Thursday, April 5, 2012

Neadió Teilifís Áine

Tá sé deacair a rá céard atá ar bun ag an meantán gorm na laethanta seo.

Sa ghrianghraf thuas, a tógadh Dé Céadaoin seo caite, bhí sí ag tógáil sosa, shílfeá. Mar sin féin, mar is léir ón ngrianghraf thíos, bhí sí gnóthach an t-am ar fad…go dtí Dé Sathairn seo caite, pé scéal é.


Níl a fhios agam cén fáth, ach níor fhill sí go dtí an nead ó Dé Sathairn seo caite go dtí tráthnóna inniu, Dé Céadaoin. Más í a bhí ann an tráthnóna seo, níor fhan sí thart ach ar feadh tamaillín, agus ní dhearna sí aon rud nua leis an nead. Tá an teachín éan folamh arís anocht.

Ní thuigim a cuid geáitsíochta, ach is cuma liom céard a dhéanfaidh sí, a fhad is go bhfillfidh sí, am éigin. Go luath. Níl an lá mar an gcéanna gan í.

6 comments:

Dennis King said...

B'fhéidir gur ag fanacht leis an gcéile ceart atá sí anois.

Mise Áine said...

Níl meantán gorm, toirt fiagh ná feannóige ar m'amharc ar an teilifís sa chistin ar maidin, a Dennis.

Níl gíog ná mióg aisti. Cibé áit ina bhfuil sí, níl ár meantán gorm in aice a neide..:-(

John said...

Agus tá webcam na spideog múchta ar shuíomh idirlín Derek Mooney chomh maith. Cad a dhéanfaimid feasta gan éiníní?

D'fhéadfaimís dul ar ais chuig mo chara anseo: http://faoicheilt.blogspot.co.uk/2011/04/ma-dheanann-tu-rud-amhain-inniu.html

Tá sí ina suí ann i gcónaí.

Dennis King said...

“Ite ag an gcat, fuil ar a smut,
's gan fágtha a'm ach cnáimhín”

?

ormondo said...

B'fhéidir gur fearr leo gan an... ahem... gníomh a dhéanamh os comhair an cheamara agus go bhfillfidh siad a luaithe agus atá sin réitithe acu. ;)

Mise Áine said...

Nach í Lady atá gnóthach, a John!

Áw,a Dennis - ní dhéanfadh mo Shióg a leithéid..:-) É sin ráite, bhreathnaigh mé thart timpeall na háite, ar fhaitíos na bhfaitíos an dtuigeann tú, agus níl cleite na cnámh in aon áit!

Súil agam go bhfuil tú ceart, a Fhearghuis..;-)