Tuesday, July 30, 2019

Athbhreithniú agus Comhairle

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach baineadh siar asam nuair a chuala mé go raibh 'Athbhreithniú ar Mhaoiniú Fhoras na Gaeilge d'Earnáil na Meán Gaeilge clóite agus ar líne' ar na bacáin. 

Cén fáth? 

Bhuel, an chéad smaoineamh a rith liom, nuair a léigh mé faoin athbhreithniú, ná 'Ná habair liom go bhfuil scéal 'Gaelscéal' eile ar an mbealach!' - nuachtán eile a bhí ar fáil ar feadh tréimhse agus, ansin, é imithe go dtí éitear chartlanna an idirlín, sula raibh deis ag dúch ár ndúchais triomú air, fiú. 

Ach, ní Gaelscéal amháin a d'imigh, ach Foinse, Beo, Feasta, An tUltach srl.; nuachtáin agus irisí a léigh mé, go rialta. D'imigh siad ón aimsir láithreach go dtí an aimsir chaite i ngan fhios dúinn, shílfeá; cuid acu a d'imigh de réir a chéile, ach cuid eile acu imithe uainn, díreach agus muid ag cur aithne mar is ceart orthu. 

Is mór an trua é sin. Chuidigh siad liom, go mór, barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge. Más rud nach bhfuil mo chuid Gaeilge foirfe nó caighdeánach, ní orthu siúd atá an locht, go deimhin, ach orm féin. 

Fiú mura raibh ann ach sracshúil, ó am go chéile, bhí seans ann go dtiocfainn ar alt, i gceann acu, a thaitneodh liom, agus thug sé deis dom mo theanga dhúchais a choinneáil beo beathach i mo chloigeann. Bhí mé ag foghlaim, agus bhí fáil agam ar nuacht an tsaoil, i bhfoirmeacha a thug deis dom an nuacht sin a fháil, ag am a d'fheil dom féin. 

Sa lá atá inniu ann, bainim úsáid as podchraoltaí, go rialta (cé nach mbíonn gach clár Gaeilge a thaitníonn liom i gcónaí le fáil ar phodchraoltaí Raidió na Gaeltachta, ar fáth éigin - Meascra, mar shampla) agus táim ag teacht isteach ar an gcóras Soundcloud as a mbaineann Raidió na Life úsáid

Tugann podchraoltaí, agus TG4 Player, deis dom na scéalta is fearr liom a fháil, ag am a fheileann dom féin. 

Ach, ní hionann 'éist siar' ná 'súil siar' agus 'an bhfuil a fhios agat céard a tharla inniu' nó 'fan go gcloise tú céard atá ag tarlú thall/abhus' nó 'tá úrscéal nua ar fáil/banna ceoil nua le cloisteáil/uirlis nua tagtha ar an bhfód' - teastaíonn nuacht reatha, agus teastaíonn sé uainn inár dteanga dhúchais, le go mbeidh fáil againn uilig, idir óg agus aosta, ar scéalta an lae. 

Ní chaithim mo shaol ar Twitter ná ar Facebook, ach nuair a bhím ar cuairt ar na meáin sin, is ar lucht na Gaeilge a dhírím m'aird, den chuid is mó. B'fhéidir go roinnim alt i mBéarla, ó am go chéile, ach is í an Ghaeilge mo theanga chumarsáide, formhór an ama. Agus, tá go leor le foghlaim ó na meáin sin, maidir le cúrsaí reatha agus seanscéalta srl.  

Caithim súil ar chuala.me  beagnach chuile lá beo, le go bhfeice mé céard atá i mbéal an phobail, agus, níos minice ná a mhalairt, is scéalta as tuairisc.ie nó as nós.ie a bhíonn roinnte ag lucht scríofa na Gaeilge ar Twitter. Ar ndóigh, bíonn Nuacht TG4, PEIG,ie, Meon Eile, BLOC, TG4, Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Nuacht RTÉ, Raidió na Life, Raidió Fáilte, ToghCon, Conradh na Gaeilge, dúchas.ie, Údarás na Gaeltachta, agus tuilleadh nach iad, i lár an aonaigh ann, freisin.

Anois, ar fhaitíos go gceapann aon duine go bhfuil dearmad déanta agam de comhar.ie, níl ann ach gur fhág mé an ceann is fearr go dtí an deireadh. Ní iontas ar bith é go bhfuil Cathal Goan imníoch, agus tuigim a chrá. Níl a fhios agam sa diabhal cén chaoi a n-éiríonn le bord na hirise maireachtáil ar an méidín suarach maoinithe a fhaigheann siad cheana, gan trácht ar aon ghearradh siar a chur i bhfeidhm. Tá iris chlóite, LeabhairComhar, COMHARTaighde, COMHARÓg, agus Portráidí curtha ar fáil acu. Réimse leathan ar mhaoiniú teoranta - éacht oibre!

Tuigim, go rímhaith, go bhfuil an saol ag athrú. Thuig mé an méid sin, fadó fadó, nuair a dúirt duine de mo dhéagóirí liom 'We need to get a computer, Mom!' Ní raibh leid dá laghad ag an scríbhneoir seo céard sa diabhal é 'computer' ach ní raibh mé i bhfad ag foghlaim go mbeadh siad lárnach sa todhchaí, agus cheannaigh mé ceann acu. 

Bhí an déagóir sin 37 i mbliana, agus sna chúig bliana fichead ó thosaigh mise agus ise ag útamáil ar an idirlíon, tá méadú ollmhór tagtha ar ábhair na Gaeilge atá ar fáil...ón 'faic' go 'flúirseach' atá i gceist agam, an dtuigeann sibh.

Tá súil agam nach mbeidh aon athrú ar scéal na flúirse, ach tuigim, go maith, go bhfuil gá le hathbhreithniú, le go mbeidh muid uilig in ann coinneáil suas leis an todhchaí, ar bhealach cúramach ciallmhar. 

Tá machnamh á dhéanamh agam ar an scéal, maidir le 'Earnáil na Meán Gaeilge clóite agus ar líne,' i láthair na huaire. Tá tuairimí léite agam, ó dhaoine éagsúla ar tuairisc.ie (daoine a bhí/atá bainteach leis na meáin, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile), agus d'éist mé le Maitiú Ó Coimín (eagarthóir na hirise Nós) agus Áine Ní Ghlinn (eagarthóir COMHARÓg) ag labhairt ar an gclár Tús Áite (podchraoladh anseo, 27 Meitheamh) le go mbeidh mé in ann freagraí tomhaiste a thabhairt ar na ceisteanna thíosluaite. 

Ní bheidh sé éasca, ach creidim go bhfuil gá le hionchur uainne, léitheoirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge atá ag brath ar an earnáil seo, le go dtuigfidh Foras na Gaeilge céard atá uainn. 

Tá an doiciméad comhairliúcháin le fáil anseo. Ceithre cheist atá le freagairt:

C 1.    An bhfuil tú i bhfabhar/i gcoinne an chur chuige nua atá molta nó aon ghné de? Mínigh an chúis le do thoil:

C 2.    An bhfuil moltaí feabhais a mholfá don chur chuige nua atá molta nó aon ghné de? Liostaigh thíos le do thoil:

C 3.   Lasmuigh den chur chuige nua molta, an bhfuil moltaí agat maidir leis an socrú reatha a fheabhsú? Mínigh do mholtaí le do thoil:

C 4.   Sa chás go bhféadfadh Foras na Gaeilge cur leis an maoiniú reatha de €500k don earnáil seo, cad iad na tosaíochtaí caiteachais eile a mholfá:

Gan ionchur uainne, d'fhéadfadh laghdú a theacht ar an earnáil, seachas leathnú. Caithfidh muid ár gcomhairle a bheith faighte ag Foras na Gaeilge faoin 15 Lúnasa 2019 ar 13.00. 

Coinnígí súil ar an todhchaí, a léitheoirí. Is gearr uainn í. 

No comments: