Go
deimhin, ní bhuaireann m’aois mo chloigeann na laethanta seo ach an oiread,
ach, mar sin féin, bhain sé geit asam, ar maidin, nuair a léigh mé gur gearr uaim an
tseanaois - i gceann cúpla mí, mar a tharlaíonn sé, a léitheoirí - más fíor an
méid a léigh mé anseo.
Sea, is
gearr go mbeidh sé 55 bliain ó rugadh mé agus, más fíor an méid a cheapann daoine sa
suirbhé sin thuas, tá cath na haoise caillte agam. Sea, táim ársa ainriochtach,
ceann creathach, cnagtha leis an aois, ag titim as mo chéile; cnoc na haoise
dreaptha agam, agus mé ar mo bhealach anuas, le luas.
Aiféala
orm nár chuir mé sibh ar an eolas faoin méid sin ní ba luaithe, a léitheoirí,
ach, bhuel, níor rith sé liom, an dtuigeann sibh, mar nach raibh a fhios agam gur
amhlaidh atáim.
Ó tharla
mé róthugtha don Gharraíodóir le bheith i mo Chougar, gabhaigí mo leithscéal, a
chairde, ach caithfidh mé imeacht anois, agus zimmer frame a cheannacht dom
féin.
Beidh mé ar ais libh gan mhoill de réir a chéile…