Showing posts with label blagsféar. Show all posts
Showing posts with label blagsféar. Show all posts

Thursday, February 14, 2019

Lá Fhéile Vailintín


Tá a fhios agam go bhfuilim mall ag teacht chugaibh le mo bheannacht, inniu, a léitheoirí, ach tá súil agam go raibh lá álainn agaibh, agus go mbeidh oíche, ahem, chroíúil ghrámhar agaibh, anocht. Mar a scríobh Míshásta ar a bhlag féin, tráth den saol, go raibh saigheada Chúipid 'ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo,' más é sin bhur mian, agus bhur gcreideamh.

Tá tuilleadh le léamh thall ar bhlag Róislín maidir le Feabhra na bhFéilte agus na bhFeiseanna anseo, agus tuilleadh uaithi maidir le téarmaí, i nGaeilge, a bhaineann le grá, anseo

Le cothrom na Féinne a thabhairt do na fir, seo blagmhír a scríobh Scott de Buitléir ar an ábhar, don ardán ar líne, Meon Eile, roinnt blianta ó shin; blagmhír eile ó Aonghus Ó hAlmhain anseo; agus bhlagmhír eile ó Dennis King, maidir leis an gcroí atá bunoscionn, anseo.  

Tuesday, November 21, 2017

Goineadóir

Fadó, fadó, fadó, nuair a thosaigh mo pháistí ag foghlaim cén chaoi le carr a thiomáint, is é an moladh a thug mé dóibh, maidir leis an gcarr faoina gcúram, 

'Samhlaigh gur gunna atá faoi do chúram agat, bí cúramach leis, agus ná leag aon duine le do mhíchúram.'

Nuair a léigh mé faoi The Social Online Self-Regulation Theory, ar maidin, chuimhnigh mé ar an gcomhairle sin a tugadh, théis an líne seo thíos a léamh,

'“It seems to us that Facebook is like a knife: it can be used for preparing yummy food or it can be used for hurting a person. ...'

Maidir leis na meáin shóisialta, tá an saol athraithe, go mór, ó thosaigh mise ag blagáil, deich mbliana ó shin. I dtús, ní raibh a'm, mar chuntas, ach mo bhlag, agus bhí cuntas amháin ríomhphoist agam, le eircom, mar a tugadh ar an gcomhlacht an t-am sin. Ní raibh fón pócaí coitianta, fiú.

Ag an am sin, ní raibh Wifi le fáil sa tír seo, go bhfios dom, agus ní raibh trácht ar YouTube, Twitter, Facebook, Instagram, Snapchat agus araile; i saol an scríbhneora seo, pé scéal é. Níor tháinig Gmail ar an bhfód go dtí 2014, cé go raibh Google ann, ach bhí tús curtha le ré na teicneolaíochta, agus thosaigh chuile dhuine ag snámh sa linn sin, idir óg agus aosta.

Chuir ré na teicneolaíochta go mór le mo shaol, mar scríbhneoir. Ar líne, sa lá atá inniu ann, tá fáil agam ar fhoclóirí, ar eolas agus ar, ahem, neamheolas, ar an bpointe. Táim in ann ábhar i nGaeilge a léamh go rialta, rud a chuidigh go mór liom, agus mé ag foghlaim, thar na blianta.

Mar gheall ar an idirlíon, tá fáil againn ar lucht labhartha agus ar lucht scríofa na Gaeilge, agus ar neart teangacha eile nach í. Mar sin féin, ní hionann 'fáil' a bheith againn ar dhuine, agus 'aithne' a bheith againn ar dhuine, má thuigeann tú leat mé.

Táim den bharúil nach féidir aithne a chur ar aon duine ar líne, i ndáiríre. Ní dhéantar chuile bheart de réir briathair, go minic, agus, in amanna, bíonn faitíos roimh, nó díomá faoi, na briathra a bhagraíonn go mbeidh beart dá réir. Tá mí-úsáid forleathan ar líne.

Ní chaithim mórán ama ar Twitter ná ar Facebook, ach caithim súil rialta ar chuala.mé, mar is ann a thagaim ar na scéalta atá 'i mbéal phobal na Gaeilge'...go raibh céad míle maith agat, Kevin Scannell!

Breathnaím ar an nuacht ar Google News agus ar tuairisc.ie, chuile lá, má fhéadaim. Roinnim scéal, más scéal é a tharraingíonn m'aird ina threo, agus más rud go gceapaim go mbeadh suim ag daoine ann.

Ní hé sin le rá go gcreidim gach a léim. Is iomaí 'Hmmm' a thagann uaim, go háirithe agus na tráchtanna á léamh agam. Ní lia duine ná barúil, agus tá barúil a'msa go bhfuil daoine ar an idirlíon nach réiteoidh, go brách, le haon tuairim ach lena dtuairim féin.

Le ríomhaire de shaghas ar bith faoinár gcúram againn, tá an baol ann go ngoinfear daoine, ach caithfear bheith cúramach, mar sin féin. Ní féidir an focal scríofa a tharraingt siar.

Imíonn na daoine, ach fanann na focail.

Friday, June 16, 2017

Gaeilge agus an Ghaeltacht

Tá neart scríofa agam ar ábhair na Gaeilge agus na Gaeltachta cheana, mar shampla, tá Scéal Ghaeilge Bhocht anseo, scéal Gaeltacht Faoi Bhláth anseo, scéal Na Daoine Béarla anseo, Ceacht Le Foghlaim anseo; ach is é mo scéilín An Dáileadh 's An Dealú a rith liom, ar maidin, agus mé ag léamh na dtráchtanna, thall ar tuairisc.ie, faoin scéal 'An Ghaeltacht fágtha 'gan Roinn' den chéad uair ó 1956...' anseo

Anois, níl a fhios agamsa céard a dhéanfaidh Leo Varadkar (lena 'polasaí láidir Gaeilge') ná Joe McHugh ('an 'giolcaire is Gaelaí' ar Twitter') faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, ach is dóigh liom go mbeadh sé go deas dá dtabharfadh lucht labhartha/scríofa na Gaeilge inár measc, taobh istigh agus taobh amuigh dá nGaeltachtaí, deis don bheirt acu tabhairt faoin jab, sula dtosófar ag caitheamh anuas orthu.  

Tá sé ráite agam cheana, mar dhuine a tógadh le Béarla i gceantar Gaeltachta, gur ionann Gaeltacht, i mo thuairim, agus an áit sin ina labhraítear, agus ina mbaintear úsáid as, an Ghaeilge le meas, go laethúil, go nádúrtha agus go rialta. 

Gaeilge mo chéad rogha, mar theanga, anseo i gCeann Scríbe, agus is i nGaeilge amháin a labhraím le mo gharpháiste, ó rugadh é. Tá sé ina chónaí thar lear. Tá ár nGaeltacht fhéin eadrainn. 

Fágfaidh mé faoi Leo agus Joe é na Gaeltachtaí a aimsiú, agus a chothú, de réir mar is gá. Go n-éirí go geal leo! Beidh le feiceáil. 

Tuesday, August 26, 2014

Scaoil Amach an Buicéad...Ó!


Deis agaibh, a chairde na Gaeilge, tacaíocht a thabhairt don charthanas IMNDA abhus (téacs MND chuig 50300), nó don charthanas ALS thall (modh deonaithe anseo), mura miste libh.

Ar scáth a chéile, an dtuigeann sibh...

Wednesday, July 10, 2013

Nósanna na mBlagálaithe

Bhuel, an bhfuil sé déanta agaibh fós, a léitheoirí? 

An bhfuil bhur ngrianghraf tógtha agaibh, agus seolta agaibh chuig an dream thall i Nós, don chomórtas atá a reáchtáil acu? Níl le déanamh agaibh ach 'grianghraf suimiúil a ghlacadh díbh féin agus sibh ag léamh NÓS in áit ar leith' - simplí, nach bhfuil! 

An n-aithníonn sibh aon duine sa ghrianghraf thuas, grianghraf a tógadh taobh amuigh d'fhoirgneamh Oideas Gael, i nGleann Cholm Cille, aréir? 

