Tá a fhios agam nach raibh sibh ag súil le toradh chomh luath seo ar maidin, a léitheoirí, ach táim den bharúil go bhfuil comharba an Phápa Benedict aimsithe ag, ahem, Máirtín s'againne cheana féin, más fíor an méid a chuala mé ar Iris Aniar ar an 28 Feabhra - podchraoladh anseo.
Is féidir an t-agallamh eisiach - Máirtín agus an, ahem, Cardinal Gonzales ag labhairt le chéile i nGaeilge - a chloisteáil ar an bpodchraoladh thuasluaite, idir 01.01.29 agus 01.12.02 nóiméad.
Cloisfidh sibh cén fáth go dtugtar Speedy Gonzales ar an gcairdinéal, agus céard é an, ahem, rud dána a rinne sé le Ian Paisley i mBéal Feirste, tráth den saol.
Agus más rud go bhfuil sibh tinn tuirseach ag fanacht le scéal ó fhir an deataigh bháin - fir, más fíor, nach bhfuil a bhformhór acu róthugtha do phósadh na n-aerach - b'fhéidir gur mhaith libh éisteacht leis na fir seo; fir a inseoidh daoibh céard a tharlóidh mura bhfaighidh fir aeracha a gcearta, mar atá tuillte acu.
Anois, cá mbeadh sibh, a mhná, gan mise anseo le súil a choinneáil ar gheáitsíocht na bhfear ar bhur son! Nó, ar bhur daughter...
No comments:
Post a Comment