Showing posts with label TG4. Show all posts
Showing posts with label TG4. Show all posts

Wednesday, April 1, 2020

Gaeilgebox

Ní raibh mé ag súil leis an nglaoch, agus baineadh siar asam nuair a chonaic mé uimhir TG4 ar scáileán m'fhóin. 

'Meas tú céard atá uathu, anois?' arsa mé féin liom féin. Bhrú mo chuid fiosrachta mo mhéar chun gnímh, agus d'fhreagair mé an fón. 

Anois, ar fhaitíos go gceapfadh aon duine agaibh, a léitheoirí, nach maith liom glaoch a fháil ó TG4, bheadh dul amú oraibh. Níl ann ach nach raibh mé ag ceapadh go mbeadh mórán ag dul ar aghaidh acu, aimsir seo an choróinvíris, ach amháin sa seomra nuachta, agus ní raibh mórán nuachta agam féin, ó tharla mé neadaithe anseo i gCeann Scríbe, le mí anuas.

Pé scéal é, is cosúil go bhfuil clár nua ag teacht ar an bhfód, clár cosúil leis an gclár sin Gogglebox Ireland. Tá sé i gceist ag TG4 leagan Gaeilge den chlár a chraoladh agus, creid é nó ná creid, Gaeilgebox a bheas mar theideal ar an gclár. 

Sea, tá a fhios agam an riail faoi 'caol le caol agus leathan le leathan,' ach cheap mé féin go raibh Gaeilgebox, mar theideal, sách cruthaitheach. Maidir leis an bhfocal Béarla sin atá ceangailte leis, nach bhfuil Cleas Act, Jockey Eile, Gaeil Bhoston ann, cheana, agus diabhal locht a bheadh agam féin orthu sin! 

Bhuel, le fad a chur leis an scéal dochreidte seo, a léitheoir, nach bhfuil mé féin agus An Garraíodóir roghnaithe acu le bheith páirteach sa chlár! 

'Ach...' arsa mé féin leis an bhfear ar an bhfón, '...níl aon Ghaeilge, mórán, ag fear an tí.'

Cheapfá go mbeadh fadhb ollmhór ansin, nach gceapfá? Ach, is cosúil go mbeadh siad breá sásta dá bhfanfadh sé réasúnta socair ar an tolg, taobh liom. Bhuel, tá mise a rá libh, a léitheoirí, nach duine é An Garraíodóir a choinníonn a bhéal dúnta nuair atá rudaí ar an teilifís á chur soir!

Nuair a mhínigh mé an scéal sin, ba léir go raibh a gcuid taighde déanta ag lucht TG4, cheana féin, agus bhí sé mar mholadh go bhféadfaí leaganacha/frásaí clamhsán, i nGaeilge, a mhúineadh don Gharraíodóir, roimh ré. Bhí, creid é ná creid, samplaí cumtha, agus réidh don raic,

'Ara, ffs!' = 'A leithéid de sheafóid!' 

'Do you believe that sh*te?' = 'Do bharúil?'

D'fhéadfadh An Garraíodóir, dá mba mhian leis, dar le mo dhuine ar an bhfón, a lámha nó a shúile a chaitheamh in aer, ó am go chéile nó, fiú, cic a bhualadh ar an mbord...ach, gan ligean don radharc sin dul níos faide ná cúpla meadar ó radharc an cheamara, mar go mbeadh siad ag iarraidh rud mar sin a thaifeadadh ina iomláine. 

'Ach...' arsa mé féin leis an taighdeoir bocht, '...céard faoin gcoróinvíreas?'

Arís, bhí a gcuid taighde déanta acu i TG4. Daoine cliste iad. Bhí a fhios acu go raibh cúrsa i Scileanna Teilifíse déanta agam, tráth den saol, le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i nGaoth Dobhair. Bheadh siad in ann ceamara a fhágáil taobh amuigh den doras ag Ceann Scríbe, agus fúmsa a bheadh sé an ceamara a shocrú áit éigin fheiliúnach sa seomra suite, áit a mbeadh sé dírithe orm féin agus ar An Garraíodóir, ar an tolg.

