Ó chuala
mé a mhac, Peatsaí Phaitín Phádraig Tom Ó Conghaile, ar an gclár Iris Aniar ar an 15ú Feabhra, ag labhairt faoi amhráin a athar, tá súil agam
féin bheith i láthair, in Óstán na Páirce, don seoladh dlúthdhíosca ar an
Déardaoin; dlúthdhiosca le hamhráin de chuid Pheait Phádraic Tom Uí Chonghaile,
nach maireann, fear a bhí ar dhuine de chéad teagascóirí sean-nóis an Ghaelacadaimh, de réir mar a léim anseo.
Arís i
mbliana, táim ag súil go mór le hoíche na bhfilí agus na gcumadóirí - Nuala Ní
Dhomhnaill aoi-fhile na míosa - ócáid a bheidh i seomra cúil An Tobar, an geábh
seo. Seans go gcloisfear dán nó dhó uaim féin, freisin, ag an maidhc oscailte, agus ní dóigh liom gur mise an t-aon duine a bheidh ag an
maidhc sin - is fiú iad uilig a chloisteáil, ceapaim féin. An-oíche a bhíonn
ann, i gcónaí.
Chomh
maith leis na himeachtaí uilig, beidh an Premiére domhanda
de Sruth, sraith cheoil nua-chumtha le Mary Bergin agus
Johnny Óg Connolly. Anois, céard a déarfá le Gaillimh, agus le baile beag An Spidéil!
Feicfidh mé ann sibh, a chairde.
No comments:
Post a Comment