Saturday, March 30, 2013

Focail Liom Focail Leat

Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana, a léitheoirí. 

Roghnaigh mé focal amháin eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé é rud beag - litir amháin bainte amach, b'fhéidir, nó ceann sa bhreis curtha isteach agam, nó litir amháin athraithe, b'fhéidir.

Pé scéal é, fágfaidh mé fúibh féin é bhur gcinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfocal nua, agus faoin sainmhíniú nua atá tugtha agam don fhocal sin:

crámhaille/crámhaillí - barúil nó barúlacha a ghoillfeadh, nó a ghoilleann. 

Ní hionann scéal agus fírínne, go minic, mar sin b'fhéidir, in amanna, gur fearr gan scéal a dhéanamh de do bharúil, a léitheoir; mura bhfuil firscéalaíocht finscéalaíocht i gceist, ar ndóigh. 

Focal nuachumtha eile é firscéalaíocht, b'fhéidir. Ach, cén sainmhíniú a thabharfadh duine ar a leithéid, meas tú - scéal na míchéille?

Mo chuimhne, an bhfuil a fhios agaibh gur féidir anagram a fháil as an bhfocal 'Rámhaillí'? Sea, 'Rá a mhill í' a bheadh ann. 

Suimiúil, nach bhfuil...

Sunday, March 24, 2013

Suirbhé Pobail ó Fhoras na Gaeilge


Leis an suirbhé pobail nua atá curtha le chéile ag lucht Fhoras na Gaeilge, tá sé mar aidhm acu tuairimí an phobail a thomhas maidir leis an bhformáid ab fhearr leis an bpobal sin do sheirbhís nuachta Gaeilge; ó tharla an nuachtán Gaelscéal imithe anois, is dócha.  

Ar bhealach, níor chuir sé iontas orm nár éirigh le Gaelscéal, cé go raibh brón orm nár éirigh leis, caithfidh mé a rá. Cheannaigh mé é, go rialta, agus cheap mé go raibh tús maith aige, mar nuachtán, agus foireann iontach díograiseach i gcónaí, ach, ag pointe áirithe, d’athraigh sé treo, b’fhacthas dom.  Bíodh mé ceart nó mícheart, cheap mé go ndeachaigh sé an iomarca i dtreo na dáiríreachta. Ar ndóigh, b'fhéidir gur mheall a leithéid de dháiríreacht léitheoirí eile! Deacair a rá. 

Mo chuimhne, cá ndeachaigh Bernie Ní Fhlatharta? Bhain mé an-sult as na giotaí a scríobhfadh sí sa nuachtán, agus d’airigh mé uaim a tuairimí suimiúla.

Ach, bhí fáth eile le m'easpa iontais - ní dóigh liom go raibh go leor de lucht labhartha agus léite na Gaeilge ag tacú leis an nuachtán ón gcéad lá riamh. Ba mhinic a chuir mé ceist ar dhaoine, daoine arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga, agus ní raibh siadsan á chéannacht; ach bhí nuachtáin Bhéarla á gcéannacht acu. Cén fáth, meas tú?

Níl freagra na ceiste sin agamsa, ach creidim gur fiú an suirbhé a chomhlánú, le bhur dtuairimí féin a roinnt leis an bhForas, le go mbeadh deis acu, b’fhéidir, jab níos fearr a dhéanamh; ceann a chuideodh go mór leis an gcéad thogra nuachtáin eile uatha, tá súil agam.

Tá mo fhreagraí féin tugtha agus seolta agam cheana.  Agus, fiú mura fiú a dhath iad, seo chugaibh moladh nó dhó eile uaim, don tseirbhís nua nuachta, ó tharla iad i mo chloigeann inniu:

Cloí leis an nuacht a mheallann léitheoirí, idir óg agus aosta, fud fad na tíre. Meascán ilghnéitheach nuachta, idir éadrom agus trom, a bheadh go deas, ceapaim féin.

Meascán de gach uile chineál nuachta a bheadh i gceist, agus gan é bheith dírithe ar 'Gaeilge' agus ar 'Gaeltacht' an iomarca i.e. bíodh sé ina nuachtán as Gaeilge, seachas ina nuachtán a dhíríonn ar chás na teanga arís is arís eile. Am agus áit ag achan alt, ar achan ábhar.

Más rud go bhfuil alt fada le roinnt, ar aon ábhar, go háirithe más alt le hábhar 'trom' atá i gceist, d'fhéadfaí an chéad chuid den alt a chur ar leathanach amháin, b'fhéidir, agus an chuid eile den alt ar leathanach eile, 'léigh tuilleadh ar leathanach...' mar shampla, nó mar nasc 'léigh tuilleadh' ar shuíomh idirlín an nuachtáin.

