Showing posts sorted by relevance for query Ag Blagáil faoi bhlagáil. Sort by date Show all posts
Showing posts sorted by relevance for query Ag Blagáil faoi bhlagáil. Sort by date Show all posts

Wednesday, July 6, 2016

Ag Blagáil Faoi Bhlagáil

'Meiteabhlagáil' an focal a d'úsáid Aonghus, thall ar Twitter, nuair a scríobh mé ann go raibh blagmhír ar ábhar na blagála á scríobh agam. Ní focal é 'meiteabhlagáil' a bhí ar eolas agam, ach tá focal nua foghlamtha agam anois, a léitheoirí, mar is minic liom, ó thosaigh mé ar an gcraic seo.

Go deimhin, is mar fhoghlaimeoir a thosaigh mé ar an mblagáil, an chéad lá riamh. 2007 a bhí ann, agus bhí céim i Litríocht na Gaeilge díreach críochnaithe agam, in Ollscoil Uladh, agus bhí mé ar tí cúrsa i Scileanna Teilifíse a dhéanamh san Acadamh i nGaoth Dobhair.

Le críochnú na céime, agus ó tharla mé i mo chónaí i gceantar Galltachta, bhí faitíos orm go gcaillfinn a raibh foghlamtha agam de ghramadach na Gaeilge. Luaigh mé mo bhuairt intinne le cara liom - bean chliste chiallmhar a raibh grá, taithí agus tuiscint nach beag aici ar mheáin shóisialta na Gaeilge - agus ise a mhol dom tús a chur le blag i nGaeilge. Rinne mé amhlaidh, agus táim ag blagáil liom ó shin. Bíodh gorta nó cóisir ann (agus is minic mo bhlag ina thost), táim fós ag blagáil. Táim fós ag foghlaim. 

Tá na Blog Awards Ireland ann, arís, i mbliana, agus tá catagóir ar leith ann don 'Irish Language Blog,' mar a bhí anuraidh, agus arú anuraidh, más buan mo chuimhne. Fuair mé ainmniúchán arís i mbliana - go raibh céad míle maith agat, cibé duine a mhol mo bhlag! - ach níor chuir mé iarratas isteach, fiú théis ríomhphost nó dhó a fháil ón lucht eagraithe. Tá fáth leis sin. 

Chuir mé ríomhphost buíochais ar ais chucu; dúirt mé leo nach mbeinn páirteach i mbliana, ach go raibh súil agam go n-éireodh go geal leo uilig. Fuair mé ríomhphost i mBéarla ar ais, ag fiafraigh díom an raibh fáth ar leith nach raibh mé sásta bheith páirteach. Thosaigh an ríomhphost le 'Dear Mise,' Chonaic mé áit na leathphingine, arís. Thuig mé féin mo chás. 

An méid sin ráite, is cuma, mar ní duais a bhí mar aidhm agamsa nuair a thosaigh mé ag blagáil. Mar a scríobh mé anseo, roinnt mhaith blianta ó shin, 

'A fhad is go bhfuilimse anseo in bhur gcuideachta, ag roinnt mo smaointe, ag roinnt mo thuairimí, ag roinnt eolais ar theanga agus ar chúrsaí an tsaoil, mar a thuigim féin iad, agus mé á dhéanamh sin i nGaeilge, ní bheidh meirg ag teacht ar mo theanga, ná ormsa.'

Murach sibhse, a léitheoirí, ní bheinn anseo, ag rámhaillí liom. Táim fíor bhuíoch as an deis, trí mo bhlag, bheith in bhur gcuideachta, ag foghlaim, agus ag cuidiú le foghlaimeoirí, tá súil agam. 

Sin mo dhuais. 

Saturday, July 8, 2023

Ag Teacht is Ag Imeacht

Bhí sé le déanamh agam le fada, ach tá sé déanta agam anois - tá slacht curtha agam ar an mblag seo. 

