Saturday, July 7, 2018

Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann

Bhí mé i mBaile Lifín inné, ag Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann, agus cé nach bhfuil a fhios agamsa a dhath faoi ghalf, bhí An Garraíodóir in ann insint dom céard a bhí tarlú, agus cérbh iad na réaltaí mór-le-rá sa spórt sin. 

Ar ndóigh, d'aithin mé Rory, Pádraig agus cúpla galfaire eile, ach sin an méid atá ar eolas ag an scríbhneoir seo faoi ghalf; ach amháin gur léir dom, ó inné, go bhfuil go leor daoine thart ag a bhfuil i bhfad níos mó suime acu sa spórt, ná mar atá agamsa. Bhí na sluaite móra daoine ann. 

Bhí an lá go hálainn, agus cibé dream dúthrachtach daoine a d'eagraigh an ócáid, bhí sí eagraithe go héifeachtach acu. Bhí gach rud ann a bhí ag teastáil; bia agus deoch, siopaí gailf, leithris ghlana (neart acu), ardáin don lucht féachana, cathaoireacha agus boird taobh amuigh de na bialanna, maoir agus gardaí le daoine a threorú, neart áit páirceála, busanna ag teacht agus ag imeacht go rialta, oifig eolais, bileoga eolais srl. 

Bhí an ghrian dár mbeannú ar feadh an lae. Bhí mo cheamara liom agam, agus thóg mé na céadta grianghraf (go ciúin cúramach, i gcaoi nach gcuirfeadh isteach ar na gailfairí...tá an méid sin ar eolas agam!), ach ar m'fhilleadh abhaile dom, cuireadh mé ar an eolas nach raibh sé ceadaithe agam mo cheamara a úsáid, ar chor ar bith, ar an láthair, rud nach raibh a fhios agam.  Dá bhrí sin, ní féidir liom na grianghraif a roinnt libh anseo, a léitheoirí. 

Mar eolas daoibh, tá sé scríofa ar an ticéad (rud nach bhfaca mé in am, faraor) 'The use of any cameras, computers and other electronic equipment at the Tournament Thursday to Sunday is not permitted other than with the proper accreditation....Making or distributing broadcasts, commentary, news reports, data, results or statistics by any means in any format or media including any such by mobile phone or other wireless device is not permitted.' 

Mar gheall air sin, cé nár dúradh tada liom, ar an lá, agus mé ag dul thart le mo Chanon, ní féidir liom na grianghraif a roinnt, libhse ná le haon duine eile. Aiféala orm faoi sin. Níl de rogha agam ach fanacht...

Ach, déarfaidh mé an méid seo, bhain mé an-sult as, agus chuir áilleacht na háite agus na haimsire go mór leis an ócáid. An-jab go deo déanta ag lucht a heagraithe. Maith iad!

No comments: