Showing posts with label cúram. Show all posts
Showing posts with label cúram. Show all posts

Wednesday, March 6, 2024

Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram


Chomh luath agus a tháinig an leabhrán eolais chugam, thosaigh mé á léamh agus ag iarraidh ciall a bhaint as an méid a bhí scríofa ann. Tá focail ann atá ag tarraingt airde, m'airdse san áireamh, focail ar nós 'cóngais bhuanfasacha' agus 'ag dréim le tacú,' mar shampla - céard go baileach atá i gceist leis na focail sin?

Ó fuair mé an leabhrán eolais táim ag léamh alt ar an ábhar, agus ag éisteacht le podchraoltaí ar an ábhar. Tá an dá thaobh cloiste agam. Tá an-mheas agam ar chuid de na daoine atá ag vótáil 'Tá' agus tá an méid céanna measa agam ar chuid de na daoine atá ag vótáil 'Níl.' Tá iarracht déanta agam tuiscint a fháil ar na fáthanna atá acu lena gcinneadh agus fáthanna a n-amhras a thuiscint, ach m'amhras fhéin a chur san áireamh ag an am céanna. 

Táim den bharúil go bhfuil tuiscint níos fearr agam ar an dá thaobh den scéal anois. Ceapaim. Tá nithe san fhoclaíocht nach dtaitníonn liomsa ná le go leor den lucht 'Níl,' agus tá nithe san fhoclaíocht a bhfuil gá leo dar liomsa agus dar le go leor den lucht 'Tá.' 

I ndeireadh na dála, tá cinneadh le déanamh againn uilig. Gan aon duine, eagras, páirtí ná urlabhraí a lua, bíodh mé ceart nó mícheart, seo mar a shamhlaím fhéin an scéal ó mo chuid taighde fhéin, 

a. má chreideann tú nach bhfuil a ndóthain déanta nó geallta ag an rialtas sna leasuithe, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Níl.'

b. má chreideann tú go gcaithfear tagairtí a chruthaíonn idirdhealú a bhaint amach, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Tá.'

c. má chreideann tú go gcaithfear an reifreann a rith arís, le foclaíocht a fheileann níos fearr do dhaoine nó don rud ina gcreideann tú fhéin, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Níl.'

d. má chreideann tú go gcaithfear dul sa seans leis na leasuithe, ag súil go bhfeilfidh siad níos fearr don tromlach sa bhfadthéarma, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Tá.'

B'fhéidir go bhfuil an méid sin thuas simplithe an iomarca agam, mar tá a fhios agam go maith go bhfuil i bhfad níos mó i gceist. Má vótálann duine 'Níl,' an féidir a bheith cinnte go mbeidh reifreann eile ann amach anseo a d'fheilfeadh níos fearr, nó an bhfágfar na hAirteagail mar atá siad?  Má vótálann duine 'Tá,' an féidir a bheith cinnte go dtabharfaidh na leasuithe an tacaíocht chuí do chuile saoránach? 

An bhfuair saoránaigh an tacaíocht a tuigeadh le focail ar nós 'coimirce' agus 'féachfaidh an Stát?' An bhfaighidh saoránaigh an tacaíocht a thuigtear le focail ar nós 'coimirce faoi leith' agus 'ag dréim le tacú?' Ar fágadh saoránaigh as an áireamh ón mBunreacht i 1937. An bhfágfar saoránaigh as an áireamh ag na leasuithe nua? 

Tá na ceisteanna chomh casta le hadharc gabhair, agus níl aon fhreagra amháin ann a fheilfidh do chuile cheist. Mar sin fhéin, tá sé tábhachtach vóta a chaitheamh. 

Domsa, tá uileghabhálacht agus comhionannas tábhachtach, agus cé nach féidir chuile dhuine a chosaint le mo vóta, táim den bharúil gur fágadh go leor saoránach as an áireamh san fhoclaíocht a bhí sna hAirteagail thuasluaite roimhe seo, agus go dtabharfaidh na leasuithe níos mó aitheantais do shaoránaigh na linne seo. 

Fiú mura féidir brath go huile agus go hiomlán ar an fhoclaíocht nua, feictear dom go bhfuil na leasuithe níos ionchuimsithí do shochaí ár linne. Bíodh mé ceart nó mícheart, tá mo chinneadh déanta agam. Ar an 8 Márta, beidh mé ag vótáil,

Friday, October 23, 2020

Na Dátaí Sin

Thug mé suntas dó, inné, nuair a bhí mé i mbun siopadóireachta in ollmhargadh áitiúil, go bhfuil sé de nós agam súil ghéar a choinneáil ar an 'dáta ar fearr roimhe' nó ar an 'dáta dulta ó mhaith' atá scríofa ar na táirgí éagsúla, sula gceannaím iad. 

Is ceist sách achrannach iad na dátaí céanna, muise, agus, dá bhrí sin, cloím leis an dáta is úire, nó leis an dáta is faide anonn, a dhéanann ciall domsa, mar thomhaltóir. Mé fhéin a bheas thíos leis má thógaim an ceann mícheart; mise a bheas tinn, má dhéanaim neamhaird iomlán de mholtaí na saineolaithe bia, nó, níos measa fós, d'fhéadfadh duine éigin eile a bheith go dona tinn, dá dtabharfainn an táirge lofa abhaile chucusan. 

Ní féidir an fhreagracht uilig a fhágáil le foireann an tsiopa (ní bhíonn siadsan, ná saoi, gan locht), caithfimid cuid den chúram a ghabháil orainn fhéin, freisin, shílfeá. 

Rith an smaoineamh liom, ar maidin, nach bhfuil fiú saineolaithe an domhain ar ghalair neamhchoitianta in ann dátaí cinnte a thabhairt dúinn maidir le dáta éaga an choróinvíris. Dá bhrí sin, caithfear a bheith cúramach, gan an fhreagracht uilig a fhágáil le rialtais ná le saineolaithe, ach ár gcuid a dhéanamh le haire a thabhairt dúinn fhéin agus do dhaoine eile. 

Tá dáta úr faighte againn, cé nach bhfuil an dáta is faide anonn ar eolas ag éinne againn, fós. 

Go bhfága muid fhéin ár sláinte againn.  

Tuesday, September 29, 2020

Na Féiríní Beaga Sin

 

Chuile mhaidin, líonaim mo phócaí le féiríní beaga. I bpóca amháin, bíonn brioscaí beaga, i gcruth cnáimhe, do mhadra mo mhic (a thagann isteach chugainn, go rialta), agus sa phóca eile, bíonn beartóga beaga bia agam do chat an tí, Maistín. 

Ag déanamh cineáil orthu, a bhím. Treats beaga, mar a déarfá, leis an gcion atá agam orthu a chur in iúl dóibh, is dóigh. 

Pé scéal é, le roinnt míonna anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil an coróinvíreas ag teacht idir daoine agus a gcineáltas, ó am go chéile. 

Is dócha go bhfuil daoine ann, troill agus a leithéidí, gur chuma leo faoi éinne, ach iad ag spochadh agus ag gearán go fonóideach, de shíor. Sin mianach agus meon na ndaoine ar leith sin, agus tógann siad conspóid, gan stró, gan strus, gan dáimh, go rialta. 

Ach, tá ráig an choróinvíris ag cruthú teannais in áiteanna nach raibh teannas riamh roimhe; i measc cairde, i dteallaigh, le comharsana. Is mór an trua é sin. In amanna, feictear dom go bhfuil an 'scáth' in 'ar scáth a chéile' i bhfolach i ndorchadas na ráige. Is mór an trua é sin, freisin. 

Ar maidin, agus mo phócaí á líonadh agam le féiríní beaga, rith sé liom go mba chóir dúinn, ó am go chéile, go háirithe na laethanta ráige seo, bheith ag déanamh cineáil ar dhaoine, freisin. Níl barróga molta, ar ndóigh, ach tá cineáltas tábhachtach agus riachtanach, mar atá tuiscint, tacaíocht agus meas.

Ná déanaimis dearmad ar na féiríní beaga, a léitheoirí. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  

Monday, April 13, 2020

Smaointe Ag Rith

Ní mar a chéile aon duine againn. 

Nuair a léim cuid de na tráchtanna a fheicim ar na meáin shóisialta, ar nós Facebook agus Twitter, mar shampla, cuireann sé iontas orm go bhfuil daoine ann a leagann méar ar mhéarchlár le trácht nó tuairim éigin a roinnt, go poiblí, amhail is nach dtuigeann siad, nó amhail is gur cuma leo, gur trácht poiblí atá ann.  

Léitear an trácht go forleathan, agus téann sé i bhfeidhm ar dhaoine, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Sin é an saol sna meáin shóisialta sin. Caithfear a bheith cúramach, cheapfainn. 

Tá chuile sheans ann nach gceapann na tráchtairí céanna go bhfuil drochmhúineadh ná drochmheas ag baint lena dtrácht, mar baineann a dtuairimí lena ndúchas féin, agus ní miste leo iad a roinnt, go fial fairsing, agus go poiblí, bíodh siad ceart nó mícheart. Ar an taobh eile den scéal, b'fhéidir gur 'meas' agus 'múineadh' atá i gceist ag an scríbhneoir lena thrácht, i ngan fhios don léitheoir. 

An fhadhb atá ann, ar an drochuair, ná gur féidir le trácht fánach míchúramach dochar a dhéanamh don duine atá goilliúnach, nó ag streachailt leis an saol, abair. Tá a ndúchas, agus a dtuairimí, féin ag na daoine goilliúnacha sin, dar ndóigh. Mar a scríobh mé, ag tús na blagmhíre, ní mar a chéile aon duine againn. 

Bíonn gach dearóil íogair, is dócha, nuair a bhriseann an dúchas trí shúile an tráchtaire. Cibé scéal é, bhí smaointe eile ag rith liom, inné, ó tharla mo mhacnamh á dhéanamh agam ar na meáin shóisialta sin. 

Ó thosaigh an coróinvíreas ar a thuras domhanda, tá na mílte is na mílte duine maraithe aige, agus tá an víreas lofa marfach sin fós ag taisteal ar fud an domhain, ag scriosadh roimhe; bailte, tíortha agus cine faoina scáil, faraor. 

Caithfidh muid a bheith cúramach, agus caithfear cloí leis na srianta a mholtar, sé sin, srian a chur le haon teagmháil shóisialta a chuirfeadh do bheatha, nó beatha aon duine eile, i mbaol. 

Sin tús agus deireadh an scéil. 

Friday, May 25, 2018

Fógra faoi GDPR

Tháinig an fógra seo, faoi Rialachán Ginearálta um Cosaint Sonraí (GDPR) ar leathanach na 'Overview Stats' ar mo bhlag, inniu.
Is mian liom mo chuid dualgas a chomhlíonadh, agus ar fhaitíos na bhfaitíos (ó tharla nach bhfuilim féin róchinnte cén t-eolas atá á bhailiú fút, mar léitheoir/leantóir/síntiúsóir an bhlag seo) táim bhur gcur ar an eolas gur féidir eolas a bhailiú ón idirlíon/blag, i ngan fhios duit agus dom, b'fhéidir.

Scríobh mé ar an ábhar seo cheana, mar a fheicfidh sibh anseo. Táim fós ag foghlaim. 
Pé scéal é, sin thuas an cineál eolais atá le fáil agamsa ar an mblag seo, go huathoibríoch, feictear dom, agus má tá aon cheo ann nach dtaitníonn leat, mar léitheoir, leantóir, síntiúsóir an bhlag seo, tapaigh an deis do chuid sonraí a chosaint, más gá. 

Is maith liom bhur gcuideachta ar an mblag seo, a chairde, agus táim buíoch as bhur gcuideachta, agus as bhur gcuid tacaíochta. Tabhair aire daoibh féin, le bhur dtoil. 

Tuesday, November 21, 2017

Goineadóir

Fadó, fadó, fadó, nuair a thosaigh mo pháistí ag foghlaim cén chaoi le carr a thiomáint, is é an moladh a thug mé dóibh, maidir leis an gcarr faoina gcúram, 

'Samhlaigh gur gunna atá faoi do chúram agat, bí cúramach leis, agus ná leag aon duine le do mhíchúram.'

Nuair a léigh mé faoi The Social Online Self-Regulation Theory, ar maidin, chuimhnigh mé ar an gcomhairle sin a tugadh, théis an líne seo thíos a léamh,

'“It seems to us that Facebook is like a knife: it can be used for preparing yummy food or it can be used for hurting a person. ...'

Maidir leis na meáin shóisialta, tá an saol athraithe, go mór, ó thosaigh mise ag blagáil, deich mbliana ó shin. I dtús, ní raibh a'm, mar chuntas, ach mo bhlag, agus bhí cuntas amháin ríomhphoist agam, le eircom, mar a tugadh ar an gcomhlacht an t-am sin. Ní raibh fón pócaí coitianta, fiú.

Ag an am sin, ní raibh Wifi le fáil sa tír seo, go bhfios dom, agus ní raibh trácht ar YouTube, Twitter, Facebook, Instagram, Snapchat agus araile; i saol an scríbhneora seo, pé scéal é. Níor tháinig Gmail ar an bhfód go dtí 2014, cé go raibh Google ann, ach bhí tús curtha le ré na teicneolaíochta, agus thosaigh chuile dhuine ag snámh sa linn sin, idir óg agus aosta.

Chuir ré na teicneolaíochta go mór le mo shaol, mar scríbhneoir. Ar líne, sa lá atá inniu ann, tá fáil agam ar fhoclóirí, ar eolas agus ar, ahem, neamheolas, ar an bpointe. Táim in ann ábhar i nGaeilge a léamh go rialta, rud a chuidigh go mór liom, agus mé ag foghlaim, thar na blianta.

Mar gheall ar an idirlíon, tá fáil againn ar lucht labhartha agus ar lucht scríofa na Gaeilge, agus ar neart teangacha eile nach í. Mar sin féin, ní hionann 'fáil' a bheith againn ar dhuine, agus 'aithne' a bheith againn ar dhuine, má thuigeann tú leat mé.

Táim den bharúil nach féidir aithne a chur ar aon duine ar líne, i ndáiríre. Ní dhéantar chuile bheart de réir briathair, go minic, agus, in amanna, bíonn faitíos roimh, nó díomá faoi, na briathra a bhagraíonn go mbeidh beart dá réir. Tá mí-úsáid forleathan ar líne.

Ní chaithim mórán ama ar Twitter ná ar Facebook, ach caithim súil rialta ar chuala.mé, mar is ann a thagaim ar na scéalta atá 'i mbéal phobal na Gaeilge'...go raibh céad míle maith agat, Kevin Scannell!

Breathnaím ar an nuacht ar Google News agus ar tuairisc.ie, chuile lá, má fhéadaim. Roinnim scéal, más scéal é a tharraingíonn m'aird ina threo, agus más rud go gceapaim go mbeadh suim ag daoine ann.

Ní hé sin le rá go gcreidim gach a léim. Is iomaí 'Hmmm' a thagann uaim, go háirithe agus na tráchtanna á léamh agam. Ní lia duine ná barúil, agus tá barúil a'msa go bhfuil daoine ar an idirlíon nach réiteoidh, go brách, le haon tuairim ach lena dtuairim féin.

Le ríomhaire de shaghas ar bith faoinár gcúram againn, tá an baol ann go ngoinfear daoine, ach caithfear bheith cúramach, mar sin féin. Ní féidir an focal scríofa a tharraingt siar.

Imíonn na daoine, ach fanann na focail.

Thursday, August 17, 2017

Focla Nach mBriseann Fiacla

De réir mar atáim ag dul anonn in aois, táim ag foghlaim. Táthar ann a déarfadh go bhfuilimid i gcónaí ag foghlaim agus, go deimhin, tá an méid sin fíor, ach táthar ann, chomh maith, nach dtuigeann anois, agus nach dtuigfidh go brách, go bhfuil ceachtanna le foghlaim ónár dtaithí saoil, agus gur fás agus forbairt atá le foghlaim ón taithí sin, is cuma cá bhfuil ár gcosa curtha i dtaca againn. 

An ceacht is mó atá foghlamtha agam, thar na blianta, ná go gcaithfear a bheith cúramach le focail. Bíodh siad scríofa nó labhartha, is urchair nó ungadh atá iontu. Bíodh peann i do lámh agat, teanga i do bhéal agat, méara ar mhéarchlár nó ar scáileán romhat, is fearr a bheith cúramach, i gcónaí, seachas a bheith místuama, nuair atá tú armáilte le focail. 

Ach, tá cúram orainn féin, freisin, maidir leis na briathra a chloisimid, nó a léimid. An fearr aird a thabhairt ar na focail atá cloiste/leite againn, nó an fearr gan bacadh leo, go háirithe más rud go bhfuil muid in amhras faoina dteachtaireacht? Go deimhin, fiú má aontaíonn duine leis an teachtaireacht, an fearr a bheith faichilleach, ar fhaitíos na bhfaitíos?

