Showing posts with label dóchas. Show all posts
Showing posts with label dóchas. Show all posts

Friday, October 23, 2020

Na Dátaí Sin

Thug mé suntas dó, inné, nuair a bhí mé i mbun siopadóireachta in ollmhargadh áitiúil, go bhfuil sé de nós agam súil ghéar a choinneáil ar an 'dáta ar fearr roimhe' nó ar an 'dáta dulta ó mhaith' atá scríofa ar na táirgí éagsúla, sula gceannaím iad. 

Is ceist sách achrannach iad na dátaí céanna, muise, agus, dá bhrí sin, cloím leis an dáta is úire, nó leis an dáta is faide anonn, a dhéanann ciall domsa, mar thomhaltóir. Mé fhéin a bheas thíos leis má thógaim an ceann mícheart; mise a bheas tinn, má dhéanaim neamhaird iomlán de mholtaí na saineolaithe bia, nó, níos measa fós, d'fhéadfadh duine éigin eile a bheith go dona tinn, dá dtabharfainn an táirge lofa abhaile chucusan. 

Ní féidir an fhreagracht uilig a fhágáil le foireann an tsiopa (ní bhíonn siadsan, ná saoi, gan locht), caithfimid cuid den chúram a ghabháil orainn fhéin, freisin, shílfeá. 

Rith an smaoineamh liom, ar maidin, nach bhfuil fiú saineolaithe an domhain ar ghalair neamhchoitianta in ann dátaí cinnte a thabhairt dúinn maidir le dáta éaga an choróinvíris. Dá bhrí sin, caithfear a bheith cúramach, gan an fhreagracht uilig a fhágáil le rialtais ná le saineolaithe, ach ár gcuid a dhéanamh le haire a thabhairt dúinn fhéin agus do dhaoine eile. 

Tá dáta úr faighte againn, cé nach bhfuil an dáta is faide anonn ar eolas ag éinne againn, fós. 

Go bhfága muid fhéin ár sláinte againn.  

Thursday, December 31, 2015

Bliain Nua Eile

Is gearr uainn í, a léitheoirí...bliain úr eile. 

Ach, tá a fhios agam go bhfuil a fhios agaibh féin an méid sin...tá sibh cliste, agus ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú in bhur saol féin, agus sa saol i gcoitinne, bail ó bhur ndéithe oraibh; mar sin ní gá domsa labhairt anseo faoin mbliain a chuaigh thart, ná faoin mbliain atá le teacht. 

Tá 'súil siar' nó dhó le léamh ar tuairisc.ie, ach más mian libh súil in athuair a chaitheamh ar mo rámhaillí féin, tá giotaí scríofa agam, roimhe seo, faoi rúin na bliana nua, anseo agus anseo; nath cainte nó dhó a rith liom faoin am seo den bhliain le léamh anseo, agus mo smaointe, ón am seo anuraidh, le léamh anseo

Ar aon nós, cibé rud a dhéanfaidh sibh sa bhliain nua, a léitheoirí, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an taithí. Níl againn ach seal...go raibh sé faoi mhaise daoibh an bhliain úr seo chugainn, a chairde. 

Wednesday, December 31, 2014

Stuaimrún

Níl céim chun cinn sa gcos i dtaca.

Sometimes, a step back, a step away, is a step forward. 

Sin thuas na smaointe/nuafhocail a rith liom ar maidin, agus mé ag tabhairt chun cuimhne eachtraí na bliana seo, thall is abhus, is ar fud na cruinne. 

Tá bliain nua eile romhainn anois; tá 2015 ag cnagadh ar dhoras 2014, agus táimid ar thairseach ré nua shíochánta, tá súil agam. Caithfear a bheith dóchasach, agus is fearr a bheith dearfach. Sin mo rún féin, pé scéal é. 

Maidir le beartais eile na bliana nua, seo chugaibh na rúin is coitianta Oíche na Seanbhliana, deirtear.  

