Sunday, July 3, 2022

Na Trí Mhuicín

Ó cuireadh deireadh le srianta An Chovid, bhí an seamlas oscailte arís. Bhí éileamh an-mhór ar mhuiceoil. Tá siad sách ramhar anois, arsa an feirmeoir, le háthas. Baineadh siar as na muicíní óga. D’fhág focla an fheirmeora drochbhlas ina mbéal. Bealach amháin nó bealach eile, bhí uathu an seamlas a sheachaint. Thosaigh siad ag pleanáil. Nuair a tháinig an feirmeoir lena leantóir, d’oscail sé geata an chró. Thapaigh na muicíní a ndeis, agus thug siad na cosa leo isteach sa gcoill.

Bhuail siad le cailín beag le cochaillín dearg uirthi. Stop sí chun cainte leo. Mhol sí dóibh teach a thógáil, mar go raibh mac tíre gránna ag crochadh thart. Aithneoidh sibh é, a dúirt sí, mar ní chaitheann sé masc riamh, agus tá sé de nós aige éadaí ban a chaitheamh.

Níor chaith Muicín a hAon ná Muicín a Dó masc riamh, ach an oiread leis an Mac Tíre. Bhí imní ar Mhuicín a Trí. Ba eisean an t-íochtarán san ál. Tugadh neart aráin agus ime dá shiblíní thar na blianta, ach ní bhfuair sé fhéin faic le hithe, go minic. Bhí sé séacla i gcomparáid leo, mar sin chloígh sé le treoirlínte.  Bhailigh sé leis. Thóg sé teach le bloicíní a d’aimsigh sé caite in aice le fothrach tí. Níor bhac an bheirt eile le teach a thógáil go dtí gur athraigh an aimsir. Thosaigh sé ag gleadhradh báistí. Thóg siad teachín adhmaid ceann tuí, dhá mheadar ó theach Mhuicín a Trí.

Bhí an Mac Tíre stiúgtha leis an ocras. Chuir an boladh breá bracháin a bhí ag teacht ó theach Na Trí Bhéar uisce lena fhiacla. Nuair a tháinig sé ar theach cheann tuí na muicíní, bhreathnaigh sé isteach tríd an bhfuinneog. Muiceoil! Bhuail sé cnag ar an doras. Níor chuala an bheirt istigh tada. Bhí an teilifís casta suas an-ard acu, mar gheall ar thorann na báistí taobh amuigh. Thosaigh an Mac Tíre ag séideadh agus ag séideadh. Thit an teach. Baineadh geit as na muicíní. Rith siad béal dorais. Lig Muicín a Trí isteach iad, ar choinníoll go ndéanfaidís féin-aonrú le chéile thuas staighre.

Bhí imní ar Mhuicín a Trí. Ach, ní faoin gCovid, amháin. Bhí scoilteanna tugtha faoi deara aige, anseo is ansiúd, i mballaí an tí. Bhí siad faighte níos measa ó thosaigh an bháisteach ag titim. Meas tú cén fáth, a smaoinigh sé? Chonaic sé an Mac Tíre trí scoilt mhór amháin acu, agus é ar a bhealach ina dtreo. Rinne an muicín neamhaird den chnagadh ar an doras. Rinne sé neamhaird de shéideadh an Mhic Tíre neamh-mhasctha. Bhí sé fhéin ag caitheamh maisc, nach raibh? Fiú dá dtiocfadh aon fhrídín isteach tríd an scoilt mhór, bhí sé saor ó chontúirt, nach raibh?

Bhí an Mac Tíre ag dul i laige. Is ar éigean a bhí sé in ann anáil a tharraingt. Ocras, meas tú? Ní hea. Bhí sé aisiomptómach. Bhí An Covid ag ionsaí a scamhóga, i ngan fhios dó. Ainneoin a laige, d’éirigh leis teach Na dTrí Mhuicín a leagan gan stró. Céard sa diabhal!?  Chuir sé iontas orthu uilig cé chomh héasca is ar thit an teach. Faraor, bhí na bloicíní míocach agus lochtach, i ngan fhios dóibh. Bhí an drochaimsir dá n-ionsaí.

San áit a mbíonn comharthaí ceiste, bíonn comharthaí.

****************************

Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News an mhí seo caite, san fhorlíonadh Súil Thart. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh.

2 comments:

John M O Donoghue said...

Scéal deas Áine ach tabháchtach.

Mise Áine said...

Grma, a chara! Go deas cloisteáil uait, arís.