Ó am go chéile, ritheann sé liom go bhfuilim ag dul anonn in aois. Amanntaí eile, bím den bharúil go mb'fhéidir go bhfuilim curtha soir, agus amach sna blianta, ag aimhréidh an tsaoil.
Tá an saol de shíor ag athrú, mar is eol daoibh, a léitheoirí. Tá sé deacair cloigeann ná cos a choinneáil leis an gcraic uilig. Ach, déanaim iarracht bheith ar an eolas faoi chúrsaí an tsaoil, agus déanaim iarracht sibhse a choinneáil ar an eolas faoi na nithe sin nach bhfuil/raibh ar eolas agam. Déanaim é sin, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine agaibhse chomh haineolach liomsa, an dtuigeann sibh.
Faraor, tá corr rud a sciorrann tharam, i ngan fhios dom.
Roinnt blianta ó shin - am nach raibh mé chomh gar sin do na trí scóir is atáim anois, ach am a raibh na páistí tógtha agam, agus deis agam suí ar mo sháimhín só i bpub i mBaile Átha Cliath, ag labhairt le duine nó dhó a cuireadh ar m'aithne tríd an mblag seo - bhí, ahem, deoch nó dhó ólta agam, agus sheol mé féinpic chuig m'iníon, An Bhean Neamhspleách, bean a bhí ag cur fúithi i Londain ag an am.
'You look like Gollum!'
...an téacs a sheol sí ar ais chugam. Rinne me googláil ar 'Gollum images' go bhfeicfinn cén sórt boicín é an Gollum seo, boc nach raibh ar m'aithne agam. Nuair a chonaic mé mo leathchúpla, d'inis mé scéal na dtéacsanna don lucht dí i mo chomhluadar.
'Ba chuma liom...' arsa mé fhéin leo, '...ach níl aon aithne a'msa ar Ghollum, mar nach bhfaca mé Star Wars riamh i mo shaol!'
Tá siad fós ag gáirí fúm. Rinne mé tuilleadh googlála ar an ábhar ina dhiaidh sin, mar a thuigfeá. Níl Star Wars feicthe fós agam. Ná Lord of the Rings. Aiféala orm faoi sin, a lucht Sci-Fi!
Ar maidin, chonaic mé tvúit ó Aonghus, thall ar Twitter,
'Ná bac le mac a' Wookie is ní bhacfaidh mac a' Wookie leat...' a bhí cumtha aige.
Ar fhaitíos na bhfaitíos gur chaill sibh an scéal, a léitheoirí, rinne mé googláil ar Wookie, ar ár son. Mar eolas daoibh, tá ní darbh ainm Chewbacca ina Wookie... tá, ahem, seisean in Star Wars, freisin, is cosúil.
Is ait an mac an saol, ach táim ag foghlaim liom. Anois, ná bíodh sé le rá ag aon duine agaibh, a léitheoirí, nach bhfuilim do bhur gcoinneáil ar an eolas faoi, ahem, nithe tábhachtacha an tsaoil.
Showing posts with label Wikipedia. Show all posts
Showing posts with label Wikipedia. Show all posts
Wednesday, May 25, 2016
Wednesday, January 1, 2014
Beannachtaí na Bliana Úire
Seachain 'shíl mé' is 'ag súil le' agus seachnófar sileadh súl.
Blessed is the man who expects nothing, for he shall never be disappointed.
An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Alexander Pope, file aorach, a chuir 'an naoú beannacht' sin thuas leis 'na hocht mbeannacht' ón tSeanmóir ar an Sliabh, más fíor.
An méid sin ráite, feicim ar shuíomh brainyquote.com, go luaitear an t-athfhriotal céanna le Jonathan Swift, cé nach bhfeicim féin an t-athfhriotal sin luaite leis in aon áit ar an suíomh wikiquote.org. Ach, thug mé athfhriotal eile faoi deara ar an suíomh sin wikiquotes, ceann atá luaite le Jonathan Swift, is cosúil,
Laws are like cobwebs, which may catch small flies, but let wasps and hornets break through.
Nuair a léigh mé an t-athfhriotal sin, sí an ghéarchéim seo a tháinig isteach i mo chloigeann.
Cúpla seanfhocal ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:
Bíonn an mhil go milis, ach bíonn an mheach cealgach. (Brabach)
Ná déan caidreamh le feall nó déanfar feall ort. (Feall)
Ní in am a bhraitear an fealltóir. (Feall)
Claimhte fada i láimh cladhaire. (Cur i gCéill)
Folach an chait ar a chac. (Cur i gCéill)
Mo bheannacht féin chugaibh agus oraibh an bhliain nua seo, a léitheoirí - go maire sibh foichí fealltacha ár linne.

Monday, December 30, 2013
Rún ag Filleadh
Sea, an t-am sin den bhliain atá ann arís, a léitheoirí; deireadh bliana, le bliain úr ag teacht ar shála na seanbhliana, mar is iondúil léi - am na rún romhainn arís.
Ní féidir í a sheachaint, an bhliain úr, ach amháin má fhaigheann tú bás, Dia idir sin agus an anachain. Mholfainn, b'fhéidir, é sin a bheith mar chéad rún agat, a léitheoir - sé sin le rá, an rún a bheith agat fanacht beo beathach, agus sláintiúil, más féidir é ar chor ar bith. Beidh arís ann, an dtuigeann tú, agus is é an dóchas lia gach anró, deirtear.
Go deimhin, mar a scríobh mé ag tús na bliana, is iad na rúin chéanna a chuireann tús lenár ndea-rúin chuile bhliain, agus nach maireann i bhfad, go minic, cé go mbíonn muid i ndáiríre píre fúthu nuair a cheapann muid iad - tá an spiorad ullamh ach tá an cholainn fann, faraor.
Sea, déanfaimid chuile iarracht, gan dabht, mar ní féidir iarracht a shárú, ach ritheann an smaoineamh liom féin, go minic, gur rud 'cumtha' é an féilire (bhí níos mó ná ceann amháin acu ann fadó) agus cén fáth, mar sin, an gcuireann muid an oiread sin strus orainn féin faoin mbliain úr mar, más fíor an méid a léim anseo, cumadh blianta úra úra riamh anall, agus ní féidir bheith cinnte cé acu an ceann ceart, an féidir?
Mar sin, mholfainn féin gan bacadh leis an strus, a chairde, ach lean ar aghaidh leis an gcraic, más mian libh, agus léigh na rúin atá molta acu ar happywink.org, faoi gceannteideal Funny New Year Resolutions.
Maireann croí éadrom i bhfad.

Thursday, May 16, 2013
Neadió Teilifís Áine
Is cosúil
nach mbeidh in ál an mheantáin mhóir an geábh seo ach triúr, mar sin an méid
uibheacha atá le feiceáil agam sa nead, le seachtain anuas.
De réir
mar a léigh mé anseo ar Wikipedia, is iondúil go mbíonn idir 5 ubh agus 12 ubh in ál, ach má
bhíonn iomaitheoirí go leor timpeall na háite, (agus bhí sé ina raic idir an
meantán mór agus an meantán gorm, mar a chonaic sibh ar m'fhíseán anseo ar youtube, a léitheoirí) beidh
líon na n-uibheacha níos lú.
Pé scéal
é, bhí an chéad ubh aici ar an 4 Bealtaine, agus maireann an tréimhse ghoir
idir 12 agus 15 lá, mar sin bheinn ag súil le héinín nó dhó, nó trí, a
fheiceáil go luath.
Idir an
dá linn, caithigí súil ar an bhfíseán is deireanaí uaim, anseo ar YouTube, agus
feicfidh sibh go bhfuil a páirtí ag tabhairt aire mhaith don mheantán mór na
laethanta seo. Ní fhágann sí an nead ach anois is arís, mar sin caithfidh sé
féin cabhrú léi, mar a fheicfidh sibh.
Mo
chuimhne, aiféala orm nach bhfuil ceamara na neide socraithe mar ba chóir, agus
nach féidir gach rud a tharlaíonn istigh sa teachín éan a fheiceáil céad faoin
gcéad, ach ní féidir linn a dhath a dhéanamh faoi an geábh seo, mar níor mhaith
linn go ngoillfeadh ár n-útamáil ar na meantáin mhóra, agus ghoillfeadh, dá
dtiocfadh muid in aice na neide in am seo an ghoir.
Tuilleadh uaim arís, nuair a bheas tuilleadh le tuairisciú.
