Showing posts with label banc. Show all posts
Showing posts with label banc. Show all posts

Wednesday, October 24, 2012

Focail Féilire


Is iad na focail seo a leanas atá ar m’fhéilire fuinneoige ar maidin, focail a tháinig ó Doug Larson, feictear dom:

Few things are more satisfying that seeing your children have teenagers of their own.

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, ach an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin ná,

Filleann an feall ar an bhfeallaire.

Roinnt seanfhocal eile a fuair mé, faoin gceannteideal Feall, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Déan do gháire is do dhealg sáite.

Is minic cealg i mbun na póige.

Ós cleas é, téadh sé timpeall.

Nach iad na gáirí bána iad scadáin Sheáinín ite.

Maidir leis an gceann deireanach sin, cé nach bhfuil a fhios agam a dhath faoi Sheáinín é féin, tá an méid seo scríofa, sa leabhar, faoi na ‘gáirí bána’ úd,

‘Slad gan meirse (?); is ionann ‘gáire (gáirí) bán’ agus duine ag baint leasa as ceart duine eile, agus gan tada ina dhiaidh air.’

Barraíocht daoine mar iad ar fud na tíre sa lá atá inniu ann, shífeá.  

Agus, ó tharla mé ag plé le téama an fhill, chonaic mé an ceann seo thíos faoin gceannteideal céanna,

Slad mainistir teampaill.

An míniú seo a leanas faighte agam ón leabhar céanna,

‘Seanrá a deirtear, nuair atá fuadach nó gadaíocht an-mhór déanta: ‘Ó, sé slad mainistir teampaill é!’ (RM); nuair a cheaptar rud éigin as bealach a bheith déanta (CA). Cheaptaí gur uafásach an choir é slad a dhéanamh ar mhainistir (RM).

Níl sárú na seanráite le fáil, in amanna.  

Sunday, October 7, 2012

Pocpholaitíocht


B’fhéidir go bhfuilim tinn tuirseach ag éisteacht leo uilig, a léitheoirí, ach cuirim an cheist orm féin, ó am go chéile - go háirithe le seachtain anuas agus na focail ‘stroke politics’ á chloisteáil agus á léamh agam go rialta – meas tú an bhfuil aon pholaiteoir sa tír seo atá ag obair ar mhaithe leis an tír amháin, agus ní ar mhaithe leo féin nó ar mhaithe lena bpáirtí?

Níl ann, an dtuigeann sibh, ach go bhfuilim ag teacht ar an tuairim gurb éard atá uainn sa tír seo, le go dtiocfaimid slán sábháilte as an bpraiseach ina bhfuilimid, ná go mbeidh daoine sa Dáil againn a thabharfaidh tús áite do thodhchaí na tíre, agus ní dá dtodhchaí féin.

Thursday, June 21, 2012

Míorúilt!

Sea, a léitheoirí, tharla an mhíorúilt ar maidin.

Ní raibh súil ar bith agam leis, ach chuala mé le mo chluasa féin na focail ag teacht chugam ó áit éigin i bhfad i gcéin, focail nár chuala mé riamh roimhe, focail nach raibh mé ag súil go gcloisfinn, go brách, ó aon bhanc lochtach,

‘We apologise. We made a mistake. It should not have happened.

Sin leagan gairid de chomhrá a mhair 40 nóiméad ar maidin, iadsan ag glaoch ormsa, an geábh seo; iad iontach deas liom ar an bhfón, caithfidh mé a rá, fiú agus iad do mo chur ó rannóg amháin go rannóg eile, arís eile.  

Ach, creid é nó ná creid, seachas cárta nua bheith ar an mbealach chugam, agus geallúint uatha go bhfuil na sonraí cearta san áit cheart anois, agus go gcuirfear mise ar an eolas faoi gach ‘stop’ láithreach bonn as seo amach, beidh £30 ag dul isteach i mo chuntas, mar chúiteamh ar mo chaillteanas ama, is dócha.  

Tá a fhios agam nach mórán é, a chairde, ach aiféala agus cúiteamh ó bhanc ar bith sa lá atá inniu ann - bhuel, sin míorúilt!

Tuesday, June 19, 2012

Ní Rámhaille ach Racht

Ní aon ionadh, arsa mé féin liom féin ar maidin, go bhfuil an tír sa phraiseach ina bhfuil sí, más rud go bhfuilimid ag brath ar na bainc le muid a choinneáil ar an mbóthar ceart.

Le bheith féaráilte, bhí an ceart ag an mbanc mo chárta creidmheasa a chealú arú inné - bhí cleasaí áit éigin ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as, i ngan fhios dom, an dtuigeann sibh. Is maith ann an tseirbhís a thugann ‘unusual activity’ ar chárta creidmheasa faoi deara in am, agus nach ligean leis, ar mhaithe leis an gcustaiméir. Ach, agus seo fáth mo rachta inniu, chealaigh an banc an cárta i ngan fhios domsa, freisin. 

Cuireadh stop le mo chárta uair amháin eile, díreach sula ndeachaigh mé ar laethanta saoire, anuraidh, ach thug mé an ‘stop’ sin faoi deara in am le cárta nua a fháil – náire an domhain orm i siopa áitiúil nuair nár oibrigh an cárta dom!  Pé scéal é, rinne mé gearán leis an mbanc an lá sin, ní mar gheall gur cuireadh stop leis an gcárta, (unusual activity, arís eile) ach mar gheall nár chuir siad mise ar an eolas faoin stop. Thóg siad m’uimhir fón póca an t-am sin, agus gealladh dom go bhfaighinn téacs, dá dtarlódh aon unusual activity arís, le deis a thabhairt dom an cás a phlé leo, nó cárta nua a fháil uathu, an dtuigeann sibh.  

Ar maidin, ar an bhfón, rinne mé iarracht ar tháirge a íoc le mo chárta creidmheasa, agus bhí mé náirithe, arís eile, nuair nach n-oibreodh an cárta dom. Chuir mé scairt ar an mbanc. Leathuair i ndiaidh dom tús a chur le mo ghlaoch, gach duine acu do mo chur ó rannóg amháin go rannóg eile, fuair mé amach, ó dhuine den fraud squad, gur cuireadh stop leis an gcárta arú inné, mar gheall ar unusual activity a tugadh faoi deara. Chuaigh an comhrá rud éigin mar a leanas:

Mise: I have no problem with the fact that you put a stop on the card, due to the unusual activity that was detected. It is a brilliant service, and I appreciate that you managed to stop the illegal transaction, but why wasn’t I informed?

Banc: We did contact you.

Mise: When?

Banc: We sent you a text message at 4.49pm on the 17th.

Mise: I’m just looking through my phone inbox here, and I received no text from you on that date.  What number did you send it to?

Banc: 086-XXXXXXX. Isn’t that your mobile number?

Mise: Yes, it is. Where are you based?

Banc: We’re based in the UK.

Mise: You need an international code before my number then, you know?

Banc: I know that.

Mise: I’m not suggesting that you don’t, but you need to use the correct code, in order for me to get the text...

Ní bhfuair mise aon téacs. Banc mór idirnáisiúnta, a léitheoirí. Osna, agus osna eile uaim…