Sea, sin, ahem, Mise Áine ar chlé, Karen (Íomhá an Lae) i lár báire, agus Réaltán (Turas Ailse) ar dheis; Mike (Cainteoir Doofus) a bhí taobh thiar den cheamara - blagálaithe muid uilig, ag baint suilt as an gcraic agus as an aimsir álainn i nGleann Cholm Cille inné. 

Agus, bhíomar ag léamh Nós, ar ndóigh! 


Cá mbeidh tusa ag léamh do cheannsa, a léitheoir? 

Tá agat go dtí an 16 Lúnasa le d'iarracht a sheoladh chucu thall i Nós, ag comortas@nosmag.com; nó do ghrianghraf a chur chucu ar Twitter, nó a chur ar an leathanach Facebook atá acu, mar a rinne mise. 

Tuilleadh eolais faoin gcomórtas le fáil anseo

Wednesday, May 8, 2013

Nua-Ealaín

Tá tús curtha le blag nua, Nua-Ealaín, (Ealaín in Éirinn), blag ar fiú súil a chaitheamh air, a léitheoirí, i mo thuairimse.

Is suíomh é ar a ndéanfar plé, trí mheán na Gaeilge, ar na hamharcealaíona comhaimseartha in Éirinn. Beidh agallaimh le healaíontóirí le feiceáil ar an suíomh, agus gheofar eolas ann faoi na taispeántais reatha, agus na cinn atá le teacht, is dócha.  

Is fiú dea-scéal a scaipeadh, a léitheoirí, agus bheadh sé go deas dá ndéanfadh sibh féin amhlaidh, agus an dea-scéal seo a scaipeadh, le bhur dtoil.

Tá siad le fáil ar Facebook, freisin. 

Is gearr go mbeidh an seoladh oifigiúil acu i nGaillimh. Go n-éirí go geal leo! 

Sunday, December 9, 2012

Leigheas ar Dhiúltachas

Fiú mura mbím ag scríobh ar mo bhlag go rialta na laethanta Nollag seo, léim na blaganna eile, aon deis a fhaighim, mar is fánach an áit a bhfaighfeá smaoineamh, i mo thuairim féin, gan trácht ar eolas.   

Chonaic mé go raibh Dennis agus a thráchtairí ag roinnt oideas nó dhó linn le déanaí, oidis nach raibh agam an mhí seo caite nuair a bhí mé tinn le fliú fánach, faraor, ach tá na moltaí uilig, a roinneadh ar an mblagmhír sin, breactha síos agam anois, ar fhaitíos na bhfaitíos go dtiocfadh aon fhrídín fliú eile i mo threo an séasúr seo. Míle buíochas, a fheara!

Pé scéal é, agus mé i mo shuí anseo ar an tolg ar maidin, ag smaoineamh ar mo bheannachtaí, rith sé liom gur iomaí frídín ag Dia, agus go bhfuil ceann nó dhó acu ar m’aithne féin i.e. na daoine sin a bhíonn diúltach an t-am ar fad i.e. na daoine sin nach bhfeiceann dearfacht in aon áit.

Tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfeiceann an duine diúltach dearfacht an tsaoil in aon chúinne dorcha, ná in aon scéal ná in aon scríbhinn, is cuma cén t-ádh atá air nó uirthi ina saol féin. Ídíonn an duine sin dearfacht an éisteora/léitheora, mar a bheadh súmaire ann, ag sú fhuil na dearfachta as cibé duine atá ina theannta.

Cibé scéal é, tá bealach faighte agam timpeall ar an bhfadhb/bhfrídín seo, agus táim chun m’oidis a roinnt libh, mar go bhfuil sé tugtha faoi deara agam go n-oibríonn sé, formhór an ama: mura bhfuil de rogha agat ach éisteacht leis an duine diúltach, sé sin le rá, mura bhfuil bealach éalaithe as a gcomhluadar agat, bhuel, a luaithe is a stopann siad ag caint, tosaigh tusa, a léitheoir, ag labhairt faoi nithe dearfacha an tsaoil.

Agus sibh á léamh seo, a léitheoirí, beidh cuid agaibh ag ceapadh nach n-oibreodh a leithéid de sheift go brách, ach oibríonn sé, mar nach maireann an duine diúltach gan diúltachas, agus is gearr go bhfágfaidh siad an áit nach bhfuil cluas na héisteachta diúltaí le fáil acu.

Roimhe sin, áfach, déanfaidh an diúlach diúltach chuile iarracht ar an scéal dearfach a dhéanamh diúltach, ach coinnigh tusa ort, a léitheoir, agus aimsigh ábhar dearfach áit éigin i do smaointe, agus cuir tríd an gcomhrá é, chuile sheans a fhaigheann tú. Fiú mura mbeidh ann ach ‘Is maith liom do gheansaí..,’ cuir tríd an gcomhrá é. Má leanann an diúltachas ar aghaidh, coinnigh tusa ort, a léitheoir, agus fiafraigh ‘Cár cheannaigh tú é..,’ nó ‘An maith leat milseáin..,’ – is cuma céard a déarfaidh tú, ach cuir stop leis an diúltachas, le do dhearfacht féin.

Maidin mhaith, a chairde, agus go n-éirí go geal libh!

Tuesday, October 16, 2012

Linn Sinn na mBlag


Lá Gníomhaíochta na mBlag inniu, (bhuel, inniu inné anois, feicim ón dáta thuas!) gan deis agam bheith chomh gníomhach san earnáil agus ba mhaith liom a bheith. 

Ach, sin é an saol, agus sin mar a bhíonn an saol in earnáil na mblaganna. 

Súil agam gur bhain sibh sult as an lá, a chomhbhlagálaithe! 

Blagáil Abú! 

Monday, September 3, 2012

Caillte sa Cheo

Dar leis an ríomhphost a fuair mé uaidh ar maidin, tá SeánÓ, ár gcomhbhlagálaí, beo beathach, ach tá sé, dar leis, ‘caillte sa cheo leictreonach’ - arís.

Tá Seán ag súil go mbeidh réiteach ar an bhfadhb 'i gceann lá nó dhó’ ach, san idirlinn, d’iarr sé orm sibh a chur ar an eolas, agus, ina fhocail féin arís, ‘an ndéarfá le muintir léite do bhlag nach bhfuil mé faoin gcré fós.’ Áthas orm é sin a chloisteáil, a SheáinÓ..:-)

Ar ndóigh, tharla an rud ceannann céanna domsa os cionn bliain go leith ó shin, mar is eol daoibh, am ar chaill mé mo bhlag, Mise Áine. Cé gur tháinig an blag sin ar ais ón gceo, faoi dheireadh, bhí an blag nua seo, Rámhaille, faoi lán seoil ag an am, agus d’fhan mé anseo.

Tá an seanbhlag fós ansin, agus is ann a fhanfaidh sé, díreach mar atá sé. Bhí sé i gceist agam é a iompórtáil chuig an mblag nua seo, ach nuair a bhrú mé ‘delete’ ar roinnt mhíreanna ar an seanbhlag coicís ó shin, sé’n chaoi ar rinneadh ‘upload’ orthu, feictear dom, agus fuair léitheoirí slám seanmhíreanna nach raibh siadsan ná mise ag súil leo. 

Tá aiféala orm faoi sin, a léitheoirí, ach ní ormsa a bhí an locht, chomh fada agus is eol dom. Ní féidir an teicneolaíocht a thrust, de réir dealraimh. As seo amach, beidh an blag Mise Áine ag fanacht mar atá sé, díomhaoin, agus beidh mise ag fanacht anseo, ag rámhaillíocht liom, mar is iondúil.

Agus, beidh SeánÓ ar ais linn go luath, tá súil agam.

Wednesday, August 22, 2012

Puipéad Stoca?

Nuair nach mbíonn daoine, fearacht mé féin, go hiomlán ar an eolas faoi chúrsaí ríomhaireachta ná faoi ghnóthadóireacht an idirlín, seans go dtarraingeodh focal cosúil le sockpuppet a n-aird ina threo.