Agus, bíodh greann ann! Ná bíodh sé ródháiríre ar chuile leathanach. Leathanaigh as an iris Nós mar fhorlíonadh, b’fhéidir? Ar a laghad, labhair leis an eagarthóir, Tomaí Ó Conghaile. Fear cumasach díograiseach fadradharcach; le rannpháirtithe cumasacha fuinniúla ag cuidiú leis ar an iris sin, feictear dom.

Féach alt 'Cumarsáid Chaolchúiseach' le Seanán Ó Coistín in 'eagrán is déanaí' de Nós Mhí Eanáir, mar shampla, nó an t-alt 'Grá & Gaol' le Micheál Mac an Bheatha san eagrán sin. Bhí mé i lagrachaí gáire agus na hailt sin á léamh agam. Teastaíonn giotaí greannmhara uainn uilig, a léitheoirí, go háirithe sa lá atá inniu ann. 

Ní dhéanfadh comórtas nó dhó aon dochar i.e. cinn a mheallfadh léitheoirí le bheith páirteach iontu, cinn rialta, seachtainiúil: comórtas fotheideal ar chartún; comórtas cumadóireachta i.e. dán, seanfhocal nua, focal grinn, scéilín; comórtas grianghrafadóireachta; crosfhocal, agus mar sin de; agus iad a bheith dírithe ar chuile aoisghrúpa.

An bhféadfaí comórtas a reáchtáil le hainm an nuachtáin/suímh nua a aimsiú?

Níl ansin thuas uaim ach Methuiscint i.e. mo thuairim féin. Ní gá gur ionann na tuairimí a nocht mé anseo agus tuairimí aon, ahem, chantalán eile. Is cuma. Is léitheoir nuachta mé, agus tá a fhios agam céard atá uaim. Go mba hé duit! 

Anois, líon isteach an suirbhé anseo, a chara na Gaeilge, mura miste leat, roimh an 16 Aibreán, le do thoil. Maith an léitheoir.  

Saturday, March 23, 2013

Áine Ársa

Fadó, fadó, fadó, nuair a bhí mise i m’ógbhean, ahem, ghnéasinsúlach chanliathach, níor chuir m’aois isteach ná amach orm, beag ná mór.

Go deimhin, ní bhuaireann m’aois mo chloigeann na laethanta seo ach an oiread, ach, mar sin féin, bhain sé geit asam, ar maidin, nuair a léigh mé gur gearr uaim an tseanaois - i gceann cúpla mí, mar a tharlaíonn sé, a léitheoirí - más fíor an méid a léigh mé anseo.

Sea, is gearr go mbeidh sé 55 bliain ó rugadh mé agus, más fíor an méid a cheapann daoine sa suirbhé sin thuas, tá cath na haoise caillte agam. Sea, táim ársa ainriochtach, ceann creathach, cnagtha leis an aois, ag titim as mo chéile; cnoc na haoise dreaptha agam, agus mé ar mo bhealach anuas, le luas.

Aiféala orm nár chuir mé sibh ar an eolas faoin méid sin ní ba luaithe, a léitheoirí, ach, bhuel, níor rith sé liom, an dtuigeann sibh, mar nach raibh a fhios agam gur amhlaidh atáim.

Ó tharla mé róthugtha don Gharraíodóir le bheith i mo Chougar, gabhaigí mo leithscéal, a chairde, ach caithfidh mé imeacht anois, agus zimmer frame a cheannacht dom féin. 

Beidh mé ar ais libh gan mhoill de réir a chéile…

Tuesday, March 19, 2013

Neadió Teilifís Áine

Inné, tháinig meantán gorm chun tí...
Meas tú bhfuil éin-ne istigh?

Ní fheicim duine ná dreoilín ann...

...ná níl an cat féin le feiceáil in aon áit...

...ó,a dhiabhail! Cé hí sin thall?

Bhain mise agus mo cheamara geit as, is dócha, 'gus d'imigh sé leis; ach, díreach ina dhiaidh sin, tháinig an meantán mór, agus thosaigh sé ag, ahem, magadh faoin meantán gorm, ceapaim...
Meatachán buí thú, chan meantán gorm!

Ní fheicfidh sí mise taobh thiar den ghéag seo, muise...

Inniu, tháinig an meantán mór ar ais agus, cé go raibh sé gar do mo cheamara, ní raibh aon fhaitíos air, shíl mé...
Ní aithneoidh sí mé leis na spéaclaí gréine seo orm!