Fuair mé liosta de na cláir ar a mbeidh muid ag breathnú, mar dhea, agus beidh orainn ligean orainn féin go bhfuil muid ag breathnú orthu. Déanfaidh siad féin an eagarthóireacht sa stiúideo. Ní bheadh le déanamh agamsa ach an físeán de na sámhaithe a sheoladh chucu, ar líne, go seachtainiúil. 

Sular chríochnaigh ár gcomhrá, fuair mé ainm an taighdeora. Is deacair a chreidiúint go mbeadh ainm mar é ar aon duine le canúint bhlasta Chonamara ar a theanga, ach is léir go bhfuil an dream thiar siúlach chomh maith le scéalach, agus d'fhág mé slán le Muhammad Dawn

Saturday, March 21, 2020

Cíor Thuathail 2020

Ní raibh aon duine againn ag súil leis; víreas damanta damáisteach tagtha aniar aduaidh orainn, agus tá muid uilig trína chéile, mar gheall air. 

'Cogadh' an focal a chloisim agus, ar go leor bealaí, is cogadh atá ann. Ní féidir a bheith neodrach an geábh seo - tá muid uilig inár gcuid den chogadh seo, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Le go mbeidh muid in ann an ceann is fearr a fháil ar an diabhal víreas seo, tá sé tábhachtach go mbeadh muid uilig ag cloí leis na moltaí atá ag teacht ó na húdaráis chuí oifigiúla, ar nós Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte

Táim féin den bharúil go gcaithfear a bheith cúramach faoi na tráchtanna a fhágann tráchtairí aineolacha anaithnide ar na meáin shóisialta fearacht Twitter agus Facebook. Tá sé de nós agam féin éisteacht leis an méid a chloisim ar na meáin oifigiúla Ghaeilge (raidió agus teilifís) mar go bhfuil sé de nós acusan na saineolaithe cearta a chur faoi agallamh, agus léim na tráchtanna nuashonraithe rialta a thagann uatha sin, freisin. Mo bhuíochas ó chroí leo uilig.

Táim buíoch, ach go háirithe, de na daoine sin atá ag breathnú inár ndiaidh; na daoine sin atá sna seirbhísí tosaigh, sna seirbhísí duine le duine - na 'freastalaithe' uilig sin atá sna siopaí, sna cógaslanna, sna hospidéil, sna clinicí, sna saotharlanna, sna seirbhísí tarrthála srl., - daoine atá á gcur féin sa bhearna bhaoil, ar mhaithe leis an bpobal a choinneáil chomh slán agus chomh sábháilte agus is féidir leo, i láthair na huaire agus na hanachana. 

Níl sé éasca orthu sin uilig, agus ní bheidh sé éasca orainne, mar phobal, ach caithfidh muid ár gcuid a dhéanamh, freisin, le tacú leosan. Tá siadsan ag tabhairt aire dúinne, mar sin is dóigh liomsa go mba chóir dúinne ár n-iarracht féin a dhéanamh gan iadsan a chur i mbaol. Go gcloímid uilig leis na treoirlínte oifigiúla ciallmhara seachanta atá molta ag na saineolaithe. 

Mo chuimhne, táim den bharúil, freisin, go bhfuil ár bpolaiteoirí ag déanamh an-jab go deo. Nár laga an víreas iadsan, ná sibhse, a léitheoirí. 

Tiocfaidh muid slán! 

Friday, November 1, 2019

Oireachtas na Samhna 2019 - Na Seastáin

Cé nach bhfuilim féin ag an Oireachtas i mbliana, faraor, molaim daoibhse atá ann bhur n-aghaidh a thabhairt ar na seastáin, más féidir é ar chor ar bith, mar is iomaí rud atá le foghlaim ag na seastáin chéanna. 

