Showing posts with label . Show all posts
Showing posts with label . Show all posts

Thursday, May 19, 2011

Ach Céard Í An Fhadhb?

Bhí mé i nDoire inniu, san Foyleside Shopping Centre, áit ar phioc mé suas pacáiste ó sheastán ann, pacáiste ina raibh nithe éagsúla a bhaineann leis an bhfeachtas seo, Seachtain um Chaidreamh Pobail 2011.


Pé scéal é, istigh sa phacáiste, bhí an balún thuas. Nuair a chonaic mé na focail a bhí scríofa air, smaoinigh mé ar an mBanríon Eilís II, agus ar ár nUachtarán uasal féin, Máire Mhic Ghiolla Íosa.

Ansin, thóg mé amach an mála thuas, agus smaoinigh mé ar na daoine sin a chuir fáilte roimh an mbanríon chuig an tír seo, agus smaoinigh mé, freisin, orthu siúd nár chuir fáilte roimpi.  
Thóg mé amach an máilín milseán thuas. Nuair a léigh mé na focail a bhí scríofa air, smaoinigh mé ar na daoine sin a thugann dúshlán ciníochais agus seicteachais, na daoine sin atá de shíor ag obair ar mhaithe le síocháin agus ar son tuisceana, agus ghuigh mé rath a gCé orthu uilig.   

Monday, April 25, 2011

Gnáthfhuaimeanna Tí

Mar atá ráite agam, cheana, is aoibhinn liom nuair a bhíonn cuairteoirí agam sa teach, mar atá i láthair na huaire.

Ar maidin, gan duine ná deoraí ina suí ach mé féin, thug mé faoi deara na fuaimeanna a chloisim, agus iarracht á dhéanamh agam gan aon torann a dhéanamh, an dtuigeann sibh – gíoscán an staighre agus na ndoirse, mar shampla.

Rith an smaoineamh liom gurb é a mhalairt a tharlaíonn, is dócha, nuair a bhíonn gnáthchónaitheoir as baile; sé sin le rá, ní chloistear a ngnáthfhuaimeanna maidine – coiscéimeanna ar an urlár, bricfeasta á réiteach sa chistin, an raidió ar siúl, agus mar sin de.  

Chaithfeadh sé go mbíonn a leithéidí sin de chiúine iontach crua ar an té a chailleann gnáthfhuaimeanna mar iad go brách, arsa mé féin liom féin.

Leis an smaoineamh sin, ghabh mé buíochas le cibé Cé nó Céard atá freagrach as mo bheannachtaí ar maidin, agus d’iarr mé sólás don té atá uaigneach sa chiúnas.

Monday, March 28, 2011

In Ainneoin Aineolais

Mar is eol daoibh, is aoibhinn liomsa nuair a éiríonn go maith le daoine a théann sa seans, go háirithe nuair a éiríonn go maith leis na daoine sin, fiú agus an saol agus a mháthair ag caitheamh anuas ar a n-iarrachtaí. 

Tharla sé gur tharraing an cailín seo, Rebecca Black, m’aird ar maidin, agus mé ag léamh alt a scríobh Charlie Brooker in The Guardian. Tá os cionn 60 milliún amas faighte ag amhrán Rebecca, ‘Friday’, ar YouTube, agus d’fhág go leor daoine tráchtanna uafásacha ar an suíomh, tráchtanna a d’fhág an cailín gleoite sin, atá trí bliana déag d’aois, ag caoineadh.

Bhuel, bíodh acu mar thráchtairí! B’fhéidir nach bhfuil liricí an amhráin iontach, ach d’fhág an t-amhrán péist chluaise leis an scríbhneoir seo, agus tá guth sách maith ag Rebecca í féin, bail ón a Cé uirthi.

De thoradh gach rud a tharla di, bhí Rebecca ar The Tonight Show le Jay Leno le déanaí, agus tá sí ag dul cibé airgead a shaothraíonn sí ón amhrán ‘Friday’ a thabhairt do mhuintir na Seapáine, le faoiseamh daonnúil a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar ó aimsir an tsúnámaí.

Tá 20,000 amas eile déanta ar an amhrán ar YouTube ó thosaigh mé ag scríobh an ailt seo. Níl a fhios agam fúibhse, a léitheoirí, agus chuir an scéal seo tús maith le mo sheachtain féin, agus deirim, in ard mo ghutha, ‘roll on Friday!’