...ansin, anonn leis go dtí an teachín éan, agus bhreathnaigh sé isteach ann...
Nope, níl nead ar bith anseo fós.

...agus, ar ndóigh tá an ceart aige. Ah bhuel, beidh le feiceáil...

Sunday, March 17, 2013

Glaoch An Uachtaráin

Beidh Glaoch an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigín, le cloisteáil go luath, a léitheoirí, anseo nó anseo.  

Tá na sonraí uilig le léamh anseo, ach, le go mbeidh sibh ar an eolas, seo mar a bheidh sé ag tarlú inniu: thall i Nua Eabhrach ag 4.30pm, agus in Éirinn ag 9.30pm. 

Saturday, March 16, 2013

Focail Féilire

Is deacair bheith 'do laoch ach is éasca bheith dea-chroíoch

One cannot always be a hero but one can always be human.

Is treise trua ná tréan. 

An chéad leagan Gaeilge ón Dómhnallach, agus an dara leagan Gaeilge uaimse. Tháinig an t-athfhriotal Béarla ón bhfear seo, Johann Wolfgang von Goethe, agus is féidir tuilleadh athfhriotal uaidh a léamh anseo. 

Rith nuafhocal eile liom, Ní laoch go lách, agus, dá thoradh sin, tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal 'Cúnamh,' sa leabhar Seanfhocla Chonnacht:

D'fhág mise faoi chúram Dé é, is d'fhág Dia faoi mo chúram féin é. 

Is beag an rud a thugas duine ó bhás go beatha. 

Is cuid den bhróg an bharriall. 

Is fearr beagán cúnta ná mórán truaighe. 

Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir, a léitheoirí!

Friday, March 15, 2013

Neadió Teilifís Áine

Le feiceáil ansin thuas, tá grianghraf dár meantán gorm, ceann a tógadh ar an 7 Márta anuraidh, timpeall bliain ó shin. Bhí an teachín éan roghnaithe aici le nead a thógáil ann, agus bhí sí go díograiseach i mbun na hoibre sin, mar atá le feiceáil agaibh. 
Ansin thuas, tá grianghraf a thóg mé inné. Meantán mór a bhí istigh sa teachín, ach níl aon chuma ar an scéal go bhfuil aon chinneadh déanta aige, nó ag a pháirtí, go mbogfar isteach ann, fós. 
 Bíonn an meantán mór ag teacht...
 agus ag imeacht, go rialta...
mar aon leis an meantán gorm...

ach fanann na banéan taobh amuigh den teachín, feictear dom, an chluas bhodhar á tabhairt acu dá gcéilí, shílfeá...
cé go bhfuil cloigeann banéin le feiceáil, ag gobadh isteach sa teachín éan, ó am go chéile. Faraor, is cosúil nach bhfuil aon chinneadh déanta aici go dtí seo, mar tá an teachín éan fós folamh. 
Feicim na caróga i mbun a gcuid oibre, ag tógáil, nó ag troid faoi, neadacha sna crainnte taobh linn anseo... 
agus chonaic mé glasóg liath nó dhó in adharca a chéile ar maidin, mar sin is dóigh liom go bhfuil suirí fós á déanamh ag na héin. 

An mbeidh cónaitheoirí againn féin sa teachín éan i mbliana? Is deacair a rá, a léitheoirí. Ní thuigim nósanna ná nádúr an duine, gan trácht ar nósanna ná nádúr na n-éan! Beidh le feiceáil. Agus, tá mo cheamara réidh agam...

Mianta le Srianta

Tá mé ag iarraidh ceann acu seo a cheannacht. Tá sé ar mo liosta 'Mianta'. Liosta fada atá ann, mar a thuigfeá, liosta atá ag dul chun síneadh le laethanta an earraigh, ach, mar a deir an seanfhocal, caithfidh duine seoladh leis an ngaoth a bhíos aige

Ní hé go dteastaíonn carr nua uaim, an dtuigeann sibh, mar tá carr-nach-bhfuil-leath-chomh-cumasach-ach-déanfaidh-sé agam cheana, ach ba mhian liom ceann de na carranna sin thuastaifeadta a bheith agam, le go mbeadh giota spraoi agam leis.

Samhlaigh, a léitheoirí, an chraic a bheadh agam agus mé, abair, istigh san ollmhargadh, ag breathnú amach ar m'Audi nua, agus é ag tiomáint leis féin, timpeall an charrchlóis. Ní cheannóinn faic san ollmhargadh, ar ndóigh, mar ní bheadh pingin rua fanta i mo phóca ag an gcarr nua, ach ba chuma. Bheadh an-chraic go deo agam. Mar a deir an seanfhocal eile, is furasta óinseach a chur ag gáirí

An méid sin ráite, maireann croí éadrom i bhfad, agus níor tháinig olc as gáire riamh. Ach, ná déan dearmad den seanfhocal eile, nuair is fearr an spóirt is ea is fearr ligean dó

Ah bhuel...