Labels:
ceamara,
éan,
gor,
meantán gorm,
meantán mór,
Neadió Teilifís Áine,
NTÁ,
teachín éan,
teilifís,
ubh,
Wikipedia,
youtube
Saturday, March 16, 2013
Focail Féilire
Is deacair bheith 'do laoch ach is éasca bheith dea-chroíoch.
One cannot always be a hero but one can always be human.
Is treise trua ná tréan.
An chéad leagan Gaeilge ón Dómhnallach, agus an dara leagan Gaeilge uaimse. Tháinig an t-athfhriotal Béarla ón bhfear seo, Johann Wolfgang von Goethe, agus is féidir tuilleadh athfhriotal uaidh a léamh anseo.
Rith nuafhocal eile liom, Ní laoch go lách, agus, dá thoradh sin, tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal 'Cúnamh,' sa leabhar Seanfhocla Chonnacht:
D'fhág mise faoi chúram Dé é, is d'fhág Dia faoi mo chúram féin é.
Is beag an rud a thugas duine ó bhás go beatha.
Is cuid den bhróg an bharriall.
Is fearr beagán cúnta ná mórán truaighe.
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir, a léitheoirí!

Sunday, March 10, 2013
Céaslóireacht
Sa reilig in Eanach Mheáin, i gCeantar na nOileán, a bhí mé arú inné, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos.
Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus surfáil seaschéaslóireachta, go dtí gur fhill mé ar Cheann Scríbe aréir, agus rinne mé giota taighde ar an ábhar, ar maidin. Tháinig mé ar an méid seo in Wikipedia.
Ar ndóigh, nuair a chonaic mé an leagan Gaeilge do stand up paddle surfing in focal.ie, tráthúlacht an fhocail sin 'chéas' i lár an fhocail a thug mé faoi deara. Cén fáth?
Bhuel, is dócha, nuair a bhím sa reilig in Eanach Mheáin, bím ag breathnú ar uaigheanna na ndaoine muinteartha liom atá curtha ann, daoine a d'imigh roimh am, shílfeá, nó roimh sheanaois, pé scéal é; cuid acu a d'imigh go tobann tubaisteach, faraor, gan súil ar bith againn lena n-imeacht.
'Cén fáth?' an cheist a chuirim orm féin, go míon minic, agus mé ag breathnú ar na huaigheanna sin.
Ar maidin, nuair a chonaic mé an focal sin 'seaschéaslóireacht,' rith sé liom go mb'fhéidir nach fiú dúinn muid féin a chéasadh le ceisteanna faoin mbás, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis; níl ann ach freagra na fírinne, freagra nach bhfuil ag aon duine againn, is cuma cén leabhar as a mbíonn daoine ag quotáil.
Táimid uilig ag céaslóireacht linn, a léitheoirí, lenár linn féin, inár linn féin. Bainigí sult as an saol. Níl ann ach seal.
Agus, bainigí sult as Lá na Máithreacha.
Saturday, December 1, 2012
Bartonese, s'il vous please!
Feicim go bhfuil Aonghus ag scríobh faoi bhás teanga, agus
go bhfuil Colm ag scríobh faoi chanúintí agus, ar bhealach, tá baint ag an mír
seo le, ahem, bás teanga (sórt) agus, ahem, fás canúnachais (b’fhéidir).
Anois, a léitheoirí, níl mórán ar eolas ag an mbean seo,
i.e. mise, faoi shacar, ach nuair a chuala mé trácht ar an raidió faoi Joey Barton, imreoir as Sasana a chaill a chanúint go tobann, shílfeá, agus a
d’aimsigh canúint nua, shílfeá, nuair a thosaigh sé ag imirt le foireann ón bhFrainc,
bhuel, chuaigh mé ag googláil, le go mbeidh deis agam tuiscint a fháil ar an, ahem,
siondróm seo.
Agus, ar ndóigh, fuair mé an t-eolas uilig ar Wikipedia.
Sea, a léitheoirí, tá a leithéid de rud ann agus Foreign Accent Syndrome, agus
seo mar atá scríofa ar an suíomh faoi Joey bocht,
‘In November 2012 the footballer Joey Barton, emerged from
the changing room showers after a match with a permanent French accent. His
accent was then broadcasted to the world during a post-match interview. Barton
is now currently under examination by medical professionals and although they
are uncertain, the cause of Barton's condition is believed to have been caused
when he used both Heads and Shoulders and Aussie Hair Shine Shampoo at the same
time. However, this is only an early prognosis.’
