Seans go
bhfuil sibh ar an eolas faoin bhfadhb seo, agus nach giotaí den bhó amháin atá
le fáil i, ahem, láir bhurgar mairteola.
Sea, tá
giotaí den chapall bhocht istigh sa bhurgar leis an mbó bhocht, is cosúil – sórt coppáil
on go bhfuil capall ann, shílfeá.
Each, ní
fiú bheith ag gearrán, mar ní fúinne atá sé srian a chur leis an bhfadhb, ach tá sé faoin rialtas an each gan adhastar a aimsiú. Beidh obair na gcapall le déanamh acu anois, seachas bheith ag
spochadh leo, le bheith cinnte nach dtarlóidh an lúb ar láir arís.
Sea, ní
fiú dúinn bheith ag naggáil, a léitheoirí, ná ní fiú dul ar stailc ocrais mar gheall
ar an gcraic uilig; caithfear an diallait a chur ar an each cóir, an dtuigeann sibh, agus níl an rás sin rite fós.