Cibé rún atá agat féin don bhliain úr, a léitheoir, tá súil agam go mbeidh suaimhneas agus sonas romhat ar chosán na bliana nua; go léime tú, gan stró, thar aon chonstaic nó aon bhac a bheas sa mbealach ort.  Níl le déanamh, b'fhéidir, ach an chos i dtaca a sheachaint. 

Go n-éirí an bóthar leat! 

Tuesday, August 26, 2014

Scaoil Amach an Buicéad...Ó!


Deis agaibh, a chairde na Gaeilge, tacaíocht a thabhairt don charthanas IMNDA abhus (téacs MND chuig 50300), nó don charthanas ALS thall (modh deonaithe anseo), mura miste libh.

Ar scáth a chéile, an dtuigeann sibh...

Wednesday, October 30, 2013

As an Dorchadas

Tugtar depression air i mBéarla. I nGaeilge, tá galar dubhach, ísle brí, dúlagar, lionn dubh, lagar spioraid, srl., feicthe agus cloiste agam. Cibé ainm atá agat féin air, tá sé ann, go forleathan, agus, faraor géar, go minic cuirtear é i bhfolach.

Aréir, chuala mé Conor Cusack ag labhairt ar Prime Time agus b'fhiú duit, a léitheoir, an méid a bhí le rá aige faoina 'chara' a chloisteáil anseo (42.48). 

Mura bhfuil deis agat éisteacht leis ansin, tá deis agat a scéal a léamh ar a bhlag, In Your Mindanseo, i mblagmhír dar teideal Depression is a friend, not my enemy

Mar dhuine a shiúil as an dorchadas mé féin, molaim Conor go hard na spéire as a scéal a roinnt linn, agus tá súil agam go gcuideoidh a ionracas leo siúd atá ag streachailt leis an saol; go dtuigfidh siad go bhfuil bealach amach as an dorchadas

Aontaím le Conor. Ina fhocail féin, 

'There is no situation that is without hope, there is no person that can't overcome their present difficulties. For those that are suffering silently, there is help out there and you are definitely not alone.' 

Áiméan, a chara. 


Sunday, July 21, 2013

Clóite nó Cloíte


Seanfhocail, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, le ceannteidil ón leabhar i gcló dubh:

Onóir

Ní íseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal.

Ceird

Seal go maith is seal go dona. (Sochar is dochar na ceirde.)

Saol

Níl sa saol ach ceo, is ní mhaireann an ceo ach seal. 


Meas tú céard atá á rá ag Sióg s'againne? Is é an dóchas lia gach anró, b'fhéidir? Má mheathann ceann tiocfaidh ceann, b'fhéidir?

Ar ndóigh, b'fhéidir gur ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán! 

Sunday, March 17, 2013

Glaoch An Uachtaráin

Beidh Glaoch an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigín, le cloisteáil go luath, a léitheoirí, anseo nó anseo.  

Tá na sonraí uilig le léamh anseo, ach, le go mbeidh sibh ar an eolas, seo mar a bheidh sé ag tarlú inniu: thall i Nua Eabhrach ag 4.30pm, agus in Éirinn ag 9.30pm. 

Wednesday, March 13, 2013

Misneach na Maidine

Uaigneach

Dóchasach

Fuinniúil

Más rud go dteastaíonn spreagadh uait ar maidin, a chara, is fiú go mór uimhir 6 anseo a léamh. Go n-éirí go geal leat!

Sunday, February 17, 2013

Focail Féilire

Ní thréigeann dóchas tusa, tusa a thréigeann dóchas.  

Hope never abandons you, you abandon it.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, George Weinberg

Ar fhaitíos tuilleadh dóchais uaibh, a léitheoirí, seo chugaibh roinnt seanfhocal, faoin gceannteideal ‘Dóchas,’ as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is é an dóchas lia gach anró.

Ní séideann gaoth as aer, nach dtéann sí i seol duine eicínt.

Thar éis gaoithe, tagann ciúntas.

Níor bádh ariamh a leath dá raibh i gcontúirt.  

