn, an 24 Aibreán. Go n-éirí go geal léi, agus leis an bhféile ina hiomláine.
Tréaslaím a mbua le Gráinne (1ú háit, Amhrán #2), le Éire Ní Fhaoláin & Chulainn Ó Faoláin (2ú háit, Amhrán #11) agus le Anne Marie Ní Chonchubhair (3ú háit, Amhrán #8). Ní raibh mé fhéin i láthair ar an oíche, ach bíonn na comórtais le fáil beo ar líne agus d'éirigh liom gach amhráin a fheiceáil agus a chloisteáil beo ar an oíche.Wednesday, April 16, 2025
Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025
Monday, April 10, 2023
Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2023
Is gearr uaim an bóthar go Ceatharlach, áit a mbeidh tús á chur leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach arís, amárach. Tá cóip den chlár le fáil anseo agus, mar a fheicfidh sibh, is clár iontach é. Comhghairdeachas leis na coistí uilig ó na tíortha Ceilteacha éagsúla - déanann sibh an-jab, a chairde!
Ní raibh an fhéile ar siúl le trí bliana anuas, mar gheall ar an diabhal sin Covid, ach mar a fheicfidh sibh ón gclár, beidh ceiliúradh á dhéanamh ar chuile ghné de chultúr na dtíortha Ceilteacha - ceol, scéalaíocht, damhsa, filíocht, amhráin, logainmneacha, scannánaíocht, seisiúin srl. - ón 11-16 Aibreán.
Ag an gComórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta i mbliana, beidh dhá amhrán san iomaíocht don tír seo, an grúpa Encóre lena n-amhrán, Cion Cairde, (amhrán buaiteach na féile náisiúnta 2023) agus Gráinne Ní Fhatharta le hamhrán a chum mise, Mar a Bhíonn (amhrán buaiteach na féile náisiúnta 2020).
Táim buíoch de choiste na Féile Idirnáisiúnta as an gcinneadh a rinne siad deis a thabhairt do na tíortha Ceilteacha éagsúla buaiteoirí na bliana 2020 a chur san áireamh sna comórtais, i mbliana. Go n-éirí go geal leo uilig!
Mo chuimhne, comhghairdeachas ó chroí leis an ngrúpa Encóre as an gcéad áit a bhaint ag an bhFéile Náisiúnta Pan Cheilteach i mbliana lena n-amhrán, Cion Cairde; le Sonny Casey a tháinig sa dara háit le Leon, leagan Gaeilge dá hamhrán, Lion; agus le hÉabha Breathnach a tháinig sa tríú áit lena hamhrán, Ó Neamh go Talamh.
Sunday, October 2, 2022
Teanga an Phobail
Blianta ó shin, sula raibh ciall cheannaithe agam, dúirt mé ba chóir duit le bean ar m’aithne, sular lean mé ar aghaidh ag roinnt mo chomhairle léi; comhairle a bhí, go deimhin, ar bheagán taithí. Is cuimhin liom an chaoi ar bhreathnaigh sí orm. Ní breathnú binbeach dímheasúil a bhí ann, mar bhí meathgháire ar a haghaidh; breathnú foighneach fadfhulangach a chonaic mé ina súile.
‘Ar chóir dom?’ a dúirt sí.
Bhí a fhios agam, ag an bpointe sin, gur chóir dom aire a thabhairt do mo ghnóthaí fhéin, agus aire níos fearr a thabhairt do na focla a bhí ag teacht as mo bhéal. Deirtear nach lia duine ná tuairim, ach ní hionann tuairim agus tuiscint.
Cuidíonn taithí le tuiscint.
Ó shin i leith, nuair a mhothaím go bhfuil focla ar nós ba cheart nó ba chóir réidh le sciorradh ó mo bhéal, déanaim iarracht teacht rompu agus, ina n-áit, focla ar nós b’fhéidir a úsáid, dá gceapfainn go raibh gá le focla. Bíonn amanna ann nuair is binne béal ina thost.
