Monday, February 29, 2016

Mí an Mhárta

Is gearr uainn tús an Mhárta, agus ó tharla gur chuir Dennis ceist orm faoi sheanfhocail a bhaineann leis an mí ar leith seo...mí atá ar tí a cuid cantail a chur in iúl dúinn, más féidir brath ar fhianaise na haimsire anseo in Inis Eoghain ar maidin!...chuaigh mé ar thóir roinnt seanfhocal, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal 'Aimsear,'

Má thagann an Márta isteach mar leon, rachaidh sé amach mar uan. 

Má thagann an Márta isteach breá, rachaidh sé amach garbh. 

Márta garbh gaothach, Aibreán bog braonach, Bealtaine béalfhliuch. 

Márta tirim, tuar plandaí. 

Mallacht ghaoth ghágach na Márta.

Bíonn 'Máirtín Gágach' amuigh sa Márta. 

Deirtear, sa leabhar, go bhfágann 'an ghaoth fhuar ghéar gága ar chraiceann na lámh is na gcos: déantar 'Máirtín' as ainm na míosa.' 

Labhair mé, inniu, le mná ar m'aithne as Conamara, triúr acu, agus thug mé faoi deara go ndúirt an duine ba shine acu 'Mí an Mhárta' (tá sí os cionn cheithre scór), agus go ndúirt an bheirt eile 'Mí na Márta.' Bhí 'Máirtín Gágach' cloiste ag beirt acu, an duine b'óige (55+) agus an duine ba shine (80+), cé nach raibh sé cloiste ag an mbean i lár báire (65+). 

Bhí an bhean ba shine acu ag insint dom go mbíodh an aimsir an-fhuar go deo sa seanam, agus gur cuimhin léi na gága (agus an fhuil leo) ar chosa na ndaoine, ag teacht isteach ón bhfuacht, théis lá oibre ar an gcladach, nó áit éigin mar sin. Bhíodh 'triomach' ann, a dúirt sí, ach bhíodh 'sioc' ann, freisin, agus is 'ón bhfuacht' a tháinig na gága.

D'inis sí dom, chomh maith, go mbíodh sé de nós ag na daoine, an t-am sin, an mhóin fhliuch ón gcruach mhóna a chuir amach 'i lár an chnocáin' nó 'suas ar an gclaí' i Mí an Mhárta mar, deiridís, 'triomóidh an Márta í sin!'

An Márta a mharaíos daoine
Na Faoillí a mharíos caoirigh.

Ce nach raibh sí ar an eolas faoi 'Na Faoillí' a bheith mar ainm ar Mhí Feabhra, dúirt sí go mbíodh an mhí sin fliuch, ach go mbíodh Mí an Mhárta 'fuar agus tirim.' 

Ní bhíonn sé crua fuar go dtí an Sean-Mhárta.

Maidir leis an seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, tá sé scríofa 'Ní mhothaítear fuacht go dtí an t-earrach (nó deireadh Márta)'

Mo chuimhne, tá Mí na bhFaoillí (Mí na bhFaoilleach) beagnach caite. Tá lá sa bhreis againn an mhí seo, inniu mar a tharlaíonn sé, rud a fhágann gur bliain bhisigh atá ann i mbliana, agus tá pisreoga a bhaineann leis an mbliain bhisigh le léamh ar leathanach 11 den PDF seo ó Choláiste na hOllscoile Chorcaigh. 

Agus, ó tharla 'laethanta na bó riabhaí' ar an mbealach i Mí an Mhárta, freisin, is féidir leat mo bhlagmhír ar an ábhar sin a léamh anseo

3 comments:

Néidí said...

Tá sneachta againn. Céard a deir na seanfhocail faoi sneachta ag an am seo?

Thar a bheith spéisiúil, go raibh maith agat

Steve Finnell said...
This comment has been removed by a blog administrator.
Mise Áine said...

'Báisteach an tseaca agus an tsneachta
An dá bháisteach is measa.'

Tá sé ag cur sneachta anseo in Inis Eoghain anocht, a Néidí!

Rogha an fheilméara: 'Lá breá is lá báistí, oíche sheaca is corrchith sneachta.'