Cúpla leid atá faighte/foghlamtha agam féin, maidir le focail, le caitheamh na mblianta, 

1. Ná ceap gur fútsa/duitse amháin atá an duine ag scríobh/ag labhairt. 
2. Ná glac leis go bhfuil an tuiscint chuí agat ar an méid a chuala tú/a léigh tú. 
3. Seas siar, dún do bhéal, agus fan go mbeidh tú cinnte faoi bhriathra, uait nó romhat. 

Roinnt seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ní bhriseann focla maithe fiacla.  (Béasa) 

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre i gcónaí. (Caint)

Bíonn cluas bhodhar ag fear na foghlach. (Aire)

Bunchloch na bréige i gcolann na fírinne. (Bréaga)

Is féidir milleán a chur ar an bhfírinne, ach ní féidir náire. (Fírinne)

Mar nuafhocal scoir, uaimse,

Is fearr focla a chur ar an méar fhada, ná an mhéar fhada a thabhairt. 

Wednesday, January 30, 2013

Camscéim Eile


Níl sé de nós agam m’fhón póca a fhreagairt mura n-aithním an uimhir atá ag glaoch orm. Mura n-aithním an uimhir, an dtuigeann sibh, seans nach bhfuil aithne agam ar an té atá ag glaoch orm, agus ní bhacaim leo.  

Ní hé gur cuma liom, bíodh a fhios agaibh, ach sé’n chaoi a mbreathnaím féin ar an scéal, más rud go bhfuil a dhath tábhachtach le rá ag an nglaoitear liom, is féidir leis/léi teachtaireacht a fhágáil, agus cuirfidh mé scairt ar ais orthu, más gá.  Mura bhfuil teachtaireacht ón nglaoitear anaithnid, tugaim neamhaird ar an nglaoch.

Agus, más fíor an méid atá léite agam anseo, tá an t-ádh orm nach nglaoim ar ais ar aon ghlaoitear anaithnid, mar d’fhéadfainn bheith thíos leis; sórt, ahem, as póca ag m’fhón póca, mar a déarfá.  

Is cosúil go bhfuil camscéim eile ar an bhfód, a léitheoirí, mar sin bígí airdeallach, ar fhaitíos na bhfaitíos. 

Friday, November 9, 2012

Focail Féilire


Tá a fhios againn uilig nach féidir linn an todhchaí a thuar, ach is féidir linn a bheith cúramach, nó a bheith níos cúramaí, b’fhéidir, le go mbeidh seans ann nach ndéanfaimid praiseach iomlán den saol; sa gcaoi nach mbeimid ag cac ar na huibheacha, mar a déarfá.  

Never test the depth of the water with both feet,  

an rud a bhí scríofa ar m’fhéilire maidin Dé Máirt. Is seanfhocal Afracach atá ann, feictear dom. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, ach an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin ná,

Ná déan do theach ar an ngaineamh.

Seo chugaibh roinnt seanfhocal eile a fuair mé, ar an ábhar céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Bí ceart sula mbí tú dearfa.

Buail an tairne sa gceann.

Cuir an tsrathar ar an asal ceart.

Fearr a bheith cinnte ná caillte.

Is fearr a bheith siúráilte ná aiféalach.

Is fearr an breac atá sa dorn ná an breac atá san abhainn.

Is fearr glas ná aimhreas.

Má leanann tú lorg an chrú,
Ní rachaidh tú choíche amú.

Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, agus dar leis an Ollamh Tomás Ó Máille, an fear a fuair céim PhD i 1939 ar an saothar as ar tháinig na seanfhocail thuasluaite, tá an méid seo scríofa aige,

‘Sa tseanaimsir, áit nach raibh bóthar ar an sliabh, bhíodh lorg crúite na mbeithíoch go soiléir, mar chosán.’

Agus, má chliseann ort ar bhóthar an tsléibhe, a léitheoir, ná bí buartha, mar tá seanfhocal Afracach eile agam duit, ón leathanach idirlín sin thuas,

Do not look where you fell, but where you slipped.

Is fearr suí gearr ná drochsheasamh, b’fhéidir?