Ar fhaitíos go bhfuil cárta le scríobh agat fós, a léitheoir, agus gan tú róchinnte céard a d'fhéadfá scríobh, le do ghrá a chur in iúl do do ghrá geal, beidh tú in ann a theacht ar bhlagmhíreanna faoi théarmaí grá, ag Róislín, ar an Irish Language Blog, anseo.
Idir an dá linn, más mian leat mo dhán féin ar an ábhar a léamh, ceann a scríobh mé do, ahem, m'fhear aclaí féin, An Garraíodóir (fear atá díreach théis 'Happy V-Day from a secret admirer' a sheoladh chugam...i bhfoirm téacs...ón bhfón póca s'aige), seo chugat é (an dán, chan An Garraíodóir), agus tá súil agam go mbeidh lá álainn lán le grá agat, bíodh grá geal agat nó ná bíodh.
Mo Ghrá...
is tú mo dhán,
an lán i mo stad,
an tsábháil i mo shlad,
an cara i mo chúirt,
an sólás i mo bhuairt,
an dian i mo chúram,
an lia i mo thuairim,
an laghad i mo locht,
an saibhreas i mo bhocht,
an preabadh i m'ucht,
an maisiúchán ar mo nocht,
Sin tusa...mo ghrá.
Seo chugaibh bláthanna uaimse, ar maidin, a léitheoirí. Bainigí sult as an lá, le grá.
Showing posts with label bláthanna. Show all posts
Showing posts with label bláthanna. Show all posts
Friday, February 14, 2020
Sunday, June 18, 2017
Féile na mBláthanna
Tuilleadh eolais faoin bhféile le fáil anseo agus anseo agus anseo.
Mo cheol iad!
Níl ansin ach cuid den taispeántas, a léitheoirí, grianghraif a thóg mé ar m'fhón póca, inné. Tá an taispeántas ar siúl arís inniu. Is fiú go mór na bláthanna uilig a fheiceáil, i mo thuairim. Tá an-jab déanta ag na dearthóirí uilig, agus bhí an ceol, ón gcláirseach agus ón veidhlín, go hálainn.
Thursday, August 22, 2013
Féileacáin agus Foclóirí
A haon...
...a dó...
...a trí!
Tharla sé go raibh mé ag baint bláthanna feoite as na prócaí bláthanna timpeall ar Cheann Scríbe inniu nuair a chonaic mé féileacáin ag léim ó bhláth go bláth.
Ar fheiceáil an chéad fhéileacán dom, agus é á shocrú féin ar bhláth, rug mé ar mo cheamara le grianghraf a thógáil, rud a rinne mé, mar a fheiceann sibh ón gcéad ghrianghraf thuas. Ansin, tháinig an dara féileacán agus, ina dhiaidh sin arís, tháinig an tríú féileacán. Shocraigh na trí fhéileacán ar an mbláth céanna. Nach álainn iad!
An raibh a fhios agat, a léitheoir, ach dá mbeadh tú ag brú na féileacáin as duine, bheadh croí an duine sin briste brúite, mar bheadh siad crushed agat, mar a déarfá.
Tugtar dalán Dé (Lanes Larger English-Irish Dictionary, (1922)) nó dealán Dé (L.McCionnaith, Foclóir Béarla agus Gaeilge, (1935)) ar fheileacán, freisin, agus, dar le Mac Bains Dictionary anseo, deirtear faoi dealan-dé gur God's fire atá i gceist.
Féileacán 'gus foclóir ag cur lenár stór...

Friday, August 2, 2013
Wednesday, June 26, 2013
Thursday, February 14, 2013
Lá Fhéile Vailintín
Ó tharla gurb é inniu an lá atá inniu ann, a léitheoir, chinn mé go dtabharfainn bláthanna duit:
Bain sult as an lá, agus, mar aon le chuile lá eile beo, tá
súil agam go bhfuil grá agat le roinnt le duine éigin, agus grá aige/aici/acusan
le roinnt leat féin.
Tháinig mé ar sheacláid na suirí sin thuas i siopa áitiúil
inné, agus cheannaigh mé ceann acu don Gharraíodóir – tá faobhar ar a fhiacla
chun na milseán, an dtuigeann sibh. Sea, tá sweet tooth aige, agus ní féidir
dearmad a dhéanamh ar fhear an tí ar an lá-seo-mór-le-rá-i-saol-na-mban, más fíor.
Subscribe to:
Posts (Atom)