Friday, March 29, 2019

Bua agus Buairt

Nuair a dhúisigh mé, ar maidin, d'airigh mé an-tuirseach. Cé go ndeachaigh mé a luí luath aréir, tá lorg na seachtaine fágtha ar m'fhuinneamh. Dhúisigh mé roimh na héin, agus cé go mothaím spíonta, tá mo smaointe ag teacht idir mé féin agus tuilleadh codlata. 

Cuimhní cinn is cúis le mo dhúiseacht, an t-amharc siar sin a tharlaíonn nuair atáim i mo luí sa chiúnas, dorchadas na hoíche fós i mo thimpeall, solas an lae fós le teacht, ach imeachtaí agus eachtraí na haimsire atá caite á n-athimirt ar scáileán mo smaointe. 

Mar a scríobh mé anseo, an tseachtain seo caite, bhí mé i gCeatharlach ag an deireadh seachtaine, ag an bhFéile Pan Cheilteach, agus d'éirigh le m'amhrán nuachumtha, Ní Thuigim, an bua a ghabháil sa chomórtas náisiúnta amhránaíochta ann. Mo bhuíochas ó chroí le Daríona Nic Dhonnacha, a rinne jab iontach ag casadh an amhráin, agus d'Ollie Hennessy, stiúrthóir ceoil na hoíche, a chuir tionlacan álainn ar fáil dúinn. 

Dé Sathairn a tharla an méid sin, agus tá agallamh nó dhó, ar an ábhar sin, déanta agam, le raidió nó dhó, ó shin. An bhfuil cuimhne agam ar an méid a dúirt mé sna hagallaimh sin? Níl. An raibh an méid a dúirt mé ceart go leor? Níl a fhios agam. 'Labhair ón gcrói...' an moladh a tugadh dom, blianta ó shin. Rinne mé an méid sin. Caithfear scaoileadh leis an imní. Rinne mé mo dhícheall. 

Ach, tharla eachtra Déardaoin seo caite, an lá sula ndeachaigh mé go Ceatharlach, agus tógfaidh sé go leor ama orm scaoileadh leis an mbuairt atá do mo chrá ó shin, agus do mo chrá, ar maidin. Chaill mé Sióg. D'imigh sé uainn, ar shlí na fírinne, agus cé go raibh a fhios agam go raibh an lá sin ag teacht níos gaire, ní bhíonn duine riamh réidh don chaill. 

Ar maidin, agus na deora liom á scríobh seo, airím uaim é. Bhí sé linn le blianta fada, mar chara le mo thaobh agus mé ag scríobh, agus tús áite aige i mo smaointe, go minic, agus mé as baile. 

Ní féidir cairdeas mar é a mhíniú don té nach dtuigeann an ceangal a bhionn idir ainmhí agus duine. Tá bua ar leith ag baint lena leithéidí de chairdeas. Ach, nuair a chailleann tú é, líonann buairt do shaol. Tagann na cuimhní chun cinn, agus tosaíonn an athimirt, arís is arís eile.  

Táim ag súil go mór le solas an lae, agus leis an sólás a thagann ina am féin.  

4 comments:

Unknown said...

Áine, An fhéidir gur tú mé a cabhru? Chuala mé an t'amhrán álainn "Ní thuigim" an tseachtain seo ar R na G. An bhfuil na focail don amhráin ar fáil? Bheadh sé go deas seo a fháil comh a cleachtadh leis mo múinteora. Slán Jim

Mise Áine said...

Anois díreach a chonaic mé é seo, a Jim! Go raibh maith agat as na focla cineálta sin, agus an-aiféala orm faoin moill ag teacht ar ais chugat. Seo chugat iad anois, a chara:

Ní Thuigim


Ní thuigim na focla le nimh ina mbrí,
Mar a bhrisfeadh cloch gloine, brisfidh crá croí,
Éist leis an gciúnas, sa tost tá béal binn,
Déan beart de réir briathra ‘tá cineálta mín.

Curfá

Ní thuigim cén fáth, ní thuigim cén chaoi
Ní thuigim an gá le droch-eachtraí an tsaoil
Ach tá’s a’m an méid seo, le gach preabadh croí,
Ní bheidh réiteach go deo ann, gan meas ar chaon taobh.

Ní thuigim na cogaí ná réabadh aon tír,
Fir, mná ‘gus páistí ag fulaingt de shíor,
Cur amú beatha, ‘gus léirscrios gan chiall,
Tá síocháin faoi ghlas nuair a cheart di bheith saor.

Curfá: Ní thuigim cén fáth….

Ní thuigim aon bhalla, aon teorainn, aon díog,
San áit nach raibh scaradh, fág sin mar a bhí,
Tá geal ag an ngealach, ‘gus dubh lena taobh,
Ar scáthanna a chéile a mhaireanns gach ní?

Curfá

Ní thuigim cén fáth, ní thuigim cén chaoi
Ní thuigim an gá le droch-eachtraí an tsaoil
Ach tá’s a’m an méid seo, le gach preabadh croí,
Ní bheidh réiteach go deo ann, gan meas ar chaon taobh.

Ní bheidh réiteach go deo ann, gan meas ar chaon taobh.

© Áine Durkin

Séamas Mac an tSaoir said...

Is álainn go hiomlán an amhrán seo. Freisin fuar mé do leabhar An Bhean Istigh. Léim cúpla leathanach gach lá nuair a taistealaim ar an tube ó Colindale go Leicester Square. Tá sé usáideach chun mo chuid Gaeilge a feabhsú, go háirithe mo stór focail agus léim na dánta le mo mhuinteoir. In dhiadh sin bíonn comhráite Ghaeilge againn fúthu.

Slán agus beannacht
Jim

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Jim! Áthas orm go bhfuilim in ann cuidiú leat, a chara. 😃