Showing posts with label cumha. Show all posts
Showing posts with label cumha. Show all posts

Monday, April 13, 2020

Smaointe Ag Rith

Ní mar a chéile aon duine againn. 

Nuair a léim cuid de na tráchtanna a fheicim ar na meáin shóisialta, ar nós Facebook agus Twitter, mar shampla, cuireann sé iontas orm go bhfuil daoine ann a leagann méar ar mhéarchlár le trácht nó tuairim éigin a roinnt, go poiblí, amhail is nach dtuigeann siad, nó amhail is gur cuma leo, gur trácht poiblí atá ann.  

Léitear an trácht go forleathan, agus téann sé i bhfeidhm ar dhaoine, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Sin é an saol sna meáin shóisialta sin. Caithfear a bheith cúramach, cheapfainn. 

Tá chuile sheans ann nach gceapann na tráchtairí céanna go bhfuil drochmhúineadh ná drochmheas ag baint lena dtrácht, mar baineann a dtuairimí lena ndúchas féin, agus ní miste leo iad a roinnt, go fial fairsing, agus go poiblí, bíodh siad ceart nó mícheart. Ar an taobh eile den scéal, b'fhéidir gur 'meas' agus 'múineadh' atá i gceist ag an scríbhneoir lena thrácht, i ngan fhios don léitheoir. 

An fhadhb atá ann, ar an drochuair, ná gur féidir le trácht fánach míchúramach dochar a dhéanamh don duine atá goilliúnach, nó ag streachailt leis an saol, abair. Tá a ndúchas, agus a dtuairimí, féin ag na daoine goilliúnacha sin, dar ndóigh. Mar a scríobh mé, ag tús na blagmhíre, ní mar a chéile aon duine againn. 

Bíonn gach dearóil íogair, is dócha, nuair a bhriseann an dúchas trí shúile an tráchtaire. Cibé scéal é, bhí smaointe eile ag rith liom, inné, ó tharla mo mhacnamh á dhéanamh agam ar na meáin shóisialta sin. 

Ó thosaigh an coróinvíreas ar a thuras domhanda, tá na mílte is na mílte duine maraithe aige, agus tá an víreas lofa marfach sin fós ag taisteal ar fud an domhain, ag scriosadh roimhe; bailte, tíortha agus cine faoina scáil, faraor. 

Caithfidh muid a bheith cúramach, agus caithfear cloí leis na srianta a mholtar, sé sin, srian a chur le haon teagmháil shóisialta a chuirfeadh do bheatha, nó beatha aon duine eile, i mbaol. 

Sin tús agus deireadh an scéil. 

Friday, September 23, 2016

Máire Ní Thuathail

Bean uasal a bhí i Máire Ní Thuathail, bean a thaitin go mór liom. Bhí a fhios agam go raibh sí tinn ach, mar sin féin, baineadh siar asam nuair a d'imigh sí uainn, an tseachtain seo. 

Murach í, ní bheinn ag blagáil. Thug sí comhairle agus treoir domsa, nuair a theastaigh a leithéidí uaim. Bhí sí cineálta, cairdiúil agus cuidiúil, agus bhí a croí istigh ina teanga dhúchais. 

Seo mo dhán, Síol, dán a scríobh mé in omós do Mháire, bean a chaith a saol in earnáil na Gaeilge (mar is eol dár nUachtarán féin, Micheál D. Ó hUiginn), agus bean a chaith go leor ama ina garraí i Seanadh Gharráin ar an Spidéal, garraí as ar tháinig na glasraí agus torthaí is deise riamh. 

Síol

Chuir tú síol
i ngarraí an tsaoil.

Scaip tú
dóchas sa dorchadas
gile sa gceo.

Thug tú
beatha don teanga
saoirse don dúchas.

Chothaigh tú
muinín agus misneach
meas agus muintearas.

Bhain tú
Fómhar fairsing
toradh do chuid oibre.

Las tú lóchrann an bhealaigh do chách 
le do loinnir a mhairfeas go brách.

Ceiliúradh ar shaol Mháire, amárach, 24ú, sa Connemara Coast Hotel ar Na Forbacha, ag 4:00 i.n. 

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn. Aireoidh mé uaim í.