Bhuel, tá sé glanta agam, pé scéal é, sé sin le rá, tá na naisc bhriste scriosta den suíomh agam, athnuachan déanta nuair bá ghá, agus cúpla rud bogtha thart. Bhí mé ag iarraidh níos mó a dhéanamh ach, ar fáth éigin nach dtuigim, tá an 'save arrangement' ar iarraidh ón 'layout' agus níl sé d'am agam tuilleadh ama a chaitheamh ar an diabhal rud.

Ar thaobh na láimhe deise den phost seo, feicfidh tú 'Naisc Úsáideacha,' agus níos faide síos ar an taobh céanna, tá liosta 'Cuidiú nó Cruinneas Uait' agus liosta 'Na Meáin,' mar aon le liosta de mo chomhbhlagálaithe. 

Bhí na liostaí sin ann ó thosaigh mé ar an mblag seo, am a ndeachaigh mo sheanbhlag, Mise Áine, amú orm i 2011. Ní bhím ag blagáil leis an mhinicíocht chéanna is a bhínn nuair a thosaigh mé ag blagáil ar dtús, timpeall 2007 nó mar sin - bhí seanbhlag eile ann roimh an seanbhlag, ach ní féidir a theacht air níos mó - ach is easpa ama is cúis leis an easpa minicíochta seachas easpa suime.

Maidir le mo chomhbhlagálaithe, bhí orm cúpla scór blag a bhaint den liosta; bhí siad 'not found' nó 'removed' nó 'private' anois. Bhí ceann nó dhó a bhí bainte nó 'removed' (ag a n-úinéirí, is dócha), cinn a thaitin go mór liom thar na blianta. Ba dheas a seanmhíreanna a léamh, arís. Faraor, ní féidir anois.  

Aon bhlagálaí a d'fhág a míreanna agus a mblag beo, choinnigh mé ar an liosta iad, le go mbeidh fáil ag léitheoirí orthu. Seans gur féidir a rá gur stair atá sna míreanna a scríobhamar uilig, mar bhlagálaithe, san am a caitheadh. Ní raibh fáil ar na meáin shóisialta ag an am, más buan mo chuimhne, mar sin bhí an bhlagáil beo beathach. Bhí tuairimí le roinnt, agus roinneadh iad. 

Ach, ní tuairimí amháin a roinneadh - tá seanfhocail, béaloideas, dinnseanchas, eolaíocht, teicneolaíocht, reiligiún, cuimhní cinn, craic, filíocht, amhráin, ceol, scéalta cruthaitheacha agus scéalta pearsanta le léamh ar na blaganna éagsúla, agus tuilleadh lena chois sin. 

Ar an liosta de mo chomhbhlagálaithe, tá 57 blag nár scríobhadh aon cheo orthu le 6-13 bliain anuas, tá 31 blag nár scríobhadh aon cheo orthu le 1-5 bliain anuas, agus tá 24 blag ag treabhadh leo le bliain anuas, cuid acu níos minice ná a chéile. Gura fada buan iad!

An rud is mó a rith liom agus mé ag cur na liostaí eile le chéile ná go bhfuil i bhfad níos mó tacaíochta 'ar líne' ar fáil don scríbhneoir le roinnt blianta anuas. Nuair a thosaigh mise amach ar an mblagáil, bhí foclóirí móra oscailte agam le taobh an ríomhaire, agus b'fhéidir trí nó ceithre leabhar gramadaí thart ar an ríomhaire, ag an am céanna. Anois, má bhím in amhras faoi fhocal nó faoi ghramadach, níl le déanamh agam ach cuardach a dhéanamh ar an idirlíon. Tá na Naisc Úsáideacha úsáideach, a léitheoir! Mar atá na suímh ata le fáil faoi 'Cuidiú nó Cruinneas Uait.'

Mo bhuíochas ó chroí leis na daoine sin atá ag obair in earnáil na Gaeilge agus a chuireann na seirbhísí éagsúla ar fáil don scríbhneoir, don aistritheoir, don taighdeoir agus don fhoghlaimeoir. Le bhur gcuid tacaíochta, táim fós ag foghlaim agus fíorbhuíoch as an deis mo theanga dhúchais a úsáid ar an ardán seo.