An chéad uair ar casadh Máirtín Ó Dubhghaill orm, bhíomar ag Ceolchoirm Ros na Rún. Mar a scríobh mé an t-am sin, cheap mé gur 'fear uasal, fear cairdiúil, fear cuidiúil' a bhí ann, agus go raibh 'áthas orm gur casadh orm é an oíche sin.' Níor athraigh mé m'intinn ó shin.
Ba léir domsa, an oíche úd, ó bheith ag labhairt leis an bhfear uasal seo, agus ón seic le haghaidh €1000 a bhronn lucht Ros na Rún air, go bhfuil an meas ceannann céanna acusan, agus ag go leor daoine eile, ar Mháirtín, mar dhuine ann féin, agus mar dhuine a dhéanann go leor oibre don charthanacht To Children With Love.
Tá deis againn, i láthair na huaire, ár meas do Mháirtín, agus dá chuid oibre, a thaispeáint (tá sé ar an ngearrliosta do Laoch an Phobail) trí vóta a chaitheamh dó anseo idir 7 Samhain agus 7 Nollaig.
Mo bhuíochas le lucht Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta, as an bpodchraoladh don agallamh a rinneadar le Máirtín, inné, a roinnt linn. Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh sin anseo, a léitheoirí, nó 'Súil Siar' a chaitheamh ar an gclár iomlán, ón 22 Samhain, anseo, le go gcloise sibh faoin gcineál oibre atá ar bun ag Máirtín, agus an fáth go ndéanann sé an obair sin.
Mo bhuíochas, freisin, ag dul go lucht Better Together as an deis seo a thabhairt dúinne uilig ár meas a thaispeáint do na daoine sin a dhéanann 'an extraordinary contribution to a good cause' trí vóta a chaitheamh do dhuine acu 'once in every 24 hour period' idir anois agus an 7 Nollaig.
Gheobhaidh an buaiteoir trófaí agus seic €1000 don charthanacht is ansa leis. Ar ndóigh is laochra iad uilig, i mo thuairim. Go n-éirí go geal leo!
Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
Showing posts with label Máirtín Ó Dubhghaill. Show all posts
Showing posts with label Máirtín Ó Dubhghaill. Show all posts
Wednesday, November 23, 2016
Wednesday, February 5, 2014
Ceolchoirm Ros na Rún
Ceann de na hoícheanta is pléisiúrtha a chaith mé anuraidh ná ag ceolchoirm Ros na Rún i nGaillimh, ceolchoirm a d'eagraigh Maria Ní Ghríofa as Ros na Rún (thuas) i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, ar mhaithe le Pieta House i dTuaim.
Bailíodh timpeall €6000, nó mar sin, do Pieta House, agus molaim go mór Maria, lucht Ros na Rún, lucht Raidió na Gaeltachta, Brian Kennedy, Clann Uí Dhubhghaill, agus Clann Uí Mhaoileáin - go deimhin, molaim go hard na spéire na daoine uilig a d'oibrigh go deonach agus a bhí páirteach sa cheolchoirm, daoine a chuir go mór leis an ócáid, agus a chuidigh, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le hairgead a bhailiú don charthanacht.
Sa ghrianghraf thuas, in éineacht le Maria, tá Máirtín Ó Dubhghaill, an fear a bhí i gceannas ar chór nó dhó an oíche sin, b'fhacthas dom...
...fear a rinne jab iontach, agus fear ar baineadh geit nach beag as, cheapfainn, nuair a tugadh seic le haghaidh €1000 dó féin, don charthanacht 'To Russia With Love'...
...airgead a dheonaigh foireann Ros na Rún don eagraíocht sin, eagraíocht a chuidíonn le dílleachtaí bochta na Rúise, agus carthanacht lena gcuidíonn Máirtín é féin, go minic. Fear uasal, fear cairdiúil, fear cuidiúil, agus áthas orm gur casadh orm é an oíche sin.
Casadh a mhac, Mícheál orm, freisin - go deimhin, bhí an chlann uilig ansin, agus chuir siad go mór leis an ócáid, caithfidh mé a rá.

Mo chuimhne, is féidir libh an cheolchoirm uilig a fheiceáil ar fhíseán anseo, ar shuíomh Ros na Rún. Mo bhuíochas ó chroí le Clann Uí Mhaoileáin as m'amhrán nuachumtha, Féile na Nollag, a chasadh ag an gceolchoirm, agus nach muid a bhí breá sásta linn féin nuair a bhuaileamar le haoi mór na hoíche, Brian Kennedy.
Máire Eilís Ní Fhlatharta agus Máirtín Tom Sheáinín a bhí ina n-óstaigh ag an gceolchoirm, agus rinne siad jab ar dóigh...
...mar a rinne chuile dhuine a bhí ansin. Cé nár éirigh liom bualadh le chuile dhuine a chuidigh ar an oíche, tréaslaím leo uilig as a gcuid oibre do Pieta House. Seo chugaibh cuid de na grianghraif a thóg mé, a léitheoirí.
Subscribe to:
Posts (Atom)