Showing posts with label Éigse. Show all posts
Showing posts with label Éigse. Show all posts

Wednesday, March 7, 2018

Éigse Cholm Cille 2018

Clár na hÉigse, mar eolas daoibh, a léitheoirí, 



Téama na hÉigse: Filíocht na Scol, agus beidh sé ar siúl i gColáiste Mhig Aoidh, Doire, Dé hAoine agus Dé Sathairn seo chugainn, an 9ú agus 10ú Márta. Níl aon táille ar na léachtaí. 

Sonraí teagmhála, má tá tuilleadh eolais uait ón Dr. Peadar Mac Gabhann, ar an gclúdach tosaigh, thuas. 


Friday, February 13, 2015

Éigse Cholm Cille 2015

Mar eolas daoibh, a léitheoirí. 

'Tá Éigse na bliana seo á reachtáil ar an téama 'Scoláirí Gaeilge Chúige Uladh'. Beidh na cainteanna agus na himeachtaí eile ag tarlú ar 6-7 Márta in Ollscoil Uladh Doire. Cuirfear tús leis an Éigse Dé hAoine ar 7.00 i.n. san Aula Maxima, áit a mbeidh seoladh leabhair le hEithne Ní Ghallchobhair agus an léacht mhór .i. 'Úna Ní Fhaircheallaigh and the Ulster Women of the Gaelic Revival' á tabhairt ag Ríona Nic Congail. Beidh seal áirneáil ann ina dhiaidh sin sa tSeomra Coiteann. Beidh tuilleadh léachtanna agus seoladh eile leabhair ann Dé Sathairn. Tabharfar tuilleadh eolais fá na himeachtaí seo go luath.'

Beidh tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh anseo

Thursday, March 6, 2014

Éigse an Spidéil 2014

Éigse an Spidéil ar siúl ón 5 Márta go dtí an Domhnach seo chugainn, 9 Márta, agus tá clár na n-imeachtaí le fáil anseo.  

Beidh Oscailt na hÉigse ann at 8:00 i.n. anocht, agus beidh Ceolchoirm ann ina dhiaidh sin, le 'Amhránaithe Sean-nóis Óga an Ghaelacadaimh ar an ardán le haghaidh mór-oíche ceoil agus amhránaíochta.'

Bainigí sult as an gcraic uilig, a chairde! 

Friday, February 28, 2014

Éigse Cholm Cille 2014

Cuirfear tús le hÉigse Cholm Cille inniu, a léitheoirí, Dé hAoine, 28 Feabhra - beidh sé ar siúl amárach, freisin, 1 Márta.  

Beidh an fáiltiú ann anocht, ag 7:00 i.n, san Aula Maxima, in Ollscoil Uladh, Coláiste Mhig Aoidh, i nDoire.

'Sé téama na hÉigse 'Scoláirí Gaeilge Iarthar Uladh' agus tá na sonraí uilig le fáil anseo. 

Tuesday, March 5, 2013

Éigse An Spidéil 2013

Beidh Éigse an Spidéil ag tosú amárach, a léitheoirí, agus tá clár na n-imeachtaí le léamh anseo. Mar a fheicfidh sibh, beidh an Éigse ar siúl ón gCéadaoin seo, 6ú Márta, go dtí Dé Domhnaigh, 10ú Márta.

Ó chuala mé a mhac, Peatsaí Phaitín Phádraig Tom Ó Conghaile, ar an gclár Iris Aniar ar an 15ú Feabhra, ag labhairt faoi amhráin a athar, tá súil agam féin bheith i láthair, in Óstán na Páirce, don seoladh dlúthdhíosca ar an Déardaoin; dlúthdhiosca le hamhráin de chuid Pheait Phádraic Tom Uí Chonghaile, nach maireann, fear a bhí ar dhuine de chéad teagascóirí sean-nóis an Ghaelacadaimh, de réir mar a léim anseo

Arís i mbliana, táim ag súil go mór le hoíche na bhfilí agus na gcumadóirí - Nuala Ní Dhomhnaill aoi-fhile na míosa - ócáid a bheidh i seomra cúil An Tobar, an geábh seo. Seans go gcloisfear dán nó dhó uaim féin, freisin, ag an maidhc oscailte, agus ní dóigh liom gur mise an t-aon duine a bheidh ag an maidhc sin - is fiú iad uilig a chloisteáil, ceapaim féin. An-oíche a bhíonn ann, i gcónaí.  

Chomh maith leis na himeachtaí uilig, beidh an Premiére domhanda de Sruth, sraith cheoil nua-chumtha le Mary Bergin agus Johnny Óg Connolly. Anois, céard a déarfá le Gaillimh, agus le baile beag An Spidéil! 

Feicfidh mé ann sibh, a chairde. 

Wednesday, February 27, 2013

Éigse Cholm Cille 2013


Téama na hÉigse: An Ghaeilge san Oileán Úr

Áit: Coláiste Mhig Aoidh-Ollscoil Uladh, Doire.

Ar an Aoine, 1ú Márta, ag tosú 7:00 p.m:

Oscailt na hÉigse: An tOllamh Ailbhe Ó Corráin.
Coimisiún Fulbright na hÉireann: Colleen Dube.
Léacht Poiblí: An tOllamh Emeritus Peadar Ó Tomhnair.

Ar an Satharn, 2ú Márta:

10.00-10.45:  An Dr. Regina Uí Chollatáin.
10.45-11.15:  Sos Tae
11.15-12.00:  An tOllamh Brian Ó Conchubhair
12.00-12.45:  Cóilín Ó Floinn.
12.45-1.15:    Seoladh Leabhar
1.15-2.00:      Lón
2.00-2.45:      An Dr. Willie Mahon
2.45-3.30:      An. Dr. Séamas Ó Diollúin
3.30-3.45:      Sos
3.45-5.00:      Sraith GearrChainteanna (15 bomaite):
                      Danny Doyle,
                      An. Dr. Art Hughes,
                      An tOllamh Seosamh Watson,
                      Liam Ó Cuinneagáin

Tuilleadh eolais le fáil anseo agus anseo; nó éist anseo le Stiúrthóir na hÉigse, an Dr. Peadar Mac Gabhann, na sonraí uilig á roinnt aige le hÁine Ní Chuireáin ar chlár Barrscéalta an lae inniu, 27 Feabhra, 39:10 - 47:30 nóiméad. 

Thursday, March 10, 2011

Éigse an Spidéil 2011

Seo chugaibh clár Éigse an Spidéil 2011, a léitheoirí, clár a tháinig chugam i ríomhphost an tseachtain seo, a bhuí le Deirdre Nic Chonaonaigh.

Beidh an Éigse ar siúl ón 16ú - 20ú Márta, agus is cosúil go bhfuil clár cuimsitheach curtha le chéile acu, mar a fheicfidh sibh thíos.

Tá súil agam féin bheith i láthair ag an oíche filíochta a bheas ar siúl ar an 17ú, ag 8.00 i.n., in Óstán na Páirce. Tá trí dhán nua scríofa agam don ócáid 'open mic'. Ní mé amháin a bheas ann, go deimhin. Beidh filí eile as Conamara ag léamh a gcuid dánta, freisin, agus táim ag dúil go mór le hiad a chloisteáil.  

Clár na hÉigse

Dé Máirt 15ú Márta

8:00     Taispeántas ealaíne ‘Seisear’ leis an ngrúpa ‘Ealaíontóirí      Chois Fharraige’ i gColáiste Chonnacht.

Dé Céadaoin 16ú Márta

7:30                Seoladh na hÉigse - Óstán na Páirce

8:00                Ceoltóirí Óga an Ghaelacadaimh
                       Cór Chois Fharraige
                       Siamsóirí an Acadaimh

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na     Páirce & Tigh Hughes

Déardaoin 17ú Márta

11:45               Banna Ceoil na Bunscoile – An ‘Grotto’ Séipéal an Spidéil

12:00              Paráid Lá Fhéile Pádraig – Sráidbhaile an Spidéil

3:30                Seisiúin Scéalaíochta do ghásúir – Leabharlann an Spidéil

8:00               Oíche Fhilíochta
- Gearóid Denvir – Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraig Learaí Uí Fhínneadha
‘Open Mic' - Fílí Chonamara ag léamh a gcuid dánta

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes

Dé hAoine 18ú Márta

8:00                Taispeántas Damhsa

Damhsa ar an Sean-Nós – Seosamh Ó Neachtain, Mícheál Ó Súilleabháin & Catherine Ní Shúilleabháin.
                       Damhsa Flamenco ó Andalucia – Al-Andar
                       Damhsa ar an Sean-Nós

10:00              Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Tigh Hughes

Dé Sathairn 19ú Márta

10:00am-1:00pm  Máistir Ranganna & Ceardlanna –Óstán na Páirce

12:00 Meánlae  Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin do dhaoine faoi 18 – Óstán na Páirce

8:00                 Ceolchoirm Mhór na hÉigse – Óstán na Páirce

Oíche na mBoscadóirí - Boscadóirí Chonamara
Seán Mac Donncha (Seáinín Phat Mhyle)
Johnny Connolly
Johnny Óg
Colm Gannon
Kevin Coyne
PJ Hernon

John Blake mar thionlacan, Seosamh Ó Neachtain ag damhsa.

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes

Dé Domhnaigh, 20ú Márta

12:30              Clabhsúr na hÉigse & bronnadh na ngradaim le ceoltóirí & fonnadóirí áitiúla.
Fonnadóirí: Teresa Mhic Fhlaithbheartaigh (Dún na nGall), Treasa Ní Mhiolláin (Árainn) & Áine Uí Laoithe (Ciarraí).
Tí Hughes.

Sunday, February 20, 2011

Éigse Cholm Cille 2011

Tionólfar Éigse Cholm Cille arís i mbliana ar an Aoine, 4 Márta, agus ar an Satharn, 5 Márta, in Ollscoil Uladh, Doire.

Is é 'Traidisiún Liteartha Chúige Uladh - Mac Aingil go Mac a Liondain' a bheas mar théama i mbliana. Níl aon táille ar na léachtaí.

Léachtóirí na hÉigse:

Lesa Ní Mhunghaile, Tadhg Ó Dúshláine, Charlie Dillon, Nioclás MacCathmhaoil,  Katharine Simms, Éamonn Ó Cíardha, agus PeadarMacCuilinn.

Tuilleadh eolais le fáil ón Dr Malachy Ó Néill, fón 02871-375219, ríomhphost  mf.oneill ag ulster.ac.uk.