Bhuel, tharraing sé m’airdse, pé scéal é, nuair a chonaic mé an focal luaite ag Willie O’Dea san Indo, ina alt faoi Chris Andrews.

Dar le Wikipedia, séard is sockpuppet ann ná ‘an online identity used for purposes of deception… ‘ agus ar fhaitíos go mbeadh aon bhlagálaí nó aon ghiolcaire amuigh ansin amhrasach faoina identity féin, deirtear ar an suíomh céanna sin,

A significant difference between the use of a pseudonym and the creation of a sockpuppet is that the sockpuppet poses as an independent third-party unaffiliated with the puppeteer.’

D’fhágfadh sé sin go mbeadh an sockpuppet Neamhspleách Ar Phuipéadóir, b'fhéidir? Féach napachán ar an líosta thíos, a léitheoirí.  

Ní fúmsa atá sé, sa mhír seo, lipéad a chur ar aon duine; níl uaim ach leagan Gaeilge den fhocal sockpuppet a aimsiú, más féidir é, ceann nach ionann é agus aistriúchán díreach, an dtuigeann sibh. Tháinig mé ar na focail seo a leanas, in Cén Sórt É nó ar an suíomh Is Iomaí Duine ag Dia:

Napachán – (Duine anásta dallintinneach; Duine ráscánta maolaigeanta; Leanbh gan chaill) CSÉ (lumpish, witless person) IIDaD

Cealgaire -  (duine glic lúbach, duine a chuirfeadh amú thú d’aon turas; duine fimíneach) CSÉ (guileful person, beguiler, deceiver) IIDaD

Faladhúdaí - (stealthy person, thief, deceiver) IIDaD

Gliúcálaí-  (Rógaire, duine cealgach) CSÉ (Gliúcálaidhe ar IIDaD)

Saofóir - (perverter, deceiver) IIDaD (Duine a chuirfeadh duine nó ní as a cheart; duine cealgach; duine a bheadh ag breabadh nó ar cur cathú) CSÉ

Láimhsitheoir - (Duine a bheadh ag ionramháil) CSÉ (manipulator, grappler) IIDaD

Beartaí – Duine a bheadh ag pleanáil; duine a bheadh ag bagairt; duine a bheadh ag pleanáil go cliste) CSÉ

Líonláimhsitheoir? Gliúcálaí Gréasáin? Saofóir Suímh? Faladhúdaí Idirlín? Láimhsitheoir Láithreáin? Cealgaire Caismirteach? 

Caochadán, b’fhéidir? Napachán, b’fhéidir? Bhur mbarúil féin?

Tuesday, August 14, 2012

Cén Sórt É?

Blagaire:              Duine maíteach
                           Maíteach: boastful, begrudging, envious.

Giolcaire:             Duine a bheadh ag giolcadh nó ag cabaireacht
                           Cabaireacht: babbling, chin-wagging, loquacity.

Gnúiséara:            Duine milleánach doshásta.
                            Milleánach: fault finding. Doshásta: hard to
                                      please.

Mo bhuíochas don leabhar Cén Sórt É, le Tomás Ó Fiacháin, as na hainmneacha sin thuas a chur ar fáil dom.

Agus iad á roinnt agam libh anseo, a léitheoirí, ní hé sin le rá go gceapaim go bhfuil baint acu le daoine a scríobhann ar Blogger, ar Twitter ná ar Facebook, ach chonaic mé iad agus, bhuel, cheap mé gurbh fhiú iad a roinnt, gan fáth gan ábhar.

Ar an, ahem, ábhar sin, cuireann sé iontas orm, go minic, na nithe a roinneann daoine ar shuíomhanna meán sóisialta. Léigh mé alt san Indo inné agus, más fíor, thug duine amháin ‘f***ing c***’ ar dhuine eile, agus bhagair an duine eile sin, más fíor, agra i leith clúmhillte a dhéanamh i gcoinne na mná a scríobh na focail dhána faoi ar Twitter.  

