An cadhnra caite atá i gceist agam, sé sin le rá, an cadhnra atá i do charr agat. Más fíor an méid atá leite agam anseo, amárach Luan na gCadhnraí Cliste, nó Luan na gCadhnraí Caite, más fearr leat an leagan sin.
Is cosúil, más fíor, nach mbaintear úsáid chomh rialta as an gcarr agus duine ar saoire thar an Nollaig, mar sin, teastaíonn cic sa tóin ón gcadhnra díomhaoin inniu, a léitheoir...sé sin le rá, moltar duit do charr a thabhairt ar spin beag 30 nóiméad, inniu, len é a luchtú, sa gcaoi nach mbeidh tú sáinnithe sa mbaile, amárach.
Meas tú, arsa mé féin liom féin, ar maidin, an raibh na polaiteoirí chomh díomhaoin céanna, agus iad ar saoire na Nollag, nó an bhfuair siad féin cic sa tóin ó Lucinda Creighton inné. B'fhéidir nach bhfuil i gceist ach spin beag eile, meas tú?
Cibé scéal é, tá an rabhadh tugtha.