Anuraidh, casadh Pádraig Mac An tSaoir orm i Halla na Seastán. Mo chuimhne, tá agallamh leis, ar an gclár Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta, le cloisteáil anseo.  Pé scéal é, bhí seastán aige ag Oireachtas na Samhna (mar atá i mbliana) agus thug mé faoi deara go raibh sé ag díol leabhar; leabhair athláimhe den chuid is mó, agus ó tharla an-suim agam ina leithéidí, stop mé, agus chuaigh mé i mbun cainte leis. 

Fear uasal é Pádraig, agus nuair a d'inis mé dó go raibh mé ar thóir leabhair (céad eagrán den leabhar 'Deoraíocht' le Pádraig Ó Conaire, a foilsíodh i 1910), gheall sé dom go ndéanfadh sé iarracht ceann a aimsiú dom. Coicís ó shin, tháinig an leabhar chugam, sa phost, ó Phádraig. 
Ba chol ceathracha iad athair Phádraig Uí Chonaire (Tomás) agus mo shin-shean-aintín, Máire Ní Thuathail, agus nuair a scríobh Pádraig an t-úrscéal, Deoraíocht, i 1910, thiomnaigh sé an scéal, mar a leanas,


Aisteach go leor, ní raibh an 'tiodhlacadh' sin le feiceáil in aon eagrán eile den leabhar a foilsíodh ina dhiaidh sin, mar sin bhí tábhacht ar leith ag baint leis an gcéad eagrán, domsa. Táim ar thóir an leabhair le fada an lá, agus táim fíorbhuíoch do Phádraig Mac An tSaoir as é a aimsiú dom. 


Pádraig agus Máire 

Tá tuilleadh uaim faoi 'Na Seastáin' le léamh anseo. Má éiríonn libh bhur mbealach a dhéanamh chucu (rud a mholfainn), abair le Pádraig Mac An tSaoir go bhfuilim thar a bheith buíoch. Agus, caith súil ar na leabhair atá aige, agus ar na seastáin eile, chomh maith. 

Bíonn go leor le foghlaim ag Oireachtas na Samhna, agus aireoidh mé uaim an chraic uilig, i mbliana. An méid sin ráite, táim ag breathnú ar imeacht nó dhó, beo ar líne, anseo. Go raibh maith agaibh, TG4!

Bainigí sult as, a chairde!

Wednesday, May 2, 2018

Foréigean Baile

Mar eolas daoibh, seo thíos fógra a fuair mé ó Midas Productions faoi chlár atá á dhéanamh acu 'do TG4 mar gheall ar Fhoréigean Baile' agus tá siad ar thóir 'daoine le Gaeilge lena scéala a insint...'

FÓGRA

'Tá Midas Productions ag déanamh taighde ar chlár mar gheall ar Fhoréigean Baile. 


Is fadhb ollmhór í seo ar fud na tíre agus ba mhaith linn teacht ar dhaoine le Gaeilge a d’fhulaing Foréigean Baile agus iad ag fás aníos, nó i gcaidreamh, chun a gcuid tuairimí agus scéalta a roinnt ar an scáileán. 

An aidhm atá againn ná na fadhbanna agus bacanna dlí a bhí acu a chur i láthair agus an teachtaireacht a chur amach gur féidir le daoine éalú ó gcaidrimh mar seo. 

Má tá suim ag éinne páirt a ghlacadh is féidir leo teagmháil a dhéanamh le midas.productions2018@gmail.com nó cuir glaoch ar 01 6343751/086-8668868'

Sunday, November 24, 2013

Tacaíocht do Pieta House

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, rinne mé jab beag le déanaí - go deimhin, ní raibh ann ach jab beag, i gcomparáid leis an méid oibre atá déanta, agus atá á dhéanamh, ag na daoine uilig atá, agus a bheidh, páirteach sa cheolchoirm (fógra thuas) atá á reáchtáil ag Ros na Rún, i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, an Déardaoin seo chugainn, 28 Samhain, i nGaillimh, ar mhaithe le Pieta House i dTuaim - ach, mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile!  