Ó tharla focla goilliúnacha luaite agam, is fiú breathnú ar fhocla ar nós titim agus fall, freisin. Is féidir titim i ngrá (fall in love), ar ndóigh, rud a chuirfeadh go mór le do shaol, seans, a fhad is nach é do ghrá geal fhéin atá tar éis titim i ngrá le duine éigin eile! An méid sin ráite, ní hionann an chaoi a mbaintear úsáid as fall (a) nuair is bean atá i gceist: fallen woman, agus (b) nuair is fear atá i gceist: fallen hero, mar shampla.
Glacaim leis go bhfuil nathanna mar sin thuas ann mar chuid de theanga an phobail, mar atá to commit suicide, abair, ach meas tú ar chóir dúinn, b’fhéidir, bheith níos airdeallaí nó níos cúramaí faoi nathanna atá coitianta ón sean-am? An bhféadfadh sé go mbeadh daoine ann a shamhlódh go raibh coir nó feall nó peaca i gceist nuair a bhaintear úsáid as an bhfocal sin commit? An mbeadh sé níos cineálta nath eile a úsáid, he/she took his/her own life, mar shampla, mar a dhéantar i nGaeilge nuair a deirtear chuir sé/sí lámh ina bhás/bás fhéin?
Nuair a chloisim bean ag rá I fell pregnant, cuireann sé soir mé agus faighim crua é mo bhéal a choinneáil dúnta. Céard a bheadh mícheart le táim ag súil le páiste/I am expecting a baby a rá, a dúirt mé le fear an tí an lá cheana? Mhol sé dom giota a scríobh ar an ábhar. B’fhéidir gur chóir dom é sin a dhéanamh, arsa mise liom fhéin.
*************************************
Foilsíodh leagan den bhlagmhír seo sa Donegal News an mhí seo caite, san fhorlíonadh Gaeilge Súil Thart, forlíonadh ar a bhfuil Seán Mór Ó Daimhín ina eagarthóir.
Friday, June 14, 2019
Ní Thuigim
Aiféala orm faoin mhoill ag labhairt libh faoi bhua amhrán na hÉireann ag an bhFéile Pan Cheilteach Idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn ar an 25 Aibreán, ach, bhuel, bhí mé gnóthach.
Mo chuimhne, más rud gur éirigh le haon duine agaibh, a léitheoirí, aon cheo i nGaeilge a aimsiú sna meáin chlóite faoi bhua an amhráin, Ní Thuigim, ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, (tá an méid a scríobhadh tar éis na Féile Náisiúnta aimsithe agam) bheinn buíoch díbh ach mé a chur ar an eolas, le bhur dtoil.
Pé scéal é, a bhuí le Bríde de Róiste ó choiste na féile náisiúnta i gCeatharlach (Glór Cheatharlach), chuir sí an giota seo a leanas ar fáil don Carlow Nationalist,
agus chuir sí leagan 'glan' (taifeadadh proifisiúnta) den amhrán ar fáil do na meáin, an leagan a chas Daríona Nic Dhonnacha go hálainn, ar oíche na féile náisiúnta i gCeatharlach; le hOllie Hennessy á tionlacan ar an méarchlár, agus Aoife Kavanagh á tionlacan ar an bhfidil. (Cuireann coiste na féile náisiúnta banna ceoil tí ar fáil ar an oíche, agus bíonn siad iontach, má theastaíonn tionlacan don té nach mbeadh banna ceoil acu, fearacht na mná seo, mar shampla.)
Sé an leagan sin atá le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge ó shin (Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte) agus an leagan a bhí le cloisteáil ar chlár 'Sunday With Miriam,' freisin; podchraoladh anseo.
Ná fiafraigh díom cén fáth, ach níl aon taifeadadh oifigiúil den leagan a casadh sa chomórtas idirnáisiúnta ar fáil, mar sin, mo bhuíochas ó chroí le Bríde de Róiste as an leagan a bhí aici a roinnt leis na meáin, le go mbeidh fáil acu ar chóip a d'fheilfeadh don raidió.
Ach, rinne mé taifeadadh ar m'fhón féin, oíche na féile idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn (féach thuas), agus tá taifeadadh a rinne máthair Dharíona, ar a fón féin, le cloisteáil ar YouTube, anseo.
