Tá sé cúig bliana déag ó thosaigh mise ag blagáil. Níl a fhios agam cá ndeachaigh an blag miseaine.blogs.ie a thosaigh mé i 2007, ach lean mé orm ón mblag sin ag scríobh blag eile faoin ainm céanna, ar blogspot, i 2009. Ansin, tharla sé seo, agus bhí orm bogadh arís. Táim anseo ó shin, ag rámhaillí liom ó am go chéile.
Bhí fáth ar leith gur thosaigh mé ag blagáil, mar atá scríofa agam anseo, agus cé nach mbím ag scríobh leis an rialtacht chéanna is a bhínn, is maith liom ardán na blagála.
Is tríd an mblag a chuir mé aithne ar bhlagálaithe eile, daoine lena ndéanaim cumarsáid go minic, go poiblí agus go pearsanta; an aidhm chéanna againn uilig, feictear dom - an Ghaeilge a choinneáil beo beathach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Chaith mé súil ar bhlagrolla mo bhlag ar maidin (féach 'Comhbhlagálaithe') agus feicim go bhfuil cuid acu fós ag scríobh go rialta, cuid eile ó am go chéile, agus cuid eile nár scríobh aon cheo le dhá bhliain déag anuas.
Seans, mar a scríobhadh sna tráchtanna ar mhír Bhreandáin Delap (Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.) san iris Beo! i 2011, go mbogann daoine go hardáin eile, nó go bhfuil siad le feiceáil ar ardáin eile; nuachtáin, irisí, na meáin agus na meáin shóisialta ina measc. Cibé scéal é, tá cumarsáid i gceist, agus is cumarsáid i nGaeilge í, an chuid is mó den am.
Nuair a thosaigh mise amach mar bhlagálaí, ní raibh na hardáin Ghaeilge uilig thuasluaite ar fáil. Ní raibh foclóirí-ar-líne, aipeanna i nGaeilge agus a leithéidí, le fáil mar atá sa lá atá inniu ann. Chuir an t-idirlíon go mór lenár gcumas ár dteanga dhúchais a úsáid go rialta agus go héifeachtach, agus fiú mura n-aontaítear le gach a léitear agus a chloistear, tá sórt athbheochan eile 'béal le béal' faighte ag an nGaeilge le blianta beaga anuas, le cúnamh na n-áiseanna agus na n-ardán atá againn anois.
Tugann an blag seo deis domsa tuairim/scéal/eolas a roinnt, ar mo bhealach fhéin, i m'am fhéin, i nGaeilge. Is maith ann aon ardán a thugann deis don teanga anáil a tharraingt.
*****************
Mo chuimhne, comhghairdeachas ó chroí leis na daoine sin a chuir a n-anam lena dteanga agus a fuair, faoi dheireadh, cearta teanga do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart. Maith sibh!
No comments:
Post a Comment