Níl cath dá mhéid, nach síocháin a dheireadh.

Is é lár do leasa an uair is measa leat.

Nuair is mó an cruachás is ea is mó an cuidiú.

Béarfaidh bó eicínt lao eicínt, lá eicínt.

Is annamh a thig trá gan lánteacht mara ina dhiaidh.

Tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne. 

Friday, October 12, 2012

Trí Chéile

Níl a fhios agam an bhfaca aon duine agaibh an físeán seo, a léitheoirí – beirt chailíní, áit éigin i gCorcaigh, más fíor, agus iad ag cíoradh a chéile; ag troid lena chéile, mar a bheadh ainmhithe in adharca a chéile – ach chuir sé an-trí chéile orm ar maidin.

Níl a fhios agam cé hiad féin, ná fáth an chomhraic. Níl ar eolas agam faoin eachtra ach an méid a léigh mé faoi anseo ar maidin, ach chonaic mé an comhrac ar an bhfíseán úd thuasluaite, agus sin mo dhóthain.

Níl a fhios agam cén rud is mó a ghoill orm: an gáire ón lucht féachana, an ‘hit her!...hit her!’ ón lucht féachana, an ‘punch her!…pull her hair!..’ ón lucht féachana, an ‘I can’t see…’ ón lucht féachana, an ‘This is getting boring…’ ó dhuine den lucht féachana, na daoine a bhí i mbun taifeadta ar na fóin pócaí; nó an í aois an-óg na dtrodaithe agus an lucht féachana is mó a ghoill orm?
 
Níl a fhios agam cé acu, ach tá a fhios agam gur thiontaigh an físeán sin mo ghoile, agus gur ísligh sé mo mheanma nuair a chonaic mé é ar maidin. 

Thursday, June 21, 2012

Míorúilt!

Sea, a léitheoirí, tharla an mhíorúilt ar maidin.

Ní raibh súil ar bith agam leis, ach chuala mé le mo chluasa féin na focail ag teacht chugam ó áit éigin i bhfad i gcéin, focail nár chuala mé riamh roimhe, focail nach raibh mé ag súil go gcloisfinn, go brách, ó aon bhanc lochtach,

‘We apologise. We made a mistake. It should not have happened.

Sin leagan gairid de chomhrá a mhair 40 nóiméad ar maidin, iadsan ag glaoch ormsa, an geábh seo; iad iontach deas liom ar an bhfón, caithfidh mé a rá, fiú agus iad do mo chur ó rannóg amháin go rannóg eile, arís eile.  

Ach, creid é nó ná creid, seachas cárta nua bheith ar an mbealach chugam, agus geallúint uatha go bhfuil na sonraí cearta san áit cheart anois, agus go gcuirfear mise ar an eolas faoi gach ‘stop’ láithreach bonn as seo amach, beidh £30 ag dul isteach i mo chuntas, mar chúiteamh ar mo chaillteanas ama, is dócha.  

Tá a fhios agam nach mórán é, a chairde, ach aiféala agus cúiteamh ó bhanc ar bith sa lá atá inniu ann - bhuel, sin míorúilt!

Monday, May 14, 2012

Dóchas


Bhí an ghrian mar chompánach agam agus mé ag siúl timpeall ar Eanach Mheáin agus ar Bhéal an Daingin maidin inné, ach ó tharla an bháisteach dár mbeannú go flúirseach anseo i mBun Cranncha ar maidin, rith sé liom go mb’fhéidir go dteastódh spreagadh dóchais sa bhreis ó dhuine ar lá mar seo.

Chun an aidhm sin a bhaint amach, fuair mé na seanfhocail dhóchasacha seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; le muid a choinneáil ag imeacht, a léitheoirí, go dtiocfaidh an ghrian ar ais, an dtuigeann sibh:

‘Tuar an mhaith is gheobhaidh tú í, tuar an t-olc is gheobhaidh tú é.’

‘Beidh lá fós a mbeidh Seán ina léine.’ (Séan s’againne?)