Thursday, March 14, 2013

Focail Féilire

I gcomhrá le naimhde atá síocháin le fáil, ní i gcomhrá le cairde. 

If you want to make peace, you don't talk to your friends. You talk to your enemies. 

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, agus tá tuilleadh athfhriotal uaidh le léamh anseo

Anois, ó tharla gur mise, ahem, bean na céille agus na stuaime, is as mo stuaim féin a dhéanaim na seanfhocail seo a leanas a roinnt libh ar maidin - tá siad le fáil sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Stuaim:

An té nach bhfuil léim aige, leagadh sé an claí. 

Fear gan fiacail, sloigeadh sé a ghreim. 

Fear saibhir a chur in éadan curraí. 

Damhsa na gcoiníní, ag damhsa lena scáile féin. 

Fear na mílte cleas is gan a fhios aige cá bhfuil a leas. 

Is fearr stuaim ná neart. 

Wednesday, March 13, 2013

Misneach na Maidine

Uaigneach

Dóchasach

Fuinniúil

Más rud go dteastaíonn spreagadh uait ar maidin, a chara, is fiú go mór uimhir 6 anseo a léamh. Go n-éirí go geal leat!

Tuesday, March 12, 2013

Pápa Gonzales!

Tá a fhios agam nach raibh sibh ag súil le toradh chomh luath seo ar maidin, a léitheoirí, ach táim den bharúil go bhfuil comharba an Phápa Benedict aimsithe ag, ahem, Máirtín s'againne cheana féin, más fíor an méid a chuala mé ar Iris Aniar ar an 28 Feabhra - podchraoladh anseo. 

Is féidir an t-agallamh eisiach - Máirtín agus an, ahem, Cardinal Gonzales ag labhairt le chéile i nGaeilge - a chloisteáil ar an bpodchraoladh thuasluaite, idir 01.01.29 agus 01.12.02 nóiméad. 

Cloisfidh sibh cén fáth go dtugtar Speedy Gonzales ar an gcairdinéal, agus céard é an, ahem, rud dána a rinne sé le Ian Paisley i  mBéal Feirste, tráth den saol. 

Agus más rud go bhfuil sibh tinn tuirseach ag fanacht le scéal ó fhir an deataigh bháin - fir, más fíor, nach bhfuil a bhformhór acu róthugtha do phósadh na n-aerach - b'fhéidir gur mhaith libh éisteacht leis na fir seo; fir a inseoidh daoibh céard a tharlóidh mura bhfaighidh fir aeracha a gcearta, mar atá tuillte acu.  

Anois, cá mbeadh sibh, a mhná, gan mise anseo le súil a choinneáil ar gheáitsíocht na bhfear ar bhur son! Nó, ar bhur daughter...

Sunday, March 10, 2013

Céaslóireacht

Sa reilig in Eanach Mheáin, i gCeantar na nOileán, a bhí mé arú inné, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos. 

Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus surfáil seaschéaslóireachta, go dtí gur fhill mé ar Cheann Scríbe aréir, agus rinne mé giota taighde ar an ábhar, ar maidin. Tháinig mé ar an méid seo in Wikipedia. 

Ar ndóigh, nuair a chonaic mé an leagan Gaeilge do stand up paddle surfing in focal.ie, tráthúlacht an fhocail sin 'chéas' i lár an fhocail a thug mé faoi deara. Cén fáth? 

Bhuel, is dócha, nuair a bhím sa reilig in Eanach Mheáin, bím ag breathnú ar uaigheanna na ndaoine muinteartha liom atá curtha ann, daoine a d'imigh roimh am, shílfeá, nó roimh sheanaois, pé scéal é; cuid acu a d'imigh go tobann tubaisteach, faraor, gan súil ar bith againn lena n-imeacht. 

'Cén fáth?' an cheist a chuirim orm féin, go míon minic, agus mé ag breathnú ar na huaigheanna sin. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé an focal sin 'seaschéaslóireacht,' rith sé liom go mb'fhéidir nach fiú dúinn muid féin a chéasadh le ceisteanna faoin mbás, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis; níl ann ach freagra na fírinne, freagra nach bhfuil ag aon duine againn, is cuma cén leabhar as a mbíonn daoine ag quotáil.  

