Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, ó am go chéile tá sé de nós agam, à la Style Invitational, focal nua a chumadh as focal eile. Déanaim é, gan ach litir amháin a athrú sa sean fhocal, mar atá luaite sna rialacha ar an leathanach sin thuasaibhsithe. Feicfidh sibh, ar an leathanach sin, sampla nó dhó den rud atá i gceist agam, a chairde.
Cibé scéal é, bhí mé ag smaoineamh faoin bhfocal sin iasacht, é i gceist agam an litir c a chur leis, le focal nua, mar a cheap mé féin, a chumadh as: iascacht. Bhí sé i gceist agam, freisin, an sainmhíniú nua seo a leanas a thabhairt dó,
Iascacht: Rud a sciobtar as áit iasachta, é in ainm a bheith gan dochar; rud a choinnítear, mar dhea, ar mhaithe leis an áit ina lonnaítear é.
Bhí sé i gceist agam sampla nó dhó a thabhairt, samplaí fearacht iascacht morgáiste, teanga iascachta, ach, sula raibh deis agam méar a fhágáil ar mhéarchlár le mo dhroch-chumadh a roinnt libh anseo, a léitheoirí, céard a chonaic mé, agus mé ag útamáil liom thart ar an idirlíon ar maidin, ach sampla nó dhó nó trí (cáil tú, a Bhlagarama!) den fhocal, agus é in úsáid ag daoine eile cheana, is cosúil.
Bhuel, baineadh geit asam, caithfidh mé a rá, mar nach raibh mé féin ar an eolas faoin bhfocal sin iascacht roimhe seo, ach táim ag foghlaim liom, mar is iondúil; is eol dom, go rómhaith, gur iomaí focal nach bhfuil ar eolas agam, agus is maith ann na focail iascachta, nach gceapfá.
Ar aon nós, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, baineadh geit eile asam, nuair a chonaic mé, anseo (pdf), faoin bhfotheideal 'Dlíthe Baoth', atá faoin gceannteideal 'Úsáid do Theanga' ar an leathanach sin,
'I Utah, tá sé I gcoinne an dlí bheith ag iascacht is tú in airde ar chapall.'
Bhuel, arsa mé féin liom féin, beidh dream thall agus abhus nach mbeidh ar an eolas faoin dlí sin, ach oiread liom féin, agus b'fhéidir go mba chóir domsa iadsan, agus Mícheál Ó Nuanáin, a chur ar an eolas faoi, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine acu ar thóir iascachta am éigin go luath.
Meas tú an bhfuil capall ag Mícheál...
Showing posts with label Washington Post. Show all posts
Showing posts with label Washington Post. Show all posts
Sunday, January 12, 2014
Wednesday, January 9, 2013
Focail Liom Focail Leat
Tharla sé, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon aréir, gur
tháinig mé ar an eolas faoin Style Invitational - comórtas de shaghas a bhíonn ar
siúl ar an Washington Post go
seachtainiúil.
Mar chuid de chomórtas amháin a bhí acu, d’iarr siad ar na
léitheoirí focal amháin a phiocadh as an bhfoclóir, agus an focal sin a athrú, nó a
athchóiriú, mar a leanas:
gan cead ag an léitheoir ach litir amháin a bhaint amach as an
bhfocal sin, nó litir amháin sa bhreis a chur isteach san fhocal sin; nó litir
amháin, atá san fhocal cheana, a athrú. Ansin, bhí sainmhíniú le tabhairt ar an
bhfocal nua.
Seo thíos cúpla sampla d'fhocail a bhuaigh, cinn a chonaic mé sa Word Gallery anseo:
Giraffiti: Vandalism spray-painted very, very high
Intaxication: Euphoria at getting a refund from the
IRS, which lasts until you realize it was your money to start with
Chinn mé, ar maidin, m’iarracht féin a dhéanamh, le focail as
Gaeilge an geábh seo. Seo focal nuachumtha nó dhó uaimse:
Ispíon: Giota muiceola, coicís i ndiaidh an dáta ‘b’fhearr roimh.’
Eolifint: Duine a
bhfuil an t-uafás eolais aige, eolas nach ndéanfaidh sé dearmad air go brách.
Mar is iondúil, agus más mian libh, cuirim fáilte le bhur n-iarrachtaí féin, a léitheoirí.
Subscribe to:
Posts (Atom)