Showing posts with label Malware. Show all posts
Showing posts with label Malware. Show all posts

Thursday, August 16, 2012

Falaing Cham Eile


Baineadh geit asam aréir. Geit mhór! Cuireadh mo ríomhaire faoi ghlas orm, gan chead gan fiafraí, agus mé díreach ar tí giota a scríobh ar mo bhlag.    

Siúd ansin muid, mise agus mo ríomhaire, aghaidh ar aghaidh, gan gíog ná míog as an ríomhaire - ach amháin an leathanach thuas ag breathnú amach orm.

Sula raibh deis ag an bhfulaingt tosú arís, chuir mé glao fóin ar chara nó dhó liom, daoine eolacha cumasacha, (daoine a thuigeann ríomhairí murab ionann is mise!) agus roinn mé mo scéal, agus ábhar an leathanaigh thuas, leo. Tháinig an freagra céanna ón mbeirt acu – bhí víreas ar an ríomhaire, agus gan pingin rua a íoc leis an gcamadán a bhí ag iarraidh €100 orm le glas a bhaint den ríomhaire bocht.    

Ar maidin, bhí sé i gceist agam mo ríomhaire a thabhairt chuig ospidéal na ríomhairí anseo i mBun Crannacha, le caoi a chur air, ach chinn mé roinnt taighde a dhéanamh ar an idirlíon ar dtús.

Ar ríomhaire an Gharraíodóra, tháinig mé ar an suíomh seo, áit a bhfuair mé eolas ar an mbealach is fearr le fáil isteach i mo ríomhaire dobhogtha, le go mbeinn in ann mo Malwarebytes’Anti-Malware a chur ag dul arís – áis atá go hiontach maith ag aimsiú víreas ach updating rialta a dhéanamh uirthi, rud nach raibh déanta agamsa.  Chuidigh an suíomh seo go mór liom, freisin.

Le treoir agus cuidiú na suíomh uilig, fuair mé réidh leis na víris -trí cinn acu! – agus tá mé ar ais ar an bhfód libh arís, a léitheoirí, mar a fheiceann sibh.

Teagasc an scéil? Coinnigh do ríomhchlár aimsithe víreas bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú i ndomhan na gcamadán, trína choinneáil nuashonraithe go rialta; agus más rud go bhfuil tú den bharúil go bhfuil falaing cham ag iarraidh dallamullóg a chur ort, ná tabhair pingin rua dó!