Maintenant, vous savez, d’accord...
Friday, November 30, 2012
Men agus Half Men na Meán
Ní hé go mbím i mo shuí os comhair na teilifíse go minic,
ach tharla sé go bhfaca mé an clár The Craig Doyle Show den chéad uair aréir,
agus ina dhiaidh sin chonaic mé an chéad chlár de Irish Pictorial Weekly – clár
a bhíodh ar an raidió, ach atá anois ar an teilifís, is cosúil.
Ó tharla go bhfuil mise ar dhuine de na daoine sin a bhfuil
cuimhne aici ar Halls Pictorial Weekly, clár a bhíodh ar an teilifís fadó,
fadó, fadó, bhí mé ag súil go mór leis an gclár nua, Irish Pictorial Weekly,
agus bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá. Bhain sé gáire nó dhó nó trí asam,
agus is féidir an clár a fheiceáil ar an RTÉ Player anseo, mura miste leat
geansceitsí aoracha, ar ndóigh.
Is féidir an clár The Craig Doyle Show a fheiceáil anseo,
ach más rud nach maith leat eascaine a chloisteáil, nó má chuireann sofhriotal
fearacht ‘man milk’ as duit, b’fhéidir gur fearr duit gan breathnú ar an gclár.
Thaitin an clár go mór liom féin, agus bhí mé ag gáire go minic agus mé ag
éisteacht leis na haíonna - Greg Davies (Inbetweeners) agus Greg Proops (Whose Line is it Anyway), gan trácht ar ionchur Craig é féin, agus Paddy, fear a
thaispeáin bréagán nó dhó dúinn (11:00), - ina measc an Self Stirring Mug,
creid é nó ná creid – bréagáin nach mbeidh le feiceáil ar an Late Late Toy Show
anocht, a léitheoirí.
Pé scéal é, bhí Louis Walsh ar an gclár le Craig Doyle aréir, agus
cé go bhfuil an scéal faoin gcaoi ar chaith an nuachtán The Sun le Louis cloiste go minic againn ó inné, bhí an dóigh a ndeachaigh an scéal i bhfeidhm
ar an bhfear bocht le feiceáil go soiléir ar an gclár aréir.
Cé go bhfuilim go mór i bhfabhar saoirse an phreasa, ní
thuigim cén chaoi gur féidir le haon nuachtáin scéal mar sin a fhoilsiú, nuair
is léir, ón méid atá cloiste agus léite agam féin, nach raibh oiread na fríde
d’fhírinne sa mhéid a chuir Leonard Watters i leith Louis Walsh. Cuireadh Watters chun príosúin, ach is é Louis Walsh atá thíos leis an eachtra uafásach seo - fear neamhchoireach a fuair buille nach raibh tuillte aige, buille a ghoilleann
go mór air fós, mar is léir óna chaint thochtmhar ar an gclár aréir (20:00-28:00).
Daoibhse a bhfuil suim agaibh sa chlár teilifíse Two and a Half Men, b’fhéidir gur mhaith libh an méid a dúirt an t-aisteoir Angus Jones (Jake
ar an gclár) a léamh anseo, nó a chloisteáil anseo (7:29). Níor éist mé leis an
bhfíseán ina iomláine, ach ceapaim go bhfuil Angus ag léamh an Bhíobla anois,
agus go bhfuil Dia agus na Forerunner Chronicles go mór ina shaol ó shin.
Cibé scéal é, tar éis a ráiteas uilig ar an bhfíseán sin thuas, bheinn
féin den bharúil go bhféadfadh fadhb nó dhó eile a bheith aige, mar aisteoir, amach anseo.
Ní theitheann cú roimh chnámh. Coinnígí súil ghéar ar na meáin, a léitheoirí, ach coinnígí intinn oscailte ag an am céanna.
Focail Féilire
An tada líonta díolta, sin ealaín.
Mo leagan féin den athfhriotal Béarla thíos, ceann a tháinig ó Frank Zappa, feictear dom.
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, más rud go bhfuil leathanach bán os bhur gcomhair, agus gan a dhath eile le déanamh agaibh ach tabhairt faoin tada sin.
Mo leagan féin den athfhriotal Béarla thíos, ceann a tháinig ó Frank Zappa, feictear dom.
Art is making something out of nothing and selling it.
M’anam, ach is minic mé i mo shuí ag mo ríomhaire, ag
líonadh an leathanaigh bháin, agus diabhal focal a dhíol mé riamh. Hmmm…
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, más rud go bhfuil leathanach bán os bhur gcomhair, agus gan a dhath eile le déanamh agaibh ach tabhairt faoin tada sin.
Mar is iondúil eile, agus ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ní
bhfaighidh tú, ahem, pingin rua ar aon iarracht ealaíne a roinntear anseo.
Tuesday, May 1, 2012
Focail Liom Focail Leat
Tharla
sé go raibh mé ag éisteacht le Pat Kenny ar an raidió maidin inné, é ag labhairt le Micheál Martin faoin Sinn Féin/Fianna Fáil Merger Idea/Fiscal Compact.
Ach, ní hé ábhar an chláir sin ábhar mo bhlagmhíre. Níl ann ach gur chuala mé na focail constructive ambiguity ag teacht as béal an láithreora, nath nach raibh cloiste agam cheana, agus bhí uaim tuilleadh eolais a fháil ar an nath sin.

Chuaigh
mé go Wikipaedia, áit a bhfuair mé ‘Constructive
ambiguity is often disparaged as fudging.’ Ní bheinn
féin róchinnte nach fudging de shaghas atá ag tarlú agus duine i mbun
éiginnteachta, bíodh an éiginnteacht sin cuiditheach nó ná bíodh, ach sin scéal
eile.
Ar aon nós, chuaigh mé ar thóir
an fhocail faoiste i WinGléacht, agus is ionann faoiste agus fudge, agus is ionann
faoiste fáiste agus nonsense. Níos suimiúla fós, bhí an focal faoistin
istigh leis an bhfocal faoiste.
Hmmm…, arsa mé féin liom féin.
Fuair mé greim ar fhoclóir
Dinneen, agus, creid é nó ná creid, bhí leagan luath den fhocal faoistin ann,
agus ba é faoiste an leagan sin.
Thursday, July 21, 2011
Na Trí Mhí-ádh
Bhí mé i nGaillimh ó bhí Dé hAoine seo caite ann, é i gceist agam bheith ar ais i gCeann Scríbe tráthnóna Dé Luain, rud nár tharla, go dtí aréir. Chlis mo charr orm ar an Domhnach, an dtuigeann sibh, agus bhí air lá agus oíche a chaitheamh sa gharáiste, sula bhfuair mé é ar ais, le hailtéarnóir nua, ar an Máirt.
Ach, níorbh é sin mo chéad mhí-ádh. Sular imigh mé maidin Dé hAoine, bhris mé mo phrintéir. Tharraing mé an páipéar as go róghasta, an dtuigeann sibh - rud nach molfainn, a léitheoirí.
Ar an Satharn, phléasc píblíne an gháis i mo chuisneoir, rud a d’fhág go raibh orm cuisneoir nua a cheannach. Mo chuimhne, mise a chuir poll sa phíblíne chéanna – casúr agus píce beag in úsáid agam, ag iarraidh an t-oighear a bhaint den reoiteoir istigh sa chuisneoir, an dtuigeann sibh - rud eile, ahem, nach molfainn, a léitheoirí.
Ar aon nós, ar m’fhilleadh dom aréir, léigh mé anseo go bhfuil trí chineál ‘ádh’ ann:
1. Constitutional luck, that is, luck with factors that cannot be changed. Place of birth and genetic constitution are typical examples.
2. Circumstantial luck—with factors that are haphazardly brought on. Accidents and epidemics are typical examples.
3. Ignorance luck, that is, luck with factors one does not know about. Examples can be identified only in hindsight.
Deirtear go dtagann trí mhí-ádh le chéile, agus bíodh m’ádh, le seachtain anuas, bunreachtúil, imthoisceach nó go hiomlán de thoradh m’aineolais féin, tá súil agam go bhfuil mo dheachú íoctha agam - an geábh seo!
Subscribe to:
Posts (Atom)