Showing posts with label fir. Show all posts
Showing posts with label fir. Show all posts

Thursday, November 19, 2015

Lá Idirnáisiúnta na bhFear

Murach gur chaith mé súil ar Ghréasán An Ghiolctha (GAG), ar maidin, ní bheadh a fhios agam gurb é inniu Lá Idirnáisiúnta na bhFear (Linbh), ach sea, a léitheoirí; agus ó tharla mé iontach mór le go leor acu, chinn mé mo bheannachtaí a sheoladh ina dtreo, inniu...go maire sibh bhur lá mór speisíalta, a fheara, agus na 364 gach lá eile atá, agus a bheas, speisialta in bhur saol!

Ar aon nós, tharla sé gur chuir an lá mór seo comhrá i gcuimhne dom; comhrá a bhí agam le fear, mar a tharlaíonn sé, fear atá, fearacht na mná seo, ina fhocalghráthóir. Ach an oiread liom féin, tá sé de nós aige, nuair a chastar cainteoirí dúchasacha na Gaeilge air, focal nó dhó, Béarla agus Gaeilge, a phlé leo, le go bhfeictear an bhfuil aon fhocal dúchasach Gaeilge ann don fhocal ar leith sin. 

An geábh seo, sé an focal 'aerach' a bhí faoi chaibidil acu. Anois, sula dtéim níos faide le mo scéal fada, ba mhaith liom an méid seo a rá libh...daoibhse atá ar chomhaois liom féin, tuigfidh sibh, go maith, cén míniú atá leis an bhfocal sin ach, de réir mar a chloisim, tá míniú eile ann don fhocal sin anois, creid é nó ná creid; ceann nach raibh ann, agus mise ag fás aníos, fadó, fadó, fadó. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, thosaigh an comhrá caidéiseach, mar a leanas,

'Bhfuil aon fhocal dúchasach agat don fhocal sin 'aerach?' a d'fhiafraigh an focalghráthóir den chainteoir dúchasach.

'M'anam, ach sin ceist mhaith!' arsa an cainteoir dúchasach, agus a mhachnamh á dhéanamh aige. 

Tar éis dó píosa a chaitheamh ag cogaint na círe, bhreathnaigh sé go dúchasach díchéillí dícheallach ar an gceistitheoir, agus d'fhreagair,

'Fan na bhFear, b'fhéidir...'

Bhuel, caithfidh mé a rá, a léitheoirí, gur baineadh geit asam féin, nuair a chuala mé an méid sin, mar is cosúil go bhfuilim aerach ó rugadh mé, agus ní raibh a fhios agam é! 

Bíodh lá maith agaibh, a fheara..:-) 

Wednesday, December 4, 2013

Ná hAbair É!

Ó tharla go bhfuilim ag streachailt liom le slaghdán na laethanta seo, gan fonn orm aon cheo a dhéanamh nuair atá neart le déanamh, mar a déarfá, thosaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, ar mhaithe le rud éigin a dhéanamh, an dtuigeann sibh. 

Pé scéal é, ó tharla sibh uilig i mo smaointe ar maidin, agus ó tharla gur léigh mé faoin ábhar ar an idirlíon anois díreach, chinn mé go roinnfinn an, ahem, t-eolas-iontach-tábhachtach-seo-a-leanas libh, sa chaoi nach ndéanfaidh sibh, tá súil agam, praiseach iomlán d'aon chaidreamh um Nollaig seo:

na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más fear é, anseo, (is maith leis na nithe seo a chloisteáil, deirtear), agus na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más bean í, anseo. Is maith léi na habairtí seo a chloisteáil, más fíor. 

Tá sibh curtha ar bhur n-aire anois, a léitheoirí - go n-éirí go geal libh!

Monday, October 28, 2013

Focail Féilire

Ná mill leithscéal le leithscéal.

Never ruin an apology with an excuse. 

An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Kimberly Johnson, más fíor an méid a léigh mé anseo. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí. 

Fuair mé ceann nó dhó eile, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, mar a leanas, leis na ceannteidil i lúibíní, taobh leo:

Leithscéal agus a thóin leis.  (Cur i gCéill)

An glas ar an doras is an eochair ar iarraidh. (Doicheall)

Is geall le eiteach leithscéal. (Doicheall)

Is furasta le neamhfhonn leithscéal a fháil. (Tíobhas)

Níor fhéach bean thar a gualainn ariamh le leithscéal a fháil. (Mná)

Maidir leis an gceann deireanach sin thuas, tá sé ráite faoi, sa leabhar, 'Gur éasca do bhean leithscéal a cheapadh,' ach táim féin den bharúil go bhféadfadh bean míniú eile a bhaint as an gceann sin...abair, ahem, nach mbeadh gá di breathnú thar a gualainn mar is minic an leithscéal le fáil aici ó bhéal an leithscéalaí os a comhair amach!  

Tuesday, September 10, 2013

Glaoch Rolla!


Ceann folamh agus...

ceann folamh eile.

Sí an cheist atá ag an mbean seo ná 'Cén fáth?' Ach, arsa mé féin liom féin, b'fhéidir go bhfuil fir, ahem, eile amuigh ansin nach bhfuil in ann an, ahem, glaoch rolla a fhreagairt. 

Ar an ábhar sin, agus ó tharla gur, ahem, bean chuidiúil mé, chuaigh mé ar thóir eolais ar bhur son, a fheara, agus seo chugaibh físeán a d'aimsigh mé ar YouTube, le cuidiú libh. 

Roll Up! Roll Up! 

Saturday, November 10, 2012

Bréadú


Luadh é ar chlár Marian Finucane ar maidin, agus chuir sé iontas orm nár chuala mé iomrá roimhe sin ar an nós nuálach seo, ar a dtugtar ‘Meshing.'

Ón méid a léigh mé san alt sin, is cosúil gur nós é meshing a thosaigh i Meiriceá sé bliana ó shin: fir agus mná ag bréadú a sloinnte nuair a phósann siad, seachas duine amháin acu ag géilleadh do thraidisiún agus ag caitheamh uaithi an sloinne lenar rugadh í, is dócha. 

Go deimhin, fiú agus bean ag fáil réidh lena sloinne féin, ba shloinne é, go hiondúil, nár thug aitheantas dá laghad dá máthair féin, ná do shloinne mháthair na máthar sin, ach an oiread.

Níl fadhb agam féin le bréadú sloinnte, ach tá a fhios agam go rómhaith go mbeidh seanbhlas na dtraidisiúnaithe ardaithe ag an nós seo, mar nach dtuigeann siad, go minic, go mbíonn gá le traidisiúin nuálacha a chruthú, le comhionannas agus cearta daonna a chothú.

Nuair a léigh mé na tráchtanna ag bun an ailt sin ar an Mail Online, tháinig osna nó dhó as mo bhéal. É sin ráite, tháinig gáire nó dhó as mo bhéal, freisin - go háirithe nuair a léigh mé an ceann ón tráchtaire a dúirt go raibh aithne aici ar lánúin a rinne bréadú ar a sloinnte, Fudge agus Bucker, nuair a phós siad.   

Friday, July 20, 2012

Mná Cliste

Aiféala orm, a fheara, ach caithfidh mé an scéal seo a roinnt libh.

Sea, tá mná níos cliste.

Ní hé nach raibh a fhios agam féin é sin, an dtuigeann sibh, ach bhí uaim an fhianaise a roinnt libhse, a fheara cliste, ar fhaitíos na bhfaitíos go bhfuil aon fhear cliste amuigh ansin, ahem, ag léamh an bhlag seo.

Ar ndóigh, thuigfeadh aon fhear cliste go bhfuil gá leis an scéal seo a roinnt, go forleathan go deimhin, le daoine a choinneáil ar an eolas faoi, ahem, fhíricí tábhachtacha an tsaoil seo.