Sunday, August 27, 2017

Buíochas ó Cheann Scríbe

In am an ghátair a bhraitear an chabhair, a deir an seanfhocal.  

Sibhse a tháinig agus a rinne tréaniarracht an t-uisce a choinneáil siar ón teach; sibhse a líon málaí le gaineamh, le bhur gcuid lámh nó le sluasaid, agus a tháinig chun tí leo, i gcarranna, i dtarracóirí, i jípeanna; sibhse a d'fhan go maidin agus a chuidigh linn an t-uisce a ghlanadh amach as an teach; sibhse a tháinig lá arna mhárach le ceapairí, anraith, brioscaí, cácaí, scuaba, mapaí urláir, oibreáin ghlantacháin srl; sibhse a chuidigh linn fáil réidh leis an bpuiteach, taobh amuigh agus taobh istigh den teach; sibhse a chuidigh linn trealamh tí agus troscán a bhogadh; sibhse a nigh, agus atá fós ag ní, na héadaí nach féidir linn a ní ó tharla nach bhfuil ár niteoir ag obair níos mó; sibhse a thairg dídean agus cabhair; sibhse a sheol teachtaireachtaí chun tí, ar an bhfón, ar Twitter, ar Facebook; sibhse, sna meáin chumarsáide, a thuig ár gcás; sibhse a thairg nó a thug tacaíocht dúinn, le gníomh nó i bhfocail, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim fíorbhuíoch díbh uilig. 

Tá an t-ádh orm go bhfuil bhur leithéidí i mo shaol agam. Mo bhuíochas ó chroí libh, arís is arís eile. 

2 comments:

Anonymous said...

tá brón orm a chloisint faoin dtrioblóid sin a bhí agat. Tá súil agam go mbeidh rudaí ag socrú síos leat go luath. eoin

PS Is maith go mór liom do phostanna a fháil.

Mise Áine said...

Grmma,a chara!