Mar a fheicfidh sibh, ó na físeáin thuasluaite, bhí an t-ádh orm go raibh Ciarán Tourish sásta a theacht as Baile Átha Cliath agus tionlacan álainn, ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg stáin, a chur ar fáil d'amhrán na hÉireann, oíche na féile idirnáisiúnta. Tháinig sé féin, Ollie (a tháinig as Ceatharlach) agus Daríona (a tháinig as Gaillimh) le chéile lá an chomórtais idirnáisiúnta, agus chaith siad cúpla uair a chloig ag cleachtadh le chéile, sular thosaigh an comórtas.
Mar is eol daoibh, faoin am seo, d'éirigh go hiontach leo, agus bhí an bua ag Éirinn ar an oíche. Táim chomh buíoch den triúr acu. Go raibh céad míle maith agaibh - rinne sibh éacht!
Ar chúiseanna pearsanta, bhí ar Ollie agus ar Chiarán imeacht luath maidin lá arna mhárach, mar sin ní raibh deis againn a theacht le chéile, mar ba mhaith liom, ina dhiaidh sin, ach ní dhéanfaidh mé dearmad, go brách, ar an méid tacaíochta a thug siad domsa agus do Dharíona. Fir uaisle, fir chuidiúla.
Is ar scáth a chéile a mhairfimid.
Mo chuimhne, mo bhuíochas, freisin, le mo chara, Angela Tourish, grianghrafadóir a thug a ceamara léi ar an oíche, agus a chuir na pictiúir a thóg sí ar fáil, ar Facebook, anseo. Chomh maith leis sin, bhí baint nach beag aici lena deartháir, Ciarán, a chur ar an eolas faoin amhrán. Muintir Inis Eoghain abú!
Mar scríbhneoir, murach go bhfuil amhránaithe agus ceoltóirí sásta m'amhráin Ghaeilge nuachumtha a chasadh, ní bheadh siad le cloisteáil; murach go bhfuil comórtais d'amhrán nuachumtha ar fáil, ní bheadh deis agamsa, ná ag aon duine eile, amhráin nua i nGaeilge a chur ar fáil, go rialta; murach go gcuireann na meáin amhráin nuachumtha ar fáil don lucht éisteachta, ní bheadh siad le cloisteáil. Go raibh maith agaibh uilig, a chairde.
Táim fíorbhuíoch de Bhríde de Róiste agus den choiste uilig i nGlór Cheatharlach, as an méid a dhéanann siad, agus chomh proifisiúnta agus a dhéanann siad an méid a dhéanann siad, ar mhaithe le cultúr na tíre seo a choinneáil beo beathach, idir thacaíocht agus phoiblíocht.
Beidh an Fhéile Náisiúnta Pan Cheilteach, agus an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl i gCeatharlach, an bhliain seo chugainn. Ní comórtais amhrán nuachumtha amháin a bheas ar siúl, ach ceiliúradh...deis eile ag an náisiún seo, agus ag na náisiúin Cheilteacha eile, ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh, agus a chur chun cinn.
Le Glór Cheatharlach i mbun cúrsaí, féile iontach a bheas ann. Cuirigí na dátaí sa dialann anois, a chairde, 14-19 Aibreán.
Éire abú!
Tuesday, April 10, 2018
BEO - Gaelach agus Bródúil
Tá ócáid mhór ag tarlú Dé Sathairn seo chugainn i mBaile Átha Cliath, a léitheoirí, mar a fheicfidh sibh ón bpóstaer thuas.
B'aoibhinn liom bheith ann, ach, faraor, beidh mé thar lear. An méid sin ráite, beidh mé ag ceiliúradh na hócáide, i mo bhealach fhéin; sé sin le rá, déanfaidh mé mar a dhéanaim chuile lá BEO, agus labhróidh mé i nGaeilge, nó scríobhfaidh mé i nGaeilge, más féidir liom é, ar chor ar bith.
Agus, is mian liom í a labhairt, agus í a scríobh, mar theanga. Mar a scríobh mé cheana, is foghlaimeoir mise, a tógadh trí mheán an Bhéarla i gceantar Gaeltachta. Chaill mé go leor de shaibhreas teanga amháin mar gheall ar labhairt na teanga eile, ach ní raibh aon neart agamsa ar an scéal. An t-am sin.
