Saturday, September 25, 2021

Ceann Oifig

Seo thíos alt a scríobh mé don iris lánGhaeilge, Súil Thart, forlíonadh a bhíonn mar chuid den nuachtán, an Donegal News, chuile mhí. Is ag deireadh mhí an Mhárta seo caite a foilsíodh leagan den scéilín seo, agus tugann sé léargas dúinn ar na srianta a bhí i bhfeidhm sa tír ag an am agus, go deimhin, tugann sé léargas dúinn ar an dul chun cinn atá déanta againn, maidir leis an gcoróinvíreas, ó shin. 

Mar a scríobh mé cheana, ní galfaire mise. Ach, maidir le fear an tí...

************************

Ceann Oifig

I láthair na huaire, tá sé molta, ag treoirlínte go leor an taobh seo tíre, gan dul níos faide ná 5K ón teach. An gcloím leis seo? Cloím. Le tamall fada anuas. Tamall an-fhada. Tamall rófhada a déarfadh duine nó dhó. Mar sin fhéin, cloím leis na treoirlínte. Siúlóid nó siopadóireacht. Taobh istigh de 5K. Sin an méid. An chuid eile den am, déanaim mar a rinne mé riamh, le blianta fada anuas, bím ag scríobh. Ní sé molta gailf a imirt. Sin an fhadhb. Domsa. Tuigfidh go leor daoine a oibríonn ón mbaile mo chás. Cloigeann cromtha agat ar do chuid oibre, do chuid smaointe gafa leis an ábhar atá idir lámha agat, ansin,

‘Fancy going for a spin?’

Nuair a bhristear isteach ar shnáithe do chuid smaointe, go háirithe má tá tú i lár taighde do dhán nó scéal nua, mar shampla, is cuma cén grá atá agat don té atá ag fancyáil spin (nó do fancyáil, fiú) seans nach é grá an chéad smaoineamh eile a rithfeas leat, agus do chloigeann á ardú agat ó do chuid oibre. Tá seans ann gur easpa ceana de shaghas éigin a bheas le feiceáil sa súil fhiata a bhain tú den ríomhaire. 

Pé scéal é, tháinig mé ar réiteach le fear an tí. Nuair is léir go bhfuilim istigh i mo cheann oifig, an áit sin i mo chloigeann ina mbíonn mo chuid smaointe ag rith fud fad na háite ag iarraidh greim a fháil ar a chéile, is fearr dó gan a bhéal a oscailt, ar fhaitíos, ahem, go dtarraingeoidh ceann acu cic air.

An rud faoi cheann oifig, is féidir leat dul áit ar bith agus tú istigh inti, gan aon imní a bheith ort faoi theorainneacha. Ní gá cloí le 5K. Ní gá cloí le tada, go deimhin. D’fhéadfá do rogha rud a dhéanamh istigh i do cheann oifig, agus ní bheadh aon duine ar an eolas faoi, maith nó olc. 

Anois, nílimse ag moladh go dtabharfá tús áite do smaointe olca, ná a dhath mar sin. Is fearr, b’fhéidir, díriú ar na smaointe cineálta, ar fhaitíos go mbuailfeadh ráig fheirge tú, gan choinne, agus go mbeadh fonn ort, ahem, cic a tharraingt ar dhuine éigin. Tá treoirlínte ann dá leithéidí sin, an dtuigeann tú – de réir dlí, níl cic ceadaithe.

Idir anois agus deireadh na ráige, beidh mise gnóthach i mo cheann oifig. Is inti atá mo chuimhní. Tá aiféala orm, a léitheoir, ach caithfidh mé imeacht, anois. Feicim smaoineamh ag rith le ceann de mo chuid cuimhní…

**********************

Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir na hirise, Súil Thart. 

No comments: