Thursday, May 26, 2022

Foinsí

Nuair a d’fhill mé fhéin agus é fhéin ar Bhun Cranncha, théis dheireadh seachtaine taitneamhach a chaitheamh i gConamara, thugamar faoi deara boladh lofa ar fud an tí. Meas tú, arsa fear an tí, agus fuinneoga á oscailt aige, cé as a bhfuil an boladh sin ag tíocht? 

Bhí an boladh ag fáil níos measa. D’oscail muid doras soirn, doras cuisneora agus doirse chófraí, go bhfeicfeadh muid an raibh aon cheo ag lobhadh iontu, ach ní astu sin a bhí an diabhal boladh ag tíocht.

Bhí an aimsir ag éirí níos teocha. Bhí stuif le tógáil as an gcarr. Thug mise isteach an mála níocháin. Chuir sé fhéin an mála beag dramhaíola isteach sa mbosca bruscair sa gcisteanach. Thug muid faoi deara go raibh boladh i bhfad níos measa taobh amuigh den teach, ná mar a bhí taobh istigh. Sciodar, seans, a bhí á chur amach ar an talamh ag na feirmeoirí áitiúla, a cheap muid.

Thug mé an mála níocháin isteach sa gcúlchistin. Ní raibh dé ná deatach ar chat an tí, Féasóg, ach ba léir dhom go raibh sé thart níos túisce mar bhí leath dá chuid bia ite aige óna mhias. Fágann cara linn bia sa gcúlchistin dó cúpla uair sa ló, nuair a bhíonn muide as baile. Lena chois sin, tá a dhoirsín fhéin aige ag bun an chúldorais. Bíodh muid ann nó as, bíonn fáil ag Féasóg ar theach agus ar thuath, ar thearmann agus ar bheatha.

Bhí fuinneog na cúlchistine ar leathadh, oscailte níos túisce ag fear an tí. Bhí an boladh ag fáil níos measa. Ní aer úr a thagann isteach tríd an bhfuinneog nuair a bhíonn sciodar á scaipeadh, arsa mé fhéin liom fhéin. Dhún mé an fhuinneog, agus bhí mé díreach ar tí na héadaí a chur sa meaisín níocháin nuair a thug mé faoi deara é. 

Bhí sé marbh. Bhí sé ag lobhadh. 

Francach mór a bhí ann. Ceann le ceithre chos. Choinnigh mé an cloigeann. I bhfocla eile, rinne mé an rud, ahem, ceart agus glaoigh mé ar fhear an tí. B'fhéidir gur scairt mé air. Nó, b'fhéidir, ahem, gur béic a bhí ann.  Pé scéal é, ní raibh sé siúd i bhfad ag fáil réidh leis an bhfrancach. Ba ghearr go raibh an boladh ón gcúlchistin imithe. Bhí mise imithe ón gcúlchistin roimhe sin. Chomh luath agus a chonaic mé an francach. Mar a thuigfeá. 

Is minic nach bhfeictear an rud atá soiléir. Is fiú go mór cartadh agus cíoradh mar is ceart a dhéanamh le foinse na fírinne a aimsiú. Níl dochar ar bith san intinn oscailte. 

*********************

Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News an mhí seo caite, san fhorlíonadh Súil Thart. Is é Séan Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh. 

No comments: