Tuesday, May 31, 2011

Is Fiú Trácht Air...

…ach ní féidir liom. Cén fáth? Seo an fáth – fadhb, arís eile, le Blogger!

Tá sibhse ag blagáil, tá mise ag blagáil, ach diabhal trácht uaim ar na hábhair atá i dtrácht agaibhse, cé gur mhaith liom trácht a fhágáil, anseo ‘s ansiúd.

Blogger fós ‘investigating an issue’ is cosúil. Is cuma.  Beidh mé ag léamh liom, ag coinneáil súil ghéar oraibh…go dtí go mbainfear an glas de mo mhéara…ansin buailfidh mo thrácht bóthar arís …

4 comments:

Dennis King said...

AAaarghhh.

ormondo said...

Haló! Haló!... Houston, an bhfuil fadhb againn?

John said...

Níor scríobh tú rud éigin diúltach faoin tSín, ar scríobh? ;)

Réaltán Ní Leannáin said...

tá tú ok, a Áine, tá a fhios againn go bhfuil tú ann i dtólamh!