Anois, níl mise ag dul ag cur mo ladar i scéal nach mbaineann liom, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh, ach rith an smaoineamh liom go mbeadh sé an-deacair clúmhilleadh a chruthú mura mbeadh duine iomlán cinnte céard is ‘f***ing c***’ ann.

Roinnfinn an míniú libh anseo, a léitheoirí, ach níor éirigh liom é a aimsiú sa leabhar Cén Sórt É? 

Wednesday, July 25, 2012

An Focal Fánach


Feicim go bhfuil blag nua ag SeánO, An Focal Fánach; an fhadhb chéanna aigesean agus a bhí agam féin anuraidh, shílfeá.

Guím gach rath ar an mblag nua, agus áthas orm a chloisteáil go mbeidh SeánO ar ais linn, i gceann coicíse, nuair a bheas a chuid fámaireachta agus a chuid ceiliúrtha sa tSeapáin déanta aige.

Friday, June 15, 2012

Carnán ag Fás

Agus mé i nGaillimh an tseachtain seo caite, thit mé, ahem, de thimpiste, isteach i siopa leabhar Charlie Byrne. Bím ag titim mar sin, go minic, mar is eol do léitheoirí rialta na mblaganna.

Trí leabhar réchaite a cheannaigh mé, an geábh seo: péire acu a bhaineann le filíocht (€8), agus an tríú ceann, The Story Behind the Word, le Morton S. Freeman (€4); leabhar é sin a mheall an focalghráthóir seo mar, dar leis an mbrollach, go bhfuil sé ag ‘exploring the often romantic forebears and mysterious roots of words we take for granted and use – or misuse – every day.’ Tuilleadh uaim as an leabhar sin amach anseo.

An tseachtain seo, tháinig trí leabhar eile chugam as Meiriceá: bronntanas ó mo mháthair do mo lá breithe, tar éis domsa, ahem, neart leideanna a fhágáil le mo dheirfiúracha thall. Baineann leabhar amháin acu le filíocht, agus péire le gearrscéalta.

Pé scéal é, chinn mé ceann de na gearrscéalta a léamh aréir, as an leabhar Short Story Masterpieces: 35 Classic American and British Stories from the first half of the 20th century.

Baineadh gáire nó dhó asam agus mé ag léamh an scéil ‘Innocence’ ach, arsa mé féin liom féin, agus mé ag gáire liom, cén fáth gearrscéal leis an údar, An tUasal Seán Ó Faoláin, istigh i leabhar le 35 Classic American and British Stories, meas tú, fiú más Short Story Masterpiece féin é?

Tuesday, May 29, 2012

Floccinaucinihilipilification

Is a bhuí le Róislín a tháinig mé ar an bhfocal iontach sin thuas ar maidin.

Ghlaoigh mé ar an nGarraíodóir, fear nach bhfuil róshásta le polaiteoir nó dhó, na laethanta seo.  

I have a great new word for you,’ arsa mé féin.

Thaispeáin mé an focal nua-aimsithe dó in dictionary.com, áit a bhfuil cnaipe in aice an fhocail, le go mbeidh duine in ann fuaimniú an fhocail a chloisteáil.

Bain sult agus úsáid as, a léitheoir, má fheileann sé do do chás.  

Saturday, October 8, 2011

Focail Liom Focail Leat

Tharla sé go raibh mé ag léamh bhlagmhíreanna mo chomhbhlagálaithe ar maidin agus thug mé suntas don nath caidhp-báis ar bhlag Sheáin, agus don fhocal gráscar ar bhlag An Scolaire Scartha.

Rith sé liom gur dóigh gur ón nath caidhp-báis a tháinig an focal Béarla kibosh. Tá a thuairimí féin á roinnt ag Michael Quinion ar World Wide Words faoin leagan Béarla sin, mar atá ar Wikipedia, áit ina bhfuil sé ar an ‘List of English words of Irish origin’ acu,

‘…Other sources, suggest that it may be from the Irish an chaip bháis meaning "the cap of death" (a reference to the "black cap" worn by a judge passing sentence of capital punishment...)…

Cé nach bhfuil a fhios agam an bhfuil baint ar bith aige leis an scéal, is fiú breathnú ar an bhfocal caí ar eDil, ó tharla gur tháinig mé air, mar fhocal, agus mé ag útamáil thart ar thóir na bhfocal cie báis, atá luaite san alt sin ar World Wide Words.