‘Bíonn luibh nó leigheas in aghaidh gach galair.’

‘Is annamh a thig trá gan lánteacht mara ina dhiaidh.’

‘Is beag an tslat nach bhfásann craobh uirthi.’

‘Is é dóchas lia gach anró.’

‘Is maith an nuaíocht a bheith gan drochnuaíocht.’

‘Ní daortha go breith an bhreithimh.’

‘Níl anfa nach n-íslíonn.’

‘Níor baineadh tada as an lá amáireach fós.’

Agus, an ceann is fearr liom féin:

‘Ar nós an tobair ghlé thrí chroí na leice, brúchtann an dóchas thrí chroí an duine.’

Saturday, September 24, 2011

Grá -v- Drúis

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Allan Pease ag labhairt le Kathryn Thomas ar an John Murray Show Dé Máirt seo caite (15.00-30.00), agus bhí go leor nithe suimiúla á rá aige. Seo thíos, más buan mo thuiscint, an méid a dúirt sé faoin difríocht atá ann idir na mothúcháin sin, drúis agus grá.  

Abair, mar shampla, nach bhfuil ach bliain iomlán, nó níos lú, caite agat le do pháirtí fós, tá seans ann go m’fhéidir nach bhfuil tú ‘craiceáilte i ngrá’ leis nó léi ar chor ar bith; nach bhfuil ann ach go bhfuil an hormón ceimiceach - an hormón sin a mheall sibh i dtreo a chéile an chéad uair, agus a mhaireann dhá mhí dhéag, nó mar sin - tá seans ann go bhfuil an hormón sin fós ag feidhmiú ar d’inchinn, agus go bhféadfá dúiseacht maidin éigin, le geit, agus gan tú i ngrá in aon chor le do pháirtí!

Go sábháiltear sinn, a léitheoirí, ach níor mhaith liom go dtarlódh a leithéid d’aon duine agaibhse, go gcuirfeadh sibh bliain iomlán amú go drúisiúil, mar nár thuig sibh an difríocht idir ghrá agus drúis, abair, mar sin táim ag dul ag roinnt libhse an moladh a roinn Allan Pease ar an raidió, le go mbeidh a fhios agaibh, roimh ré, an dóigh le páirtí feiliúnach fadtéarmach a roghnú, más fíor...

...déan liosta de na tréithe fisiciúla sin ba mhaith leat a fheiceáil i do pháirtí, mar shampla, dath gruaige, airde, dath súile srl., is dócha, agus, ansin, déan liosta de na bunluachanna a thaitneodh leat i do pháirtí. 

Le do liosta scríofa agat, imigh leat agus déan do ghnóthaí laethúla, mar is iondúil leat, agus, lá breá éigin, gan súil ar bith agat leis, tá seans ann go dtabharfaidh tú do pháirtí feiliúnach faoi deara, áit éigin. 

Tá sé chomh simplí sin, a chairde. Ceapaim. 

Monday, September 19, 2011

Míreanna Meara

Cé go raibh daoine ann a cheap go mbeadh an bua ag Ciarraí, bhí sé soiléir ó thús an chluiche, cheap mé féin, go raibh Baile Átha Cliath ní ba láidre, nó, b’fhéidir, ní ba thiomanta ar an lá. Pé scéal é, bhí an bua ag Baile Átha Cliath, agus tréaslaím leis an bhfoireann, agus lena lucht taca.

Agus, más rud nach raibh tú in ann do shúile a bhaint de scáileán na teilifíse nuair a bhí greadadh breá Gaelach á thabhairt d’fhoireann rugbaí na hAstráile, tuigim do chás, a léitheoir. Chuir sé ríméad orm ag breathnú ar na leaids, agus is dóigh liom nach mé an t-aon duine amháin a mhothaigh mar sin Dé Sathairn.

Ach, tá Gael láidir cróga eile i mo smaointe le lá nó dhó, agus sin í Meadhbh McGivern. Go n-éirí go geal léi, agus í ag teacht chuici féin óna hobráid mhór. Go dtaga sí abhaile, slán sláintiúil, go luath. 

Thursday, June 30, 2011

Preabshiopa Filíochta

Léigh mé faoin bpreabshiopa filíochta seo in Indo an Domhnaigh – an dara mír ón deireadh ar an leathanach seo, faoin teideal ‘Soul Burgers launches poetry contest’.

Mo chuimhne, is fiú go mór mír Róislín, ar an bhfocal sin ‘preab’, a léamh anseo, an triú mír ón deireadh, agus téigh chuig an suíomh faoin ‘preabmhúnlann’ a luaigh sí. Tá an nasc chuig an suíomh ar bhlag sin Róislín. Suimiúil, mar is iondúil léi.

Pé scéal é, tá an preabshiopa suite ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath, agus is féidir leat giota a scríobh ar an mballa ansin, más ann duit, agus, is dóigh liom, é a scríobh as Gaeilge, más mian leat.

Ar aon nós, tá comórtas filíochta, Hope In Verse, á reáchtáil ag Christina Reihill i láthair na huaire, agus tá agaibh go dtí an 6 Iúil bhur n-iarratais a sheoladh isteach anseo, uasmhéid de 40 focal, agus caithfidh an focal ‘can’ a bheith ann, más buan mo thuiscint. Tá na sonraí uilig le fáil ar an suíomh, agus cuid eile ar leathanach an Indo.

Más rud go bhfuil fonn oraibh leagan Gaeilge a sheoladh chucu, agus ní fhaca mé é scríofa in aon áit nach féidir é sin a dhéanamh, fágfaidh mé fúibh féin é cén chaoi a gcuirfidh sibh an focal sin ‘can’ isteach ann!

Monday, June 20, 2011

Faoi Lánseol!

D’fhán mé i mo shuí, ag breathnú air, cé nár thuig mé, go hiomlán, céard a bhí ag dul ar aghaidh. Má chuir mé ceist amháin, chuir mé céad ceist. Bhí An Garraíodóir foighneach. D’fhreagair sé na ceisteanna, ceann i ndiaidh a chéile.

Ach, níor bhain sé a shúile den teilifís.  Bhí corr ‘Yaboyya!’ i lár na bhfreagraí, mar aon le ‘He has it!’ agus ‘There’s no stopping him now!’ Bhí an ceart aige.

Cé nach bhfuil leid dá laghad agam faoin gcluiche, tá a fhios agam go raibh mé i mo shuí sa seomra suite aréir, ag foghlaim faoi chluiche nach dtuigim, ag breathnú ar fhear óg uasal ag treabhadh leis, gan stró, shílfeá, agus tá a fhios agam gur mhothaigh mé iontach bródúil as an Éireannach a thug leis trófaí an U.S.Open aréir. 

Nár laga do swing go deo, a Rory McIlroy! 

Thursday, March 10, 2011

Féile ina Chroí, Mise ag Guí.

Tá Mark Boylan 13 bliana d’aois, agus chuir sé féile i mo chroí féin, ar maidin, am a chuala mé é ag labhairt ar The John Murray Show.

Scríobh sé a amhrán ‘The Festival’ ina sheomra leapa cúpla seachtain ó shin. Is amhrán é a d’eascair as an ngrá atá aige do chapaill, ach ní hé sin amháin a tharraing m’aird ina threo ar maidin, ach focail dhóchasacha an leaid é féin, agus é ag labhairt faoin ngrá sin.

Mo ghuí ar maidin? Go raibh todhchaí na tíre i lámha a leithéidí Mark, agus go raibh a spiorad dóchasach beo folláin in aireacha nua na tíre seo. Éistigí le focail an amhráin, agus tuigfidh sibh mo ghuí, a léitheoirí.

Más mian libh cuidiú leis an gcarthanacht 'the Injured Jockeys fund', mar ba mhian le Mark, is féidir é sin a dhéanamh anseo. Is féidir an t-amhrán a íoslódáil anseo.