Ach, tá neart agam anois...neart bealaí ann le Gaeilge a fhoghlaim, neart áiteanna ann len í a labhairt agus a scríobh, neart daoine/eagraíochtaí ar an idirlíon ag iarraidh í a fhorbairt, mar theanga. Is aoibhinn liom go bhfuilim páirteach i bhfoghlaim agus i bhforbairt na teanga sin, i mo bhealach fhéin.
Má éiríonn libh a bheith ann, a chairde, bainigí sult as na himeachtaí uilig atá eagraithe don lá mór seo...BEO, Gaelach agus bródúil...ní neart go cur le chéile!
Thursday, February 27, 2014
Nílim Dearg le Fearg...
Níor chuir mé 'dorn san aer' mar a rinne go leor daoine eile; b'fhéidir go mbaineann sé sin le m'aois, nó le mo mheabhair, ach samhlaím go bhfuil rud éigin trodach ag baint le dorn. Bíodh mé ceart nó mícheart faoin méid sin, bhí mise ansin le mo thacaíocht a thabhairt do chearta mo theanga, i mo bhealach féin, agus sin mar a rinne mé.
Thug mé faoi deara fógra nó dhó eile ar an mórshiúl, cinn nár bhain beag ná mór le Lá Mór na Gaeilge, cheap mé féin. Is dócha go dtapaíonn lucht-feachtais-eile an deis, nuair atá slua agus ceamaraí thart, lena dteachtaireacht féin a chraoladh, fiú mura bhfuil baint ag a bhfeachtas/bhfógra le hócáid an lae. Tá an ceart sin acu, go deimhin, cé go mb'fhearr liomsa gach rud a fheiceáil ina am agus ina ionad féin.
Ach, nílim feargach faoi sin, ach oiread. Níl fonn orm bheith conspóideach faoi mo theanga dhúchais, nó faoi fheachtas aon duine eile. Níl uaim ach go mbeadh na cearta céanna agamsa agus atá ag lucht labhartha an Bhéarla sa tír seo; níl uaim ach aird dhearfach an phobail a chothú i leith na Gaeilge, ach, ag an am céanna, tá mé ag iarraidh neamhaird an rialtais ina leith a thabhairt chun solais. Sin mo mhian, agus sin a thug mise, le mo phlaiceard, go Baile Átha Cliath an lá úd.
Nárbh fhearr i bhfad an Ghaeilge a bheith le feiceáil ar bhealach atá tarraingteach, cairdiúil, tacúil, cuidúil, spraíúil, spreagúil, sa chaoi nach mbeidh gá le cártaí fearacht an chárta seo a leanas, cárta, ahem, dearg a cheannaigh mé inné, in Aldi, do Lá Fhéile Pádraig,
Lena cheart a thabhairt d'Aldi, a léitheoirí, tá an cárta sin de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht. Caithfear gach ceart a chosaint. Caithfear bheith féaráilte. Sin a bhfuil uaim.
Friday, February 7, 2014
Lá Mór Na Gaeilge
Mar a scríobh mé sa bhlagmhír sin, 'goilleann sé orm nach féidir liom theacht ar sheirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, nuair is mian liom mo ghnó a dhéanamh i mo theanga dhúchais.,' dá bhrí sin, beidh mise, leis an bplaiceard thuas, ag siúl ar son mo chearta i mBaile Átha Cliath, i gceann seachtaine, Dé Sathairn, 15 Feabhra.
Mé féin a chum na focail atá ar an bplaiceard, agus is é Kyle, fear na gComharthaí, a lean na treoracha a thug mé dó faoin gcaoi len é a dhearadh dom - sin thuas toradh na hoibre, agus beidh sé liom agam ar an Lá Mór - an plaiceard, chan Kyle!
Más mian le haon duine agaibh cóip a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Kyle é féin - tá na sonraí teagmhála le fáil anseo, faoi Visit Us.
Tá bunchostas an fhógra íoctha agamsa cheana, mar is dom féin a d'ordaigh mé é, ach táim den bharúil gur €15 a bheadh ar phlaiceard anois, agus €10 ar phóstaer, dá mbeadh spéis agaibh i gceann acu.
Mura bhfuil spéis agaibh i gceann acu, diabhal dochar déanta...ach amháin ag an dream nach bhfuil ag tabhairt '...seirbhísí Stáit as Gaeilge don phobal atá ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí as Béarla..'