Níl mórán le rá agam faoin bhfocal gráscar ach gur thug mé faoi deara gur fheil an dá fhocal ann, grá+scar, d’fhocal ag a bhfuil an leagan Béarla disorderly mob, ó tharla, dar liom féin, go mbeadh an grá scartha go maith óna leithéid de mob!
 

Monday, July 18, 2011

Cara na Cumarsáide

Ó am go chéile, léim, agus tá léite agam anseo ar an mblagsféar, in Gaelscéal, agus sna meáin trí chéile, tráchtaireachtaí éagsúla faoi labhairt na Gaeilge, agus faoi Ghaeltachtaí.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bíonn sórt bróin orm nuair a léim go bhfuil teorainneacha fós tógtha, agus fós á dtógáil, ag daoine. Osna. Pé scéal é, más fiú a dhath iad, agus mura bhfuil sibh féin tinn tuirseach ag léamh faoin gcraic, seo scéilín agus tuairim uaimse, a chairde.

Anois is arís, téim chun dinnéir le triúr ban; Sasanach, Albanach agus Breatnach, mná ar cairde liom iad. Béarla an teanga coitianta againn. Is de bhunadh na hAlban í an bhean is sine den chomhluadar, agus bím de shíor á ceistiú faoi na gnáthnathanna cainte suimiúla a thagann, go nádúrtha, as a béal:

‘What do you mean by ‘the north wind’ was in your hair? agus
‘What did you mean when you said ‘I’m not haning it?’, mar shampla.

Ní hé nach bhfuil Béarla agam, an dtuigeann sibh, ach níl saibhreas a Béarlasa agam, ó tharla nár tógadh in Albain mé, an áit ónar chuala sise a nathanna cainte dúchasacha, agus í ag fás aníos.

Go deimhin, is minic go gcuireann sise agus na mná eile ceisteanna ormsa faoi mo nathanna cainte dúchasacha féin, na cinn a thagann go nádúrtha as mo bhéalsa. Tá mo shaibhreas cainte féin agam, is dócha, nathanna agamsa nár chuala siadsan cheana, agus thuigfeá sin, ó tharla nár tógadh sna ceantair chéanna muid.   

Nuair a casadh an Sasanach orm, an chéad uair riamh, níor thuig mé focal as a béal, ná níor thuig sise focal as mo bhéalsa. Ní hé nach raibh Béarla againn, an dtuigeann sibh, ach níorbh ionann ár gcanúintí, agus bhí deacrachtaí tuisceana eadrainn, go dtí gur thángamar i dtaithí ar ár gcanúintí éagsúla.

Maidir leis an mBreatnach, níl oiread na fríde de chanúint a háite dúchasaí le brath ar a cuid cainte. Níl a fhios agam an dtabharfá ‘cruinneas cainte’ ar a cuid cainte, nó an dtabharfá ‘Béarla caighdeánach’ ar a leithéid, ach ní dóigh liom go mbeadh deacracht ag Béarlóir ar bith í a thuiscint, mar go bhfuil gach uile fhocal uaithi soiléir, agus cruinn beacht ó thaobh na foghraíochta caighdeánaí de, mar shampla.  

Ní miste liom cé hiad, nó cá háit, ach nuair a thosaíonn duine ag labhairt i nGaeilge liomsa, sin mo Ghaeltacht. Is cuma liom faoi líofacht nó faoi chaighdeán nó faoi chanúint; níl uaim ach go mbeadh cumarsáid thaitneamhach eadrainn, agus go mbeadh muid ag foghlaim óna chéile, le meas agus le foighne, nuair a bhíonn ár dteanga dhúchais á labhairt againn.

Ná lagaítear meas agus foighne cairde na cumarsáide, cibé teanga atá á labhairt acu, agus gura fada uainn na teorainneacha tuirsiúla loiteacha stairiúla.