Friday, March 11, 2011

Beannachtaí

D’iarradh orm, an tseachtain seo, Gaeilge a chur ar na habairtí seo,

May God bless and keep you.
May God’s presence shine upon you.
May God be with you and give you peace.

Chuaigh mé chun cainte le Dómhnallach amháin i gConamara, agus le Dómhnallach eile i nGaoth Dobhair, agus seo cuid de na beannachtaí a chuir mé le chéile, le cuidiú uatha.

Go gcumhdaí Dia thú.             May God protect you.
Go lonraí solas De ort.            May God’s light shine upon you.
Dia leat.                                 God be with you.
Go raibh síocháin Dé agat.      May you have God’s peace with you.
Go soilsí solas na Glóire ort.    May the light of Glory be upon you.
Go dtreoraí lóchrann Dé thú.  May the guiding light of God direct you.
Go raibh Dia leat.                    May God be with you.
Go raibh Dia leat mar
chompánach.                           May God be your companion.
Síocháin Dé inár measc.          May the peace of God be among us.
Go dtuga Dia sólás agus
faoiseamh duit.                        May God give you comfort and relief.
Go mbeannaí agus go gcoinní
Dia thú.                                   May God bless and keep you.
Go dtuga Dia síocháin duit.      May God give you peace.

Ar ndóigh, is féidir libh ainm bhur rogha  a chur isteach sna beannachtaí sin, más mian libh, agus, go deimhin, is féidir an focal 'síocháin' a mhalartú leis an bhfocal 'suaimhneas', dá mba mhian libh, freisin.

Faith, níl anseo uaimse ach samplaí, agus tá féidearthachtaí go leor ann nuair atá beannacht le roinnt! Tá beannachtaí eile ag Dennis anseo, agus ag Róislín anseo.

 Maidir leis an bhfocal sin ‘síocháin’, agus mar eolas daoibh, tháinig mé ar an méid seo a leanas, anseo, ó Dennis s’againne:

‘"Síocháin" is the correct spelling (note the slender 'n'). This is an interesting word, actually a compound of "síth", an old word which by itself means "peace" (and is still used that way in Scottish Gaelic), and "cáin", whose original meaning is "law", although the usual meaning today is "tax" or "fine".’

Nach bhfuil an Ghaeilge iontach suimiúil, mar theanga, a chairde? Cá mbeadh muid gan í!

Seachtain na Gaeilge faoi shéan agus faoi mhaise daoibh, a léitheoirí, agus go gcuire bhur gCé bláth oraibh, agus ar an teanga.  

Friday, March 4, 2011

Gramadach na Gaeilge

Má tá €9.95 le spáráil agat, agus más duine thú, fearacht na mná seo, a bhíonn de shíor ag foghlaim Gaeilge, agus ag seiceáil do chuid gramadaí agus tú ag scríobh, ní airgead amú a bheadh ann, i mo thuairim, dá gcaithfeá an €9.95 thuasluaite ar an leabhrán seo.

Fuair mé mo Quick Guide™Irish Grammar sa phost ó mo neacht arú inné, agus creidim féin go bhfuil sé iontach ar fad. Tá mo neacht iontach, freisin, mar ní dhéanann sí dearmad ar a haintín nuair a éiríonn léi áis chuidiúil mar é seo a aimsiú, bail óna Cé uirthi!

Ar ndóigh, le Gaelchultúr taobh thiar den togra, ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil jab maith déanta den leabhrán cuidiúil seo. Tá na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge ann, le scéim dathanna in úsáid a ligeann don léitheoir theacht ar an eolas atá uaidh go sciobtha.

Mar a deirtear ar shuíomh siopa.ie,

‘Tá na míniúcháin ghramadaí as Béarla agus cuirtear aistriúchán ar fáil de na samplaí Gaeilge ar fad, rud a fhágann gur féidir le foghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais an áis seo a úsáid. Tá an bhéim ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar fhrásaí lárnacha is féidir a úsáid sa Ghaeilge scríofa agus labhartha.

Tá an leabhrán le mo thaobh ó fuair mé é, agus beidh sé liom cibé áit ina mbeidh mise agus mo ríomhaire glúine as seo amach.