Beidh mé féin ag dul chuig an gceolchoirm, mar a bheidh Clann Uí Mhaoileáin, an dream a bheidh ag casadh m'amhrán an oíche sin, agus tá súil agam go mbeidh scaifte mór daoine i láthair don chraic uilig. Tá súil agam, ach go háirithe, go bhfuil daoine ag ceannach na dticéad, sa chaoi go ndéanfar neart airgid don charthanacht iontach seo; i dteannta a chéile is fearr é, mar is eol daoibh, a chairde. 

Tá na ticéid le fáil sna siopaí seo a leanas, ar fud na Gaillimhe:

Hanleys Menswear (Sráid na Siopaí), Garavan's Pub (Sráid na Siopaí), Claddagh Jewellery (Sráid na Céibhe), Blake's Corner (Bóthar Eglington), Michael Ryder (An tSráid Ard i dTuaim), Tigh Durkin (Baile na hAbhann), Siopa an Phobail (Indreabhán), agus Texaco (An Spidéal.)

Le bhur dtoil, scaipigí an scéal faoin gceolchoirm i measc bhur gcairde uilig i nGaillimh, agus ar fud na tíre, mura miste libh - beidh chuile phingin ón gceolchoirm ag dul chuig Pieta House i dTuaim. 

Idir an dá linn, má tá cúpla euro le spáráil agat féin, a léitheoir, d'fhéadfá iad a roinnt leis an gcarthanacht anseo, dá mba mhian leat. 

Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine. 

Wednesday, July 24, 2013

An Gaeilgeoir is Greannmhaire

Fuair mé an fógrán sin thuas ó chara liom inné, agus fuair mé an méid seo a leanas ar shuíomh idirlín TG4, mar eolas daoibh a léitheoirí - scéal le scaipeadh, mura miste libh, mar sé Dé Céadaoin, 31 Iúil 2013, an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais, dar leo:
'An mbaineann tú gáire as daoine? An bhfuil acmhainn grinn agat?
Is mian le Good Company Productions “GIG” a chur i láthair, sraith teilifíse réaltachta 8 gclár do TG4. Tá “GIG” sa tóir ar an nGaeilgeoir is greannmhaire, is barrúla agus is siamsúla amuigh. 
Tá duais airgid le buachan chomh maith le háit ag mórfhéile grinn in 2014. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le John nó Orla ag 01 4973225 nó 087 2387222 nó seol ríomhphost chuig gigtg4@gmail.com nó féach ar www.goodcompany.ieNí mór d’iarrthóirí a bheidh os cionn 18 agus Gaeilge a bheith ar a dtoil acu.' 
Tuilleadh eolais faoin gclár, ó Good Company Productions, le léamh anseo.

Thursday, July 11, 2013

Áine ag Flasháil!

Ní hea, a léitheoirí, níl baint ar bith ag an scéal seo liomsa, ná le hÁine na Dála, ach le hÁine eile. Sea, tá an Áine eile sin 'ag taisteal ar fud na hÉireann ag tabhairt faoi tascanna difriúla' le Tobar Productions

Dúshláin, agus clár nua do TG4, atá idir lámha aici an geábh seo, agus más rud go mbeidh tusa, nó do chairde, i nGaoth Dobhair tráthnóna amárach, Dé hAoine (chomh fada agus is eol dom!) beidh Áine Arskypeacheile ansin, le tobshlua a thabhairt le chéile - tobshlua céilí!


Anois, céard eile a dhéanfá tráthnóna amárach, agus an aimsir chomh hálainn is atá sí, ach dreas damhsa taobh an bhóthair? Nach é Dev a bheadh bródúil asaibh, más fíor, dá dtiocfadh libh é sin a dhéanamh, a chairde! 


Bhuel, bheinn féin sásta libh, pé scéal é, mar is aoibhinn liom tobshlua ag damhsa, mar is eol daoibh. Murach go bhfuil clannchruinniú, agus dreapadh na Cruaiche, romham féin an deireadh seachtaine seo, bheinn i nGaoth Dobhair, gan dabht. 


Go n-éirí go geal leis an gcraic agus leis an gcéilí. ♫♪♪♪♫♫♪ Tuilleadh eolais le fáil ach treoracha Áine a leanúint anseo


Wednesday, February 20, 2013

Gradam agus Gáire


Thug mé cluas éisteachta d’Eibhlín Ní Chonghaile ar an gclár Iris Aniar Dé Luain seo caite, agus nach orm a bhí an t-ádh gur thug, go deimhin.

Mo chuimhne, sula dtosóidh mé ar rámhaille na maidine, ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil ainmniúchán faighte ag an mbean uasal sin do Láithreoir Raidió na Bliana, ag Féile na Meán Ceilteach, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal léi, agus le chuile dhuine/chlár eile ó Raidió na Gaeltachta agus TG4, atá ainmnithe ar an ngearrliosta.

Mo chuimhne eile, feicim an clár teilifíse Ó Tholg go Tolg ar an ngearrliosta (le Bláthnaid agus Laura an geábh seo) rud nach gcuireann iontas ar bith ar an scríbhneoir seo, mar is eol daoibh, ón méid a scríobh mé faoi Áine Goggins agus faoin gclár sin cheana.  

Ar aon nós, ar ais linn chuig fáth eile na blagmhíre seo, gáire. Sea, a léitheoirí, d'ardaigh mo chroí agus mo mheanma maidin Dé Luain seo caite nuair a chuala mé an clár Iris Aniar le Éibhlín álainn, agus más rud go bhfuil drochspion ort ar maidin, nó ar aon lá eile, isteach leat chuig na podchraoltaí anseo, éist, ag 1.03.20 nóiméad, le clár an Luain, 18 Feabhra 2013, go gcloise sibh Seán Bán Breathnach agus Bernie Ní Fhlatharta, agus an chraic uilig a bhí acu ag an rang Ióga Gáire i nGaillimh. 

Is fearrde iógáire ná íogaire - seanfhocal nua?

Mura bhfuil do chantal curtha díot agat fós, a léitheoir, fan leis an bpodchraoladh sin thuas agus éist, ag 47.00 nóiméad, leis an gcolún rialta ó Mháirtín Jaimsie - scoth fir le scoth na Gaeilge aige, agus is fiú éisteacht le chuile fhocal uaidh, i mo thuairim féin. 

Nár laga a gCé iad na daoine sin a bhaineann gáire as daoine eile!  

Tuesday, October 9, 2012

Dul i bhFiáin


Ar an Déardaoin beag seo, 11 Deireadh Fómhair, beidh sraith den chlár Dul i bhFiáin ag tosú ar TG4, ag a 10:00 i.n. Dar leis an mblurba ar shuíomh TG4, beidh ‘beirt shaineolaithe allamuigh ag dul ar thuras, ach caithfidh siad maireachtáil ar bhia ón dúlra…’

Bhuel, arsa mé féin liom féin, ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith dom foghlaim faoi na nithe seo, ar fhaitíos na bhfaitíos go rachadh mé féin agus é féin amú amuigh faoin tuath am éigin, agus go dteastódh greim bia uainn. Dá bhrí sin, tá mo nasc sraithe nasctha leis an gclár agam, agus táim ag súil go mór leis.

Ar ndóigh, níl leid dá laghad agam céard a bheidh ar an mbiachlár ag na saineolaithe agus láithreoirí, Frainc MacCionnaith agus Darach Ó Murchú, ná fiú an bhfeilfeadh an bia don fheoilséantóir seo, ach beidh le feiceáil.

Dul i bhFiáin, TG4, Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair, 10:00 i.n. 

Sunday, September 16, 2012

Déanta in Éirinn

Tá clár nua, Déanta in Éirinn, á chraoladh ar TG4 na laethanta seo. Ar an gclár, a thosaigh Déardaoin seo caite, fiosraíonn Manchán Magan an féidir maireachtáil, in Éirinn, ar earraí de bhunús na hÉireann amháin.  

jab nach beag roimhe, a léitheoirí. 

Chonaic mé an chéad chlár, agus bhain mé an-sult agus eolas as. Mar shampla, d’fhoghlaim mé go bhfuil traenacha na tíre seo déanta sa Chóiré Theas; níor tógadh traein sa tír seo le 40 bliain nó mar sin - easpa teicneolaíochta nua-aimseartha, gan ach 10 gcomhlacht ar fud an domhain ag plé le saintáirgeadh na dtraenacha domhanda, is cosúil.  

An raibh a fhios agaibh go bhfuil busanna Bhus Éireann déanta san Ísiltír, sa Fhrainc, i Sasana, sa Ghearmáin, sa tSualainn, agus sa Tuirc? Tá sé deich mbliana ó bhí bus de dhéantús na hÉireann ar bhóithre na tíre seo, creid é nó ná creid.

Dé réir mar a thuig mé ón gclár, rinne rialtas na tíre seo cinneadh, am éigin sna seachtóidí, go raibh todhchaí thionscal na tíre le díriú ar ríomhairí agus ar sheirbhísí eile, seachas ar obair láimhe, an dtuigeann sibh; rud a fhágann, sa bhliain 2012, nach bhfuil Manchán bocht in ann taisteal ar bhus, ná ar thraein, de dhéantús na tíre seo.

Ach, d’éirigh leis theacht ar rothar a táirgeadh in Éirinn, am éigin sna seachtóidí. Bhí tionscal Raleigh anseo ó 1952 go dtí 1980, agus cé gur thóg Manchán spin beag ar cheann de na rothair, is carr a bhí uaidh.  

I 1917 a osclaíodh monarcha Ford i gCorcaigh le tarracóirí a thógáil, ach táirgeadh carranna ann, freisin, an Ford Model T, ó 1923-1927. Níor éirigh le Manchán ceann acu a fháil ar iasacht don chlár, áfach.  

I 1959 a tosaíodh ar na Shamrock Cars i mBaile na Lorgan. Níor mhair an tionscal ach 6 mhí, táirgeadh 8 gcarr ar fad, agus ní mhaireann ach 4 cinn acu anois. Níor éirigh le Manchán ceann acu sin a fháil ar iasacht, ach an oiread.

I ndeireadh na dála, d’aimsigh Manchán an DeLorean DMC-12, carr a táirgeadh i mBéal Feirste idir 1981-1982. Ó tharla carr de dhéantús na hÉireann aimsithe aige, an tseachtain seo chugainn is ar bhia na tíre a bheidh aire Mhancháin dírithe. 

An mbeidh sé in ann é féin a chothú ar bhia de dhéantús na hÉireann amháin? Beidh le feiceáil.

TG4 ar an Déardaoin,  agus athchraolta ar an Luan. 

Thursday, March 24, 2011

Ó Tholg go Tolg

Ar leathanach tosaigh do Foinse na seachtaine seo, tá an spéirbhean Áine Goggins.

Tá aithne agam ar Áine, ón am a chaitheamar ag obair le chéile ar an gclár Dúshlán, clár a bhain an duais amach do ‘Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge – Faisnéis’ ag na Smedias i 2008.


Thángamar le chéile tráth, lucht foghlama scileanna teilifíse ón dá Acadamh, agus taobh istigh de choicís, rinneamar, na scoláirí ón dá choláiste, dhá chlár le chéile.

Bhí Áine agus mé féin ag obair ar an bhfoireann chéanna, agus bhain mé an-sult as a comhluadar. Ba léir dom, fiú ag an am sin, nach tarraingteach amháin a bhí Áine, ach go raibh tallann nach beag aici, agus chuidigh an dá thréith sin go mór linn, agus na cláir á gcur le chéile againn.

Is bean chumasach phroifisiúnta í, agus táim ag dúil go mór lena clár nua, Ó Tholg to Tolg, a fheiceáil ar TG4 anocht, ag 9.30 i.n.

Thursday, March 3, 2011

FriochtAnocht

Anocht, ar Ros na Rún, an fear é féin, Stephen Fry, nochta!

Bígí ag breathnú, TG4, 8.30 i.n.