Táimid uilig ag céaslóireacht linn, a léitheoirí, lenár linn féin, inár linn féin. Bainigí sult as an saol. Níl ann ach seal. 

Agus, bainigí sult as Lá na Máithreacha

Tuesday, March 5, 2013

Éigse An Spidéil 2013

Beidh Éigse an Spidéil ag tosú amárach, a léitheoirí, agus tá clár na n-imeachtaí le léamh anseo. Mar a fheicfidh sibh, beidh an Éigse ar siúl ón gCéadaoin seo, 6ú Márta, go dtí Dé Domhnaigh, 10ú Márta.

Ó chuala mé a mhac, Peatsaí Phaitín Phádraig Tom Ó Conghaile, ar an gclár Iris Aniar ar an 15ú Feabhra, ag labhairt faoi amhráin a athar, tá súil agam féin bheith i láthair, in Óstán na Páirce, don seoladh dlúthdhíosca ar an Déardaoin; dlúthdhiosca le hamhráin de chuid Pheait Phádraic Tom Uí Chonghaile, nach maireann, fear a bhí ar dhuine de chéad teagascóirí sean-nóis an Ghaelacadaimh, de réir mar a léim anseo

Arís i mbliana, táim ag súil go mór le hoíche na bhfilí agus na gcumadóirí - Nuala Ní Dhomhnaill aoi-fhile na míosa - ócáid a bheidh i seomra cúil An Tobar, an geábh seo. Seans go gcloisfear dán nó dhó uaim féin, freisin, ag an maidhc oscailte, agus ní dóigh liom gur mise an t-aon duine a bheidh ag an maidhc sin - is fiú iad uilig a chloisteáil, ceapaim féin. An-oíche a bhíonn ann, i gcónaí.  

Chomh maith leis na himeachtaí uilig, beidh an Premiére domhanda de Sruth, sraith cheoil nua-chumtha le Mary Bergin agus Johnny Óg Connolly. Anois, céard a déarfá le Gaillimh, agus le baile beag An Spidéil! 

Feicfidh mé ann sibh, a chairde. 

Ceardlann Scríbhneoireachta

Beidh Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste ar an 23ú den mhí seo, in Ollscoil na Banríona. 

Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltíse atá á éagrú, agus beidh an cheardlann dírithe ar scríbhneoirí den uile chineál, idir óg, nua, foilsithe nó neamhfhoilsithe; ach a léiríonn go bhfuil cumas scríbhneoireachta acu. 

Más mian leat, nó aon duine ar d'aithne, bheith páirteach sa cheardlann, tá na sonraí uilig le léamh anseo, ach caithfear na samplaí saothair - gearrscéal/cúig nó sé de dhánta/mír as úrscéal - a sheoladh chuig Áine Ní Cholchúin roimh 14 Márta 2013.

Scéal le scaipeadh agus deis le tapú, a chairde. 

Sunday, March 3, 2013

Neadió Teilifís Áine


Iompaigh thart, a stór, níl cat ar bith anseo!

Ó tharla gur thug mé faoi deara go bhfuil suirí na n-éan faoi lán tseoil na laethanta seo, thosaigh mé ag léamh na míreanna a scríobh mé anuraidh, go bhfeicfinn an bhfuil baol ar bith go bhfaighimid tionóntaí sa teachín éan i mbliana. 
 Och, níl sí istigh ann fós!
Feicim é féin ag teacht agus ag imeacht go rialta, agus bíonn sí féin in éineacht leis, ach ní dheachaigh sí isteach sa teachín fós, go bhfios dom.
 I ndáiríre, a chroí, tá an áit go hálainn!
Cé go mbíonn sé féin ag iarraidh í a mhealladh isteach sa teachín, go minic, fanann sí taobh amuigh, ar an gcrann, amhail is nach bhfuil suim dá laghad aici i nead a thógáil.
 Meas tú an bhfuil sé i ngrá liom...
Má tharlaíonn nithe mar a tharla siad anuraidh, is gearr go ndéarfaidh sí ‘ócé’ agus beidh sí le feiceáil i mbun a cuid oibre, ag tógáil neide, taobh istigh de choicís nó dhó.   
 Abair 'Cheese!'
B’fhéidir gur cúthail le ceamara atá sí, agus nach maith léi go bhfuilim ag coinneáil súile ar an gcraic uilig.  
♫♪♫ La la de dah, tá an radharc as seo go deas. ♪♫♪♪

Ar ndóigh, b'fhéidir nach bhfuil aon socrú déanta aici fós. Nó, b'fhéidir gur maith léi na héin a bheith ag sodar ina diaidh! Beidh le feiceáil. 

Crann na foighde an crann is airde, a chairde.