Tuesday, June 2, 2020

Radhairc na Seachtaine

Tá roinnt físeán curtha le chéile agam ó thosaigh an Covid-19, agus tá siad roinnte agam libh, ó am go chéile (anseo agus anseo agus anseo, más mian libh iad a fheiceáil, arís), ó tharla go raibh cuid agaibh nach raibh in ann bhur dtithe a fhágáil, agus na radhairc laethúla a fheiceáil, mar a bhí mise á bhfeiceáil. 

Is ar scáth a chéile atá muid uilig ag maireachtáil, na laethanta seo, a chairde, agus, ó tharla go dteastaíonn tacaíocht ó na carthanachtaí éagsúla, ar fud an domhain, freisin, tháinig an t-amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, ar an bhfód, le déanaí. Tá scéal an amhráin le léamh anseo

Má chloistear an t-amhrán, iarrtar ar an éisteoir cúpla pingin/cent/euro, nó cibé, a sheoladh chuig carthanacht éigin, más féidir é, ar chor ar bith. Leid bheag daoibh, d'fhéadfadh, ahem, go mbeadh oraibh pingin nó dhó a bheith faoi réir agaibh, má bhreathnaíonn sibh ar an bhfíseán seo a leanas, 


Táim chomh buíoch den amhránaí, Caitlín Ní Chualáin, agus dá hiníon, Sorcha, a chuir físeán den amhrán le chéile ar Facebook agus ar Twitter (os cionn 5,400 amharc go dtí seo!). Ar chuala tú é? Tá na naisc thuas, a léitheoir, más mian leat súil a chaitheamh ar an bhfíseán sin. Agus, má tá pingin nó dhó le spáráil agat, ná déan dearmad ar na carthanachtaí! 

Tiocfaidh muid tríd, a chairde. 

2 comments:

QuiBeck said...

Níl fhios agam chor ar bith cén chaoi a dtáinig mé ar an mblag atá agat ach tháinig an lá cheana agus tá an t-amhrán seo ar m'intinn ó shin. Nuair a d'éist mé leis an lá cheana níor cheap mé go raibh sé rómhaith (i gcead an chomhluadair!!) ach tá athrach barúla anois agam!

QuiBeck said...

Fós ag cuimhneamh ar an amhrán seo!!!